20nuacht samhradh 2016 a4

Page 1

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2016

Súil Eile http://issuu.com/colaisteanphairsaigh#

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

www.colaisteanphiarsaigh.ie

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2016


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

Focal ón bPríomhoide Ta bliain eile scoile ag teacht chun deiridh agus táimid ag tnúth go mór leis na laethanta saoire. Déanann foireann iontach na scoile seo tréan iarracht i gconaí go mbeadh gach dalta fíreannach, freagrach, dílis, dea-bhéasach, iontaofa is macánta agus ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach uile ball foirne as ucht na tréan-iarrachtaí atá déanta acu i mbliana. Gan amhras guímid gach rath ar na daltaí a bheidh ag tabhairt faoi na Scrúduithe i rith an tsamhraidh. Is mór an éacht atá bainte amach acu le tamall anuas. Bliain speisialta den scoth a bhí againn i mbliana ag céiliúradh an chéid agus ba cheart gach uile rud atá bainte amach againn a aithint. Táimid thar a bheith bródúil as gach uile dalta anseo ar scoil linn agus as na sár iarrachtaí a bhíonn ar siúl acu laistigh is lasmuigh den seomra ranga. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le foireann eagarthóireachta na Nuachtlitreach Scoile agus leis an Máistir Ó Céilleachair a thugann treoir agus tacaíocht dóibh. Bíodh samhradh iontach agaibh go léir.

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2016

“SÚIL EILE” EAGRÁN AN Samhradh 2016 FOIREANN NA NUACHTLITREACH

Keliuotis, Simonas Mac an Fhailí, Daire Mac Aogáin, Cian Mac Girr, Eoin

M. Ó Tuama

Ní Chiarda, Aobha

Príomhoide

Ní Fhionnagáin Ní Dhéagai, Síofra

Agallamh le hIníon Ní Chearbhúil

Feis Maitiú 2016

Ní Mhathúna, Sadhbh Ó Cnoic, Cormac Ó hEachtiarna, Rónán Ó hUigin, Riain Ó Leanacháin, Conchúr Ó Loinsigh, Emmet Ó Murchú, James

Cad is ainm duit?

Ó Tuama, Dónal

Iníon Ní Chearbhúil Cad é an t-abhár is fearr leat?

Eagarthóirí Cúnta:

Cuntasaíocht Cad é an spórt is fearr leat? Karate is fearr liom. An imríonn tú aon spórt eile?

Micheál Ó Súilleabháin Bhéarslabhairt: Aisling Nic Lochlainn (moladh), Síomha Ní Mhearáin (An chéad áit), Róisín Ní Shúilleabháin (An dara háit), Olwyn Nic Pháidín (An tríú háit), Saoirse de Nógla (An tríú háit)

Séamus Ó Súilleabháin

Meitheal 2014-2015

COLÁISTE AN

Zumba, ag rith agus an leadóg. An lá is fearr i do shaol go dtí

PHIARSAIGH,

seo?

GLEANN MAGHAIR,

An lá a fuair mé mo mhadra Cén lá a bheidh an-chuimhne

CORCAIGH.

agatsa air sa scoil seo? An lá a bhuaigh na cailíní an

AONAD DE CHUID NA hIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

cluiche ceannais. Cé hé do dhalta is fearr ? Caithfidh mé mo mhacnamh a

“SÚIL EILE 2016”

dhéanamh faoin méid sin.

Go buaic do chumais

Cé hé do chara is fearr sa scoil? Iníon Ní Bhroin nó maróidh sí mé Cad é an rang is fearr sa scoil? Rang Clíona gan amhras. Grianghraf an chlúdaigh: Lá an Phiarsaigh faoi lán seoil ar 15 Márta 2016 (Féach leathanach 15)

Ar chúl, deiseal: Darragh Mac Conchoille, Colin Ó Meachair, Méabh Damery, Chloe Nic Ghuidhir, Síothmaith Nic Fhlannchadha Lár, deiseal: Cáit Nic Cárthaigh, Ailbhe Nic Conchoille, Róisín Ní Chinnéide, Sinéad Ní Argáin Chun tosaigh: Eoin Ó Céilleachair

2


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2016

Na hAgallaimh Spóirt

Cad is ainm duit? Pádraig Mac Anraí

Cad is ainm duit? Caoimhin Ó Finn

Cén aois thú? Táim 16 bliana d’aois.

Cad as duit? Mainistir na Corann

Cathain a thosaigh tú ag imirt peile? Thosaigh mé nuair a bhí mé thart ar chúig bliana d’aois.

Cén spórt a imríonn tú?

An imríonn tú aon spórt eile?

Cén áit a imríonn tú ar an bpáirc?

Imrím sacar le St. Mary’s.

I lár na páirce do Mhainistir na Corann

Cé hé do laoch spóirt?

Cé chomh minic is a bhíonn traenáil agat? Uair in aghaidh na seachtaine.

Frank Lampard Cad é an bia is fearr leat? An bia is fearr liom ná pasta. An bhfuil aon éacht mór bainte amach agat leis an scoil sa spórt? Bhuel níl fós ach níor chaill fear an mhisnigh riamh é. Ar bhain aon ghortú mór le rá duit? Níor bhain, bhí an t-ádh liom go dtí seo. Cén uimhir gheansaí a chaitheann tú agus tú ag imirt ar son na scoile? Caithim uimhir a 7 go hiondúil. Cá n-imríonn tú ar an bpáirc? Is leathchúlaí mé, is e sin an t-ionad is ansa liom freisin. Cad é do thuairim faoi na háiseanna spóirt sa scoil? Nílid ró olc, chun na fírinne a insint tá scoileanna atá níos measa as is dócha. Bheadh sé go hiontach halla nua a bheith againn áfach.

Iománaíocht agus peil Ghaelach.

Cathain a thosaigh tú ag imirt an spóirt? Bhíos 7 mbliana d’aois. An imríonn aon duine eile i do theaghlach spórt? Imríonn mo dheartháir Shane spórt. Cad é an duais is mó a bhuaigh tú? Bhuaigh mé bonn Uile Eireann le foireann Chorcaí Fé -14 sa bhliain 2014. Cé hé do laoch spóirt, cén fáth?

Cad is ainm duit? Ross O’ Caomhánach? Cén bhliain ina bhfuil tú? Tá mé sa 6ú bliain. Cad é an spórt is fearr leat? Is aoibhinn liom snámh. Cén bunscoil ar fhreastal tú uirthi? Gaelscoil an Ghoirt Álainn. Cathain a thosaigh tú ag snámh? Nuair a bhí mé cúig bliana d’aois. An minic a théann tú ag traenáil? Ocht mbabhta in aghaidh na seachtaine. Cé hé do laoch spóirt? Michael Phelps. Cad é do chlub snámha? Sundays Well Gus Healy. Cad é do churiarracht luais sa linn?

Pádraig Ó hArgáin, mar imríonn sé le foireann sinsir Chorcaí agus ba mhaith liom a cháil a bhaint amach.

Bhaineas amach 58.75 soicind. i rás feileacáin 100 méadar.

Cad é an t-ábhar is fearr leat sa scoil? Corp Oideachas.

Cad é do chatagóir agus grád snámha? Snámh feileacáin 100 méadar, Roinn 1.

An bhfuil deirfiúr nó deartháir agat sa scoil, cad is ainm di/do? Tá cinnte. Clodagh Nic Finn is ainm di. Cá mbeidh tú i gceann deich mbliana? Tá brionglóid agam go mbeidh mé i bPáirc an Chrócaigh agus Corn Mhic Cárthaigh i mo ghlaic agam. Tá súil agam nach mbeidh mé ag feitheamh ró-fhada.

Daltaí Ag Lá an Phiarsaigh 2016

3

Cad iad na duaiseanna a bhain tú amach i mbliana? Bhain mé an chéad áit sa rás feileacáin 100 méadar i mbabhta craoibhe na Mumhan do scoileanna. An bhfuil sé ar intinn agat tabhairt faoin snámh go proifisiúnta? B’fhéidir é, má fhaighim an deis chuige.


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2016

Agallamh Ceoldráma le Saoirse Trought

Deiseal:Seán de Nógla, Gearóid Pléimeann agus Saoirse Trought

1. Cad is teideal don cheoldráma i mbliana? Fame.

Deiseal: Sinéad Nic Ailín, Caoilinn Ní Aodha, Conchúr Ó Fearghail, Hamish Poullain Mac Phaidín, Edel Ní Chéilleachair, Éabha de Róiste, Sinéad Nic Gearailt, Muireannn Nic Uibh Ailile, Ailís Ní Drisceoil. Chun tosaigh:, deiseal: Saoirse Trought, Robyn Ní Chaoimh.

