Nuachtlitir an tSamhraidh 2023

Page 1

Súil Eile

CUAIRTANAIRE OIDEACHAIS

Bhí an tAire Oideachais, Norma Ní Fhoghlú linn ar an 12 Bealtaine. Sheol sí pleananna ár scoil nua ar an ócáid speisialta. Bhí ár gcara agus ár n-iardhalta, Pádraig Ó Súilleabháin, TD, linn freisin. Tá éileamh ar oideachas trí mheán na Gaeilge inár bpobal, agus tá gliondar croí orainn go mbeimid in ann freastal ar an éileamh sin. Gabhaimid buíochas ach go háirithe lenár ndaltaí Amhlaoibh Ó Síocháin Ó Beoláin agus le Caoimhe Ní

Cheallaigh a chur fáilte mhór roimh an Aire ar an lá.

Foireann na Nuachtlitreach:

Rachel Ní Chuilinn, Éanna Ní

Chadhla, Emily Ní Eathírn, Méabh Watkins, Faye Ní

Chonaill, Seán Ó Gogáin, Ben

Mac Giolla Phádraig, Gábhan Ó

Mathúna, Ciarán de Róiste, Séamus Ó Murchú, Dylan Ó

Briain, Liam Ó Loingsigh.

FAOI IAMH

• Imeachtaí ár nDaltaí

• Lá Spóirt

• Léirmheas Scannáin

• Club Leabhair

• Taispeántas Ealaíne

• Seachtain na Gaeilge

• Focal ó Mheitheal 23/24

• Cúinne na Ceathrú Bliana

• Turais

• Spórt na Scoile

EOLAÍ ÓG 2023

Bhí bliain rathúil ag an scoil i mbliana i gComórtasanEolaíÓig, le ceithre ghrúpa ag glacadhpáirteann.

Bhíancomórtasarsiúli mBaile Átha Cliath thar cheithre lá i mí Eanáir. Bhí go leor tionscadal iontachartaispeáintann. Chuaighanchéadbhliain ar thuras chuig an gcomórtas. Cé nach raibh an lá lenár niomaitheoirí

cruthaitheacha, b’eispéireas tairbhiúil agus

IMEACHTAÍ ÉAGSÚLA

CISPHEALLCATHAOIREACHAROTHAÍ

Ag deireadh mí an Mhárta chuaigh grúpa ón gceathrú bliain chuig Coláiste na hOllscoile, Corcaigh chun páirt a ghlacadh i gcomórtas cispheile cathaoir eacha rothaí.

D’éirigh le foireann Choláiste an Phiarsaigh an chraobh a shroichint fiú ach chaill siad in aghaidh foireann láidir ó Choláiste Mhainistir na Corann.

Cé go raibh dúshlán ag baint leis an spórt nua seo ag an tosach do na hiomaitheoirí, ba ghearr gur imigh siad i dtaithí ar na scileanna riachtanacha.

TURAS STAIRE

Dúirt captaen na foirne Jamie Ó Múrchú ‘Bhaineamar lán taitneamh as an lá agus rinne an fhoireann ar fad iarracht den scoth.’ Bronnadh duais ar Jamie as méid na bpointí a scóráil ar an lá.

Chuaigh daltaí Staire na cúigiú agus na séú bliana go Londan le déanaí. Thugadar cuairt speisialta ar Westminster agus ar na músaeim stairiúla is mó le rá.

LÁ GLAS

Bhí an-lá againn ar scoil agus an tSeachtain Ghlas á céiliúradh againn. Chaith pobal na scoile éadaí glasa don lá. Bhronn an Coiste Glas duaiseanna agus milseáin orthu siúd a rinne an iarracht is fearr.

2

LÁ SPÓIRT 2023 AN MHAIRDÍOG

Bhí lá den scoth againn sa Mhairdíog ag tús mí na Bealtaine. Molaimid rannpháirtíocht agus dearcadh dearfach ár ndaltaí uile ar an lá speisialta seo.

3

SCANNÁNAÍOCHT An Cailín Ciúin

Tháinig an scannán An Cailín Ciúin amach i bpictiúrlanna na hÉireann agus an Ríochta Aontaithe i mí Bealtaine 2022. Is ionann é agus an scannán trí Ghaeilge a ghnóthaigh an méid is mó airgid ag Oifig na dTicéad riamh. Tá sé bunaithe ar leabhar a scríobh Claire Keegan, d’arbh ainm ‘Foster’.

