NUACHTSCOILE SUIL EILE 2002

Page 1

SÚIL EILE

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN

NA

CÁSCA

2002

SÚIL EILE Fáilte rómhaibh a chairde go dtí eagrán na Cásca de ‘Súil Eile’. Bainigí taitneamh as.

Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair, Corcaigh.

SÚIL EILE

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN

NA

Baineann gach ábhar san eagrán seo le SÚILEEILE, Co láiste an P hiarsaigh 2001 agus níl sé ceadaithe iad a atáirgeadh in aon slí gan cead cuí a lorg.

CÁSCA

2002


SÚIL EILE

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

C

omhghairdeas le Stiofán Ó Dúgáin a ghnóthaigh Bonn Óir Ghaisce le deanaí. A Shoilse Máire Nic Giolla Íosa Uachtarán na hÉireann a bhronn a bhonn óir air in Áras an Uachtaráin. Anseo thíos tá cuntas faoin méid a chuir sé roimhe. Tá sé rí-shoiléir gur éacht mór le rá é an Bonn Óir a ghnóthú.

EAGRÁN NA CÁSCA 2002

*Mo Thionscnamh Fiontair: Rinne mé roinnt turasanna rothaíochta thart ar 300-350km ar fhad thar tréimhse 4 lá. Deirimse leat go raibh mo chorp tinn agus spíonta ag deireadh na dturasanna úd. Chun na fírinne a rá ní raibh fágtha ionam ach an Dé.

Chun Bonn Óir Ghaisce a ghnóthú, lean na gníomhaíochtaí seo a leanas ar feadh breis is bliain go leith. Tá ceithre cinn de rannóga sna gníomhaíochtaí: Gníomhaíochtaí Pobail, Scil Phearsanta, Caitheamh Aimsire Fisiciúil & Tionscnamh Fiontair. * Mo Ghníomhaíocht Phobail: Chaith mé breis is bliain ag obair go deonach mar chléireach i gComhar Chreidmheasa Ghleann Maghair. Chaith mé tamall freisin, mar chúntóir i Naíonra i mBaile Róisín. Bhain mé an-taithneamh as na himeachtaí úd ach go háirithe an obair sa Chomhar Chreidmheasa. * Mo Scil Phearsanta: D'fhoghlaim mé conas clóbhualadh a dhéanamh go cruinn agus go tapaidh ar ríomhaire. De bharr an chleachtaidh go léir, tá mé in ann 30 focal in aghaidh an nóiméid a chlóbhualadh anois. * Mo Chaitheamh Aimsire: Rinne mé cúrsa fada tárrthála i Linn Snámha Ghort Álainn agus bronnadh Teastas Tarrthála orm ag deireadh an chúrsa. Anois, tá sé ar mo chumas agus cead agam obair mar fheartarrthála i Linn Snámha. Ina theannta san, rinne mé cúrsa traenála fóirne le Cumann Lúthchleas Gael. Bronnadh teastas orm mar thoradh ar an obair seo.

2

SÚIL EILE

Stiofán Ó Dúgáin agus a mhúinteoir Iníon Ní Loinsigh fairis.

EAGARFHOCAL Fáilte is fiche rómhaibh go dtí eagrán na Cásca de ‘Súil Eile’, nuachtlitir oifigiúil Choláiste an Phiarsaigh. Bíodh a fhios agaibh gurb iad daltaí an ceathrú bliain a chuireann cruth agus eagar ar an obair seo. Tá foireann nua i mbun oibre um an dtaca seo. Is maith atá a fhios againn go mbeimid díreach chomh maith leis an bhfoireann a chuaigh rómhainn! San eagrán seo gheobhaidh tú eolas agus nuacht faoin scoil, na múinteoirí agus na daltaí. Tá idir nuachtscoile agus ailt anseo istigh. Tabharfaidh sibh faoi deara go bhfuil ár seacht ndícheall déanta againn ár lucht leitheoireachta éilitheach a shásamh. Bhíomar ag brath ar an Máistir Ó Finn don mheaisín priontála arís! Tá brón orainn faoi na pictúir ach ní fúinne an chóipeáil. Ba mhaith leis an bhfoireann uile a mbuíochas a ghábháil leis an Máistir Ó Céilleachair as an gcabhair a thug sé dúinn agus an chomhairle a chuir sé orainn agus sinn i mbun gnímh. Bhaineamar taitneamh as an obair. Fuaireamar mórán dua uaithi, áfach. Go raibh maith agaibh go léir a thug cúnamh dúinn.

