NUACHTLITIR SCOILE SAMHRADH 2008

Page 1

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

GAN DABHT SAMHRADH 2008

GAN DABHT NUACHTLITIR SCOILE CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2008

AR CUAIRT

Ó CHLÉ: NIAMH NÍ CHAOIMH AGUS CAOIMHE NÍ CHEALLACHÁIN A BHUAIGH BONN UILE ÉIREANN I gCRAOBH NA hÉIREANN I GCOINNE DHÚN NA NGALL I BPEIL NA MBAN FAOI 16 I MBLIANA 2007/2008 AG TABHAIRT CUAIRT AR BHARDA NA LEANAÍ IN OSPIDÉAL NA hOLLSCOILE CORCAIGH.

1


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

GEANSAITHE NUA

GAN DABHT SAMHRADH 2008

EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2008 FOIREANN NA NUACHTLITREACH SAMHRADH 2008

NÍ CHAOIMH ORLA NÍ CHAOIMH SIOBHÁN NÍ CHRUALAÍ NIAMH NÍ FHIACHÁÍN CLODAGH [EAGARTHÓIR] NÍ FHIANNACHTA KATIE NÍ SHÚILLEABHÁIN ÚNA NIC AN ULTAIGH SORCHA Ó BRAONÁÍN IAN Ó CREIMÍN DAITHÍ

Bhronn an comhlacht bus áitiúil L.P.Walsh seit geansaithe peile/iománaíochta ar an scoil i mbliana. Thuas ó chlé Shane Ó hÉalaithe, [dalta ] Ger Walsh [Comhlacht Bus] agus Cillian Ó Murchú.[dalta] ag an mbronnadh i gColáiste an Phiarsaigh le déanaí. EAGAR FHOCAL Táimid ag druidim i dtreo dheireadh na scoilbhliana arís. Ní fada uainn na scrúduithe stáit. Guímid gach rath ar gach duine a bheidh ag déanamh scrúduithe i mbliana. Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as an nuachtlitir scoile seo. D’éirigh linn roinnt nuachta a bhailiú daoibh. Bhí an bhliain seo a n - g h n ó t h a ch ma r i s g n á th . Gheobhaidh sibh blaiseadh de na himeachtaí a bhí ar siúl sa scoil ón Nollaig i leith anseo istigh. Thug an Máistir Ó Súilleabháin [Stair] cabhair dúinn leis an eagarthóireacht. Go raibh maith agat a mháistir. Bhí an Máistir Ó Céilleachair ann chun sinn a stiúradh. Gabhaimid buíochas leis chomh maith Níl le rá agam mar sin ar son foireann na nuachtlitreach ach slán go fóill. Clodagh Ní Fhiacháin [Eagarthóír]

2

TURAS THAR LEAR Turas den chéad scoth a bhí ag an gceathrú bliain san Iodáil i mbliana. Thuirling an teitleán ag aerfort De Vinci na Róimhe ag a 7.00 a chlog um thrathnóna. Bhíomar go léir sásta a bheith ann. Bhí turas fada go leor againn síos go dtí an t-óstán, a bhí suite ar an dtaobh eile de chathair na Róimhe. "Ní raibh an chéad óstán ró-dheas chun na firinne a insint", a dúirt roinnt daltaí. Mheas daoine eile go raibh sé go hálainn ach fós bhí orainn bogadh. Fuaireamar laofheoil don dinnéar an óiche sin. Ní gá a rá nár ith gach duine é. Bhíomar go léir traochta agus chuamar a chodladh go luath. An chéad rud ar maidin bhíomar ag damhsa nuair a tháinig na múinteoirí isteach chun sinn a dhúiseacht. Ar aghaidh linn go dtí an Vatacáin. Cheapamar go raibh lá an-fhada ann dúinn ach bhí sé spéisiúil go leor. Bhí ocras an domhain orainn i dtreo dheireadh an lae agus bhí áthas orainn nuair a shroicheamar an bhialann chun pizza mór a ithe. Tar éis an dinnéir chuamar ar chamchuairt na sean-Róimhe. Chuamar go dtí Sorrento chaitheamar dhá lá ann. Thugamar cuairt ar Pompeii chomh maith. Bhaineamar taitneamh as an turas.