Tugtar léiriú sa leabhar agus sa scannán ar scéal cailín óg, atá ina páiste altrama. Téann sí chuig teach a gaolta nach bhfuil aithne aici orthu nuair atá a máthair ag iompar clainne. Ní raibh mórán aire tugtha di nuair a bhí sí sa bhaile agus níl sí compordach ag an tús leis an aire atá tugtha di i dteach a gaolta. Tar éis tamaill, Cuireann sí an chúthaileacht di agus fásann sí mar chailín óg inti féin.

Is scéal brónach é i ndáiríre ach tá dóchas le brath i gcónaí chomh maith. Bhí scéal an leabhair léirithe go héifeachtach tríd an scannán.

Bhí An Cailín Ciúin ainmnithe do ghradam Oscar i gcatagóir na scannán idirnáisiúnta, ach ní raibh an lá leo ar deireadh. Ba scannán den scoth é ar aon chuma agus ba cheart go bhfuilimid bródúil as an scannán a chuireann ár teanga dhúchais ar taispeáint ar an ardán idirnáisiúnta.

CLUB LEABHAR NASCOILE

Buaileann club leabhar na scoile le le chéile gach seachtain chun labhairt faoi gach rud a bhaineann le leabhair. Bíonn na cruinnuithe ar siúl ag am loin ar an gCéadaoin agus ar an Déardaoin.

Tá club sinsearach agus sóiseareach ann, a bhuaileann le chéile ar laethanta difriúila. Tá roinnt leabhar nua ordaithe againn don bhliain seo chugainn.

Má thaitníonn an léitheoireacht leat, bígí linn i seomra 24 ar an gCéadaoin nó ar anDéardaoin gach seachtain. Fáilte roimh chách!

TAISPEÁNTAS EALAÍNE

CÉILÍ

SEACHTAIN NAGAEILGE

Bhí spiorad agus spraoi sa halla agus daltaí na céad bliana gafa le céilí. Ghlac an idirbhliain páirt an lá dár gcionn. Idir Ballaí Luimnigh, Cur Crúb ar an Asal, an Dreoilín agus níos mó, bhí am den scoth acu ag rince timpeall na háite. Comh maith le sin, chur roinnt de dhaltaí na hidirbhliana péinteáil aghaidhe ar fáil dóibh, mar sin bhí dathanna na hÉireann le feiscint fud fad na scoile.

ÓIGE V OILLTE

Bhí an bua ag daltaí na séú bliana thar na múinteoirí i gcomórtas fíóchmhar. Aidhm an chomórtais ná an cheist seo a fhreagairt: An fearr a bheith óg nó a bheith oillte? Is traidisiún láidir scoile é an comórtas seo nach raibh curtha ar bun le cúpla bliain anuas de bharr srianta na paindéime. É sin ráite, tar éis obair na gcapall ó hIníon Ní Riordáin a d’eagraigh an comórtas, níl aon amhras faoi ach go bhfuil sé ar ais i mbarr a réime.

AOICHAINTEOIRÍ

CEOL TRAIDISIÚNTA

Bhí ceol breá bríomhar le chloisteáil timpeall na scoile gach lá ar maidin agus ag am loin. Bhí idir cheol traidisiúnta agus cheol chomhaimseartha ar fáil dúinn uile. Chomh maith leis sin, bhí seisiúin ceoil beo curtha ar siúl ag an Máistir Ó Tuathail agus ag na daltaí ceoil.

Bhí tús iontach curtha le Seachtain na Gaeilge nuair a tháinig aoichainteoirí isteach chun labhairt leis an séú bliain faoin luach agus faoin bhfiúntas a bhaineann lenár dteanga dúchais. Chuireamar fáilte roimh an Dochtúir Caitríona Ó Dochartaigh, an Dochtúir Seán Ó Conaill, Brian Tyres agus Tomás Ó Sé. Labhair na cainteoirí uile le paisean agus le fuinneamh maidir leis an tábhacht a bhaineann lenár dteanga a chaomhnú agus a neartú.

DREAPADÓIREACHT

Bhí deis ar leith ag daltaí na ceathrú agus na triú bliana le déanaí nuair a thug said cuairt ar an ionad dreapadóireachta ‘Awesome Walls’. Ghlac siad páirt i gComórtas Náisiúnta Dreapadóireachta na Scoileanna. Seo an cúigiú uair a ritheadh an comórtas seo. Bhí dhá chatagóir de dhreapadh i gceist les an gcomórtas - dreapadh rópa uachtair agus luas-dhreapadh. I gcás an dreapaidh rópa uachtair, an aidhm ná dreapadh chomh hard is gur féidir. Bhain an luas-dhreapadh le dul in airde chomh tapaidh is gur féidir in aghaidh iomaitheora.