2. Cén carachtar atá á léiriú agat sa cheoldráma? Serena Katz. 3. An maith leat an carachtar? Is maith liom, mar tá cosúlachtaí eadrainn, ach freisin, tá sé dúshlánach. 4. An bhfuil a lán oibre ag baint leis? Tá, an-chuid oibre go deo i gceist. 5. Cén fáth gur roghnaigh tú ceoldráma mar aonad staidéir? Tá suim mhór agam sa damhsa agus san aisteoireacht. Déanaim iad lasmuigh den scoil freisin.

Deiseal: Seán de Nógla, Sadhbh Ní Riagáin Deiseal: Aobha Ní Chiardha, Gael Bhreathnach, Sadhb Ní Mhathúna, Muireann Nic Uibh Aille

6. Conas atá ag éirí leis an gceoldráma? Tá ag éirí go maith linn, is féidir an cruth a fheiscint anois ach fós tá an-chuid le déanamh. 7. An bhfuil oraibh mórán cleachtaidh a dhéanamh sa bhaile? Caithfidh mé cleachtadh sa bhaile, mar tá an-chuid línte le foghlam agam, chomh maith le hamhráin agus na damhsaí. 8. An bhfuil na múinteoirí ag tabhairt a lán cabhrach dóibh? Tá, tá na múinteoirí anmhaith ag treorú daoine, agus tá siad go maith ag cabhrú le daoine feabhsú.

Deiseal: Emily de hÍde, Jessica Ní Shúilleabháin, Conchúr Ó Fearghail

Deiseal: Aoife Ní Raghallaigh, Lucás Ó Conchubhair, Sadhbh Ní Riagáin, Jessica Ní Shúilleabháín, Emily Ní Thrindle, Annaliese Ní Mhurchú, Sinéad Nic Gearailt.

9. Cé mhéad ama a chaitheann tú ag cleachtadh gach seachtain? Timpeall deich n-uaire an chloig ar a laghad, ag cur gach rud san áireamh. 10. An gceapann tú go bhfuil sé níos fearr a bheith ag aisteoireacht sa cheoldráma, nó ag féachaint air? Ceapaim féin go bhfuil sé níos fearr aisteoireacht a dhéanamh, domsa, ar aon nós, mar má theastaíonn uaim leanúint ar aghaidh leis seo san ollscoil, beidh an taithí úsáideach. Deiseal: Alanna Ruiséal, Caoilinn Ní Aodha, Hamish Poullain Mac Phaidín, Sophie Ní Cheallaigh, Conchúr Ó Fearghaill

4


SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2016

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

Gníomhaíochtaí Slána Ar Líne Bíonn rochtain ag leanaí ar an Idirlíon ar siad cuairt orthu nuair a bhíonn siad ar ríomhairí, ar ghutháin soghluaiste agus ar líne. Le cúpla mí anuas anois bhí ceardchonsóil chluichí sa bhaile, ar scoil, i dtithe lanna eagraithe sa scoil ag an gcomhlacht, a gcairde, i leabharlanna, i gCaiféanna Grúpa Slándála Intel, a cheannaigh an Idirlín agus fad agus atá siad ag cuideachta McAfee, ar na mallaimh. Tá gluaiseacht. Úsáideann siad é don obair Grúpa Slándála Intel ar cheann de na bhaile, do chluichí ar líne, do bhlaganna, cuideachtaí is mó slandáil ríomhaireachta agus chun teachtaireachtaí meandracha agus ríomhphoist a sheoladh. Tá Coláiste an Phiarsaigh gníomhach ag tabhairt cumhachta do dhaltaí chun iad féin a chosaint. Cé go bhfuil sé taitneamhach, sóisialta, oideachasúil agus cruthaitheach, tá sé tábhachtach go bhfoghlaimíonn daltaí conas an tIdirlíon a úsáid go ciallmhar. Ní féidir linn bheith lenár ndaltaí an t-am ar fad, agus mar sin, tá sé tábhachtach scileanna a thabhairt dóibh ionas gur féidir leo na cinntí cearta a dhéanamh Máiréad agus Chris láithreoirí na ceardlainne i gcoinníollacha a d'fhéadfadh a bheith dainséarach. Tríd an gcumhacht a thabhairt dóibh, tá sé níos ar domhan faoi láthair. dóchúla gur féidir leat múineadh dóibh Ríomhshábháilteacht ba ea ábhar na conas coinníollacha dainséaracha a gceardlann. Ba é sprioc na scéime ná sheachaint go hiomlán agus má dhéantar daltaí a chumasú chun taispeántais a chur idirghníomhú le daltaí i gcónaí agus ar siúl do phobal na scoile faoin ábhar labhairt leo faoina n-eispéiris ar an úd. Thug Grúpa Slándála Intel cuireadh do Idirlíon. Is den riachtanas é go mbeadh dhaltaí an ceathrú bliain páirt a ghlacadh sa eolas cothrom le dáta ag daltaí faoin tionscadal seo. Ní nach ionadh bhí anteicneolaíocht atá á húsáid acu ionas gur éileamh ar a leithéid de thairiscint. Bhí an féidir linn foghlaim leo. Caithfidh a fhios comhlacht sásta thart ar fiche dalta a a bheith acu cé na daoine a mbíonn siad ag roghnú agus oiliúint a chur orthu faoi labhairt leo agus cé na suímh a dtugann shábháilteacht ar an idirlíon. Chuige seo

Seachtain na Gaeilge 2016

eagraíodh comórtas chun an fiche dalta a roghnú. Tugadh cuireadh do dhaltaí an fhoirm iontrála a sheoladh chun na scoile. Deineadh mion scrúdú ar na h-iarratais agus roghnaíodh an fiche dalta as an ngrúpa seo a sheol iarratais agus deirimse leat go raibh an-iomaíocht ar fad i gceist. Chuaigh sé an-dian go deo ar na moltóirí an fiche dalta a roghnú mar bhí caighdeán an-ard ag baint le formhór na n-iarratas. Pé scéal é nuair a bhí an rogha déanta tháinig na teagascóirí Máiréad agus Chris ó Ghrúpa Slándála Intel (McAfee) go dtí an scoil agus d’eagraíodar ceardlann faoi ríomhshábháilteacht do na daltaí a bhí roghnaithe. Roinneadh na daltaí i ngrupaí éagsúla agus chuir na láitheoirí taispéantais Powerpoint ar siúl agus bhí plé agus díospóireacht agus ceachtanna idirghníomhacha agus cur is cúiteamh ar bun acu. Nuair a bhí an cheardlann thart bhí cleachtadh le déanamh ag na daltaí agus tá an chuma ar an scéal go raibh obair an-dian go deo ar bun acu idir an dá linn. D’fhill na teagascóirí tar éis cúpla seachtain agus iad ar bís chun láitheoireachtaí digiteacha agus béalaithris na ndaltaí a mheas. Chaitheadar cúpla uair an chloig ag éisteacht agus ag plé an ábhair leo agus de réir cosúlachta ba ghearr go raibh na daltaí réidh chun an méid a bhí foghlamtha acu a roinnt le daltaí agus le muinteoirí na scoile. Tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil ag éirí go diail ar fad leis na láithreoirí a oileadh agus an chuma ar an scéal gurbh fhiú go mór an obair a cuireadh i gcrích. I bhfad na haimsire roinnfear an t-eolas ar phobal na scoile. Is uirlis thaitneamhach, shóisialta agus oideachasúil é an tIdirlíon, ar choinníoll go n-úsáidtear go ciallmhar é. Is chuige sin atáimid. Mar a deirtear sa seanfhocal, tús maith leath na hoibre.

Colaiste Abú

Comhghairdeas le foireann iománaíochta sinsir na scoile a bhuaigh babhta Craoibhe an Chontae Roinn C.

Comórtas Cic Pionóis: Roibeard Ó Laoghaire ag sárú na liathróide agus é sa chúl don chomórtas Cic Pionóis a bhí eagraithe i rith am lóin sa chlós agus Scoil Cheoil an Airm i mbun ceoil thíos i rith Seachtain na Gaeilge 2016. 5

Deiseal Shane Ó Drisceoil agus Ben Ó Néill ar pháirc an áir ar son na scoile.


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2016

Agallaimh Spóirt

Cad is ainm duit? Max Philpott. Cén aois tú? Táim cúig bliana déag d’aois. Cén spóirt a imríonn tú? Imrím galf. Cé hé do laoch spóirt? Daniel Kearney. Cad é an bia is fearr leat? Uaineoil. Cad é an t-éacht is mó atá bainte amach agat ar scoil? Bronnadh gradam imreoir na bliana orm sa dara bliain. Ar bhain aon droch ghortú duit agus tú ag imirt spóirt? Ghortaigh mé mo theanán Aichill, mo mhuinéal agus d’asáitigh mé alt mo ghlúine. Cén geansaí a chaitheann tú ag imirt ar son na scoile? Braitheann sé. Cá n-imríonn tú ar an bpáirc? Sna cúil.

