22 Nuachtlitir Samhradh 2017

Page 1

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2017

Súil Eile http://issuu.com/colaisteanphairsaigh#

www.colaisteanphiarsaigh.ie

Seaimpíní na hÉireann 2017 Is é an dias is troime is ísle a chromas a ceann


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

Focal ón bPríomhoide

Údar ar Cuairt Is as Mala i gContae Chorcaí do Kieran Crowley. Go deimhin féin údar aitheanta is ea é a sríobhann úrscéalta as Béarla. Cuireadh a chéad leabhar "Colm & the Lazarus Key”, ar ghearr liosta do Ghradam Bisto Leabhar Bliana do Leanaí in 2010. Do lean leabhar eile go gairid ina dhiaidh san, "Colm & The Ghost's Revenge”. D’fhoilsigh Macmillan (Ire & UK) and Feiwel & Friends (US) leabhar eile dá chuid ar na mallaibh mar a bhfuil "The Mighty Dynamo” in 2016. Chuir daltaí na chéad bhliana fáilte Uí Cheallaigh roimhe chun na scoile agus chuir sé trí cheardlann ar siúl i rith an lae. Ba léir go raibh fios a ghnó aige agus is cinnte gur spreag sé mórán suime i measc na ndaltaí. Thug sé léargas do na daltaí faoina chuid scríbhneoireachta agus chuir sé comhairle a leasa orthu maidir le conas tabhairt faoin ngnó úd. Mhol sé go láidir d’aon duine a bhí ag prapáil don scríbhneoireacht dul i mbun mórán léitheoireachta, mórán Éireann a scríobh agus ábhar a roghnú a raibh suim acu ann. Ba é tuairim na coitiantachta gur éirigh go diail ar fad leis na ceardlanna

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2017

Ar mo shon féin, ar son na foirne, ar son na ndaltaí agus ar son na dtuismitheoirí deinim comhghairdeas ó chroí arís leis an bhfoireann a thug an sway leo sa Chluiche Ceannais Cispheile Uile Éireann i Sraithchomórtas na Scol Fé-19 A na gCailíní. Ár mbuíochas leis an bpainéal uile agus leis an lucht tacaíochta a spreag iad ar feadh na bliana. Ba ghaisce éachtach é. Ba shampla iontach taibhseach é do dhaltaí na scoile ag léiriú barr a gcumais. Ár seasamh oraibh. Táimid faoi chomaoin de shíor ag gach duine sa scoil seo a chabhraíonn in aon slí chun na himeachtaí iomadúla spreagúla a eagraítear sa scoil a reáchtáíl idir mhúinteoirí agus daltaí.

“SÚIL EILE”

EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2017

FOIREANN NA NUACHTLITREACH

Chandler, Aaron Whitford, Lauren Ó Leannacháin, Cathal

Táimid faoi chomaoin de shíor ag gach duine a ghlacann páirt sna himeachtaí céanna. Tuigim, ceal na foirne iontaí sa scoil seo, nach mbeadh pobal scoile bríomhar, bródúil, broidiúil, muiníneach, uaillmhianach againn. Molaim sibh agus daltaí na scoile uile as bhur gcomhoibriú. Guím gach rath ar dhaltaí an Teastais Shóisearaigh agus ar dhaltaí na hArdteistiméireachta a bheidh ag tabhairt faoi scrúduithe i rith an tSamhraidh. Go n-éirí libh. Caithfimid gan amhras déanamh in éagmais daltaí na hArteistiméireachta sa todhchaí. Beidh siad ag fágaint slán linn, faraor. Bhíomar an cheannúil orthu. Gabhaim buíochas leis an bhfoireann a spreag agus a threoraigh na daltaí sin i gcónaí. Braithfimid na daltaí uainn go géar, faraor. Guímíd gach rath orthu sa todhchaí. Ar deireadh tá súil agam go mbainfidh gach duine taitneamh as laethanta saoire an tSamhraidh. M. Ó Tuama Príomhoide

Ní Loingsigh, Áine Ó Rothláin, Éimhín Nic Cana, Fiona Ní Aodha, Seána Ní Loingsigh, Ava Ó Murchú, Christian Mac Uaid, Fergus Ní Aodha, Cáit Ní Chonnaíle, Clodagh Ní Drisceoil, Becky Eagarthóirí Cúnta: Micheál Ó Sú illeabháin Séamus Ó Súilleabháin COLÁISTE AN PHIARSAIGH, GLEANN MAGHAIR,

Kieran Crowley ag tabhairt a chomhairle

Lá le Valintín

Seachtain na Gaeilge 2017

CORCAIGH. AONAD DE CHUID NA hIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

“SÚIL EILE 2017” Go buaic do chumais

Lá le Valintín á cheiliúradh ag daltaí na chéad bhliana nuair a d’eagraigh Meitheal ócáid thaitneamhach spleodrach dóibh i gclós na scoile.

Daltaí an cúigiú bliain agus na chéad bhliana ag rince sa halla le linn Seachtain na Gaeilge. D’éagraigh Meitheal an ócáid agus baineadh taitneamh nach beag as. 2

Grianghraf an chlúdaigh: Sonraí le fáíl ar leathanach 15


SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2017

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

Saothair Ealaíona na nDaltaí Ullmhúchán Don Phéintéireacht

Féinphortráid Phopealaíne Clíodhna Ní Thíomáin

Lia Ní Bhriain

Catherine Ní Mhurchú

Líníocht ar Fhoirmeacha Daonna

3


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

Cuairteoirí

Seo Linn Is popbhanna Éireannach é Seo Linn. Tháinig an banna ceoil chun na scoile ar an 16 Nollaig 2016 agus chuireadar dhá cheolchoirm i láthair i halla na scoile. Bhí cad é fógraíochta déanta go críochnúil cuimsitheach timpeall na scoile roimh ré ag Iníon Ní Argáin agus bailíodh €4.00 an duine go phoncúil pras ó na daltaí faoi choinne na hócáide móire. Cé go mbítear ag maíomh go mion minic go bhfuil na pinginí tearc ag daltaí agus na pinginí céanna ag dul i dteirce lá i ndiaidh lae, bhí na daltaí céanna, de réir mar a chloisim, ag baint na sál dá chéile ag síneadh costas na ceolchoirme chuig lucht bailithe an airgid de réir cosúlachta. Pé scéal é ceathrar atá sa bhuíon ceoil áirithe seo i láthair na huaire, mar a bhfuil Daithí, Stiofán, Kevin agus Keith. Is as Cill Chainnigh do Dhaithí, do Kevin agus do Keith. Ros Comáineach is ea Stiofán a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Seinneann sé an giotár. Seinneann Daithí an méarchlár, an sacsafón, an t-orgán béil, an fheadóg stáin, an giotár agus an maindilín. Is múinteoir Ghaelscoile é. Seinneann Keith an djembe, an giotár, an dord-ghiotár agus an fheadóg stáin. Is ceoltóir, scríbhneoir ceoil agus teangeolaí é. Seinneann Kevin an bosca ceoil agus an bodhrán. Táid go léir in ann amhráin a chasadh ar a dtoil dar ndóigh. Is rí-léir gur ceoltóirí ildánacha iad gan aon agó. Bhí futa fata, cabaireacht, giob geab agus giodam ar fud na háite sular thosaíodar ar aon

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2017

cheol a sheinnt bhí an oiread sin sceitimíní áthais ar gach aon duine. Bhíothas ar bís ag fanacht le tús na ceolchoirme. Faoi dheireadh agus faoi dheoidh shiúil siad amach ar an ardán. Bhuel chloisfeá an liútar léatar agus an toirnéis míle ó bhaile. Fearadh fáilte storrúil rompu deirimse leat. Chaitheadar breis is trí huaire an chloig i mbun ceoil agus iad ag casadh na n-amhrán chomh tiubh le tiul, ceann i ndiaidh a chéile gan stad ná staonadh. De réir mar a chuaigh an cheolchoirm chun cinn d’ardaigh an gleo agus an liúraigh dá réir. Dá mhéid a chanadar ba i dtreise a chuaigh an giodam agus an lústar flústar freisin i measc an lucht féachana. Bhíodar go diail ar fad, nótáilte chun na fírinne a insint. Chuir an lucht éisteachta uathu na cathaoireacha agus bhíodar ag luascadh agus ag rince agus iad ag baint taitnimh a gcroíthe as an gceol. Ní bréag a rá nárbh fhada go rabhadar i gceart lár na ceolchoirme agus iad ag casadh mórán de na hamhráin i dteannta an bhanna ceoil agus iad ag baothléim agus ag pocaireacht ar an urlár go rancásach os comhair an ardáin. Dóbair do chuid acu dul le báiní ar uairibh a mhic ó. Ba léir go raibh gach duine ag baint suilt bheo as an ócáid mhór thaibhseach. Níl aon dabht faoi ach gur bhaineamar go léir idir mhúinteoirí agus daltaí antaitneamh as an lá agus nára fada go mbeidh a leithéid d’ócáid againn sa scoil arís. Is maith an scéalaí an aimsir is dócha. Coiméadfaimid ar an eolas sibh ar aon nós. 4