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

Eagarthóir: Sinéad Ní Ríordáin Leas-eagarthóir: Pádraig Ó Condúin

EAGRÁN NA CÁSCA 2002

Baineann gach ábhar san eagrán seo le SÚILEEILE, Co láiste an P hiarsaigh 2001 agus níl sé ceadaithe iad a atáirgeadh in aon slí gan cead cuí a lorg.


SÚIL EILE

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

A

n Máistir Ó Súilleabháin agus seic do £3,317.00 á bronnadh aige ar John McCarthy ó Concern. D’eagraigh an Máistir Ó Súilleabháin an bailiúchán seo le cabhair ó mhúinteoirí, ó dhaltaí agus ó thuismitheoirí Choláiste an Phiarsaigh roimh an Nollaig. Rinne múinteoirí agus daltaí troscadh lae agus bhí bailiúchán ag an ndoras óiche na Ceolchoirme. Thug idir mhúinteoirí agus thuismitheoirí síntiús an óiche úd. D’eagraigh an Máistir an feachtas seo gach Nollaig le blianta fada anuas.

EAGRÁN NA CÁSCA 2002

D

’éirigh chomh maith sin le (thuas ar chlé): Caitríona Ní Bhaoill, Diarmuid Ó Mongáin agus Aoife Ní Dhúbhláin (thíos ar chlé): Feargal Mac Mathúna agus Conall Ó Riain sa mhatamatic i Scrúdú an Teastais Shóisearaigh go bhfuaireadar cuireadh breis staidéir a dhéanamh san ábhar in Ollscoil Chorcaí i mbliana.

I

gComórtas Trastíre Dheisceart na Mumhan i gCarraig na bhFear bhuaigh (ar chlé): Edel Ní Riordáin, Leah Ní Dheoráin agus Leah Ní Allmhuráin an dara háit i gcomórtas foirne na chéad bhliana ag gnóthú bonn airgid an duine. Ina theannta san ghnóthaigh Edel bonn cré-umha sa chomórtas aonair. Ba mhaith leo a mbuíochas a ghabháil leis an Máistir Ó Súilleabháin (Cluichí).

Foireann Súil Eile: Sinéad Ní Ríordáin: [Eagarthóir] Pádraig Ó Condúin: [Leaseagarthóir]: Tomás Ó Drisceoil: Orlaith Ní Phartaláin: Aoibhinn Ní Dhairbhre: Caitlín Ní Dhéadaigh: Shane Ó Laoghaire: Darragh Ó Raghallaigh: Jessica Ní Dhubhghaill: Pádraig de Búrca: Colmán Ó Cianáin: Ruairí Ó Briain: Aisling de Buitléir.

SÚIL EILE

Sinéad Ní Riordáin agus Gráinne Ní Choiligh a ghlac páirt i ndíospóireacht ‘Béarla’ an Philosophical Society UCC.

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN NA CÁSCA 2002

Baineann gach ábhar san eagrán seo le SÚILEEILE, Co láiste an P hiarsaigh 2001 agus níl sé ceadaithe iad a atáirgeadh in aon slí gan cead cuí a lorg.