Cad is ainm duit? Jamie Ó Dúnaigh. Cén aois thú? Sé bliana déag d’aois. Cathain a thosaigh tú ag imirt peile? Thosaigh mé nuair a bhí mé ceithre bliana d’aois. An imríonn tú aon spórt eile? Imrím rugbaí agus iománaíocht. Cé hé do laoch spórt? Peadar Ó Mathúna. Cad é an bia is fearr leat? Mairteoil. Cad é an t-éacht is mó atá bainte amach agat sa scoil seo? D’imir mé i gcraobh chluiche na Mumhan ar son na scoile. Ar bhain aon droch-ghortú duit agus tú ag imirt spóirt? Bhris mé m’ordóg, mo dhá mhéar agus ghortaigh mé mo theannán ioscaide. Cén geansaí a chaitheann tú ag imirt ar son na scoile? Caithim geansaí uimhir a 17 de ghnáth. Cá n-imríonn tú ar an bpáirc? Sna cúil nó sna tosaithe?

Lá an Phiarsaigh

Fáilte Uí Cheallaigh Curtha Roimh Nell

Nell ag casadh amhráin

Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh roimh Nell Ní Chróinín go dtí Coláiste an Phiarsaigh cúpla mí ó shin. Tá a fhios ag an domhan agus a mháthair go bfuil clú agus cáil ar Nell ar fud faid na hÉireann, agus níos faide i gcéin ach go

háirithe mar amhránaí ar an sean-nós. Tá mórán Éireann duaiseanna buaite aici gan amhras ach is é a chuir an sméar mhullaigh ar an scéal di i ndóthair ná Corn Uí Riada a bhuachaint ag comórtas an Oireachtais i 2014 nuair a chas sí 'Cuisle mo Chroí' and 'An Chóisire' agus chas sí 'Na Táilliúirí' chun an bua sin a cheiliúradh. B’aoibhinn agus ba bhinn agus ba bhlasta mar a chas sí amhráin thraidisiúna a dúiche féin, Béal Átha an Ghaotharaidh dúinne an tráthnóna taitneamhach

Cad is ainm duit? Con Ó Brúadair Cén aois thú? Cuíg bliana déag d’aois. Cathain a thosaigh tú ag imirt iománaíochta? Thosnaíos nuair a bhí mé ceithre bliana déag d’aois nó mar sin. An imríonn tú aon spórt eile? Imrím galf. Cé hé do laoch spóirt? Matt Kuchar. Cad é an bia is fearr leat? Píotsa de ghnáth. Cad é an t-éacht is mó atá bainte amach agat sa scoil seo? Níl aon éacht bainte amach agam leis an scoil ach bhuaigh mé comórtas ‘Pitch & Putt’ lasmuigh den scoil. Ar bhain aon droch-ghortú duit agus tú ag imirt spóirt? Níor bhain. Cén geansaí a chaitheann tú ag imirt ar son na scoile? Caithim geansaí uimhir a 15. Cá n-imríonn tú ar an bpáirc? Is lántosaí mé.

úd. Bhraithfeá fíormhothúcháin na bhfocal a bhí le cloisint go milis foirfe binn agus bhí snas nach beag ar gach aon amhrán a chas sí. Dá mhéid a chan sí is ea is mó a chuaigh an amhraíocht agus binneas a gutha i bhfeidhm ar an lucht éisteachta. Bhí draíocht ann a mhic ó. Thabharfá aon ní ach an tráthnóna a chaitheamh ag éisteacht le binneas a gutha. Ní bréag a rá go rabhamar go léir antógtha go deo leis an dtaispeántas agus táimid ag súil agus ag tnúth go mór leí filleadh chun na scoile go luath.

6

Dúshlán na gCamán ar Lá an Phiarsaigh 2016


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

An Músaem Náisiúnta Reptíl

Seat teann de scairp

Deiseal: Max Philpott, Niall Cnoic, Jamie Ó Dúnaigh, Muirín Ní Dhuinsméarach, Síofra Ní Fhionnagáin agus súil thaitheamhach á thabhairt acu ar laghairt mhonatóra

Seat teann de thuarantúla

Thug An Músaem Náisiúnta Reptíl cuairt ar an scoil cúpla mí ó shin. Is i gCill Chainnigh atá an músaem lonnaithe agus tugann siad cuairt ar scoileanna ar fud na tíre. Níl le déanamh ach dul i dteagmháil leo. D’eagraigh comhordaitheoirí an ceathrú bliain an chuairt agus bhí cead ag ranganna sinsir na scoile freastal ar an dtaispeántas. Bhí an dealramh ar fad leis an dtaispeántas a cuireadh ar siúl. Tugadh cead do dhaltaí na taispeántáin a láimhseáil agus iniúchadh géar a dhéanamh orthu. Ba léir go raibh gliondar croí ar chuid acu i dtaobh an scéil seo agus thugadar aire na huibhe circe do na hainmhithe nuair a bhíodar á láimhseáíl. Gan amhras bhí go leor ceisteanna ag daltaí á gcur orthu siúd a bhí i gceannas. Freagraíodh gach aon cheist agus ar a shon san bhí an-chuid foghlamtha tar éis na cuairte. Ba léir go raibh fios a ngnó ag na húinéirí pé scéal é. Bíonn coinníollacha faoi leith de dhíth ar na reiptílí mar a bhfuil go gcaitheann an suíomh ina dtaispéantar iad a bheith te go leor agus caithfidh an teas a bheith comhsheasmhach. I ndóthair níor ceadaíodh aon cheamara le splanc dul i ngiorracht scread asail dóibh mar go gcuirfeadh a leithéid isteach go mór ar na reiptílí. Is den riachtanas leis é nach mbíonn an iomad glóir toisc gur fearr go mbeadh na reiptílí ar a suaimhneas. I measc na dtaispeántas a bhí le feiceáil bhí laghairt mhonatóra, turtar sclamhach, scairp, turantúla agus ailigéadar.

An turtar sclamhach Súil thaitneamhach á thabhairt ag deiseal, Martha Ní Liatháin agus Rhonda Ní Luain ar an dtarantúla

7

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2016

Agallaimh le Daltaí

Cad is ainm duit? Méabh Ní Mhaoláin Céard é do dháta breithe? 26 Deireadh Fómhair 1998 Cad as duit? Is as Gleann Maghair dom. Cén club lena n-imríonn tú? Na Sáirséalaigh Cad é an t-éacht is mó a bhain tú amach leis an scoil? Bonn uileÉireann a bhuachan. Cé hé an t-imreoir is fearr leat? Richie Hogan Cá n-imríonn tú ar an bpáirc? Is lánchúlaí mé. An imríonn tú aon spóirt eile? Imrím peil. Cad é an ceol is fearr leat? Taylor Swift. Céard é an scannán is fearr leat? Star Wars Cén ráiteas is fearr leat? ‘’Stars can’t shine without darkness’’ #SeniorA

Cad is ainm duit? Mary-Jo Nic Liam Céard é do dháta breithe? An 26 Bealtaine 1998. Cad as duit? Is as Cloch Na Coillte dom. Céard é an t-éacht is mó a bhain tú amach leis an scoil? Bonn Chraobh na Mumhan a bhuachan sa chamógaíocht Cé hé an t-imreoir is fearr leat? Aisling Thompson. Cá n-imríonn tú ar an bpáirc? I lár na páirce. An imríonn tú aon spóirt eile? Imrím sacar agus deirtear liom go bhfuilim go maith chuige. Cad é an ceol is fearr leat? JB. Cén scannán is fearr leat? Rocky Cén raiteas is fearr leat? “Tiocfaidh ár lá’’


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2016

Deaseal: Sophie Ní Cheallaigh, Jessica Ní Shúilleabháin, Alice Ní Drisceoil, Aoife Ní hAonghusa, Hamish Poullain Mac Pháidín, Saoirse Trought, Annaliese Ní Mhurchú, Sophie Ní Riagáin, Jayne Nic Gearailt, Lucás Ó Conchúbhair, Riain Ó Riagáin.