Bhí daltaí ón Airgintín ar cuairt chun na scoile i mí Eanáir seo caite agus roinnt dá múinteoirí ina dteannta. Bhí na daltaí céanna ar chamchuairt timpeall na hEorpa ag an am agus tugadh cuireadh dóibh teacht chun na scoile. Is nós é seo acu, cúpla seachtain a chaitheamh ag taisteal go dtí tíortha éagsúla san Eoraip ach go háirithe. Freastalaíonn na daltaí seo ar scoil phríobháideach agus is nós leo le blianta fada a leithéid de chuairt a thabhairt orainn. Chuireamar fáilte mhór rompu. Roinneamar, daltaí na hidirbhliana, roinnt de chultúr na hÉireann leo nuair a d’fhreastalaíomar uilig ar cheolchoirm neamhfhoirmeálta i halla na scoile. Rinne siad siúd roinnt dá gcultúr féin a roinnt linne. Chuireamar féin samplaí dár gceol agus dár n-amhránaíocht os a gcomhair agus rinne siad siúd amhlaidh. Ag deireadh an tseisiúin, bhronn ár gcuairteoirí bronntanas orainn. Brat a bhí ann dá dtír féin agus focail bhuíochais scríofa air a chur in iúl go rabhadar thar a bheith buíoch as gach aon ní a bhí déanta againn dóibh. B’ocáid an-taitneamhach í mar chuireamar aithne ar a chéile agus bhí tuiscint níos fearr acu dár gcultúr agus bhíomar féin níos eolasaí faoina gcultúr tar éis na n-imeachtaí seo agus gan amhras rinne mórán de na daltaí agus de na múinteoirí cairde nua.

Deiseal: Daltaí ón Airgintín agus an brat á bhronnadh acu ar Evan agus Darragh

Seachtain na Folláine 2017 ‘Lá na mBróg’


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2017

Lá an Phiarsaigh 2016

Colm Mac Íomhair agus Euan Mac Eanraí Jordan de Paor agus Stiofán Ó Mathúna

Christine Ní Fhloinn agus Daithí Mac Gearailt

Na píb uilleann faoi lán seoil

Taispeántas taibhseach sa halla

Céilí sa chlós

An forógra á fhógairt

An lucht féachana

Amhrán na bhFiann á chasadh

5


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2017

Agallaimh na Múinteoirí

Cad is ainm duit? An Máistir Mac Alastair. Cad iad na hábhair a mhúineann tú? Corpoideachas agus Gaeilge. Cad as duit? Baile an Easpaig, Corcaigh. Cad é an bia is fearr leat? Bia mo mháthar. Cad é an caitheamh aimsire is ansa leat? An iomáint, mhuis. Cad é an t-ábhar a thaitníonn leat ach nach múineann tú? Eacnamaíocht Bhaile. Cé hé do laoch spóirt? An Máistir Ó Coigligh. Cén múinteoir a thógfá leat go dtí Abu Dhabi ar laethanta saoire? Is ceist chasta, cháirséiseach, chiotrúnta agus chonspóideach é sin ach an Máistir Ó Céilleachair mar ba mhaith liom cur le m’fhoclóir sa Ghaeilge! Cad é an rud is fearr ó thaobh do phoist de? An sásamh a bhainim as cabhrú le daltaí buaic a gcumais a bhaint amach. Cad é an banna ceoil is ansa leat? Walking on Cars. Dá mbuafá milliún euro, cad a cheannófá? Gluaisteán nua, ach tá fáilte Uí Cheallaigh roimh shíntiúis i láthair na huaire. Cad é an sárchumhacht ba mhaith leat a bheith i do sheilbh? Bua an leighis. Cá mbeidh tú i gceann 10 mbliana? I ndóthair, ní fios cé a mhairfidh. Is dócha go mbeidh mé fós ag múineadh ach mar a dúirt mé ní féidir liom a bheith cinnte faoin méid sin.

Cad é d’ainm iomlán? Rósailín Máire Helen Ní Dhonnchú. Cad é an chuimhne is sia siar a ritheann leat? Mo phram á chur trí thine. Ar fhreastail tú ar scoil chónaithe? D’fhreastalaíos An ndearna tú na hábhair trí Ghaeilge ar scoil? Dheineas, go deimhin. Cad é an chuimhne is sona atá agat faoi na laethanta ar scoil? Mo chairde. Cad é an caitheamh aimsire is fearr leat ? Siúlóid agus snámh. Cad é an scannán is fearr leat? Cinema Paradiso Ar mhúin tú in aon scoil eile? Tamall gairid san Ostair. An fada a bhí sé ar intinn agat dul le múinteoireacht? Ní raibh aon chuimhneamh agam dul le muinteoireacht ach tá seisear againn as seachtar, sa teaghlach, gafa leis an oideachas i slí éigean. Muna mbeifeá ag múineadh cén post a roghnófá? An dlí nó an bhitheolaíocht. Cad é an rang is fearr leat sa scoil ? Is maith liom gach rang, a leithéíd de cheist! Cé hé an múinteoir is fearr leat? Deinim iarracht réiteach le gach duine. Cad é an rud is fearr faoin scoil seo i do thuairim? Pobal na scoile. Cad é an rud is measa faoin scoil dar leat? An foirgneamh. Dá mbeadh leanaí agat an seolfá ar scoil anseo iad? Ní fheadar, a leithéid de cheist, is ceist chasta é sin. Ar mhaith leat a bheith i do phríomhoide anseo? Níor mhaith. An fada eile a chaithfidh tú ag múineadh? Ní fheadar, is deacair a rá. Cad é an áit is fearr leat ar domhan? An Iodáil gan dabht ar bith. Cé hé do laoch spóirt? Níl a leithéid agam. Cad iad an dá rud a thabharfá leat go dtí oileán san aigéan? Mo mhadra agus m’fhear céile, san ord sin gan amhras! Dá mbuafá milliún euro cad a dhéanfá leis? Ba bhreá liom tigh a cheannach san Iodáil.

6

Cad é d’ainm iomlán? Andrea Ní Riordáin. Cad é an chuimhne is sia siar a ritheann leat? Ag freastal ar an mbunscoil. Ar fhreastal tú ar scoil chónaithe riamh? Níor fhreastail. An ndearna tú na hábhair trí Ghaeilge ar scoil? Dheineas i gColáiste Ghobnatan. Cad é an chuimhne is sona atá agat faoi na laethanta ar scoil? Turas go dtí Ceapach na Laoi san idirbhliain Cad é an caitheamh aimsire is fearr leat ? Is breá liom an reathaíocht um thráthnóna agus an siopadóireacht anois agus arís!. Cad é an scannán is fearr leat? “The Curious Case of Benjamin Button”. Ar mhúin tú in aon scoil eile? Mhúineas go deimhin. Tá tréimhsí áirithe caite agam ag múineadh i roinnt scoileanna i gContae Chorcaí. An fada a bhí sé ar intinn agat dul le múinteoireacht? Theastaigh uaim a bheith i mo mhúinteoir ón uair go rabhas sa chliabhán. Muna mbeifeá ag múineadh cén post a roghnófá? Aeróstach mar bheadh deis agam taisteal timpeall an domhain. Cad é an rang is fearr leat sa scoil ? Bliain a trí, múinim eacnamaíocht bhaile dóibh. Cé hí an múinteoir is fearr leat? Iníon Ní Riordáin, mata. Cad é an rud is fearr faoin scoil seo i do thuairim? An t-atmaisféar dearfach agus an spiorad dearfach a chruthaíonn na daltaí timpeall na scoile. Cad é an rud is measa faoin scoil dar leat? Ní ritheann aon rud liom faoi láthair. Dá mbeadh leanaí agat an seolfá ar scoil anseo iad? Cinnte, sheolfainn. Ar mhaith leat a bheith i do phríomhoide anseo? Táim sásta a bheith ag múineadh. An fada eile a chaithfidh tú ag múineadh? Go dtí go mbeidh mé in ann éirí as. Cad é an áit is fearr leat ar domhan? Corcaigh, is breá liom An Ghaillimh freisin. Cé hé do laoch spóirt? Foireann cispheile shinsearach na gcailíní. Cad iad an dá rud a thabharfá leat go dtí oileán san aigéan? Mo smidiú agus fuílleach caife. Dá mbuafá milliún euro cad a dhéanfá leis? Ríomhaire glúine nua…...lá éigin is dócha. Mair a chapaill a déarfainn!