Ghlac dhá fhoireann páirt sa chomórtas An fhoireann ceathrú bliana ná; Seán Ó Gógáin, Oisín Ó hÁinle, Stiofán Ó Súilleabháin, Billy Ó Loin-

MEITHEAL 2023 / 2024

sigh agus Ciarán De Róiste. An fhoireann tríú bliana ná; Maitiú Ó Donnchú, Dáire Ó Cuimín, Seán Fergy agus Fiacc Ó Laighin.

Mór chomhghairdeas le Seán Ó Gógáin a d’imigh ar aghaidh chuig an gCraobh Dreapadóireachta Uile Éireann agus bhain sé an dara háit amach. Tréaslaímid leat a Sheáin!

I lár mí Aibreáin, bhí foireann úrnua Mheitheal na bliana 20232024 i mbun traenála le Scala don bhliain seo chugainn agus iad ag ullmhú le fáilte a chur roimh an gcéad bhliain nua anseo i gColáiste an Phiarsaigh:

Chaitheamar ceithre lá den scoth ar lá treanála Meithil i dteannta le Scala sa Charraig Dhubh. Cuireadh oiliúint chríochnúil orainn maidir leis na bealaí is fearr le lámh chúnta a thabhairt do dhaltaí na Céad Bliana le linn na scoilbliana seo chugainn. Thogamar Niamh Nic Gafraigh mar cheannaire an ghrúpa agus Gráinne Sneddon mar rúnaí. Le linn na seachtaine chuireamar barr feabhais ar ár scileanna éisteachta agus labhartha. Táimid ag tnúth go mór leis an mbliain seo chugainn agus le fáilte Uí Cheallaigh a chur roimh dhaltaí nua Choláiste an Phiarsaigh!”

Guímid gach rath ar fhoireann Mheitheal sa scoilbhliain atá amach romhainn. Beidh siad ina n-eiseamláirí do dhaltaí na Céad Bliana agus don scoil uile. Ár seasamh oraibh a dhaltaí

7

CÚINNE NACEATHRÚ BLIANA

Ceoldráma Siar go dtí na 80idí!

I lár mí na Bealtaine chuaigh pobal uile na scoile siar go dtí na hochtaidí buíochas le ceoldráma spleodrach na hidirbhliana. Chuir siad sraith de sheóanna ar siúl sa Firkin Crane. Bhí an stáitse lán de chraic, de cheol agus de dhamhsa. Ba thaispeántas den chéad scoth é agus tréaslaímid go mór leo uile.

In áirde ar do rothar!

Bhí an-lá ag muintir na ceathrú bliana agus iad ag rothaíocht ar an mBealach Glas i bPort Láirge

Rang YSI

2022/2023

Craobhiomaitheoirí ‘Young Social Innovators’ i mbliana.

Cúrsa Scannánaíochta

Ghlac daltaí na ceathrú bliana páirt i gcúrsa scannánaíochta faoi stiúir David Puttnam (stiúrthóír a bhfuil gradam Oscar buaite aige)

Teastais PGSS

Bhronn an príomhoide teastais PGSS ar dhaltaí na hidirbhliaina ar as ucht na hoibre a rinneadar i rith na Sraithe

Shóisearaigh

TURAIS 9
Bl. 3 ar thuras go ‘Smugglers Cove’ i Ros Ó gCairbre Turas treodóireachta i bPáirc na Muiríne Turas Iodáilise chuig BÁC Bl. 5 ar thuras Ghaisce in Iarthar Chorcaí Bl. 4 i mBaile Theas Bl. 4 ar shiúlóid áitiúil Turas Staire sa chathair Turas Corpoideachais na hArdteiste

SPÓRT NASCOILE

Craobh Scoile na Mumhan Foireann Peile Shinsearach na Scoile Foireann Peile Fé 14 Emma agus Clodagh Foireann Peile Chorcaí Fé 14 Foireann Sacair Fé 15 Finn Ó Muireadhaigh Comórtas Treodóireachta na hÉireann Foireann Dreapadóireachta na Scoile Foireann Camógaíochta

SPÓRT NASCOILE

Foireann Iománaíochta Fé 14 Imreoirí atá ar fhoirne Chathair Chorcaí Blitz Cispheile Foireann Cispheile na mBuachaillí Foireann Cispheile na gCailíní Foireann Peile Fé 16.5 Claisic Ghailf
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.