Le cúpla bliain anuas léirítear ceoldráma sa scoil. Is iad daltaí an ceathrú bliain a bhíonn gafa lena leithéid. I mbliana is é an ceoldráma Fame a cuireadh i láthair na ndaltaí agus na dtuismitheoirí. Murab ionann agus blianta eile cuireadh an seó i láthair an lucht féachana in amharclann bhreá an Firkin Crane atá i mbéal an dorais againn i dtuaisceart na cathrach. D’éirigh go seoigh ar fad leis na taispeántais úd. Ba léir don té ba dhaille amuigh go raibh dua agus díograis caite leis an ullmhúchán. D’oibrigh an fhoireann go díograiseach dian dícheallach. Ó thús na bliana bhí cleachtadh á dhéanamh gach seachtain ach neosfaidh mé an fhirinne duit, bhí cleachtadh stáitse ar siúl Domhnach is dálach le coicís roimh na taispeántais. Pé scéal é bhí gach aon ní ar bhiorán an chúil acu roimh an óiche úd. Ar an tríú lá d’Fheabhra 2016 cuireadh an chéad taibhiú den seó ar siúl. Léiríodh an ceoldráma arís ar an gceathrú lá, dhá bhabhta. Go deimhin bhí, gach aon duine ar bís. D’fhreastal idir mhúinteoirí, daltaí agus thuismitheoirí ar na taispeántais. Gearradh €12.00 ar dhaoine ag an doras chun na costaisí a chlúdach. Bhí an chuma ar an scéal go raibh an domhan is a mháthair ann agus gach aon duine tógtha go mór leis an éacht agus an gaisce a bhí déanta ó thaobh gach aon ghné den saothar seo. Ba dhóigh leat gur aisteoireacht ghairimiúil geall leis a bhí ar bun ag na daltaí agus ní chreidfeá a fheabhas agus a sheinn na ceoltóirí. Ba léir don lucht féachana go raibh rian an chleachta ar an dtaispeántas agus léiríodar a mbuíochas leis an mbualadh bos a tugadh dóibh siúd a

bhí ar an stáitse, deirimse leat. Ar m’anam bhíodar go diail ar fad. Bhaineamar go léir lán ár súl as an seó. Mháigh gach aon duine a d’fhreastail air gur bhaineadar ana shásamh go deo as. Bunaíodh an ceoldráma ar an scannán ceoil Fame a deineadh i 1980. Léiríodh an ceoldráma den chéad uair i Miami, Florida Mheirceá i 1988. Insíonn an dráma scéal roinnt daltaí atá ag freastal ar scoil na nealaíon taibhiúcháin i gcathair Nua Eabhrac Mheiriceá. I measc na gcarachtar a mbuailimid leo tá Carmen. Bhuel chun a bheith macánta faoi, níl faic na fríde ina ceann siúd ach a bheith cáiliúil. Tá an taisteoir mná Serena thar a bheith diongbháílte agus uaillmhianach. Buailimid le Joe agus is bithiúnach críochnaithe amach is amach é siúd ach is fear seoigh é freisin. Go deimhin féin tá an veidhleadóir Schlomo ciúin, ach is iad na muca ciúine a itheann an mhin, i ndóthair. Tá sé ar na bioráin ag Nick a bheith ina aisteoir cáiliúil agus tá sé sé curtha roimhe aige an cháil úd a bhaint amach ar ais nó ar éigean.

Tyrone Jackson - Conchúr Ó Fearghail Ms. Johnson - Éabha Nic Pháidín Serena Katz - Saoirse Trought Iris Kelly - Annaliese Ní Mhurchú Grace “Lambchops” Lamb - Sophie Ní Riagáin Schlomo Metzenbaum - Seán de Nógla Ms. Montgomery - Robyn Ní Chaoimh Ms. Myers - Caroline Ní Chondúin Nick Piazza - Hamish Poullain Mac Phaidín Ms. Sheinkopf - Éabha de Róiste Ms. Sherman - Emily de hÍde José “Joe” Vegas - Gearóid Pléimeann Josie Vegas - Aoife Ní Aonghusa Mabel Washington - Jayne Nic Gearailt Ms. Ziegler - Sadhbh Ní Mhaolalaidh Roinn Drámaíochta Ruth Nic Cárthaigh Alice Ní Drisceoil Clár Ní Mhaoláin Roinn Rince

Rian Ó Riagáin Jessica Ní Shúilleabháin Murab ionann agus na carachtair eile tá Laoise Ní Chochláin Mabel róthrom agus níl an damhsa atá ag Emily Ní Thrindle Iris thar mholadh beirte, is baolach. Ní Róisín Ní Dhuinnshléibhe fheadar aon duine an mó léiriuchán den dráma atá déanta leis na blianta ar fud an Roinn Ceoil domhain, ach is cinnte go bhfuil na céadta acu agus iad léirithe i morán Éireann Caoilinn Ní Aodha teangacha. Sophie Ní Cheallaigh Luke Ó Conchúir Foireann Aisteoirí Orla Damery Ms. Avery Fellie - Áine Ní Mhathúna Rebekah Ní Dhonnabháin Ms. Bell - Edel Ní Chéilleachair Aoife Ní Raghallaigh Carolyne Ní Carmen Diaz - Alanna Ruiséal

8


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

Chonchúir Buíon Cheoil Gael Breathnach Ava Ní Chiardha Christine Ní Fhloinn Rónán Ó hEachtairn Jasmine Lagain Ní Mhurchú Sadhbh Ní Mhathúna Saoirse Millard Muireann Nic Uibh Aillile

Bainisteoirí Stáiste Jane Nic Ailín Grace Ní Fhaoláin Ealaíontóir Smididh Sorcha Ní Chuimín Teagascóir Damhsa Kelly-Áine Ní Mhurchú

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2016

Gradam Rebel Óg In ostán an Clayton Silversprings ag deireadh mí Eanáir 2016 bhí ócáid cheiliúrtha eagraithe ag Coiste Rebel Óg Chumann Lúthchleas Gael Chontae Chorcaí chun aitheantas a thabhairt do na foirne go léir a bhuaigh gradam na míosa i 2015. Bhuaigh foireann chamógaíochta Choláiste an Phiarsaigh an gradam i mí an Mhárta 2015. Tugadh cuireadh don fhoireann a bheith i láthair ar an óiche sin dá réir. Ba thráthúil an cuireadh é mar tharla go raibh buachaillí i láthair ó Choláíste an Phiarsaigh freisin ar an óiché sin mar go rabhadar ag imirt ar fhoireann Mhainistir na Corann a bhuaigh gradam míosúil Rebel Óg anuraidh freisin san iománaíocht. Baineadh taitneamh nach beag as an ócáíd gan aon agó. Bhí an-chleachtadh go deo ag gach duine de réir dealraimh. De réir cosúlachta bhí an gabhar á róstadh déanach go maith san óiche agus go luath ar maidin a mhic ó agus ní thógfá orthu é. Nach maith a bhí sé tuillte acu agus iad ag fuirseadh agus ag fadhbáil i rith na bliana seachtain i ndiaidh seachtaine, mí i ndiaidh míosa i mbun traenála agus ar ghort na himeartha.

Deiseal: Chrístian Ó Murchú, Caoimhín Ó Finn, Shauna Ní Chróinín, Maebh Damery, Sorcha Ní Bhrúdair, Maebh Nic Chárthaigh, Lucy Nic Ailín (iardhalta), Julie Nic Ailín (iardhalta), Lauren de Barra, Lucy Ní Cheallaigh, Cian Ó Muirí.

Daltaí an cúigiú bliain thuas a ghlac páirt sa cheardlann a thug Louise Ní Fhearghail .

I mí na Feabhra 2016 thug an Seó Bóthair cuairt ar an scoil. Thug an Roinn Gaeilge cuireadh don seó seo teacht chun na scoile i mbliana. Is ceardlann idirghníomhach a bhí ann faoin nGaeilge le plé, díospóireacht agus rólghlacadh a bhí déanta i mbealach taitneamhach, tarraingteach, spéisiúil. Déanann Conradh na Gaeilge agus an Roinn Oideachais agus Scileanna urraíocht ar na ceardlanna. I mbliana bhí béim á cur ar Chomóradh Céad Bliain Éirí Amach na Cásca 1916. Bhí an Ghaeilge mar chuid lárnach den fhís a bhí ag ceannairí 1916 leis an seachtar ceannairí páirteach i gConradh na Gaeilge ag an am. D’fhreastail an Seó Bóthair ar bhreis is céad is a caoga scoil

anuraidh agus tá sé ar na bioráin acu cur leis an méid sin i mbliana. Is é an sprioc atá leis ná, daltaí na tíre a chumasú agus a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid níos minice ina saol scoile agus lasmuigh den scoil. Cuirtear ar a súile do na rannpháirtithe cad iad na buntáistí a bhaineann leis an nGaeilge, le gluaiseacht na Gaeilge agus le feachtais Ghaeilge. Bíonn síntiús €100 i gceist leis an gceardlann a chur ar siúl sa scoil. Tá an táille ann gan amhras chun cabhrú le costais an tSeó Bóthair a chlúdach don bhliain. Déantar freastal ar dhá nó trí scoil in aon lá amháin. Mhair an Seó Bóthair sa scoil seo thart ar ochtó noiméad. Bhí an cheardlann

againne eagraithe do 11.00r.n. agus d’fhreastail thart ar chéad dalta ar an gceardlann, caoga dalta sa turas. Sa tslí seo bhí freastal i bhfad Éireann níos fearr á dhéanamh ar gach grúpa. Bhí deis ag na daltaí foghlaim faoi thábhacht na Gaeilge i 1916, léiríodh go gléineach soiléir do na daltaí an tábhacht a bhain leis an dteanga dóibh siúd a shínigh Forógra 1916 agus faoin mborradh a tháinig agus atá tagtha faoin teanga ó shin. Deineadh cur síos ar na himeachtaí speisialta a tharla timpeall na hÉireann i 1916 maidir leis an nGaeilge de. Bhíothas ag labhairt leis na daltaí faoi na háiteanna ar féidir leo an Ghaeilge a úsáid agus faoina gcearta teanga agus conas na cearta sin a bhaint