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

Turas go Ceapach na Laoi

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2017

Agallamh Mhúinteora

D’fhág ranganna na hidirbhliana an dhiaidh sin bhí roinnt siúlóide le scoil ar an gCéadaoin timpeall a leath déanamh againn agus faoin am go uair tar éis a naoi ar maidin. Deirimse raibh an méid sin déanta bhí sé ag leat go raibh an uain fuar go moch an tarraingt ar am dinnéir. D’itheamear mhaidin úd. Bhí sceitiminí an domhain an dinnéar ag timpeall a seacht a chlog ar gach duine agus níorbh fhada gur agus gach oíche bhí cluichí eagraithe shroiseamar ár gceann scríbe, Ceapach dúinn go dtí a haon déag a chlog. Bhí na Laoi. Is ionad eachtraíochta é agus sé in am soip faoin dtráth san. D’éiríos bhí sé curtha romhainn againn dhá gach maidin ar a hocht a chlog. Ní óiche agus dhá lá a chaitheamh raibh an dara suí sa bhuaile agam mar leaba bheifeá san ann. Ní rabhamar díomhaoin pé scéal dá bhfanfá sa fhaopach, é. A luaithe idir dhá agus a shroithine cheamar an Bhealtaine, t-ionad deirimse treoiraíodh go leat. Ar an dtí ár seomraí Déardaoin codlata sinn chuaigh mé agus bhí orainn ag cadhacáil ár leapacha a agus rinne réiteach agus mé síulóid ár gcuid fhada sna balcaisí a chur sléibhte. i dtaisce. Ní Bhaineas túisce a bhí an idir thaithméid sin neamh agus déanta nuair a thairbhe as thugamar ‘Ba ghnáth mé ag siúl le ciumhais na h-abhann, Ar bháinseach úr 'san drúcht go trom’ mar bhí na aghaidh ar an An radharc álainn a bhí le feiceáíl againn gach lá radharcanna mbialann. Ní go diail. Ní bréag a rá go raibh aon raibh gach uile ghanntanas dhuine againn sléibhte san silte stiúgtha áit ina leis an ocras tar rabhamar éis an turais chun na fhada thuirsiúil fírinne a a bhí curtha insint dínn againn. Ní duit. Gach raibh fágtha aon treo ionainn ach an a fhéachfá Dé. Tá an bhíodar ann. t-ionad isteach Ní fheicfeá a is amach le leithéid de céad is a radharc in tríocha ciliméadar ón scoil seo tá a fhios agat. aon áit eile ar domhan ach in Éirinn. Thóg sé isteach is amach le dhá uair an D’fhágamar Ceapach na Laoi ar an chloig orainn an áit a bhaint amach. I Aoine ag a leath uair tar éis a haon. Ní ró-shásta ag fágaint na ndóthair tá sé suite i ngiorracht cúpla rabhamar ciliméadar de bhaile Chill Orglann, i háite mar bhí am den scoth againn ann, ndeisceart Chiarraí. Ar aon nós saol an mhada bháin i ndáiríre dá nd’itheamar ár lón ar ár suaimhneas inseofaí an fhírinne ghlan agus ba bréa ag a leath uair tar éis a haon. Bhí liom dul thar nais ann lá éigin. Bhuel mórán Éireann imeachtaí eagraithe chífimid, ní bheadh a fhios agat dúinn tar éis lóin agus thugas féin faoin b’fhéidir go mbeadh seans eile againn. rópadóireacht i dtosach. Bhaineas an Is cinnte áfach go bhfuil sé fíor go taitneamh go deo as i ndáiríre. Chun na mbíonn blas ar an mbeagán. Is beag fírinne a insint ba é an rud ab fhearr a duine nach n-aontódh liom ar an ábhar rinneamar i mo thuairimse. Ina san a déarfainn. 7

Cad é d’ainm iomlán? Róisín Ní Luasa Cad é an chuimhne is sia siar a ritheann leat? Nuair a saolaíodh mo dheirfiúir. Bhíos ceithre bliana d’aois. Ar fhreastail tú ar scoil chónaithe riamh? D’fhreastail mé ar Choláiste an Phiarsaigh mar dhalta cónaithe. An ndearna tú na hábhair trí Ghaeilge ar scoil? Rinne mé, go deimhin. Cad é an chuimhne is sona atá agat faoi na laethanta ar scoil? An turas go dtí Barcelona na Spáinne. Cad é an caitheamh aimsire is fearr leat ? Cispheil, peil Ghaelach agus ceol. Cad é an scannán is fearr leat? Cáca Milis Ar mhúin tú in aon scoil eile? Níor mhúin An fada a bhí sé ar intinn agat dul le múinteoireacht? Bhíos ag iarraidh a bheith i m’aisteoir. Muna mbeifeá ag múineadh cén post a roghnófá? Bheith i m’aisteoir. Cad é an rang is fearr leat sa scoil ? Rang 1 C na chéad bhliana. Cén múinteoir is fearr leat? Iníon Ní Riordáin Mata. Cad é an rud is fearr faoin scoil seo i do thuairim? Na daltaí. Cad é an rud is measa faoin scoil dar leat? Níl an lá scoile fada go leor! Dá mbeadh leanaí agat an seolfá ar scoil anseo iad? Táid anseo faoi láthair. Ar mhaith leat a bheith i do phríomhoide anseo? Ba mhaith. Bí cúramach a Mháistir Uí Thuama. An fada eile a chaithfidh tú ag múineadh? Ní fheadar mhuis. Cad é an áit is fearr leat ar domhan? Mo thigh cónaithe. Cé hé do laoch spóirt? An Máistir Mac Alastair. Cad iad an dá rud a thabharfá leat go dtí oileán san aigéan? Fón póca agus fuílleach caife. Dá mbuafá milliún euro cad a dhéanfá leis? Traenáil chun a bheith i m’aisteoir.

Éirí Ar Maidin


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

Iar-dhalta Cúpla seachtain ó shin tháinig scéal suimiúil gan choinne chugainn sa scoil anseo. Bhí scéal éagsúil spreagúil le heachtrú ag iar-dhalta de chuid na scoile seo dúinn agus is fiú tagairt a dhéanmh don scéal sa nuachtlitir scoile seo. In 2013 rinne Lúsaí de Buitléir Scrúdú na hArdteistiméireachta i gColáiste an Phiarsaigh. Thug sí faoi chéim ollscoile ansin in Ollscoil Chorcaí. Ba é an cúrsa a roghnaigh sí ná “Polasaí Bia agus Forbairt Idirnáisiúnta”. Mar chuid dá taithí oibre chuaigh Lúsaí sall go dtí an Chambóid in 2016. Chaith sí dhá ráithe thall ann. D’éirigh go diail ar fad leí agus chaith sí tamall ag múineadh an Bhéarla, na Ríomhaireachta agus na Gaeilge do dhaltaí na Cambóide. Maidir le múineadh na Gaeilge de, d’éirigh go seoigh leí na hábhair seo a leanas a mhúineadh dá daltaí ar a suaimhneas mar a raibh; mo chlann, dathanna, ainmhithe, uimhreacha agus na míonna. Cheap Lúsaí gurbh é an t-amhrán ab ansa leis na daltaí ná “Rolaí Polaí”. Bhaineadar an -taitneamh go deo as é a chanadh de réir dealraimh. Ba é an chuid ab iontaí agus ab éachtaí den scéal ná go rabhadar thar a bheith báúil leis an dteanga agus fonn dá réir orthu an Ghaeilge a fhoghlaim go fonnmhar agus go toilteanach. Dá mhéid ama a chaith sí leo á múineadh, ba bháúla a bhíodar leis an dteanga nua seo. Bhíodh cíocras chun oibre orthu cé go raibh a gcuid acmhainne fíor-tearc go deo. Is spreagúil an scéal go deo é, a d’ardódh do chroí ar m’anam, go mbeadh an grá agus an bród agus an meas atá aici dá teanga dúchais á roinnt aici leis an saol mór agus gura fada a leanfaidh a leithéid de chúram. Is i ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin dar ndóigh agus is é an dias is troime is ísle a chromas a ceann freisin. Beatha teanga í a labhairt. Ár seasamh ort a Lúsaí.