3


SÚIL EILE

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN NA CÁSCA 2002

Ar chlé thuas: Máire Clár Ní Cheallacháin An Mionchomhlacht, Coláiste an Phiarsaigh, ag glacadh le teastas ‘Bainisteoir na Bliana, Young Enterprise’ 1999. Bill Stein Keller, scríbhneoir don chlár ‘FRIENDS’ ar cuairt i 1994. Thall ar chúl ar chlé: B. Ó Maolchatha AIB, D. Ó Dufaigh Gael-linn. Chun tosaigh, ar chlé: Ciara Ní Mhochóir, Niall Ó Murchadha agus Róisín Ní Urdail (Captaen) Foireann Shinsir Ghaeilge Choláiste an Phiarsaigh a bhuaigh An Chraobh Réigiúnach i 1994. An gá na cispheileadóirí seo a ainmiú ?

4

SÚIL EILE

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN NA CÁSCA 2002

Baineann gach ábhar san eagrán seo le SÚILEEILE, Co láiste an P hiarsaigh 2001 agus níl sé ceadaithe iad a atáirgeadh in aon slí gan cead cuí a lorg.


SÚIL EILE

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

Ocean’s Eleven (12-PG) George Clooney Matt Damon Brad Pitt Julia Roberts

Andy Garcia

T

á an scannán seo faoi Daniel Ocean (George Clooney) agus plean atá aige $150 milliún dollar a ghoid ó thrí chasino atá ag Terry Benedict (Andy Garcia). Chun é seo a dhéanamh, faigheann sé cabhair ó aon dhuine dhéag eile. Ansin, téann an plean ar aghaidh. Tá an scannán seo ar fheabhas ar fad. Tá aicsean, grá agus greann measctha le chéile go maith chun scannán suimiúl agus siamsúil a chrúthú. Faoi stiúir Steven Soderbergh, téann an scéal ar aghaidh go tapaidh agus bíonn tú i gcónaí ag smaoineamh: “Cad atá chun tarlúint anois?” Is scannán suimiúil é seo mar tá sé difriúil ó mhórán eile a tháinig amach le déanaí. Tá sé go maith a bheith ag faire féachaint cad a tharlaíonn nuair atá plean cliste in úsáid. I roinnt slite tá sé cosúil le Mission Impossible toisc an plean seo. I bpáirteanna eile, tá sé an-chosúil le Swordfish. Ceapaim go ndéanfadh an scannán seo éinne a shásamh. Má tá tú breán de bheith ag éisteacht le Harry Potter nó Lord of the Rings, bainfidh tú taitneamh as Ocean’s Eleven. Is scannán iontach é i mo thuairim, agus molaim go mór é.

EAGRÁN NA CÁSCA 2002

grúpa speisialta (An Scuaid) a d’úsáid sé chun bleachtairí agus spiairí a mharú. Le linn an chogaidh bunaíodh aonaid mhíleata. “Colúin Reatha” a tugadh orthu seo. Bhí na grupaí seo lonnaithe faoin tuath agus ghlac siad páirt i luíocháin mhóra. Bhí clú agus cáil ar cheannairí na ngrúpaí seo, m.sh. Tom Barry, Liam Lynch agus Ernie O’Malley. Bhí Tom Barry i gceannas ar an dá luíochán cháiliúla ag Crosaire an Bharraigh agus Cill Mhichíl inar maraíodh alán saighdiúirí Breatanacha. Mar thoradh air seo sheol Príomhaire na Breataine iar-shaighdiúirí chuig an tír seo. Tugadh na “Dúchrónaigh” orthu siúd. Rinne siad ionsaithe ar fud na tíre ag déanamh slad agus ag marú alán daoine. Ar maidin an 2 Samhain mharaigh an Scuaid gníomhairí speisialta Breatanacha timpeall Bhaile Átha Cliath. Níos déanaí sa lá mar dhíoltas rinne na Dúchrónaigh ionsaí ar shlua daoine ag Páirc an Chrócaigh. Maraíodh dáréag, an t-imreoir Micheal Ó hÓgáín san áireamh. I mí na Bealtaine 1921 dhóigh an A.P.E. Teach an Chustaim. I ndiaidh gach rud a tharla bhí síocháin á lorg ag an dá thaobh. Shínigh De Valera sos cogaidh le Lloyd George. Tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm ar an 11 Iúil 1922.