COLÁISTE AN PHIARSAIGH, GLEANN MAGHAIR, CORCAIGH. 2008 ©

Ríomhphost: nuachtscoile@gmail.com

AONAD DE CHUID NA hIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR A N M H Á I S T I R U Í CHÉILLEACHAIR “GAN DABHT 2008”


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

GAN DABHT SAMHRADH 2008

Ár seacht n-anam sibh a chailíní Ba mhór an onóir don scoil duais mhór le rá bhuachaint i mbliana. Chuir daltaí ón gceathrú bliain isteach ar chomórtas agus an teideal a bhí air ná: An tAontas Eorpach agus Mé Féin. Bhuadar an chéad duais. D’iarramar orthu cúpla focal a scríobh i dtaobh an chomórtais: “Is mise Clodagh Ní Fhiacháin. Iarradh orm cuntas a thabhairt ar an gcomórtas a bhuamar le déanaí. Rinne mé féin Siobhán Ní Chaoimh agus Una Ní Shúilleabháin an idirbhliain i mbliana. Bhí a lán aonad le roghnú astu. Roghnaíomar Staidéar Eorpach. Ba í Iníon Ní Mhathúna a bhí ina bhun. Chuireamar isteach ar chomórtas faoina cúram. Ba é an teideal a bhí ar an tionscnamh ná, An tAontas Eorpach agus Mé Féin. Bhí an tionscnamh le bunú ar an gcoincheap seo, mar sin. Chuamar triúr i mbun oibre ag tús mí na Nollag 2007. Dheineamar taighde ar bhrandaí agus chinneamar ar shuirbhé a dhéanamh i measc daltaí scoile ar an ábhar seo. Ba é an teideal a chuireamar air mar sin ná; Brandaí Fíor nó Bréagach. An aidhm a bhí againn ná chun fiosrú a dhéanamh ar cé mhéid iomportála atá á dhéanamh ar earraí bréagacha sa Chomhphobal Eorpach agus a fháil amach cé a cheannaíonn a leithéid. Fuaireamar amach go raibh níos mó airgid á dhéanamh as trádáil sna hearraí seo ná mar atá á dhéanamh as drugaí mídhleathacha. Ní rabhamar ag súil leis an toradh seo.

Ó chlé Úna Ní Shúilleabháin, Siobhán Ní Chaoimh, An Teachta de Búrca agus Clodagh Ní Fhiacháin ag ócáid bronnta na nduaiseanna ag an Teachta de Búrca [Ball de Pharlaimint na hEorpa].

Bhailíomar an t-eolas agus scagamar é. Chuireamar agallamh ar dhalta ón gcuigiú bliain. Leagamar an toradh a bhí againn ar an eolas seo amach i bhfoirm taispeántais. Thugamar an tionscnamh seo linn go dtí Óstán an Silver Springs i gCorcaigh le déanaí. Bhí comórtas ar siúl ann dóibh siúd a chuir isteach ar an gcomórtas. Seasca foireann eile a bhí istigh ar an gcomórtas ar an lá. Thart ar dhá chéad dalta ar fad a ghlac páirt ann. Léiríomar an t-eolas a bhí againn agus bhí orainn dul faoi agallamh leis na moltóirí. Ar deireadh d’éirigh linn an chéad duais a bhaint amach. Bhuamar trófaí breá gloine agus luach ¼1,000.00 de threallamh ríomháireachta don scoil. Leis sin bhuamar turas go dtí an Bhruiséal ar feadh ceithre lá.

AGALLAMH AN MHÚINTEORA: INÍON NÍ LAIGHIN TREO 1. 2. 3. 4.