Lúsáí i mbun ranga thall sa Chambóid anuraidh

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2017

Seó Bóthair Is ceardlann idirghníomhach é Coláiste an Phiarsaigh ag tús mí an Seó Bóthair a úsáideann Feabhra. Tháinig sí chun cluichí, plé, agus díospóireacht labhairt le daltaí san idirbhliain chun an Ghaeilge a chur chun agus sa chúigiú bhliain. Bhí lá cinn i mbealach taitneamhach. iontach ag na daltaí. Bítear ag labhairt leis na daltaí D’fhoghlaim siad faoi na cearta faoi na háiteanna ar féidir leo an Ghaeilge a úsáid, agus faoina gcearta teanga. D’fhreastail an Seó Bóthair ar bhreis is 170 scoil anuraidh. Tá sé á fhorbairt an t-am ar fad le breis scoileanna ag glacadh Daltaí ag éisteacht le Niamh go cúramach i rith na ceardlainne páirte gach bliain. Go deimhin téama 2016/17 is atá acu agus ag gach duine eile ea “An Ghaeilge sa Ré sa tír ó thaobh seirbhísí stáit trí Dhigiteach”. Tá an Ghaeilge Ghaeilge. Bhí mórán den níos lárnaí agus níos láidre sa gceardlann idir-ghníomhach Ré Dhigiteach ná riamh le agus bhí na daltaí ar an urlár go tuilleadh meán sóisialta, feidhm- minic agus páirt ghníomhach chlár agus suíomhanna idirlín acu sna ceardlanna. Spreagadh ar fáil as Gaeilge gach bliain. na daltaí chun labhairt as Bítear ag díriú ar an dul chun Gaeilge agus mhúscail Niamh cinn atá déanta, conas teacht ar díospóireacht nó dhó lena na huirlísí seo as Gaeilge, an 10 ceisteanna. D’fhág sí roinnt suíomh agus aip is fearr, agus acmhainní sa scoil, bandaí, conas Facebook / Twitter / dlúthdhioscaí agus póstaeir ina Google / Snapchat / SMS a measc chun iad a dháileadh ar úsáid as Gaeilge mar chuid den na daltaí. Bhí lá Seó Is é an sprioc ná daltaí na tíre a chumasú agus a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid níos minicí ina saol scoile agus lasmuigh den scoil. Eolas ar na buntáistí & ar na deiseanna atá ann. Deiseanna leis Deiseal: Séamus Ó Murchú, Rian Ó Ríogáin, Rian Ó hUiginn an nGaeilge, le ag baint taitnimh as na cluichí i rith na ceardlainne gluaiseacht na Gaeilge, agus le feachtais rí-thaitneamhach, spreagúil Ghaeilge a chur os a gcomhair. agus spraoíúil ag gach uile dhuine agus moladh na daltaí as Tháinig Niamh ón gcomhlacht a dteanga labhartha agus a Seó Bóthair i gcomhar le n-iarrachtaí. Conradh na Gaeilge go dtí

8


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2017

Craobhchomórtas na hÉireann sa Chispheil- Corn Subway na Scol Ba sa Láthair Náisiúnta Chispheile chéad cheathrún. Is sa dara ceathrú a thine Bhealtaine. Níor théarnaigh siad i dTamhlach a thit an lug ar an lag ag Coláiste an as an ngcrústáil ná as an ngreasáil sin a imríodh craobhchomórtas cispheile na Phiarsaigh is baolach. Cé gur dhein fuaireadar le linn an dara ceathrú an faraor, in ainneoin a n-iarrachtaí mbuachaillí faoi naoi mbliana déag ar leithéidí Ó hÉafaigh agus an 24 Eanáir i mbliana. Bhí Coláiste an Fearghaileach, ach go háirithe, a iomadúla gaisciúla. Bhíodar ciapaithe Phiarsaigh, Gleann Maghair le Scoil seacht ndícheall chuaigh sé díobh dul i basctha ag na scóranna úd. Choiméad Dheoise Naomh Muire, Droichead bhfeidhm ar an gcluiche, le haon Droichead Átha greim docht daingean Átha ar lá na cinniúna. Bhí foireann dealramh faoin tráth seo pé scéal é. ar an gcluice sa cheathrú deireanach láidir curtha chun cúirte ag Droichead Sheas an freasúra an fód go daingean, mar chinntigh leithéidí Pádraig Átha mar a raibh Cormac agus Padraig docht, diongbháilte, ambaiste féin, agus McGroggan, Canaan Tsabary, Shane O’Connor agus McGroggan, Nulty gur Josh Coleman cuireadh an agus Patrick sméar Nulty a rinne mhullaigh ar an formhór na scór do scóranna a aimDhroichead siú don Átha agus ag fhoireann deireadh an bhuacach. Feic chluiche ba é saolta ba ea an scór ná Pádraig ceithre phointe McGroggan ar is trí scór le chúirt na cúig phointe is himeartha mar dhá scór. Bhí d’éirigh leis an sway tugtha naoi bpointe leo go paiteanta agus scór a gléineach ag bhaint amach Droichead Átha ina iomlán i ach b’iontach rith an chluiche an tallann a spreagúil léirigh an dá seo. Bhí fhoireann ar an cluiche den lá. scoth ag imreoir BFG Cian Ó hEafaigh ag léiriú barr a chumais ar chúirt na himeartha Neptune, Cian Maidir leis na Ó hÉafaigh do Ghleann Maghair áfach de réir mar a bhog cúrsaí ar aghaidh is scóranna ba mhar seo a chríochnaigh agus d’éirigh leis tríocha pointe a amhlaidh a chuadar i dtreise agus iad an scéal: scóráil i gcaitheamh an chluiche ag éirí níos misniúla agus níos calma le mhóir. Go cinnte dearfa rinne sé obair gach aon scór a d’aimsíodar. Um an Scoil Dheoise Naomh Muire, Droifathaigh. Ba mhion minic a bhain sé dtaca seo, i dtreo deireadh an dara chead Átha: Cormac McGroggan (3), foireann an fhreasúra dá dtreoir. Is ceathrú, bhí cúig phointe is scór breise, Padraig McGroggan (29), Josh Coleiomaí aisphreabadh agus blocáíl a aimsithe ag foireann Dhroichead Átha, man (7), Canaan Tsabary (3), Luke d’éirigh leis a smachtú agus is iomaí le seacht bpointe breise aimsithe ag Toohey, Eoin McKeever, Shane Maghair. D’fhág san O’Connor (2), Robert Caffery, Marc ruathar aonair a rinne sé ag cur na Gleann liathróide go cruinn beacht i gciseán an go raibh sé phointe dhéag is scór ag Lugoye, Ben Pentony (2), Padraig fhreasúra. D’imir sé cluiche éachtach Droichead Átha le naoi bpointe dhéag Nulty (18), Oisin McCormick. Maghair. Dhein Coláiste An Phiarsaigh, Gleann Maspreagúil agus é ag gríosadh na foirne, ag Gleann á gcoiméad ar éigean ar leac an dorais i Gleann Maghair a seacht ndícheall sa ghair: Ruairí Ó Cionnaith (7), Max rith an chluiche. D’aimsigh ó hÉafaigh tríú ceathrú teacht as an sáinn ina Philpott, Conchúr Ó Fearghail, Cian Ó agus Jack Ó Cionnaith na scóranna rabhadar. Laghdaigh siad an bhearna hÉafaigh (30), Daragh Ó Cróinín, Jack chun Gleann Maghair a choiméad sa eatarthu anuas go dtí ceithre phointe Ó Cionnaith (5), Tomás Ó Foghlú, chluiche sa chéad cheathrú agus dhéag. D’fhág san an scór ag ocht Eoin Ó Mathúna, Jack Ó bhíodar pointe chun tosaigh fiú amháin bpointe is dhá scór le ceithre phointe Maoldomhnaigh, Tomás Ó Briain, Darag dul isteach sa dara cuid den chluiche dhéag agus scór. Ach ba léir don té ba ragh Ó hOisín, Ivan Tripp (3). agus gaisce déanta acu dá réir. Bhí an dhaille amuigh go raibh an diabhal Laoch na hImeartha: Padraig cluiche fós idir dhá cheann na meá agus déanta agus an baile mór dóite sa dara McGroggan (Scoil Dheoise Naomh gan faic eatarthu i ndáiríre tar éis na ceathrú. Bhí Gleann Maghair idir dhá Muire)

9


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2017

Agallaimh Spóirt

Cad is ainm duit? Chloe Nic Cormaic is ainm dom. Cén aois tú? Táim ceithre bliana déag d’aois. Cén spórt a imríonn tú? Bhuel téim ag snámh. Cén club lena mbaineann tú? Club snámha Dolphin Cad é an bia is fearr leat? Is aoibhinn liom píotsa.

Cad is ainm duit? Ben Ó Foghlú is ainm dom. Cén aois tú? Táim ceithre bliana déag d’aois. Cén spórt a imríonn tú? Imrím iomáint, peil agus rugbaí. Cén club lena mbaineann tú? Rogha Éireann agus OCRFC Cad é an bia is fearr leat? Is aoibhinn liom píotsa.