9

amach. Bhí neart dlúthdhioscaí, bandaí láimhe, greamáin agus duaiseanna eile le dáileadh freisin. Ba é an ghné ba shúntasaí den gceardlann ná go raibh na daltaí féin páírteach sna himeachtaí an mhaidin sin. Ba é tuairim na coitiantachta ag na daltaí a ghlac páirt ná go raibh anfiúntas go deo ag baint leis an gceardlann úd, nach raibh a shárú le fáil agus gur thug sé breis spreagtha dóibh an Ghaeilge a labhairt i slí neamhfhoirmeálta, thaitneamhach. Maíodh freisin gur cheardlann spreagúil, bhríomhar agus idirghníomhach a bhí inti agus gur baineadh sult nach beag as. Mar a deirtear sa seanfhocal, mol an óige agus tiocfaidh sí.


SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2016

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

Craobhchomórtas Iománaíochta na Mumhan 2015 Comhghairdeas ó chroí le foireann Choláiste an Phiarsaigh a ghlac páirt i gCraobhchomórtas Iománaíochta na Mumhan Fé-18 Roinn D ar an 14 Nollaig 2015. Ní raibh an t-ádh linn ar an lá ach mar sin féin bhí an-chluiche go deo ag an bhfoireann i gcoinne Choláiste Naomh Mainchín, Luimneach. Ar an droch uair chuaigh sé dínn an sway a thabhairt linn. Ba é an scór deiridh ná Coláiste Naomh Mainchín 0-16 le Coláiste an Phiarsaigh 0-13. Imríodh an cluiche sa Ráth, Co. Chorcaí agus caitheadh isteach an sliotar ag leathuair tar éis a dódhéag. Cé nach raibh an uain thar mholadh beirte bhí caighdeán ard iománaíochta le feiceáil. Ní bréag a rá go raibh an fhoireann againne ag imirt go diail sa chéad leath agus cé go rabhadar cúig phointe chun tosaigh ar feadh tamaill ní raibh an t-ádh leo. Faoi dheireadh is faoi dheoidh bhuaigh an fhoireann ab’fhearr. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an lucht leanúna a bhí farainn ar an lá agus a thug togha na tacaíochta don fhoireann. Bhí an-tacaíocht go deo againn ó Ryan’s Supervalu freisin agus ár mbuíochas leo siúd as an mbia agus araile. Ná déanaimis dearmad ach an oiread ar an bhfoireann bainistíochta a rinne sár-obair leis an bhfoireann seo. Bhíodar uile díograiseach diongbháilte i mbun oibre ach beidh lá eile ag an bPaorach áfach. Ba é seo an fhoireann a roghnaíodh ar an lá: An cúl báire ba ea Aindí Ó Dúlaoich. Sa líne lánchúil d’imir Christian Ó Murchú, Conchubhar ó Fearghail agus Gearóid Pléimeann. Sa líne leathchúil d’imir Cian Ó Dorchaí, Eoin Ó Laocha agus Ben Ó Néill. I lár an ghoirt bhí Malo Le Lu agus Dónal Ó Lonargáin. Sa líne leatosaigh bhí Conchúbhar Ó Néill, Shane Ó Drisceoil agus Caoimhín Ó Finn. Sa líne lántosaigh bhí Cathal ó Maoldomhnaigh, Aodh Ó Conchúbhair agus Seán Ó Murchú. Ba é Aindí Ó Dúlaoich captaen na foirne.

Seaimpíní Chorcaí

Foireann Iománaíochta Sinsir na scoile, seaimpíní Craobh Chomórtas an Chontae Roinn C 2016

An t-Agallamh

Cad is ainm duit? Meadbh Nic Cárthaigh Cad é do dháta breithe? 13 Aibreán 1997 Cad as duit? Is as Gleann Maghair dom Cén club lena n-imríonn tú ? Na Sáirséalaigh Cad é an t-éacht is mó a bhain tú amach leis an scoil? Bonn uile Éireann a bhuachan i 2015 Cé hé an t-imreoir is fearr leat? Aisling Thompson Cá n-imríonn tú ar an bpáirc? Is leatosaí mé An imríonn tú aon spóirt eile? Ní imrím go deimhin. Cad é an ceol is fearr leat? Justin Bieber-Purpose Cad é an scannán is fearr leat? The Holiday Cén ráiteas is fearr leat? Tús maith, leath na hoibre.

Cad is ainm duit? Edel Ní Chéilleachair Cén aois tú? Cúig bliana déag d’aois. Cathain a thosaigh tú ag imirt peile? Nuair a bhí mé cúig bliana d’aois. An imríonn tú aon spóirt eile? Is breál liom snámh comhuaineach agus camógaíocht. Cé hí do laoch spóirt? Meadbh Nic Cárthaigh.. Cad é an bia is fearr leat? Is fearr liom sicín. Cad é an t-éacht is mó atá bainte amach agat sa scoil? Bonn uile-Éireann a bhuachan. Cén uimhir gheansaí a chaitheann tú ag imirt ar son na scoile? Uimhir a 6. Cá n-imríonn tú ar an bpáirc? Is leathchúlaí mé. Cad é an mana inspioráideach is fearr leat? “No pain No gain”

Daltaí An Dara Bliain Ag Lá an Phiarsaigh 2016

10


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2016

Crosfhocal: Éirí Amach na Cásca 1916 Anuas

Trasna

Nollaig 2015 Bhailigh pobal uile na scoile le chéile sa halla lá laethanta saoire na Nollag seo a d’imigh tharainn. Tháinig formhór na ndaltaí agus na múinteoirí ar scoil an lá sin gléasta i ngeansaí Nollag. Tugadh faoi deara áfach go raibh cúpla eisceacht i measc baill áirithe foirne! Bhí spleodar agus spraoi agus suairceas le brath ar fud na háite ar aon nós. Thabharfá an leabhar gur Lá Nollag a bhí ann bhí an oiread sin sceitimíní ar gach aon duine. Chuaigh rang i ndiaidh ranga in airde ar an ardán. Canadh iomann i ndiaidh iomainn agus casadh port i ndiaidh poirt agus bhí cad é spórt agus cadráil agus giodam agus teaspach le tabhairt faoi deara agus gach aon duine go sona sásta tar éis uair an chloig a chaitheamh i mbun amhránaíochta nó ag éisteacht leis an gcur i láthair iontach. Ar aon nós tháinig deireadh leis an gceiliúradh. Chun clabhsúr a chur leis an ócáid bhí sé eagraithe ansin ag daltaí an tríú bliain go ndéanfaí bronnadh agus tar éis dóibh slám airgid a bhronnadh ar ionadaí de chuid Chlann Shíomóin Chorcaí d’imigh gach duine abhaile chun taitneamh a bhaint as saoire na Nollag 2015. Ócáid den scoth a bhí gan aon agó.

11


SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2016

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

Ceolchoirmeacha Scoile

Deiseal ar chúl: Doireann Ní Chuidithe, Cáit Ní Chéilleachair, Ruth Nic Cárthaigh, Eilís Ní Bhreacáin, Avril Ní Mhathúna. Chun tosaigh deiseal: Lusaí Ní Chionnaolaidh, Shane Keating, Heather Ní Mhuireasáin.