Bhí an turas ar fheabhas ar fad. Ar an dturas bhí an triúr againne, Iníon Ní Mhathúna, triúr dalta ó Charraig Thuathail agus múinteoir eile leo siúd. Bhíomar ag taisteal an chéad lá agus ag cur aithne ar na buaiteoirí eile. Caithfidh mé a rá go raibh an bia an-bhlasta ar fad. D’fhanamar in óstán galánta i lár na cathrach. Thugamar cuairt ar shuíomhanna suimiúla éagsúla. Ina measc bhí Waterloo, Yprés agus An Pháirc Éireannach.

5.

Ní dheineamar dearmad ar an siopadóireacht ach an oiread. Thugamar cuairt ar Pharlaimint na hEorpa. Threoraigh an Teachta de Búrca sinn sa ghnó seo. Thug sé camchuairt dúinn timpeall na háíte. Bhailíomar a lán eolais don Phunann. D’itheamar dinnéar álainn an tráthnóna sin agus lean an craic agus an chaint ar aghaidh ar feadh na hóiche. Anois ní raibh aon bhaint ag an moill a bhí orainn ag dul don leaba leis an ndíospóireacht polaitiúil briosc-chainteach a bhí ar siúl idir Iníon Ní Mhathúna agus an tUasal de Búrca an óiche/an mhaidin sin! Cogar, ní chreidfeadh aon duine é sin!

8.

Ba mhaith liomsa ar aon nós, ar son gach duine againn buíochas ó chroí a ghabháíl le gach duine a chabhraigh linn leis an tionscnamh seo. Thug idir dhaltaí agus mhúinteoirí sár-chabhair dúinn. Míle buíochas le hIníon Ní Mhathúna.”

6. 7.

9. 10. 11. 12.

An fada atá tú ag obair anseo? Na blianta fada Cén sórt dalta is fearr leat? Ciúin Dhá rud a cheapann tú a dhéanfadh an scoil seo níos fearr? Níos mó obair bhaile Cá raibh tú ag obair roimhe seo? Anseo Cén caitheamh aimsire atá agat? Ag damhsa Cén aois thú? Níl a fhios agam Cá háit go teastaíonn uait dul ar do laethanta saoire? An Mol Theas Cad é an banna ceoil is fearr leat? Drop Kick Murphys An bhfuil aon phointí agat ar do cheadúnas tiomána? Cad iad sin? Dá mbuafá an crannchur náisiúnta, cad a dhéanfá leis an airgead? Thabharfainn do Bhertie é Trí rud a d’athrófá ar domhan? Cáin, níos mó Gaeilge agus níos lú báistí Cad é an bia is fearr leat? Sicín

3


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

B’SHIN Í AN CHEIST?