Cad is ainm duit? Fiona Nic Cana Cén aois tú? Táim sé bliana déag . Cén club lena n-imríonn tú? Na Sáirséalaigh Cá n-imríonn tú ar an bpáirc? Is tosaí mé. Cén bia a itheann tú roimh chluiche? Ithim pasta. An mó lá a théann tú ag traenáil? Trí lá i gcaitheamh na seachtaine.

Cad is ainm duit? Conchubhar Ó Muirí is ainm dom Cén aois tú? Táim trí bliana déag d’aois. Cén spórt a imríonn tú? Peil Ghaelach, snámh agus rugbaí. Cad iad na clubanna a bhfuil baint agat leo? Na Sáirséalaigh, Gleann Maghair agus Silversprings Cad é an bia is fearr leat? Is breá liom Waffles.

Cad is ainm duit? Cathal Ó Leannachán Cén aois tú? Táim sé bliana déag d’aois. Cén club lena n-imríonn tú? Rogha Éireann. Cá n-imríonn tú ar an bpáirc? Imrím i lár na páirce. Cén bia a itheann tú roimh chluiche? Sicín agus pasta de ghnáth. An mó lá a théann tú ag traenáil? Trí lá i gcaitheamh na seachtaine.

Cad is ainm duit? Seán Ó Murchú Cén aois tú? Táim ocht mbliana déag d’aois. Cén club lena n-imríonn tú? An Dúghlas. Cá n-imríonn tú ar an bpáirc? Is tosaí mé. Cén bia a itheann tú roimh chluiche? Pasta de ghnáth. An mó lá a théann tú ag traenáil? Trí lá in aghaidh na seachtaine .

Cad is ainm duit? Adam Oladiran is ainm dom. Cén aois tú? Táim ceithre bliana d’aois. Cén spórt a imríonn tú? Imrím rugbai, sacar, peil agus is breá liom ag dul go dtí an giomnáisiam. Cad iad na clubanna a bhfuil baint agat leo? Old Christians agus Gleann Maghair. Cad é an bia is fearr leat? Is breá liom aon saghas glasraí.

Cad is ainm duit? Evan Ó Rothláin Cén aois tú? Táim sé bliana déag d’aois. Cén spórt a imríonn tú? Iománaíocht Cén club lena n-imríonn tú? Mainistir na Corann. Cá n-imríonn tú ar an bpáirc? Imrím sna tosaithe.. Cén bia a itheann tú roimh chluiche? Bananaí agus a thuilleadh bananaí. An mó lá a théann tú ag traenáil? Seacht lá i gcaitheamh na seachtaine.

Cad is ainm duit? Sorcha Ní Choistealla Cén aois tú? Táim ocht mbliana déag d’aois. Cén spórt a imríonn tú? Camógaíocht is mó. Cén club lena n-imríonn tú? Na Sáirséalaigh. Cá n-imríonn tú ar an bpáirc? Sna tosaithe. Cén bia a itheann tú roimh chluiche? Pasta de ghnáth. An mó lá a théann tú ag traenáil? Trí lá i rith na seachtaine.

10


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

Ar Scáth a Chéile a Mhaireann na Daoine

Tá ballraíocht ag daltaí sna clubanna CLG atá luaite thuas. Is léir mar sin gur ar scáth a chéile a mhairimid.

Bailiúchán Airgid

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2017

Nollaig 2016

Daltaí agus múinteoirí bailithe le chéile ag ceiliúradh um Nollaig 2016

Seachtain na Gaeilge : 13-16 Márta 2017 Oscailt Oifigiúil le daltaí ón gCúigiú Bliain agus Ceoltóirí ar an gcallaire

Ar an 22 Méan Fómhair 2016, bhí daltaí an ceathrú bliain ag bailiú airgid istigh sa chathair ar son taighde meileanóma i gcomhar le Cumann Ailse na hÉireann. Is obair dheonach é seo gan amhras. Bhí daltaí lonnaithe timpeall na cathrach le buicéid agus iad ag áiteamh ar mhuintir Chorcaí airgead a dheonú don charthanacht. Thosaigh an bailiúchán ar 9.30r.n. agus lean sé ar aghaidh go dtí 2.30i.n. Caithfidh mé a rá go raibh formhór an phobail anfhlaithiúil go deo agus bhíodar thar a bheith báúil linn i ndáiríre. Is ailse craiceann é melanoma. Tagann sé ar dhaoine de ghnáth de dheasca an iomad ama a chaitheamh faoi ghathanna na gréine. Oibríonn Cumann Ailse na hÉireann chun cúrsaí a fheabhsú do dhaoine leis an ngalar trí mhaoiniú a dhéanamh ar an uafás taighde sa ghalar. Tosaíodh ar an tionscadal bailithe airgid seo dhá bhliain ó shin mar thoradh ar an ngalar seo a bheith ar iar-dhalta Choláiste an Phiarsaigh. Spreag a scéal an feachtas bailithe airgid ag an am agus leantar leis ó shin i leith nuair a chaitheann daltaí an ceathrú bliain an lá sa chathair ag bailiú airgid ar son an chumainn thuasluaite. Ar deireadh bhailigh daltaí an ceathrú bliain ladhar mhaith airgid, €3700.00 don chatharnacht ar an lá sin agus b’iontach go deo an éacht a baineadh amach. Ár seasamh oraibh go léir a chabhraigh.

Luan 13ú 9.00-10.20 Tráth na gCeist Bl.3 1.30-2.50 Scoil Factor (Halla) Tús á chur le seomraí (Bl.1, 4 agus 5) (Halla) ranganna na chéad bhliana a mhaisiú agus cinneadh á dhéanamh maidin Déardaoin 16ú Déardaoin ( Múinteoirí Ealaíne) 10.20-11.40- Tráth na gCeist Bl. 5 11.00- 12.20 Ceolchoirm: Daltaí Ceoil an Teastas Shóisearaigh do dhaltaí (Halla) 11.10- 12.20 Ceolchoirm dhaltaí Ceoil Bl.2 (Halla) 2.10-3.30 Céilí Bl.2 sa Halla na hArdteiste - (Daltaí Bl.1 ag freastal *(Ceol á sheinnt gach lá ag am lóin sa air) (S.12/13) chlós) Am Lóin: Cic Píonóis- Daltaí Sóisearacha - sa chlós Máirt 14ú 1.20-2.50 Óige V Oilte- Bl.6 i gcoinne na múinteoirí (Bl. 5 mar lucht 9.40-11.00 Tráth na gCeist Bl.1 Halla féachana) 30 Ceist á eagrú sna ranganna Gaeilge 2.50-3.00 Craobh 30 ceist agus Bl.1 agus Bl. 2 - Babhta Ceannais ar Bronnadh na nDuaiseanna (pictiúir á an Déardaoin dtógaint) (Bl.1 mar lucht féachana) 11.10 Cé atá ag Canadh ar an Halla gCallaire? Am Lóin: Cic Pionóis ar an gcúirt Íochtarach - Daltaí Sinsearacha 11.00-1.00- Tóraíocht Taisce Bl.4 (Cúirt Uachtarach) Céadaoin 15ú 9.40-11.00- Tráth na gCeist ar an gCallaire (An Scoil ar fad) Am sosa- Bia na hÉireann ar díol sa chlós 11.10- 1.00- Céilí Bl.1 (Meitheal) (Halla) Comhghairdeas le Saoirse Millard a bhuaigh an Comórtas Scoil Factor

