NUACHTLITIR SAMHRADH 2011

Page 1

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

4

Ar an Sathairn an 29 Eanáir imríodh babhta ceannais, i d i r m h é a n a c h camógaíochta Chontae Chorcaí. Bhí Coláiste an Phiarsaigh ag imirt i gcoinne an Choláiste Pobail, Baile an Chollaigh. Bhí mórán Éireann ullmhucháin déanta ag cailiní Choláiste an Phiarsaigh, ag traenáil go dian le roinnt seachtainí roimhe. Ba mhó tráthnóna a thugamar thuas sa pháirc agus amuigh sa Pike agus gach aon duine againn ag déanamh ár ndíchill barr feabhais a bhaint amach. B’fhiú é ar deireadh.

Ar Cuairt

5

Tháinig lá na cinniúna agus bheadh sé deacair cur síos a

Scléip ar lean

6

An Suirbhé

7

FLÚIRSE AN tSAMHRAIDH

2011 © Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair, Co. Chorcaí.

San Eagrán Seo Agallamh le dalta Coisíos na Gaeilge An Club Eolaíochta

Ealaín Dalta Cónaithe

2 3

8

Turas Scoile

9

Turas Scoile

10

David Bowie

11

Ceoldráma Gaisce

12

Susan Kate Ní Bhrosnacháin, captaen na foirne.

Ar lean lth. 3

Scléip Is comórtas náisiúnta é S cl éi p a eagr aí on n Gaelscoileanna Teo. Is féidir le Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta ar fud na tíre dul in iomaíocht le ch é i l e sa ch e ol , s a dramaíocht agus sa damhsa fiú amháin, sna comórtais a bhíonn eagraithe chuige seo.

Thosnaigh na comórtais seo sa bhliain 2005 agus tá fás agus forbairt tagtha ar chúrsaí gach bliain ó shin i leith. Bíonn na babhtaí reigiúnacha ar siúl i mí Feabhra gach bliain de ghnáth. Eagraíodh Babhta na Mumhan in amharclann an Firkin Crane i gCorcaigh

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

ar an 25 Eanáir, agus bhí naoi scoil páirteach ann. Roghna ít ear buai t eoir amháin as gach rannóg mar a bhfuil; amhránaíocht aonair, ceol aonair, grúpa traidisiúnta, grúpa roc/ popcheol, grúpa traidisiúnta, damhsa cruthaitheach agus rannóg gan ainm le haghaidh aon talann eile. Bogann na buaiteoirí ar aghaidh go dtí babhta Ar lean lth. 6 FLÚIRSE AN tSAMHRAIDH 2011 ©


EAGRÁN AN tSAMHRAIDH

FOIREANN NA NUACHTLITREACH

Breathnach Daire Mac Cárthaigh Pádraig Mac Gilolla Phádraig Dónal Mac Thomáis Briain Ó Buachalla Dylan Ó Conraoi Seán O hArgáin Jay Ó Laocha Daithí O Maoldomhnaigh Gabhán Ó Muirí Ian Ó Muirí Seosamh Ó Raghallaigh Lúc O Riogáin Josh O Ruacháín Seán Ó Teimhneáin Séamus

COLÁISTE AN PHIARSAIGH, GLEANN MAGHAIR,

Obair Shóisialta Glacann gach dalta idirbhliana sa scoil páirt in aonad seirbhís phobail. Ciallaíonn sé seo go dtéann daltaí go dtí ionad sa dúthaigh máguaird nó ionad sa chathair chun obair dheonach a dhéanamh. Is iad na daltaí féin a roghnaíonn agus a eagraíonn an t-ionad roimh ré. Ar fhilleadh chun na scoile dóibh tar éis laethanta saoire an tsamhraidh bíonn gach dalta réidh chun tosnú ar an obair seo. Caitheann siad thart ar chúig seachtaine déag i mbun na hoibre. De ghnáth deintear an obair seo maidin Dé Máirt. Caitheann daltaí cúpla uair an chloig san ionad sula bhfilleann siad ar an scoil ag am lóin. Chinneamar, foireann na nuachtlitreach ar agallamh a dhéanamh le Brian Mac Thomáis i dtaobh na hoibre úd. Is dalta é Brian atá ag freastal ar an idirbhliain i mbliana. Ba mhaith linn ár bhfíorbhuíochas a ghabháil le Brian as ucht an agallaimh seo.