Scléip 2016 Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. Cuireann sé béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirtithe. Tugann sé deis do dhaltaí iar-bhunscoile ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus sceitsí nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre. Anuraidh ghlac Gael Linn ceannas ar Scléip den chéad uair agus fuaireadar an-chabhair ó fhoireann Gaelscoileanna. Bhíodar an-tógtha leis an tallann ar fad a chonaiceadar timpeall na tíre agus bhaineadar an-sásamh as na comórtais tríd is tríd. Tá an comórtas seo á reáchtáil trí mheán na Gaeilge agus is í an Ghaeilge teanga chumarsáide agus teanga fheidhmeach an chomórtais. Ní ghlactar ach le míreanna trí Ghaeilge agus iarrtar ar mhúinteoirí agus ar chaomhnóirí a chinntiú go bhfuil Gaeilge á labhairt ag na rannpháirtithe le linn imeachtaí Scléip. Bhí an réamhbhabhta sa

deisceart ar siúl Dé Céadaoin, 2 Nollaig 2015 in Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí agus d’éirigh go seoigh ar fad le daltaí na scoile seo a ghlac páirt ann. D’éirgh leo sna babhtaí cáilithe agus ar an Déardaoin 4 Feabhra 2016 thugadar a n-aghaidh ar Chraobh na hÉireann a bhí ar siúl in Amharclann Clasach, Cluain Tarbh, BÁC. Fiche cúig dalta ón dara bliain a bhí páirteach ar son na scoile agus cé nár éirigh leo aon duais a bhaint amach dheineadar an-ghaisce go deo. Ba iad daltaí an dara bliain a thaistil agus os rud é go raibh turas an-fhada rompu bhí orthu an scoil a fhágaint thart ar a deich a chlog ar maidin. Bhí sé ag tarraingt ar a dó a chlog sular bhain siad amach an amharclann. Chaitheadar cúpla uair an chloig san áit sin ag seinnt agus ag canadh agus faoin am go raibh na comórtais thart bhí orthu aghaidh a thabhairt ó dheas arís agus bhaineadar amach Gleann Maghair thart ar a deich a chlog san óiche. Deirimse leat nach raibh aon teaspach orthu faoin dtráth san.

Deiseal: Matt Cranitch agus Eoin Ó Riabhaigh

Mar chuid den gclár ceoil atá eagraithe ag na múinteoirí ceoil sa scoil i mbliana tháinig Shane Keating an píobaire uileann ar cuairt chugainn um Nollaig 2015. Gan amhras is ceoltóir aitheanta den scoth é agus bhí sé nótáilte ar fad ag seinnt do dhaltaí ar feadh uair an chloig nó mar sin. Go tiubh ar a shála siúd tháinig an Dochtúir Matt Cranitch agus Eoin Ó Riabhaigh ar cuairt chugainn ar an 2 Feabhra 2016. Arís bhíodar ann mar chuid den tsraith ceolchoirmeacha a eagraíodh do dhaltaí a dhéanann staidéar ar an gceol sa scoil. Chaitheadar uair an chloig go leith nó mar sin i mbun ceoil agus bhain na daltaí an-sásamh as an ócáid. Is ceoltóirí den scoth iad an bheirt acu. Tá a fhios ag an saol Fódlach ní foláir gur fidléir cruthanta é Matt agus gur píobaire uileann cruthanta é Eoin agus go bhfuilid beirt ag tarraingt clú agus cáil an cheoil orthu féin le fada an lá. Is ball bhunaidh é Matt den ghrúpa ceoil traidisiúnta na Filí.

Ar chúl, deiseal: Pádraig Ó hAonghusa, Fionnán Mac Gearailt, Siobhán Ní Chadhla, Heather Ní Chaoimh Ní Chonaill, Áíne Ní Néill, Áine Ní Mhaoláin, Saoirse Breathnach, Zoe Níc Craith, Clodagh Nic Fhinn, Pádraig Mac an Rí, Síle Perrem, Caoimhe Ní Airtnéide, Leah Ní Bheirne, Ríona Ní Chrualaoi, Clíona Ní Rinn, Eimear Ní Chorrbuí, Tomás Ó Lonargáin, Brian Ó Gráda, Síomha Ní Mhéaráin, Saoirse de Nógla, Dónal Ó Súilleabháin, Tomás Ó Muirthile, Tadhg Ó Súilleabháin.

12


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2016

Lá An Phiarsaigh 1916 - 2016

Comóradh 1916: Ealaín na nDaltaí

Searmanas Bronnta na mBratach D'fhonn comóradh a dhéanamh ar chothrom céad bliain ó tharla Éirí Amach 1916 agus ó fógraíodh Poblacht na hÉireann, bhí leagtha de chúram ag an Rialtas ar Óglaigh na hÉireann an Bhratach Náisiúnta a thabhairt chuig gach bunscoil sa tír. Maidir le hiar-bhunscoileanna na tíre de áfach, leagadh de chúram orthu siúd ionadaithe dá gcuid a bheith i láthair i bPáirc an Chrócaigh ar an 7 Márta 2016 d’fhonn glacadh le bratach a bhronnfaí orthu. D’fhreastail baill de Choiste 1916 Choláiste an Phiarsaigh ar an láthair úd agus ghlacadar seilbh ar an mbratach ar son na scoile.

Baill de Choiste 1916 Choláiste an Phiarsaigh agus an bratach náisiúnta a bronnadh orthu ina seilbh acu. Deiseal: Pádraig Mac An Rí, Méabh Ní Dhúinnsh léibhe, Muirín Ní Dhuinnín

13


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

1916 agus an Ghaeilge

Leabhar Staire Bhí ócáid thaithneamhach, tharraingteach, spreagúil eagraithe ag an an gCoiste Staire i halla na scoile ag tús mí Feabhra. Tá idir mhúinteoirí agus daltaí gafa leis an gcoiste seo. Bunaíodh an coiste seo anuraidh chun imeachtaí a eagrú agus comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca 1916 agus tá an coiste suíte meáite ar roinnt mhaith imeachtaí a eagrú i rith na bliana. Is cinnte go bhfuil siad an-ghníomhach go deo le cúpla mí anuas. Mar chuid den gclár a bhí eagraithe acu go dtí seo bronnadh cóip den leabhar Éire 1916 ar dhaltaí na chéad bhliana agus an dara bliain ag an ócáid seo. Leabhar cuimhneacháin is ea Éire 1916 atá bunaithe ar imeachtaí Éirí Amach na Cásca 1916. Leabhar mealltach ocht n-aonad é, scríofa ag múinteoirí a bhfuil tuiscint agus taithí acu ar an ábhar. Tá fáil i gclár Éire 1916 ar leabhar a bheidh mar sheod cuimhneacháin do dhaltaí. Clúdaítear na príomhthéamaí Clár Comórtha Céad Bliain sa leabhar mar a bhfuil, Pearsanra agus Príomhimeachtaí Sheachtain na Cásca 1916, An Forógra, Ár mBratach Náisiúnta, Mná agus Páistí i 1916 agus Fíricí agus Fianaise ó 1916. Is é an comhlacht CJ Fallon, i gcomhpháirt leis An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a chuir an foilseachán cuimhneacháin i gcló.

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2016

Cloistear daoine ó am go chéile ag caitheamh anuas ar Éirí Amach 1916. Deireann siad go raibh an rud céanna ar fáil i Rialtas Dúchais. Ach sheas Rialtas Dúchais do thír na hÉireann a bheith mar chuid den Ríocht Aontaithe agus sheas Éirí Amach 1916 don neamhspleáchas. Bhí an domhan de dhifríocht idir an dá réiteach. Ceann de na bealaí ba shoiléire chun mórdhifríocht a thuiscint ba ea ceist na teanga. Sheas Rialtas Dúchais do dhomhan an Bhéarla, ach sheas Éirí Amach 1916 don mheon Éireannach, don fhéiniúlacht a bhain linn féin mar chine. ‘Tír gan teanga, tír gan anam’ a dúirt an Piarsach. Cuireadh an tÉirí Amach ar bun chun spiorad agus anam Éireannach a neartú, a shábháil ó dhomhan an Bhéarla a bhain le Rialtas Dúchais. Thuig gach éinne a shínigh Forógra 1916 an tábhacht a bhain leis an nGaeilge agus leis an gcultúr Gaelach. D’fhéadfaí Gaeilgeoirí a thabhairt ar Phádraig Mac Piarais, ar Éamonn Ceannt, ar Thomás Mac Donncha agus ar Sheán Mac Diarmada. Ach thuig an triúr eile, Seosamh Pluincéad, Tomás Ó Cléirigh agus Séamas Ó Conghaile tábhacht na teanga, cé gur saolaíodh Ó Cléirigh agus Ó Conghaile sa Bhreatain. D’fhéadfaimis a rá gurbh é Micheál Cíosóg, an té a bhunaigh Cumann Lúthchleas Gael, a chuir tús le hath-Ghaelú na hÉireann. Rinneadh forbairt ar an bhfís a bhí ag an gCíosógach le bunú agus le

leathnú Chonradh na Gaeilge agus bhí tionchar an Chonartha le brath go láidir ar dhaoine a ghlac páirt in Éirí Amach 1916. Bhí ceannairí na hÉireann i ndiaidh bhunú an tSaorstáit go mór faoi thionchar na Gaeilge. Thugadar páirt lárnach don Ghaeilge sa stát nua – sa Státseirbhís, sa chóras oideachais. Bhunaigh siad an Gúm chun ábhar léitheoireachta sa Ghaeilge a bheith ar fáil do lucht foghlama na Gaeilge. Bhunaigh siad Coláistí Ullmhúcháin chun múinteoirí a raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu a oiliúint ionas go mbeadh deis ag daoine óga an teanga a fhoghlaim. Muna bhfuil an fhís a bhí ag muintir 1916 fíoraithe fós ní orthu ach orainn atá an locht. Sa bhliain 2016, táimid ag comóradh gaiscí agus íobairtí na dtír-ghráthoirí a ghlac páirt in Éirí Amach in aghaidh impireachta. Chonaiceadar go raibh an Ghaeilge mar bhun-chuid den saoirse. Níorbh fhiú saoirse gan an teanga. Cuireann an Ghaeilge ar ár gcumas ár smaointe féin a bheith againn. Is fuinneog í a osclaíonn domhan ar leith dúinn, domhan a bhaineann linn féin. Ní raibh ceannairí 1916 namhadmhar don Bhéarla ach chonaiceadar go raibh ár dteanga féin againn a chuir ar ár gcumas aitheantas dár gcuid féin a bheith againn. Beatha Teanga í a Labhairt. Déanaimis amhlaidh. An Máistir Ó Súilleabháin (Stair)