11


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2017

Turas Lae Go Londain Ar an 17 Eanáir 2017 chuaigh na ranganna sinsir staire ar thuras lae go Londain, Shasana. Ba í Iníon Ní Mhathúna a d’eagraigh an turas agus i ndóthair bhí sás a dhéanta aici. Bhí beirt mhúinteoirí eile farae, mar a raibh An Máistir Ó Céilleachair agus Iníon Ní Argáin. Ní bréag a rá go raibh camchuairt shuimiúil éachtach ollásach leagtha amach aici dúinn, mar is dual di. D’fhágamar aerfort Chorcaí le spéartha an lae thart ar fiche noiméad chun a seacht an mhaidin fhuar dhorcha thirim sin agus bhuaileamar isteach go dtí Músaem na Breataine i Great Russell Street i gcathair Londain thall ar a fiche cúig noiméad chun a haon déag ar an bpointe. Chaitheamar cúpla uair a chloig ansan agus deirimse leat go raibh na taispeántais go taibhseach iontach ann agus bhaineamar lán ár súl astu. Dá siúlfá an domhan ní fheicfeá an slua a bhí ann ach thuigfeá go mbíonn tarraingt ar an áit. Deinim amach go raibh an domhan agus a mháthair ann agus thugamar faoi deara go raibh suim nach beag sna rannóga a bhí ag léiriú saol na n-Éigipteach anallód ach go háirithe. Ba sna seargáin ba mhó a léiríodh an tsuim bheo i measc lucht a bhféachta agus b’fhuirist a aithint gurbh é a ndreach diamhair dúrúnda dorcha a bhí ag tarraingt an méid sin airde orthu. D’fhágamar an áit agus shiúlamar ón músaem go dtí Covent Garden agus bhí greim le n-ithe againn. Caithfidh mé a rá go

raibh an uain ar fheabhas ar fad agus an ghrian go hard sa spéir i gcaitheamh an lae uilig. Chinneamar ansan ar chuairt ghairid bheo ghasta a thabhairt ar cheantar Westminister agus ar na radharcanna máguaird. Os rud é go raibh sé ar na bioráin againn luach ár gcuid airgid a fháil le linn na camchuairte, thugamar ár n-aghaidh as san ar an Músaem Impiriúil Cogaidh ar Lambeth Road. Bhuel d’fhéadfá an lá a chaitheamh san áit sin i ndáiríre bhí an méid sin le feiceáil ann. Is cinnte go bhfuil stair an Chéad agus an Dara Cogadh Domhanda, go mór mhór, léirithe go soiléir gléineach ann agus b’iontach go deo an fhaill é chun cur len ár dtuiscint ar na tréimhsí cinniúna staire úd gan aon dabht. Ceann de na radharcanna a chur creatha fuachta orm féin a thúisce agus a chuamar isteach san áit ná an iarsma scanrúil den gcairt a d’úsáid buamadóir féinmharaithe san Iaráic. Neosfaidh mé an fhírinne duit, ní bhíonn in aon rud sa tsaol seo ach seal. Tempus fugit mar a deirtear sa Laidin. Ní raibh an dara suí sa bhuaile againn ach deabhadh a dhéanamh agus filleadh ar aerfort Stansted déanach um thráthnóna ach mar sin féin bhí cúpla uair a chloig caite againn ag bhaint lán ár súl as formhór na dtaispeántas. Murab ionann is teaspach an turais ag dul sall dúinn ba chosúil go raibh giodam na maidine imithe i léig agus sinn ag teacht anall. Ní raibh bíog, gíog ná míog, ar

12

éigean, as a lán againn nuair a thuirlingíomar in aerfort Chorcaí mar go raibh sé ag tarrac ar a deich a chlog san oíche. Go deimhin féin bhíomar tuirseach, tugtha traochta tar éis an lae. Níl dabht ar bith áfach go raibh scoth lae agus scoth comhluadair againn gan aon agó an lá úd agus bhí mórán Éireann foghlamtha againn go léir faoin stair freisin. Is fada an lá, i mo thuairimse, go ligfear an turas seo i ndearmad mar ba lá na gcéadta bliain a bhí ann, a dhuine. Ón mbarr thall: Tithe na Parlaiminte, an buíon ar chéimeanna Mhúsaem na Breataine, iarsmaí cairte a d’úsáid buamadóir féinmharaithe agus laistigh den Mhúsaem.

Ealaín

Aghaidheanna fidil ghleoite déanta ag daltaí na chéad bhliana

Ceardlann Ceoil

Seán Mac Gearailt, iardhalta i mbun ceardlann ceoil. Ar Chúl; Deiseal: Niamh Nic Lochlainn, Liam Pléimeann, Oisín Ó’ Briain, Cáit Ní Chorcoráin, Áine Ní Churtáin Ní Charlaigh. Chun Tosaigh; Deiseal: Alsún Ní Aodha, Seán Mac Gearailt, Tamzyn Nic Óda.


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2017

Comórtas B T an Eolaí Óg 2017 Comórtas BT an Eolaí Óg: Le déanaí chuireamar triúr faoi agallamh, triúr dár gcomhleacaithe mar a bhfuil Pádraig ó Treasaigh, Seonaid Ní Mhaolallaidh agus Cáit Ní Chorcoráin. Ghlac an triúr acu páirt i gcomórtas an eolaí óg i mBaile Átha Cliath ag tús na bliana. Seo a leanas cuid de na ceisteanna a chuireamar orthu le linn an agallaimh.

Cén chonclúid a bhí le bhur dtaighde? Nuair atá fad na fearsaide níos lú feabhsaíonn sé an chomhsheasmhacht iomlán. Ar tharla aon eachtra spéisiúil agus sibh ann? Chuir Pádraig réamhfháisnéis na haimsire i láthair i gcomhar le TG4 agus bhain sé an-sult go deo as.

Cad é an t-ábhar a roghnaigh sibh don tionscadal? Bhí ár dtionscnamh ag díriú isteach ar an éifeacht atá ag fad na Ár dTionscadal fearsaide den chlub Clubanna Faid Singil vs Clubanna Faid Caighdeánach gailf ar chomhsheasmhacht an Cén Fáth? imreora. I sraith gailf thraidisiúnta tá fad agus lochta difrúil ag gach club Cen fáth gur mar úsáidtear clubanna éagsúla chun faid éagsúla a aimsiú leis an liathróid. Ciallaíonn an t-athrú i bhfad, athrú i seasamh an imreora roghnaigh sibh an tionscnamh seo? agus tá an luascadh difrúil i gcomhair gach club. Roghnaíomar an tionscnamh seo toisc go bhfuil a lán suime againn i gcúrsaí gailf agus feicimid an tionchar dearfach a bhíonn ag Is é Bryson de Chambeau, galfaire PGA tour an t-aon imreoir proifisiúnta a úsáideann clubanna le faid shingil mar creideann se go gcabhraíonn an seasamh seasta le luascadh comhseasmhach a chruthú agus torthaí níos fearr a fháil dá bharr. teicneolaíocht ar an spórt gach lá. Chomh maith leis sin chualamar faoi imreoir gailf DGA Tour Meiriceánach Bryson Dechambeau. Is é siúd an t-aon imreoir a úsáideann clubanna faid shingil. Cad atá bainte amach agaibh? Bhaineamar sárthaitneamh as an ócáid. Bhuaileamar lena lán daoine iontacha i rith an chomórtais agus bhí gach uile dhalta ann fíor -dheas linn. Bhí agallamh againn le Raidió Na Gaeltachta le Bláthnaid Ní Chofaigh, a bhí an-suimiúil. Bhí dioscónna, tráth na gceist agus karaoke á ndéanamh againn a bhí ar fheabhas. Mholfaimis d’aon duine páirt a ghlacadh sa chomórtas B T Eolaí Óg mar ceapaimid gurbh é an taithí ab fhearr a bhí againne ar aon nós san idirbhliain. Ina theannta san bronnadh duais orainn as feabhas ár gcur i láthair.

An aidhm atá againn sa turgnamh na iniúchadh a dhéanamh ar an gceist seo: an bhfeabhsaíonn clubanna faid shingil seasamh na n-imreoirí le taithí eagsúil acu ar an ngailf. Trealamh Úsáideann an Trackman Launch Monitor teicneolaíocht dé-radar chun taifead a dhéanamh ar 27 sonra eolais maidir leis an gclub agus an liathróid. Faigheann sé staitisticí cosúil le ‘factóir smash’ agus ‘lochta diminiciúil’. D’úsáideamar trí chlub Fad Singil (le fad fearsaide 8 n-iarann orthu) chun comparáid a dhéanamh idir na torthaí ó thrí chlub Fad Caighdeánach. Bhí an club 5 iarann Fad Singil níos giorra ná an Fad Caighdeánach, Fad Singil a bhí san 8 iarann agus Fad Caighdeánach an fhad céanna, agus bhí an Ding Pitséala (DP) Fad Singil níos faide ná an DP Fad Caighdeánach. Modh Ag úsáid an Trackman Launch Monitor, thógamar taifead de cheathrar imreoirí le taithí éagsúla acu ar an ngailf (imreoir proifisiúnta, 7