Cogadh na Saoirse In Éirinn

A

r an lá céanna gur bhuail an chéad Dáil le chéile, 21 Eanáir 1919, maraíodh beirt phóilín Chonstáblacht Ríoga na hÉireann ag Solchóid Bheag, Co. Thiobráid Árann. Ba é seo an chéad eachtra i gCogadh na Saoirse. Ina dhiaidh sin thosaigh an A.P.É. (IRA) ag baint úsáide as cogadh eadarnaíoch. Rinne siad luíocháin nó ionsaithe “hit and run.” Rinne siad ionsaí ar na beairicí C.R. na hÉ. chun gunnaí a fháil. Bhí gréasán fáisnéise ag an APÉ (IRA) a d’úsáid siad chun eolas a bhailiú, m.sh. gluaiseachtaí saighdiúirí. Ba é Michéal Ó Coileáin an ceannaire fáisnéise. D’úsáid sé an teolas seo chun gníomhaíochtaí na heagraíochta a stiúriú. Bhí SÚIL EILE

Reachtáil Mental Health Ireland comórtas náisiúnta le déanaí. Lorg siad dearadh oiriúnach le haghaidh clúdaigh irise. Cháiligh Séamus Ó Crualaoich (thuas) don Chraobh Náisiúnta i Reigiún an Deiscirt lena iarratas. Guímid gach rath air sa chraobh.

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN NA CÁSCA 2002

Baineann gach ábhar san eagrán seo le SÚILEEILE, Co láiste an P hiarsaigh 2001 agus níl sé ceadaithe iad a atáirgeadh in aon slí gan cead cuí a lorg.

5


SÚIL EILE

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN NA CÁSCA 2002

Kate Ní Shúilleabháin agus Jessica Ní Dhubhghail ‘Díospóireacht’

Éabha Ní Mhurchú agus Laura Arigho ‘Grease’

Laura Ní Dhálaigh ‘Die Deutsche Lilie’agus Ciara Ní Fhoghlú ‘Grease’

E. Ó Dubhláin, C. Ó Riain, D.Ó Raghailligh agus T. Ó Drisceoil ‘Die Deutsche Lilie’

Cyntia Ní Loinsigh ‘Grease’

Jason Ó Foghlú agus Laoise Ní Thuama ‘Thriller’

6

SÚIL EILE

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN NA CÁSCA 2002

Baineann gach ábhar san eagrán seo le SÚILEEILE, Co láiste an P hiarsaigh 2001 agus níl sé ceadaithe iad a atáirgeadh in aon slí gan cead cuí a lorg.


SÚIL EILE

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

Aoife Nic Dhomhnaill agus Gráinne Ní Choilligh i ‘Die Deutsche Lilie’?

EAGRÁN NA CÁSCA 2002

Cillian Mac Coille ‘Grease’

Aoife Nic Dhómhnaill, Sinéad Ní Riordáin agus Gráinne Ní Choilligh ‘Díospóireacht’

Lisa Ní Laoire agus Máire Laoise Nic Chárthaigh

Eolan Ó Rinn agus Séamus Ó Crualaoi ‘Grease’

Caitríona Ní Laoire agus Laura Ní Dhálaigh ‘Díospóireacht’

SÚIL EILE

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN NA CÁSCA 2002

Baineann gach ábhar san eagrán seo le SÚILEEILE, Co láiste an P hiarsaigh 2001 agus níl sé ceadaithe iad a atáirgeadh in aon slí gan cead cuí a lorg.

7


SÚIL EILE

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN NA CÁSCA 2002

R

inne Rang Niamh na chéad bhliana Readathon do M.S. Ireland sa scoil le déanaí. D’éirigh leo, faoi stiúir Iníon Ní Dhonnabháin, seisiún amháin in aghaidh na seachtaine a chur díobh. Faoi dheireadh nár éirigh leo 760.00 a bhailiú. Ghlac naonúr is fiche páirt ann. Bail ó Dhia orthu. Seo thíos cuid acu a ghlac páirt ann.