Scoil Factor 2016

Thuas deiseal: Cian Ó Dubhghail agus Fiachra Ó Luanaigh, agus thíos deiseal Ruairí Mac Cnáimhín & Darragh Ó hAoláin agus iniúchadh á dhéanamh acu ar chóipeanna den leabhar Éire 1916 ar ócáid bronnta na leabhar .

I rith Seachtain na Gaeilge 2016 a bhí eagraithe sa scoil ón 9 Márta 2016 go dtí an 15 Márta 2016 bhí Seó Tallainne eagraithe do dhaltaí na scoile. Bhí fáílte Uí Cheallaigh roimh gach dalta páirt a ghlacadh ann. Ní bréag a rá go raibh an -suim léirithe san ócáid. Ar an Luan an 14 Márta ón a 11.00 r.n. go dtí 1.00 i.n. bhí aga ag na hiomaitheoirí a gcuid tallainne a léiriú d’fhormhór dhaltaí na scoile sa halla mór. Bhuel bhí an-taispeántas go deo le feiceáil. Léirigh gach uile iomaitheoir go raibh an-obair déanta acu agus ba léir gur bhain gach aon duine taitneamh agus tairbhe as an seó. Ar an drochuair ní féidir le gach duine an bua a bhreith leo. Déanaimid comhbhrón leo siúd nár éirigh leo agus déanaimid comhghairdeas le gach duine a bhuaigh. Is cinnte go bhfuil ard-mholadh tuillte ag gach iomaitheoir, as an iarracht a rinne siad, as an t-ullmhúchán, as a bhflaithiúlacht a gcuid ama agus dua a chaitheamh le hobair a bhí le feiceáíl ag gach duine againn. Ní

14

haon doichín é seasamh os comhair do chomh-dhaltaí agus taispeántas a thabhairt. Ní fhéadfaí a leithéid de chomórtas a reachtáil gan moltóirí agus foireann stáitse. Tá ár mbuíochas tuillte acu go léir agus ag aon duine a bhí gafa leis an ócáid. Pé scéal é seo thíos na torthaí a bhí ar an gcomórtas. 1. Sinéad Ní Argáin (Rang Cathal - Bliain 6) Ag seinnt an pianó. 2. Edel Ní Chorcráin (Rang Clíona - Bliain 1) Ag amhránaíocht agus Cáit Ní Chorcoráin (Rang Clár - Bliain 3 á tionlacan ar an bpianó. 3. Robyn Ní Chaoimh (Rang Breifne - Bliain 4) Ag rince. 4. Chloe Ní Chormaic (Rang Cliona - Bliain 1) Ag rince. 5. Laura Ní Dhonnabháin (Rang Coilín Bliain 5) Ag amhránaíocht. 6. Nathan Ó Siochrú (Rang Abán - Bliain 1) Ag seinnt an sacsafóin.


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

Agallaimh le Daltaí

Cad is ainm duit? Aindí Ó’ Dulaíoch Cad é do dháta breithe? 22 Méan Fómhair 1997 Cad as duit? Is as Luimneach dom. Cén club lena n-imríonn tú? Garraí Uí Spealáin. Cad é an t-éacht is mó a bhain tú amach leis an scoil? Bonn Chraobh na Mumhan a bhuachan. Cé hé an t-imreoir is fearr leat? Gary Fleming. Cá n-imríonn tú ar an bpáirc? Sna cúil. An imríonn tú aon spóirt eile? Ní imrím Cad é an ceol is fearr leat? Is breá liom ceol Karen Casey agus Niall Vallely Cad é an scannán is fearr leat? Is fearr liom Cáca Milis. Cad é an ráiteas is fearr leat? “25% Body 75% Mentality”

Cad is ainm duit? Caoilinn Ní Aodha. Cén aois tú? Táim sé bliana déag d’aois. Cad as duit? Is as Cóbh dom. Cé hé do laoch spórt? Katie Taylor Cad é an bia is fearr leat? Dinnéar na Nollag Cad é an t-éacht is mó atá bainte amach agat ag imirt ar son na scoile? Bhíos mar bhall den fhoireann scoile sa chispheil a bhain amach an tríú háit i gcraobh na hÉireann. Cad é do thuairim faoi na háiseanna spóirt sa scoil? Tá an linn snámha go maith ach níl an pháirc imeartha chomh maith sin. An imríonn aon duine eile i do theaghlach spórt? Déanann mo dheirfiúracha rámhaíocht. Cad é an t-ábhar is fearr leat? Mata nó Fraincís. An bhfuil aon deirfiúracha nó deartháireacha agat sa scoil? Seána agus Cáit sa triú bliain.

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2016

Seachtain na Gaeilge 2016 Thosnaigh ár Seachtain na Gaeilge ar an Déardaoin an 10 Márta 2016 agus lean sé ar aghaidh go dtí an 16 Márta 2016. Ar a 9.00 a chlog go pointeáilte ar an gcéad mhaidin bhí Ceolchoirm eagraithe ag ceoltoirí na scoile do dhaltaí an dara bliain. Sheinn daltaí a dheineann staidéar ar an gceol mar ábhar sa scoil dóibh siúd sa lucht féachana. Lean sé seo ar aghaidh ar feadh dhá uair an chloig. Tar éis am sosa bhí ceolchoirm mhór ag ranganna na chéad bhliana, an dara bliain, an ceathrú bliain agus an cúigiú bliain thall sa halla mór le Scoil Cheoil an Airm. A leithéid d’fheic. Bhí an ceol go diail ar fad. Ní bréag a rá gur bhain gach duine an-taitneamh as. Ag am lóin bhí tús curtha le comórtas eile mar a raibh an Cic Pionóis do dhaltaí sóisearacha. Pé scéal é bhí sé ag tarraingt ar a 2.10 san iarnóin nuair a eagraíodh Tráth na gCeist do dhaltaí an tríú bliain. Chríochnaigh sé seo ar a 3.30 san iarnóin. Ar an Aoine an 11 Márta 2016 bhí céilí eagraithe do dhaltaí na chéad bhliana sa halla mór ar a naoi a chlog agus chríochnaigh sé ar a haon déag a chlog an mhaidin sin. Bí cinnte de gur bhain siad súp as an ócáid. Lean comórtas Cic Pionóis na ndaltaí sinsir ar aghaidh sa chlós i rith am lóin. Ar a leath uair tar éis a haon bhí Tráth na gCeist eagraithe sa halla mór do dhaltaí na chéad bhliana. Chríochnaigh sé seo ar a leath uair tar éis a trí um thráthnóna. Deirimse leat nach raibh fágtha i gcuid againn ach an dé tar éis na hoibre ar fad. Ní bréag a rá go rabhamar i ndeireadh na feide geall leis bhí

an oiread sin imeachtaí eagraithe againn. Ar aon nós ar an Luan an 14 Márta 2016 ar a naoi a chlog ar maidin bhí ceolchoirm eagraithe do dhaltaí na chéad bhliana. Sheinn daltaí a dheineann staidéar ar an gceol mar ábhar scrúdaithe ar scoil do dhaltaí na chéad bhliana. Chríochnaigh sé seo ar a haon déag a chlog ar maidin. Ar a naoi a chlog freisin an mhaidin sin bhí Toraíocht Taisce eagraithe do dhaltaí an dara bliain. Lean sé seo ar aghaidh ar feadh uair an chloig agus fiche noiméad thart timpeall ceantar an chlóis. Ar a fiche tar éis a deich bhí Comórtas Amhránaíochta an-éagsúil. Seinneadh taifead de mhúinteoirí ag canadh ar chóras na gcallairí. Iarradh ar dhaltaí, na múinteoirí a bhí ag canadh ar an gcallaire a ainmniú. Lean an comórtas seo go ceann daichead nóiméad. Ar a haon déag a chlog bhí an comórtas tallainne Scoil Factor eagraithe sa halla mór. Bhain gach duine antaitneamh as seo. Bhí ard-chaighdeán le feiceáil idir chanadh, rince agus araile. Ar an Máirt an 15 Márta 2016 eagraíodh Tráth na gCeist do dhaltaí uile na scoile a craoladh ar chóras na gcallairí. Thosnaigh sé seo ar a deich tar éis a dó agus chríochnaigh sé ar a leath uair tar éis a trí. D’éirigh go seoigh leis. Gan amhras bhí a lán oibre déanta roimh ré chun seomraí a mhaisiú agus na himeachtaí a eagrú. I ndóthair bhí a lán póstaer déanta ag daltaí agus morán Éireann oibre ag baint leis an ngnó seo. Chuir an iarracht iontach a rinne daltaí agus múinteoirí go mór leis an spraoi a baineadh ach an tseachtain ach go háirithe.

