Nuachtlitir na Scoile Súil eile Nollaig 2022

Page 1

Focal ón bPríomhoide

A Dhaoine Uaisle, Fáilte romhaibh go dtí eagrán nua den Iris Scoile. Tá téarma eile broidiúil ag teacht chun críche agus táim fíor bhuíoch as an tacaíocht iontach atá léirithe ag gach aon bhall de Phobal na Scoile, Cumann na dTuismitheoirí, agus an Bord Bainistíochta. Déanaimid go léir comhghairdeas le daltaí na hArdteistiméireachta 2022 a bhain torthaí den scoth amach. Guímid gach rath orthu sa todhchaí. Treaslaím freisin leis na múinteoirí a threoraigh agus a chomhairligh iad. Rinne siad Gaisce. Comhghairdeas chomh maith leis na daltaí a ghnóthaigh torthaí den scoth sa tSraith Shóisearach. Maith sibh go léir!

Um an dtaca seo bliana guím Nollaig Shona agus Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise oraibh. Tá súil agam go dtiocfaidh Daidí na Nollag chugaibh go léir.

Le meas, An Máistir Ó Tuama

Nollaig 2022 Coláiste an Phiarsaigh Faoi iamh… • Comhairle na Mac Léinn • Éachtaí • Spórt • Turasanna Scoile • An Idirbhliain • Gnó Scoile • Léirmheas Leabhar

Focal ó Chomhairle na Mac Léinn

Dia daoibh!

Is sinne Comhairle na Mac Léinn 2022 2023 anseo i gColáiste an Phiarsaigh. Bhíomar gnóthach ó thús na bliana seo agus seo thíos roinnt de na héachtaí atá bainte amach againn go dtí seo:

• Bunaíodh an Chomhairle nua ag tús na bliana seo. 31 ball ina iomlán atá againn le baill ón gcéad bhliain aníos go bliain a sé.

• I mí Dheireadh Fómhair, bhuaileamar leis an Ardmhéara Deirdre Ford. Labhraíomar léi mar gheall ar ghnó na Comhairle agus mar gheall ar bhainistíocht Chomhairle na Cathrach.

• Chuamar i mbun plé leis an bpríomhoide maidir les an bhfeachtas tógála ar scoil agus roinneamar ár smaointe leis.

• D’eagraíomar díolachán cistí agus lá na ngeansaithe Nollag ar scoil ar mhaithe le hairgead a bhailiú do charanachtaí i gCathair Chorcaí. Bhailíomar thart ar €1,000 ar an iomlán le haghaidh Cork Penny Dinners agus Cork Simon.

S’í aidhm na Comhairle ná guth a bheith againn i múnlú polasaithe scoile ar son daltaí uile Choláiste an Phiarsaigh. Tar i dteagmháil linn ar cml@colanphiarsaigh.ie nó ar Instagram @comhairle_cap le moltaí nó labhair le hionadaithe na Comhairle i do bhliainghrúpa féin. Táimid ag tnúth le hobair na hathbhliana.

Guímid Nollaig faoi sheán agus faoi mhaise daoibh uile!

Le dea-ghuí, Comhairle na Mac Léinn

Éachtaí Ár nDaltaí

Tomás Ó Riordáin agus Robin Mac an Mháistir (Bl. 3) ag bronnadh airgid a bhailigh siad ar Liam Aherne ó ‘Down SyndromeCork.’ Comhghairdeas le hAlannah Nic FhlannchadhaNic Fhinn (Bl.2) a bhuaigh an chéad áit i gcomórtas postaeir bunaithe ar an bhfrith-bhulaíocht. áit amach in Ollchomórtas Bácála na hEorpa le linn Seachtain na dTeangacha ar scoil. stiúrthóra Iníon de Búrca agus an phríomhoide. Tá obair na gcapall á déanamh ag na daltaí seo ag tabhairt cúnaimh agus aire don chéad bhliain. Daltaí Cúigíú Bliana a bhain bonn Ghaisce amach
na gCailíní
-
16
na mBuachaillí - Faoi 16 1/2
na
14
Seó an Spóirt Peil Shinsir
Cispheil na gCailíní
Faoi
Peil
Iománaíocht Shinsir na mBuachaillí Peil
mBuachaillí Faoi
Peil na gCailíní - Bliain 1
Lúchleasaíocht le Georgia Ellen agus Shonagh

Spotsholas ar...

Camógaíocht Shinsir na gCailíní

Níl aon teorann le tallann agus le díograis na foirne seo. Thug siad an lá leo i ndiaidh cath fíochmhar i gcoinne Ros Cré i leathchraobh na Mumhan ar an Déardaoin, 1 Nollaig. Guímid gach rath orthu i gCraobh na Mumhan i mí Eanáir.

Peil Shinsir na mBuachaillí

Bhí téarma rathúil ag buachaillí sinsireacha na scoile i gcomórtas Peile na Mumhan i mbliana. Bhí buanna cuimsitheacha acu thar Choláiste Chiaráin, thar an gCromadh agus thar Choláiste an Chorráin ar an mbealach dóibh chuig an mbabhta ceathrú ceannais. Faraor ní raibh an lá leo in aghaidh foireann láidir Chill Dalua ach tá gealladh faoin bhfoireann seo don téarma seo chugainn.

Cispheil na mBuachaillí - Faoi 16

Le dearcadh dearfach agus ráta oibre den scoth éirigh leis na buachaillí cispheile faoi 16 cluiche leathcheannais na Mumhan a bhaint amach an téarma seo. Léirigh na buachaillí spiorad agus neart ar an gcúirt agus d’imir siad thar barr mar aonad foirne. Tá todhchaí gheal rompu anseo ar fhoireann na scoile. Ár seasamh oraibh a bhuachaillí!