Breandán Ó Connaill a roghnaíodh ar phainéal fhoireann sacair na hÉireann faoi 18 roimh an Nollaig. Edel Ní Riordáin, Leah Ní Allmhuráin

Roghnaíodh Andriú Ó Finn ar phainéal rugbaí na hÉireann, faoi 19 le déanaí.

Michelle Ní Dhonnabháin, Elaine Ní Mhathúna

Dearán Philpott a roghnaíodh ar fhoireann Taekwon-do na hÉireann . Ciara Breathnach, Victoria Ní Dhúgáin 8

SÚIL EILE

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN

NA CÁSCA 2002

Baineann gach ábhar san eagrán seo le SÚILEEILE, Co láiste an P hiarsaigh 2001 agus níl sé ceadaithe iad a atáirgeadh in aon slí gan cead cuí a lorg.


SÚIL EILE

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

Turas na Fraince is na hEilbhéise Lá 1: Bhuail an bhliain-ghrúpa ar fad le chéile ag Aerfort Chorcaí ag 3:30 ar maidin. Níor tháinig lucht Aer Lingus go dtí 4:30 nó mar sin. D’fhágamar aerfort Chorcaí ar 7:30. Shroicheamar Charles de Gaulle ar 9:20. Chuamar ansin go Disneyland Phárais. Chaitheamar naoi n-uaire an chloig ansin. Bhí sé go hiontach. An rud is fearr dár le gach éinne, ná Space Mountain nó an Chanóin Columbiad. Chonaiceamar Cathair Phárais an oíche sin. Chonaiceamar an Tour Eiffel, le Champs d’Elyssées, la Louvre, 7rl. Lá 2: An chéad rud ar maidin, chuamar go cathair Berne, príomhcathair na hEilbhéise. Níl sé ach ar chomhéid le cathair Phort Láirge, áfach. D’itheamar bricféasta i Mc Donald’s. Tá an clogtheach i lár na cathrach dochreidte. Lasmuigh den bhaile tá dhá bhéar i bpoll mór. Tá sé sin ábhairín cruálta, agus níl ach pluais fíorbheag acu. Ansin, chuamar go dtí Interlaken. Tá an radharc ansin go hálainn. Lá 3: Chuamar suas an Schilthorn. Tá na radharcanna go haoibhinn agus tá sneachta i ngach áit. Tá áit ann inar deineadh cuid den scannán, On Her Majesty’s Secret Service. I mbaile Murren, chuamar ag scátáil ar feadh roinnt mhaith ama. Lá 4: Chuamar go Luzern go hIarsmalann nach bhfuil cosúil le haon cheann in Éirinn. Bhí an-chuid Interactives ann. Ní sean-rudaí a bhí ann in aon chor, thaithin sé sin le gach éinne. Lá 5: D’fhágamar slán leis an óstlann. Chuamar ag scátáil arís. Cheannaíomar roinnt brontannas timpeall ar Interlaken. Chuamar ar Bhobsled ansin. Chuamar ar an mbus an oíche sin, ar ais go Páras, chun an eitilt abhaile a fháil.

I

mí Feabhra seo caite thaispeáin Iníon Ní Loinsigh (Creideamh) fístéip dúinn. Is le 'Bóthar Na mBó’ an fhístéip seo. Léirigh sé dúinn an maitheas a dhéanann an eagraíocht seo agus an sonas agus an chabhair a thugann sé do na daoine bochta san Afraic. Theastaigh uainn cabhrú leo i slí éigin. Le cabhair ó thriúr eile i mo rang (Carthach) Breandán Ó Conaill, Aoife De Búrca agus Dearán Mac Colgáin, thosnaíomar ag bailiú airgid ó dháltaí na scoile. I gceann trí lá bhí 203.21 bailithe againn. Scríobh mé litir chuig Bóthar chun a mhíniú cad chuige an t-airgead seo. Chuireas ar a