Le tamall anuas bhíomar ag smaoineamh ar shuirbhé a dhéanamh sa scoil. Bhí cur agus cúiteamh ar siúl againn. An ndéanfaimis é seo nó an ndéanfaimis é siúd. Chinneamar ansin ábhar a bhaineadh le saol laethúil na scoile a iniúchadh. Cheapamar gur beag lá nach raibh suaitheantas na scoile os ár gcomhair amach. Tá sé le feiceáil ar an dialann scoile, ar cháipéisí scoile, ar éide scoile agus araile. Ach cogar an mó duine againn a thuigeann é? Cad is brí leis? Cén fáth go bhfuil sé ann? An fada atá sé in úsáid sa scoil? Cad dó a seasann sé? Nach bhfuil sé suimiúil féachaint go géar ar nithe den tsórt seo? Cad ab’áil linn a bheith ag freastal ar an scoil muna dtuigfimis a suaitheantas? Bhuel ón méid a bhí ar eolas againn bhí sé soiléir go raibh géar-ghá le breis eolais a chuir ar fáil. Bheartaíomar le cabhair ón Máistir ceistneoir a scaipeadh timpeall na scoile an tseachtain seo a d’imigh tharainn. Tar éis roinnt machnaimh réitíomar ar an gceist seo a leanas. Bhí ceist an-bhunúsach ach an-suimiúil againn dár linn. Chun na fírinne a rá ní raibh ann ach ceist amháin. Ba í an cheist a chuireamar ná: An dtuigeann tú cad is brí le suaitheantas na scoile? Bhí trí fhreagra ar an gceist a dúradh leo. Tuigim, ní thuigim nó nílim cinnte. Cuireadh an cheist ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí. Bhuel bhí na freagraí spéisiúil go leor. Is dóigh linn go n-aontóidh sibh linn sa mhéid seo pé scéal é. Sea a chairde, sara léann tusa an méid a fuaireamar amach faoin mbrí a bhaineann leis déan iarracht an cheist a fhreagairt tú féin. Léiríodh dúinn go raibh easpa eolais ar mhórán againn. Mheasamar gur mhór an trua é sin. Bhíomar ag féachaint air gach lá ach ní raibh mórán ar eolas againn faoi. Le cabhair ón Máistir Ó Súilleabháin [Stair] fuaireamar amach cad ba bhrí leis agus an bunús a bhí leis an gclaidheamh soluis úd.

4

GAN DABHT SAMHRADH 2008

SEACHTAIN GNÍOMHAÍOCHTA SCOILE 2008

Ó chlé Amanda Ní Ghéibheannaigh, Jennifer Strong (imreoir proifisiúnta le 'Ladies Team Montenotte Hotel Glanmire'), Beth Nic Cárthaigh, Iníon Ní Chionnaith. Thug Jennifer cuairt ar an scoil chun gníomhaíochtaí fisiciúla a spreagadh i measc na múinteoirí agus i measc na ndaltaí le linn Seachtain gníomhaíochta scoile 2008.

AN SUIRBHÉ Nuair a chuireamar an cheist seo a leanas ar dhaltaí agus ar mhúinteoirí Choláiste an Phiarsaigh, seo a leanas na freagraí a fuaireamar. Roghnaíomar céad is a ochtó dó duine ar fad idir mhúinteoirí agus daltaí. Thugamar trí rogha mar fhreagra. An cheist:

An dtuigeann tú cad is brí le suaitheantas na scoile? Tuigim 17%

Ní thuigim 52%

Nílim cinnte 31%

AN DTUIGEANN TÚ CAD IS BRÍ LE SUAITHEANTAS NA SCOILE?

TUIGIM NÍ THUIGIM NÍLIM CINNTE


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

AN

CLAIDHEAMH

GAN DABHT SAMHRADH 2008

SOLUIS

Breis is 100 bliain ó shin, nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge, tháinig sé go mór faoi thionchar na seanscéalta miotaseolaíochta. Bhí scéalta béaloidis faoi Chú Chulainn agus Fionn Mac Cumhaill. Bhí scéalta, chomh maith faoi ghrúpaí a mhair in Éirinn roimh Ridirí na Craoibhe Deirge agus na Fianna. Ceann de na grúpaí ab ea na Tuatha Dé Danann. Ba iad san an cúigiú grúpa a rinne ionradh ar Éirinn de réir na scéalta. Bhuadar ar na ‘Fir Bolg’ agus chuir said smacht ar Éirinn. Níor tugadh Éire ar an tír ag an am, áfach. Fuair na Tuatha Dé Danann a n-ainm ón mbandia Danu – pobal an bhandé Danu ab ea iad. Thánadar ó Thuaisceart na hEorpa. Bhí triúr bandia acu darbh ainm Ériu, Banba agus Fódla. D’iarr said go nainmneofaí an t-oileán astu. Tagann an t-ainm Éire ó Ériu agus uaireanta úsáidtear na hainmneacha ‘Banba’ agus ‘Fódla’ mar ainm na tíre san fhilíocht.