13


SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2017

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

mheánaigh. Bhí Pádraig, Seonaid agus Cáit an-bhuíoch go deo de gach uile dhuine a thug cúnamh dóibh in aon slí agus iad i mbun an tionscadail seo. Bhí sé lán-soiléir gur thuigeadar go raibh tacaíocht na scoile agus tacaíocht ón mbaile acu agus gur ar scáth a chéile a mhairimid. Bhí a múinteoirí agus a dtuismitheoirí de shíor ag tacú leo. Cé nach n-admhóidís é bhí sé an-soiléir go raibh an t-uafás oibre i gceist. D’oibrigh siad Domhnach is dálach ar feadh trí mhí nó mar sin. Ionas go nglacfar le d’iarratas caithfidh painéal iniúchadh géar a dhéanamh ar an iarratas agus is cinnte dá réir go bhfuil caighdeán fíor-ard á éileamh. Mar sin nuair a ghlactar le hiarratas is deimhniú é sin go bhfuil tionscadal den scoth á chur láthair. Bhuel cis, 18 cis, 22 cis) ag bualadh liathróide leis an 5 iarann, 8 iarann níor chaill fear an mhisnigh riamh é. B’amhlaidh a bhí sa chás seo agus Ding Pitséala Fad Singil agus Fad Caighdeánach. gan amhras. Luaigh Pádraig, Cáit agus Seonaid gur thug Iníon Ní Furlong ach go háirithe spreagadh de shíor dóibh agus go raibh sí á ngríosadh gan stad. Mheasadar gurbh é an rannpháirtíocht an chuid ba I gcomhair an 5 iarann Fad Singil, tháinig feabhas ar an thábhachtaí den chomórtas agus go raghadh sé dian ar aon duine gceathrar imreoirí go méanach sa chomhsheasmhacht iomlán teacht ar chomórtas níos fearr ná é seo a aimsiú. (fad agus cruinneas)

Torthaí - Achoimre

Bhí torthaí measctha leis an 8 iarann. Bhí an fad fearsaide céanna acu ach bhí na meáchain difriúil. I gcomhair an Ding Pitseála Fad Singil, tháinig feabhas meánach ar thriúr as ceathrar imreoirí ar an gcruinneas, ach bhí laghdú ag gach imreoir ar an bhfad a thaistil an liathróid. Go ginearálta, bhí an luas club níos airde leis na fearsaidí níos faide, ach níor chiallaigh sé go raibh an luas liathróide níos airde nó gur thaistil an liathróid níos faide. Fiú leis an bhfad agus meáchan céanna a bhí ag na clubanna Fad Singil, de réir a chéile bhí an luas club níos moille ó 5 iarann go 8 n-iarann go dtí an Ding Pitseála. Conclúid: D’fheabhsaigh na clubanna fad singil an comhsheasamh iomlán nuair a bhí an club fad singil níos giorra ná an club fad caighdeánaigh. Bhí torthaí measctha nuair a bhí na clubanna fad singil níos faide ná an fad caighdeánach. Ní dhéanann na clubanna fad singil an luascadh comhsheasaimh i gcónaí fiú go bhfuil an fad agus meáchan céanna acu.

Thuas: Agallamh le RnaG agus thíos Cáit, Seonaid agus Pádraig.

Moltaí: Bain úsaid as na clubanna fad singil má tá an club fad singil níos giorra ná an club fad caighdeánaigh. De bharr na dtorthaí a fuaireamar nuair a bhí na clubanna fad singil níos faide ná an club fad caigdeánaigh, molaimid feistiú club a fháil chun an fad agus cineál fearsaide is fearr a fháil don imreoir ar leith. Hipiteas: Feabhsaíonn clubanna gailf Fad Singil comhsheasimh an

imreora

Agallamh Spóirt Cad is ainm duit? Óran Ó Ríogáin An imríonn tú ar son na scoile? Bí cinnte de go n-imrím. Cé hé do laoch spóirt? Austin Gleeson. Cá bhfuil tú i do chónaí? Táim i mo chónaí i gCnoc Rátha. Cad iad na spóirt is mó a bhfuil suim agat iontu? Is breá liom iomanaíocht, peil Ghaelach agus sacar. Cad é an buaicphointe i do shaol spóirt go dtí seo? Ionad a fháil ar fhoireann

14

Corinthians agus ar fhoireann Chorcaí. Cad é do thuairim faoi na háiseanna spóirt atá sa scoil? Ceapaim go bhfuil siad ar fheabhas! Cé mhéad uair an chloig a chaitheann tú ag traenáil in aghaidh na seachtaine? Timpeall ar ocht n-uaire an chloig. Cá mbeidh tú i gceann deich mbliana? Ag imirt peile le Manchester United, tá súil agam. Cad é an t-ábhar scoile is fearr leat? An stair.


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2017

Craobh Cispheile na hÉireann Craobh Cispheile Uile Éireann i proifisiúnta a bhí os do chomhair amach. I Tiernan agus Bracken go raibh an lámh in Sraithchomórtas na Scol Fé-19 A na gcaitheamh an chluiche thaibhsigh uile uachtar ag Coláiste Chiaráin go dtí deireadh gCailíní bhí an toradh idir dhá cheann na meá go dtí an tríú ceathrú. D’fhéach sé go raibh na soicindí deireanacha agus ba dóbair Coláiste an Phiarsaigh san fhaopach. Bhí smacht dochreidthe ag Meadhbh Hanlon ar Coláiste Chiaráin, Léim an Bhradáin: 52 go raibh gá le h-am breise a imirt. Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Ma- Nuair a tháinig an crú ar an tairne áfach bhí an aisphreabadh do Léim an Bhradáin in n-iarrachtaí gaisciúla an lá le Gleann Maghair cé gur léirigh an ainneoin na ghair: 56 dá fhoireann an méid sin scileanna iomadúla a rinne Gearaltach, Róisteach, fantaiseacha éachta- Murchúch agus Loingseach Ghleann Uair fhánach nó uair faoi seach raghadh sé fíochmhara, dian go maith ort focail a aimsiú a dhé- cha. Léirigh laoch na himeartha Sinéad Nic Maghair an cluiche a smachtú. Chlis orthu anfadh cur síos éifeachtach ar Gearailt agus a comhleacaí Annaliese Ní a leithéid a dhéanamh ag an tráth seo sa chluiche. B’amhlaidh a tharla nuair a bhí Mhurchú scileanna thar na bearta. Ní raibh chluiche áfach. Coláiste Chiaráin, Léim an Bhradáin le aon imreoir eile inchurtha leo ar an lá. Ní Bhí a gcroíthe ina mbéil ag an dá lucht Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair sa raibh sárú na beirte teann calma ar an leanúna nuair a thosaigh an ceathrú deireanach. Chomh cinnte agus atá gob ar Láthair Náisiúnta Chispheile ar an gcéad lá gcúirt, déanta na fírinne. de mhí an Mhárta i mbliana. Ba ann a im- Is cinnte go raibh an Gearaltach i mbarr a phreachán seo ceathrú go gcaithfí faire air. Ní fhéadfá é a ligint tharíodh Craobh Cispheile Uile rat. Is cinnte go raibh ceathrú Éireann i Sraithchomórtas na imeartha den scoth ann. Bhí Scol Fé-19 A na gCailíní. Is an dá fhoireann ar comhscór cinnte go raibh an comhrac seo nuair a d’aimsigh Ciara i mbéal an phobail le tamall Bracken an ciseán leis an agus bhí gach mac máthar agus liathróid go cruinn díreach iníon athar ar bior ag feitheamh beacht ag scóráil trí phointe a leis an gcluiche mór. Bhí d’fhág an dá fhoireann ar 47 toradh an chluiche in ucht na pointe. Chealaigh an iarracht cinniúna gan aon agó. Níl aon mhillteanach seo na scóranna dabht gurbh é an chloch ba mhó iontacha a bhí faighte ag a bhí ar an bpaidrín ag an dá Loingseach, Gearaltach agus fhoireann an corn a bhreith leo Murchúch Choláiste an ar an lá. Bhí súil na muice Phiarsaigh díreach roimhe bradaí ag foireann Choláiste an seo. Phiarsaigh ar an gcorn áfach óir Níl aon dabht go raibh ní fhacthas an corn céanna i Coláiste Chiaráin ag súil go ngiorracht scread asail do dtabharfaidís an corn leo faoin Chontae Chorcaí le haon tráth seo ach bheadh bhliain déag agus scór. feitheamh na fuaire acu. Ní Dá siúlfá Éire ní fheicfeá a raibh aon bhaol go ligfeadh leithéid de radharc sa Láthair Coláiste an Phiarsaigh Náisiúnta agus a chonaic da- Chun thosaigh: Deiseal: Niamh Nic Ailín, Sophie Ní Riagáin, Annalise Ní Mhurchú, Clár Ní Icí, Anna Ní Loingsigh. Ar chúl: Deiseal: Mark Scannell, a maidí le sruth. Sheas siad oine an lá sin. Chun na fírinne Sinéad Nic Gearailt, Sinéad Nic Ailín, Éabha de Róiste, Alanya Freeman, an fód. Foireann chríonna a a insint is é an tuairim is treise Rebekah Ní Dhonnabháin, Iníon Ní Chionnaith. bhí curtha chun cúirte ag na a maíodh i measc na maithe Muimhnigh don chomhrac agus móruaisle a bhí bailithe ann ná go réime. Bhí buaic a cumais á baint amach raibh sé ar an gcluiche ab’fhearr agus aici agus deirimse leat gur mó áit a d’fhág seo. Níor loic siad roimh an dúshlán agus ab’iontaí a imríodh san ionad seo i sí rian coise ar an gcúirt. Bhí sí gan aon ba léir dóibh nárbh fhál go h-aer é an mbliana. Ní haon bhréag a rá go raibh gach dabht ní ba dhiongbháilte ná aon imreoir cluiche seo a bhuachaint. aon duine idir imreoirí agus an lucht lea- eile. B’éachtach an gearradh súil a bhí Chonlaigh siad iomlán a nirt uair i ndiaidh a núna ar bís ón nóiméad a thosaigh an fuithi fud faid na cúirte ó thús go deireadh chéile faoi bhráid an dúshláin. Sheol an cluiche. Lean an teannas diamhair seo go an chluiche. Go deimhin bhí stróiceadh Loingseach an liathróid tríd an aer le tréan a nirt i dtreo an chiseáin gan ach cúpla dtí deireadh an chomhraic éachtaigh oibre á déanamh aici agus í chomh sciagus coiméadadh an lucht féachána i obtha le fia. Chinntigh sí nár fágadh na noiméad fágtha. Ba dhóigh leat gur péas cleite a bhí sa liathróid chéanna agus é ag mbroid de shíor. Muimhnigh idir dhá thine Ní fhaca riamh an scil agus an Bhealtaine. Murach gur tháinig sí i gluaiseacht chomh réidh éadrom socair diongbháilteacht agus an uaillmhianacht i gcabhair ar a comhleacaithe in am an suaimhneach ealaíonta sin isteach sa gcluiche cispheile, agus a chonac an lá ghátair bheadh an scéal ina chocstí acu chiseán. Ghnóthaigh Gleann Maghair trí phointe thaibhseacha mar thoradh ar an san. Léiríodh scil i ndiaidh scile ar chúirt siúd. na himeartha. Bhí an chosaint agus na Is cinnte dearfa go raibh an cluiche ar mheá iarracht ghroí seo. Bhí an ceann ab’fhearr Chiaráin arís. ruathair agus na saorchaithimh chispheile chothrom ar feadh formhór an ama faighte acu ar Choláiste go diail ar fad. Bhí seachadadh na áfach. Rinne Sorcha Tiernan, Ciara Neartaigh an gleo ón dá lucht tacaíochta liathróide curtha i gcrích go foirfe ag an dá Bracken agus Niamh Masterson gaisce agus iad ag spreagadh a bhfoirne chun cinn. fhoireann. Dá bhfeicfeá an dlúthmharcáil d’fhoireann Chill Dara rud a d’fhág go Ba ansin a lean an comhrac mire ab agus an chomhchosaint, bhuel feic saolta raibh 33 pointe acu le 29 ag na Corcaígh ag fhíochmhaire, ab ilchumasaí agus ab iontaí ba ea é. Bheadh do chroí i do bhéal dá leath ama. Bhain an imirt a rinne Cill Dara sa chluiche seo ar fud na cúirte gnóthaí bhfeicfeá cuid de na mear-ruathair ó na an radharc as súile an lucht féachana, a mearchiallaí. Ar an bpointe boise thug foirne seo. Bhíodar chomh taibhseach dhuine um an dtaca seo. Dheimhnigh Masterson srán ar an liathróid, á sciobadh ón aer agus greim an duine bháite aici air. gasta san gur dhóigh leat gurbh imeoirí