SÚIL EILE

EAGRÁN NA CÁSCA 2002

súile dóibh go raibh sé ar na bioráin againn 50 sicín a sheoladh chuig clann bhocht éigin san Afraic. Chomh maith leis sin d’iarr mé orthu tuaraisc a sheoladh ar ais chugainn faoi conas a bhí ag éirí leis an gclann lenár mbronntanas beag. Sa tslí seo bhi súil agam go mbeinn in ann an maitheas a dhéanann 'Bóthar na mBó' a thaispeáint dos na dáltaí eile sa scoil. Rinne siad é seo dom agus beidh gríanghraf le feiscint san oifig mar fhianaise ar an méid seo. Ta súil agam go gcabhróidh daltaí eile le hIníon Uí Loinsigh agus go leanfaidh ár sampla ar aghaidh agus go mbeidh éifeacht ár saothair le feiscint sna blíanta atá romhainn. Mo bhuíochas le h-Iníon Ní Loinsigh agus leis na daltaí a chabhraigh linn in aon sli in aon chor. [Laura Ní Chuimín]Rang Cárthach

A

n Fómhar seo caite, tháinig grúpa daoine chuig óstán An Metropole i gCorcaigh chun a ndeis a thapú áit a fháil i mbanna ceoil nua Éireannach. Bhí orthu damhsa agus canadh ós comhair Louis Walsh, Bill Hughes agus Lynda Martin. Bhí a fhios acu go mbeadh an-chuid ama eile agus alán oibre i gceist ach bhí a fhios acu an toradh iontach a bheadh acu ar deireadh. Tar éis trí mhí bhí an banna roghnaithe agus tá áthas orainn go léir gur roghnaíodh Sinéad Sheppard ó Chorcaigh sa bhanna mar is iar-dhalta na scoile seo í. An cúigear eile isea: Andy Orr ó Bhaile Átha Cliath, Emma O’ Driscoll ó Luimneach, Kyle Anderson ó Bhéal Feirste, Liam McKenna ó Thír Eoghain agus Sarah Keating ó Chontae na Gaillaimhe. Tá gach éinne, idir mhúinteoirí is dhaltaí, bródúil aisti agus táimid ag tabhairt an-tacaíochta di. Bhí sé soiléir ón tús go ndearna Sinéad an-impreisiún ar Louis, Bill agus ar Lynda. Ní raibh dabht in ár n-aigne go raibh sí chun an pháirt a fháil. Anois tá Sinéad tar éis dul ar aghaidh go dtí rudaí níos fearr. Go n-éirí léi agus go leana sí leis. Ba mhaith linne, foireann na nuacht litreach comhghairdeas a dhéanamh léi!

Cad is brí leis an gCarghas? Comóraimid an daichead lá a chaith Íosa sa bhfásach ag troscadh. Cuimhnímid air sin agus ar dhaoine go bhfuil orthu troscadh a dhéanamh de shíor. Mar sin déanaimis íobairtí éigin i rith na tréimhse seo, troscadh agus urraíocht do Thrócaire, ar son na leanaí a gabhadh mar shaighdiúirí agus sclábhaithe i Sierra Leone. Tá Is Trócaire ag tábhairt tacaíochta do Cantas. eagraíocht é seo a thugann seans do na hiarshaighdiúirí seo saol nua a dhéanamh dóibh féin. Bímis flaithiúil!

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN NA CÁSCA 2002

Baineann gach ábhar san eagrán seo le SÚILEEILE, Co láiste an P hiarsaigh 2001 agus níl sé ceadaithe iad a atáirgeadh in aon slí gan cead cuí a lorg.