Cúinne na Ceathrú

Grace, Gráinne agus Ciara a bhain duais amach don taighde margaidh is fearr ag Margadh na Nollag eagraithe ag ‘Fiontar Scoileanna Chorcaí’. Marc, Julianna, Orna agus Ciara a bhuaigh comórtas chun taistil chuig an mBruiseál leis an FPE Seán Kelly. Daltaí idirbhliana ag baint taitnimh as lá gníomhaíochta in ‘West Cork Secret’.

Tar ar Turas Linn...

...go Barcelona!

Mí Mhéan Fómhair seo caite, chuaigh lucht na hidirbhliana ar thuras scoile thar lear go Barcelona.

Bhí turas álainn timpeall Barcelona acu agus chonaic siad iontais na cathrach. Chuaigh siad go dtí calafort Barcelona, La Sagrada Familia agus an Stáid Oilimpeach a bhí deartha do na Clúichí Oilimpeacha i 1992.

Bhí an-spraoi acu le chéile i PortAventura. Dar leo, b’ionann é agus buachphointe na

seachtaine. Is beag rollchóstóir nach raibh cur amach acu air faoi dheireadh an lae.

Mar sméar mhullaigh an turais, chuaigh siad go Camp Nou, staid le foireann sacair Barcelona. D’éirigh leo radharc na súl a fháil ar choirn ’Ballon d’Or’ de chuid Messi fiú!

Bhain gach éinne idir thairbhe agus thaitneamh as an turas. Ba dheis iontach í le níos mó chairde a dhéanamh agus bhí an aimsir ina samhradh gan amhras! Is maith a thuigeann na daltaí go mbíonn an siúlach scéalach.

… go hIonad Eachtraíochta Fota!

Mí Dheireadh Fómhair seo caite, chuaigh daltaí cróga céad bhliana go hionad eachtraíochta Fota. Bhí lá gnóthach acu agus iad ag glacadh páirte i ngníomhaíochtaí fisiciúla. Thriail said an bhoghdóíreacht agus thug said aghaidh ar chúrsa bacainní tuirsiúil.

Bhí lá den scoth acu agus bhain gach duine acu an-sult as an lá.

Gnó Scoile le...

GS Cakes - Gráinne Sneddon, Bliain 4

“Nuair a bhuail an chéad dianghlasáil linn thosaigh mé ag tabhairt faoi harán donn a dhéanamh. Dhíol mé roinnt bollóg le mo chomharsana agus b’as sin a d’fhás fréamhacha an ghnólachta seo.

Thosaigh mé ag bácáil cácaí d’ócáidí ar leith agus thug mé faoi deara go raibh caighdeán na gcácaí ag dul i bhfeabhas de réir an méid cleachtaidh a bhí á dhéanamh agam.

Um an dtaca seo, déanaim cácaí do réimse leathan d’ócáidí. Bainim an-thaitneamh as an obair seo mar tugann sé deis dom a bheith cruthaitheach agus críochnúil. Is beag duine a thuigeann méid an ama agus foighne a bhíonn i gceist leis an dearadh ach go háirithe.”

Is féidir ‘blas’ a fháil ar chístí áille Ghráinne ar Instagram @gscakesglanmire.

Leabhair le Léamh

Lord of the Rings – J.R.R. Tolkien

Seánra: Fantaisíocht

Aois: 11 - 12+ Léigh mé The Lord of the Rings cúpla bliain ó shin agus d’athraigh sé mo shaol!

Is sárscéal fantasaíochta é an leabhar seo ó pheann J.R.R. Tolkien. Insíonn sé an scéal faoi Frodo Baggins, hobbit ón Shire. Tá an dualgas ar Frodo agus a chairde an fáinne cumhachtach a loit agus Middle Earth a thabhairt slán. Lena chomrádaithe, tugann sé aghaidh ar aistear corrthaitheach, dúshlanach trasna Middle Earth chun bac a chur ar phlean Lord Sauron ar Shliabh Doom.

Ní féidir liom dóthain béime a chur ar an éifeacht láidir a bhaineann leis an scéal seo. Is draíodóir é Tolkien agus cuireann a scríbhneoireacht shainiúil an léitheoir faoi dhraoícht. Cé go bhfuil scannáin iontacha cruthaithe atá bunaithe ar an leabhar seo, mar a deirtear i gcónaí, tá an leabhar i bhfad Éireann níos fearr!

Gan aon dabht, bainfidh tú sárthaitneamh as an leabhar seo. Iarr ar Dhaidí na Nollag cóip a fháil duit, ní bheidh aiféala ort!

More Than This – Patrick

Ness

Seánra: Diostóipe, Scéinséir Aois: 14+

Bádh buachaill éadóchasach aonarach. Faigheann sé bás. Ansin dúisíonn sé brúite agus scanraithe i gcathair thréigthe, agus é beo. Cad atá tar éis tarlú? An é seo an deireadh i ndáiríre?

Mar Fhocal Scoir... Go raibh míle maith agat as ucht an t-am a thógáil nuachtlitir Choláiste an Phiarsaigh a léamh. Guímid Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise oraibh go léir. Le dea-mhéin, Foireann na Nuachtlitreach: Billy Ó Loingsigh Rachel Ní Chuillinn Ciarán de Róiste Éanna Ní Chadhla Ben Mac Giolla Phádraig Emily Ní Eathírn Gabhán Ó Mathúna Séamus Ó Murchú Meabh Watkins Dylan Ó Briain Faye Ní Chonaill Seán Ó Gógáin Aonad de chuid na hIdirbhliana faoi stiúir Iníon Uí Chonaill agus Iníon Uí Cheallacháin.
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.