Thuas ó chlé Richel Nic Gearailt agus Lily Ní Eachairn, Cáit Ní Chreimín agus Ciarán Mac An Adhastair

Bhí ceithre sheoid ag na Tuatha Dé Danann: Coire an Dagda;

Ga Lugh;

Lia Fáil;

ROINNT LÁITHREOIRÍ CEOLCHOIRM NA NOLLAG 2007

Claíomh Nuada.

Ba é Nuada Rí na dTuatha Dé Danann. Nuair a rinne na Tuatha Dé Danann ionradh ar an tír, bhí orthu cogadh a throid in aghaidh na ndaoine a rialaigh an tír, ‘Na Fir Bolg’. Cé gur bhuaigh na Tuatha Dé Danann an troid, chaill Nuada a lámh. Rinne an dochtúir Dian Cecht lámh airgid do Nuada. Tugadh Nuada Airgeadlámh air dá dheasca san. Bhí claíomh ag Nuada a bhí cosúil le solas geal. Bhí an-chumhacht ag an gclaíomh agus bhí sé in ann dhá leath a dhéanamh dá naimhde. Ceann de cheithre sheoid na hÉireann is ea é. Is é an Claidheamh Soluis é. Toisc go raibh bunaitheoirí Chonradh na Gaeilge chomh mór faoi thionchar na seanscéalta, nuair a bhí ainm á roghnú dá nuachtán acu, roghnaigh said ‘An Claidheamh Soluis’. Bhí Pádraig Mac Piarais ina eagarthóir ar an gClaidheamh Soluis ar feadh 6 bliana. Bhunaigh sé dhá scoil, chomh maith, Scoil Éanna agus Scoil Íde. Nuair a bunaíodh Coláiste an Phiarsaigh sa bhliain 1973, ainmníodh an scoil as Pádraig Mac Piarais, múinteoir, scoláire, file, scríbhneoir, tírghráthóir. Roghnaíodh An Claidheamh Soluis mar mhana na scoile.

Cillian Ó Murchú captaen fhoireann iománaíochta shinsir Choláiste an Phiarsaigh ag glacadh le corn Choláistí Chorcaí Roinn B tar éis an chraobh a bhuachaint i mbliana

5


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

BRONNADH

GAN DABHT SAMHRADH 2008

GAEL-TACA

Ó chlé Máille Ní Bhrádaigh de Bláth, Coláiste an Phiarsaigh[Rang Ardteistiméireachta] Ard Mhéara Chorcaí an Comhairleoir Donal Counihan agus Orla Ní Dhomhnaill, Coláiste an Phiarsaigh Rang Cuigiú Bliain] Ó chlé Duncan Tsu ag glacadh le ipod shuffle ó Chian Ó Mathúna, Comhairle na Mac Léinn. Bhuaigh Duncan an duais sa chrannchar a eagraíodh dóibh siúd a bhailigh airgead don siúlóid scoile ar an 12 Aibreán 2008