9


SÚIL EILE

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

An Chreatlach Éireannach

T

á Cluichí Oilimpeacha Geimhridh 2002 tar éis críochnú i Salt Lake City, Utah. Bhí na cluichí seo an-mhaith ar fad, agus ar deireadh, tháinig an Ghearmáin abhaile leis an méid is mó bonn. Bhí na Stáit Aontaithe sa dara háit agus an Iorua sa tríú háit. Ar an ndrochscéal, ní bhfuair na hÉireannaigh aon bhonn, ach tháinig siad an-chóngarach ar fad, de bharr iarrachtaí fir amháin. ‘Sé siúd: Lord Clifden Hugh Lancelot de Verdin Wrottresley. Rugadh an fear seo sa Ghaillimh i 1968 ach d’fhág sé an tír nuair a bhí sé trí bliana d’aois. Cónaíonn sé i Londain anois. Tháinig Lord Wrottesley sa cheathrú áit i Rás na Creatlaí, ar an 20ú Feabhra. Sa spórt seo, bíonn ort luí ar do bholg agus dul síos traic faoi luas an-ard. Faraor, bhí sé 0.42 soicind ró-mhall chun bonn a fháil. Ag deireadh an ráis, bhain Jim Shea Jr. ó na Stáit Aontaithe an chéad áit amach, Martin Rettl ón Ostair an dara háit, agus Gregor Staehli ón Eilbhéís an tríú háit. Dúirt Lord Wrottesley go raibh sé ag súil le háit sa chéad chúigear déag; mar sin d’éirigh leis éacht a dhéanamh. Tá súil agam go n-éireoidh níos fearr fós leis sna chéad Chluichí Oilimpeacha Geimhridh eile i 2006. Go n-éirí an t-ádh leis agus gura fada buan é i mbun a shaothair!

Rugbaí ‘Sé Náisiún’ Is dócha go mbeidh sé seo ar an gcluiche is fearr sa chomórtas seo i mbliana agus chomh maith leis sin is dócha gurb iad na foirne thuas a bheidh in iomaíocht. Ach tá rud éigin eile suimiúil faoin gcluiche seo. Caithfidh Éire an bua a fháíl ann 10

SÚIL EILE

EAGRÁN NA CÁSCA 2002

chun comórtas “An Sé Náisiún” a bhuachaint. Is dóigh liom go mbraitheann an toradh go mórmhór ar an “Battle of the Scrum-Halves”. Má imríonn Peter Stringer níos fearr ná Fabien Galthié b’fhéidir go mbeidh an bua ag Éirinn nó a mhalairt. Ach é sin ráite braitheann an-chuid ar an “lineout”. Ach is dóigh liom go mbeidh an bua ag Éirinn má tá an t-ádh linn.

ÉIRE

V

AN FHRAINC

Girvan Dempsey.

15.

Nicolas Brusque.

Shane Horgan.

14.

Aurélien Rougerie.

Brian O Driscoll.

13.

Tony Marsh.

Kevin Maggs.

12.

Damien Traille.

Denis Hickie.

11.

David Bory.

David Humphreys.

10.

Gérald Merceron.

Peter Stringer.

9.

Fabien Galthié.

Peter Clohessy.

1.

Jean Jacques Crenca.

Keith Wood.

2.

Raphael Ibanez.

John Hayes.

3.

Pieter De Villiers.

Mick Galwey.

4.

David Auradou.

Malcolm O Kelly.

5.

Olivier Brouzet.

Eric Miller.

6.

Olivier Magne.

David Wallace.

7.

Serge Betsen.

Antony Foley.

8.

Imanol Harinordoquy.

Nóra Nic an Bhaird Bhéarslabhairt Fé 16 3ú háit

Laura Ní Dhálaigh Bhéarslabhairt Fé 18 1ú háit

Sinéad Ní Ríordáin Caint Phoiblí 3ú háit Os Cionn 13

Aodhnait Ní Néill 3ú háit Bhéarslabhairt Fé 14

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN NA

Baineann gach ábhar san eagrán seo le SÚILEEILE, Co láiste an P hiarsaigh 2001 agus níl sé ceadaithe iad a atáirgeadh in aon slí gan cead cuí a lorg.