Lá an Phiarsaigh Ní neart go cur le chéile a deirtear agus b’amhlaidh a tharla ar an 15 Márta 2016. D’admhódh an té is daille amuigh gurb é an lá sin ceann de bhuaicphointí dár “Seachtain na Gaeilge” 2016 freisin.

roimhe acu ag Coiste 1916 taifead a dhéanamh ar na cuimhneacháín agus cartlann dhigiteach a chruthú ar an idirlíon don todhchaí. Chinntigh an sórt seo eagrúcháin gur lá den scoth a bhí ann.

Nuair a deineadh cinneadh “Lá an Phiarsaigh” a eagrú sa scoil ar an 15 Márta 2016 rinne Coiste 1916 agus Coiste Seachtain na Gaeilge a lán ullmhúcháin faoi bhráid an lae úd. Ina theannta san seoladh mórán Éireann eolais abhaile chuig tuismitheoirí. Tugadh cuireadh do theaghlaigh cuimhneacháin an ré úd staire a bhí ina seilbh a bhreith leo ar an lá agus iad a roinnt ar phobal na scoile. Bhí sé curtha

Is cómóradh ar Éirí Amach 1916 i ndáiríre a bhí ar bun againn. Bhí réimse leathan imeachtaí eagraithe don lá. Thall sa halla mór bhí taispeántais déantáin mhíleata ón tréimhse sin. Eagraíodh comórtais agus réimse leathan imeachtaí idirghníomhacha. Bhí rince faoin aer agus Tríd is tríd mar sin ba ghaisce “Dúshlán na gCamán” againn. iontach é an lá a bhuíochas don chomhoibriú ó gach duine.

15

Ba é an ghné ba shúntasaí den lá ná gur ghléas idir mhúinteoirí agus daltaí suas amhail is go rabhadar ag maireachtaint sa tréimhse stairiúil úd. Ní foláir nó nach ndéanfar dearmad ar an ócáid bhí sé chomh réadúil san. Léigh “Pádraig Mac Piarais” amach Forógra na Cásca. Ardaíodh an brat náisiúnta agus chanamar Amhrán na bhFiann agus bhí beirt ar na píobaí ár dtionlacan. Um thráthnóna bhí Tráth na gCeist uile scoile eagraithe.


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2016

Comórtas Innealtóireachta Idirnáisiúnta. Bhunaigh daltaí ón gceathrú bliain i gColáiste an Phiarsaigh Phoenix Racing ar na mallaibh. Ghlac an grúpa seo páirt i gcomórtas idirnáisiúnta innealtóireachta darbh ainm “F1 in Schools”. Chuamar chun cainte leis na daltaí a bhí gafa leis an dtionscadal seo agus seo a leanas a thuilleadh eolais faoin méid a bhí ar bun acu le tamall anuas. Is é a bhí i gceist leis an gcomórtas seo ná go gcaithfidís gluaisteán 20cm ar fhad a dhearadh, agus an dearadh a chur ar bhogearra (CAD), dearadh ríomhchuidithe, agus ansan é a sheoladh chuig Ollscoil Luimnigh chun é a ghearradh amach as ábhar ar a ghlaotar balsa. Is é soláthar cumhachta an ghluaisteáin ná cana beag bídeach atá lán de CO2 agus é faoi bhrú fíochmhar ard. Don chomórtas seo caithfidh tú an gluaisteán a rás ar rásraon 20 méadar ar fhaid, portfóilió 20 leathanach A3 a chruthú le plean margaíochta agus urraíochta, suíomh idirlín a chruthú, mar a bhfuil (www.phoenixracing.ie) agus láithreachas ó bhéal a thabhairt ós comhair breithimh an chomórtais. Caithfidh tú páirtnéir sna meáin chumarsáide a aimsiú chomh maith leis sin agus is é RTÉ Raidió na Gaeltachta a bpríomh pháirtnéir sna meáin chumarsáide. Bhí agallamh ag an bhfoireann ar an gclár Saol Ó Dheas i rith an bhriseadh lár théarma i mí na Feabhra agus faoi láthair is é a bpod chraoladh rogha na coitiantachta ar shuíomh idirlín Radio na Gaeltachta. Tá nasc ann agus ní gá ach gliogáil air seo chun nasc a dhéanamh lena suíomh

idirlín, atá luaite thuas. Sheoladar cuntas faoin dtionscadal chuig an iris áitiúl anseo i nGleann Maghair freisin agus beidh sé sin á fhoilsiú in am agus i dtráth. Bhí a lán oibre le déanamh do na babhtaí cáilithe gan amhras agus ba é an chloch ba mhó ar an bpaidrín acu idir an dá linn ná barr a gcumais a bhaint amach sna babhtaí úd. Thugadar faoin ullmhúchán sin le dúthracht, le diongbháilteacht agus le díograis a mhic ó. Chaitheadar a lán ama ag cur agus ag cúiteamh agus chuireadar snas agus barr feabhais ar a gcuid oibre diaidh ar ndiaidh. Ní bréag a rá gur oibrigh siad moch is déanach, Domhnach is dálach. D’eagraíodar ocáid i ndiaidh ócáide sa scoil chun airgead a bhailiú chun a gcuid costais a chlúdach, leithéidí díolacháin cácaí agus cartaí urraíochta cuirim i gcás. Faoi dheireadh agus faoi dheoidh tháinig lá an chomórtais, lá na cinniúna ag deireadh mí na Feabhra agus thugadar a naghaidh ar an ardchathair chun páirt a ghlacadh sna babhtaí reigiúnacha. Deirimse leat go raibh mórán ullmhúcháin déanta acu agus ar a shon san nár éirigh leo an chéad áit a bhaint amach don suíomh idirlín agus don láithreachas béil ab’fhearr. Cháilíodar freisin an lá sin do na bahbhtaí náisiúnta. Guímíd gach rath orthu sa chomórtas náisiúnta. Má tá fonn ort a thuilleadh eolais a fháil agus gach píosa nuachta futhu a bheith ar eolas agat lean ar Twitter iad @PhoenixRacingIE agus tabhair cuairt ar a suíomh idirlín ar do chaothúlacht.

Deiseal: Thuas an mana agus thall an macasamhail den ngluaisteán a ndearna na daltaí dearadh orthu.

Parlaimint Mac Léinn na hEorpa

Phoenix Racing: Deiseal: Saoirse Trought, Max Philpott, Niall Ó Cnoic, Aodhán Ó Maolmhuaidh, T.J. Ó Duinneacha, Con Ó Brúdair ag glacadh leis an duais don suíomh ab’fhearr a bhuaigh siad ag an mbabhta reigiúnach .

Deiseal: Ben Ó Tuama, Eimear Ní Bhrúdair, Íde Ní Dheasúnaigh agus Fiona Ní Chearbhaill a ghlac páirt i bParlaimint Mac Léinn na hEorpa i gCorcaigh le déanaí. Chaitheadar a gcuid ama ag díospóireacht agus ag plé an rúin a tugadh dóibh. Ghlac thart ar ochtó dalta páirt ann ó chathair agus ó Chontae Chorcaí. Bhí seans acu go léir páirt a ghlacadh sa pharlaimint i halla na cathrach agus vótáil agus araile a dhéanamh amhail is gur fíor pharlaimint a bhí ann. Roghnaíodh Íde chun dul ar aghaidh go dtí na babhtaí díospóireachta a bheidh ar siúl i Manchain Shasana. Buailfidh sí le daltaí eile ó scoileanna na hEorpa thall agus beidh plé agus díospóireacht acu agus cuirfear ar a súile dóibh conas a oibríonn an córas daonlathach i ndáíríre.

16

Deiseal: T.J. Ó Duinneacha, Aodhán Ó Maolmhuaidh, Saoirse Trought, Con Ó Brudair, Max Philpott, Niall Ó Cnoic ag an gCúrsa Tiomána a d’eagraigh comhordaitheoirí na hidirbhliana do dhaltaí i Magh Ealla.


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.