Ag tús na bliana seo tugadh cuireadh do dhaltaí méanscoile na cathrach agus an ceantar máguaird iarratais a chuir isteach ar Chomórtas Aistí Gael-Taca. Comórtas úr nua ba ea an comórtas seo i mbliana .agus é mar aidhm ag Gael-Taca suim sa Ghaeilge a spreagadh i measc micléinn agus iníonacha léinn méanscoile. D’éirigh go geal leo TEASTAS CONCERN mar fuaireadar breis is céad is a seasca iarratas. Léirigh sé an méid suime atá ag daoine óga ina dteanga dhúchais. Bhí na duaiseanna breátha urraithe ag an gcomhlacht ceanntálaithe Remax. Duaiseanna flaithiúla airgid a bhí le buachaint. An chéad duais ba ea ¼1,000.00, an dara duais ¼500,00, an triú duais ¼300.00 agus deich nduais de ¼100.00. Bhí aiste le scríobh ar an ábhar seo: “M’fhís do thodhchaí na Gaeilge” Bhuaigh beirt dalta ó Choláiste an Phiarsaigh duaiseanna sa chomórtas. Bronnadh seic luach ¼100.00 ar Orla Ní Dhomhnaill agus bronnadh seic luach ¼300.00 ar Mháille Ní Bhrádaigh de Bláth. Bhronn Ardmhéara na Cathrach na duaiseanna ar an 29 Eanáir 2008 i Halla na Cathrach ag ócáid a bhí eagraithe ag Gael-Taca. Léigh an buaiteoir an aiste a scríobh sí don lucht éisteachta a bhí i láthair. Tugadh an-mholadh go deo do gach Ó chlé: Micheál Ó hArgáin, Ian Dempsey [láithreoir ar Today FM], iarrthóir agus mar chomhartha aitheantais dóibh An Máistir Ó Súilleabháin agus Gillian Nic Gearailt ag ócáid a siúd a chuir isteach iarratas bhí tarrach speisialta d’eagraigh Concern chun buíochas a ghábháil leis na daltaí as a Chris Dorgan Oifigeach Gaeilge is gcuid iarrachtaí ar son Concern. Bhailigh Coláiste an Phiarsaigh dóibh. Cumarsáide Ghael-Taca a bhí ina fhear a’tí. ¼13,144.58 i rith mí na Nollag 2007.

6


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

AGALLAMH NA nDALTAÍ

AGALLAMH AN MHÚINTEORA: INÍON NÍ MHURCHÚ

1. 1) Cad leis a bhfuil tú ag súil sa cheathrú bliain? Caoimhe: Spraoi agus sos ó scrúduithe Lochlann: Nach mbeidh aon staidéar agus go mbeidh níos mo craic agam.

GAN DABHT SAMHRADH 2008

2. 3.

2) An bhfuil tú faoi strus ag na scrúduithe? Caoimhe: Nílím fós ach b’fhéidir go mbeidh mé i gceann cúpla seachtain Lochlainn: Táim beagáinín ach táim ceart go leor fós ar aon nós.

4.

3) An ndéanann tú mórán staidéir? Caoimhe: Rinne mé roinnt staidéir i gcomhair na réamh-scrúduithe ach ó shin níl mórán déanta agam. Lochlann: Is dalta cónaithe mé mar sin caithfidh mé trí huaire an chloig staidéir a dhéanamh gach tráthnóna.

7.

4) An gceapann tú go mbeidh an ceathrú bliain go maith? Caoimhe: Ceapaim go mbeidh mar go mbeimid ag dul ar thurasanna agus ní bheidh aon scrúduithe móra ar siúl againn. Lochlann: Ceapaim go mbeidh an turas thar lear go hiontach

10.

5) An bhfuil na muinteorí ag cur a lán brú oraibh? Caoimhe: Níl siad ach faighimid a lán obair bhaile. Lochlann: Tá roinnt acu, ach tá siad ceart go leor.

12.

5. 6.

8. 9.

11.

An fada atá tú ag obair anseo? Leis na blianta Cén sórt dalta is fearr leat? Dalta atá macánta Dhá rud a cheapann tú a dhéanfadh an scoil seo níos fearr? Sky Sports agus TG4 sa seomra foirne Cá raibh tú ag obair roimhe seo? Sa chlochar in Eochaill Cén caitheamh aimsire atá agat? Léitheoireacht, rothaíocht, siúlóid Cén aois thú? Níos óíge ná mar a cheapann tú Cá háit go dteastaíonn uait dul ar do laethanta saoire? An Fhrainc Cad é an banna ceoil is fearr leat? Los Banditos An bhfuil aon phointí agat ar do cheadúnas tiomána? Gan amhras……..níl Dá mbuafá an crannchur náisiúnta, cad a dhéanfá leis an airgead? Cheannóinn club sacair Learpholl agus thabharfainn airgead le haghaidh taighde a dhéanamh ar ailse Trí rud a d’athrófá ar domhan? Truailliú a laghdú, Aire Sláinte nua in Éirinn agus aimsir bhreá in Éirinn Cad é an bia is fearr leat? Seacláid