CÁSCA 2002


SÚIL EILE

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN NA CÁSCA 2002

Crosfhocal Duitse 1

2

3

4

5

6

7

8

9

10

Sorcha Ní Shúilleabháin “Die Deutsche Lilie”

Trasna 1.

Cuir ar d’aghaidh é

4.

Deoch

6.

Tagann sé ón saol eile

7.

Fuaim, glór

9.

…gáire

10.

Cuir ar an snaithín é Foireann stáitse: Aodh Ó Broin

Síos 1.

I do bholg

2.

Is féidir é a ithe

3.

Ná déan ceann agus ná bris é

5.

Seachain ná …. an sean duine

8.

Níl sé folamh

9.

Bhí gach duine ann … Seán

Foireann stáitse: Ar chlé: Seán Ó Donnchú, Eoin Ó Spealáin agus Rúairí Ó Condúin

Cáit Ní Drisceoil (Rang Cárthach) agus Deirdre Ní Mhurchú (Rang Doireann) agus foirm á líonadh acu ar an idirlíon don C.A.O.

SÚIL EILE

Ar chlé: Feargal Mac Mathúna, Seán Ó Mathúna, Sorcha Ní Shúilleabháin ‘New York New York’

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN NA CÁSCA 2002

Baineann gach ábhar san eagrán seo le SÚILEEILE, Co láiste an P hiarsaigh 2001 agus níl sé ceadaithe iad a atáirgeadh in aon slí gan cead cuí a lorg.

11


SÚIL EILE

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN NA CÁSCA 2002

B

huaigh na buachaillí thíos Léig Chontae Chorcaí, Comórtas Sheampiní Chontae Chorcaí agus Craobh na Mumhan sa dornálaíocht. Mar thoradh ar na buanna thuas táid anois chun tabhairt faoi Chraobh na hÉireann. Táid triúr ag traenáil go dian le foireann Chontae Chorcaí.

Daltaí an ceathrú bliain ag obair go dian sa rang potadóireachta.

Máirtín Ó Dúláin (Faoi 15) Tomás Mac Craith (Faoi 15) agus Damien Ó Riordáin (Faoi 16) .

T

á “Ceardaíocht an Phiarsaigh”, faoi stiúr Iníon Ní Chionaola, Iníon Ní Argáin agus Iníon Ní Scollaí, ag déanamh go hiontach. Rang potadóireachta an Ceathrú Bliain isea bun agus barr an scéil. Aonad isea an photadóireacht do dhaltaí an ceathrú bliain agus díolann siad a gcuid earraí faoi scáth an chomhlachta luaite thuas. Deirtear linn go bhfuil na daltaí go léir “ag obair go dian” agus go bhfuil alán táirgí éagsúla á ndéanamh acu. Os rud é gur éirigh chomh maith leo san Aonach Trádála sa Dúbhglas, tá siad chun dul ar aghaidh go dtí Aonach Trádála an Young Enterprise ar an gcéad lá de Bhealtaine. Go néirí leo!

B

eidh ranganna Ealaíne an 4ú, 5ú agus 6ú bliain ag dul go dtí Dánlann Náisiúnta na hÉireann chun an taispeántas“Impressionism” a fheiscint, ar an 10 Aibreán. Beidh Iníon Ní Chionaola faru ar an dturas seo agus táimid ag súil le scéal uathu amach anseo! 12

SÚIL EILE

Rónán Ó Snodaigh ar an mbodhrán

T

háinig John Spillane agus Rónán Ó Snodaigh ar cuairt chun na scoile ar an Luan an 11 Márta. 2002 Thugadar beirt sár-cheolchoirm i halla na scoile. D’fhreastail gach dalta ar an ócáid iontach seo a chuir tús le ‘Seachtain na Gaeilge’ i gColáiste an Phiarsaigh i mbliana.

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN NA

Baineann gach ábhar san eagrán seo le SÚILEEILE, Co láiste an P hiarsaigh 2001 agus níl sé ceadaithe iad a atáirgeadh in aon slí gan cead cuí a lorg.

CÁSCA 2002


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.