15


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

Lá na nGeansaithe Club

Deiseal: Leah Ní Bhriain, Nathan Ó Siochrú, Andrea Ní Laoi, Cáit Ní Chéilleachair, Amy Ní Néill, Hannah Ní Chonbhuí

Deiseal: Hamish Poullain Mac Pháidín, Jamie Ó Dúnaigh, Anraí Mac Conraí

Deiseal: Ruairí Mac Piarais, Adam Ó Ladarin, Cathal Mac Cárthaigh, Colm Mac Cárthaigh

Craobh na hÉireann & Craobh na Mumhan 2015

Deiseal: Captaen: Julie Ní hÁilín, Máire Phléimeann, Meadbh Nic Carthaigh and Lucy Ní hÁilín . [Camógaíocht Shinsir Roinn D 2015]

Ghluais sí de ruathar gasta aonair mear síos cliathán na cúirte agus caol díreach i dtreo an chiseáin ag aimsiú trí phointe do Choláiste Chiaráin. Bhí lústar fústar ag lucht féachana na Laighneach i gcliathán na cúirte. Bhíodar imithe le báiní, a mhic ó. Chloisfeá ruaille buaille na mearchéilí míle ó bhaile agus d’éirigh sé níos callánaí agus níos callánaí de réir mar a bhog an cluiche chun críche. Is ansin a bhraith an lucht féachána an teannas dofhulaingthe. Bhí an dá fhoireann ar comhscór arís agus anois bhí an t-am ag sleamhnú ar cosa in airde. Scóráil Anna Ní Loingsigh uair amháin eile do na Muimhnigh agus cé gur dhein Hanlon tréan-iarracht an ciseán a aimsiú ar an dtaobh eile den chúirt, chlis uirthi aon scór a fháil, a bhuíochas san don bhlocáil daingean a rinne imreoirí Choláiste an Phiarsaigh. Ba léir go raibh an cluiche faoi bhois an chait ag na Muimhnigh sna soicindí deireanacha. Is cinnte leis go raibh ceangail na gcúig gcaol acu ar an bhfreasúra. I ndóthair ní raibh fágtha sna foirne ach an Dé um an dtaca seo. Bhíodar i ndeireadh na feide. Chinntigh na saorchaithimh a chuir an Murchúch agus an Róisteach go cruinn díreach sa chiseán ón líne go raibh an bua ag Gleann Maghair le ceithre phointe. Bhí na Laighnigh clóite. Bhí an comhrac thart. Bhí an freasúra ar lár. D’fhág san gur chríochnaigh an cluiche 56 pointe le 52. I ndeireadh an lae bhí foireann a dhiongbhála casta ar Choláiste Chiaráin. Is cinnte gur chuir an bua seo an sméar mhullaigh ar bhliain iontach ollásach chispheile d’fhoireann Choláiste an Phiarsaigh. Bhí an sway tugtha leo acu. Is ansan a bhí an liútar éatar sa halla ag lucht tacaíochta na Muimhneach. Is cinnte nach ligfear an cluiche suntasach seo i ndearmad. Níl aon bhaol ach go dtabharfar aire na huibhe circe don fhoireann éachtach seo. Beidh scéal na foirne áigh seo á ríomh ag fearaibh Fáil agus mairfidh a gcáil fad a fhásfaidh féar ar thalamh. Ní foláir nó go mbeidh na gábhair á róstadh i nGleann Maghair agus sa cheantar máguaird go ceann i bhfad. Coláiste an Phiarsaigh (Gleann Maghair): Annaliese Ní Mhurchú (20), Jayne Nic Gearailt (18), Jane Nic Ailín (2), Eva de Róiste (5), Anna Ní Loinsigh (11), Niamh Nic Ailín, Sophie Ní Ríogáin, Alayna

16

SÚIL EILE : EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2017

Freeman, Rebecca Ní Dhonnabháin, Clár Ní Icí. Laoch na hImeartha: Jayne Nic Gearailt (Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair.). Coláiste Chiaráin (Léim an Bhradáin): Sorcha Tiernan (13), Ciara Bracken (13), Niamh Masterson (20), Lauren O’Dwyer, Meadhbh Hanlon (2), Susie Walsh (1), Kate O’Toole (3), Ashley Njonguo, Fatimah Akorede.

Seachtain na Folláine 2017 D’eagraigh na múinteoirí corp oideachais Seachtain na Folláine sa scoil roimh laethanta saoire na Cásca. Ba léir gur chaitheadar dua leis an iarracht. Bhí mórán Éireann imeachtaí ar siúl ón a 8.00 r.n. go dtí deireadh an lae. Máitear gur bhain idir mhúinteoirí agus daltaí antaitneamh go deo as an tseachtain. Bhí an-éileamh ar na h-meachtaí.

Taispeántas Caoineoige a eagraíodh sa seomra foirne i rith Seachtain na Folláine

Feis Maitiú

Comhghairdeas le Faye Philpott a tháinig sa dara háit i gcomórtas “Bhéarslabhairt” faoi 14. Rinne Faye aithris ar an ndán “Cúl an Tí” leis an bhfile aitheanta, Seán Ó Riordáin.


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.