Ó CHLÉ: ELLEN NÍ FHIONNAGÁIN AGUS SUSAN NÍ LOINSIGH AG BRONNADH CONCERN I MBAILE ÁTHÁ CLIATH

6) An bhfuil eagla ort roimh na scrúduithe? Caoimhe: Níl mar tá rudaí níos tabhachtaí i mo shaol ná an Teastas Sóisearach! Lochlann: Níl anois ach beidh i gceann cúpla seachtain!! 7) Cad é an t-ábhar is fearr leat? Caoimhe: Taitníonn an chuid is mó de na hábhair liom. Lochlann: Is maith liom stair.

7


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

GAN DABHT SAMHRADH 2008

AN tSÚILÓID SCOILE Ar an 12 Aibreán 2008 thugamar faoin tsiúlóid scoile. Bhí an lá go diail ar fad. Cé go raibh an cuma ar an scéal go mbeadh an lá fliuch ní mar sin a tharla in aon chor. Bhailíomar go léir, idir mhúinteoirí, daltaí agus thúismitheoirí ag Páirc Uí Chaoimh ar a naoi a chlog ar maidin. Tar éis na rollaí a ghlaoch tugadh cead a gcinn do na grúpaí éagsúla bailiú leo. Bhí daoine eile gur theastaigh uathu an cúrsa a rith. D’fhágadar san beagán níos déanaí. Thugamar ár n-aghaidh soir i dtreo na sean-líne iarnróid agus bhogamar go gasta ar aghaidh i dtreo tollán Sheáin Uí Loingsigh. Thrasnaíomar an príomhbhóthar sular shroicheamar an tollán. Seo linn ag bogadh ar aghaidh agus shiúileamar feadh an chósta ar feadh míle slí nó mar sin. Cé go raibh sé fuar bhí sé tirim agus níor bhraitheamar an t-am ag sleamhnú. Ghabhamar thairis Pháirc Sheosaimh Mhic Aodha agus thógamar sos gairid ansan. Bhí seans ag daoine greim bídh a ithe agus chuireamar dínn arís. Faoi mar a deireann an seanfhocal, “Giorraíonn beirt bóthar”. Leanamar orainn ag siúl i dtreo na cathrach agus sinn ag siúl feadh an Marina. Siar linn i dtreo Chaisleán na Carraige Duibhe agus ar ais go dtí Páirc Uí Chaoimh. Níor chuaigh aon duine amú a bhuíochas san don treoir iontach a bhí curtha ar fáil ag tuismitheoirí. Ní raibh ceal bídh orainn ach an oiread mar go raibh socrú déanta ag Cumann na dTuismitheoirí go mbeadh bia le fáil i rith agus ag deireadh na siúlóide.

Shroicheamar ceann scríbe thart ar a leath uair tar éis a dó dhéag cé go dtuigtear dúinne, foireann na nuachtlitreach go raibh cúpla múinteoir beagáinín mall. Bhuel nílimid ach ag rá! Is dócha gur shiúileamar isteach is amach le seacht nó ocht míle slí ar fad an lá úd. Bhí radharcanna deasa le feiceáil chomh maith. Cinneadh ar an siúlóid seo a eagrú cúpla seachtain ó shin. Is é bun agus barr an scéil ná go gcaithfear ríomhairí nua a cheannach don scoil. Is baolach go bhfuil na ríomhairí atá againn i ndeireadh na feide. Bhuel tá ladhar maith airgid bailithe cheana féin - ¼21,500.00 go díreach. Bhuaigh daltaí a bhailigh airgid, ipods agus itouches. Bronnadh na duaiseanna orthu siúd a bhuaigh. Roghnaíodh na buaiteoirí i gcrannchur.

8


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.