CORCAIGH. 2011 ©

Táim sé bliana déag d’aois. Cár dhein tú do sheirbhís phobail? In Ionad Phobail Mhachain, Corcaigh. Ar thaitin sé leat? Go deimhin thaitin sé go mór liom, is ionad suimiúil é. An mó seachtain a chaith tú ann? Bhí mé ag freastal ar an ionad ar feadh ceithre seachtaine déag agus bhain mé an-sásamh go deo as. Cad is ainm den fhéitheoir a bhí agat? Fidelma is ainm di. Cad a rinne tú ann? Bhí mé ag cabhrú an bia a dháileadh ar na daoine atá ag déanamh cúrsaí ann agus bhí mé ag glanadh na mbord tar éis lóin. Bhí mé ag sórtáil paipéir ann freisin.

“Ba dhaoine uai sl e iad. Cabhraíonn siad leis an bpobal agus bhíodar sásta cabhrú liom i gcónaí.”

An raibh sé deacair? Ní raibh sé ró-dheacair ach bhí mé an-tuirseach tar éis críochnú gach lá. Bhí an obair an spéisiúl agus bhuail mé le daoine nua gach seachtain. An raibh na daoine go deas? Ba dhaoine uaisle iad. Cabhraíonn siad leis an bpobal agus bhíodar sásta cabhrú liom i gcónaí.

Ríomhphost: nuachtscoile@gmail.com Leagan leictreonach: http://issuu.com/ colaisteanphiarsaigh

Brian Mac Thomáis

C. Dia Duit? F. Dia is Muire duit

AONAD DE CHUID NA hIDIRBHLIANA IS EA AN T I O N S C AD A L S E O FA O I STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

Cad is ainm duit? Brian is ainm dom agus Mac Thomáis is sloinne dom.

Cén t-am a thosnaigh tú? Thosnaigh mé ag a naoi a chlog ar maidin. Cén t-am a chríochnaigh tú? Ag a leathuair tar éis a haon agus d’fhilleas ar an scoil ansin.

Cén aois tú?

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

FLÚIRSE AN tSAMHRAIDH 2011 ©


Cheiliúramar Coicíos na Gaeilge sa scoil ón Luan an 7 Márta 2011 go dtí an Aoine an 18 Márta 2011. Bhí imeachtaí éagsúla eagraithe ag múinteoirí agus ag daltaí. Tá cur síos ar chuid acu anseo againn. Eagraíodh tráth na gceist scoile maidin amháin. Thosnaigh sé ag a ceathrú tar éis a naoi agus chríochnaigh sé thart ar a haon déag a chlog. D’fhan Timmy the Brit Mac Cárthaigh

gach rang sna bun seomraí agus ghlaoigh daltaí amach na ceisteanna ar challaire na scoile. D’oibrigh sé seo go seoigh. Tar éis gach babhta bailíodh na freagraí agus ceartaíodh iad ar an toirt. Faoin am go raibh an chéad bhabhta eile thart tugadh toradh an bhabhta roimhe. Leanadh ar aghaidh mar sin go dtí gur chríochnaigh an comórtas. As a dheireadh bhí buaiteoir. Bhuaigh rang

Oscar, an cúigiú bliain toisc go raibh an scór ab airde acu. Thugadar leo dá réir an teideal “An Rang Is Cliste Sa Scoil”. Bhain gach duine sult as na himeachtaí ach go háirithe. Tháinig Timmy the Brit Mac Cárthaigh chugainn ag múineadh rinncí gaelacha. Thall sa halla a bhí na ceardlanna seo ar siúl. Tá Ar lean lth. 8

Cluiche camógaíochta ar lean…. dhéanamh ar an ngaisce a deineadh ar an lá. Bhí anchluiche go deo againn. Ní fheadar aon duine an comhoibriú agus na scileanna iontacha a bhí le feiceáil ag ár bhfoireann an lá úd. B’iontach go deo an radharc é. Rinne gach imreoir sár iarracht. Nuair a scóráil Orla Ní Shuilleabháin cúl iontach do Ch olá ist e an Phiarsaigh, tar éis dí ruathar aonair a thabhairt i dtreo an chúil spreagadh gach duine eile chun gnímh. Sa dara leath den chluiche bhí breis fuinnimh á léiriú ag an bhfreasúra. Bhíodar ar a gcroí dícheall ag iarraidh ár bhfoireann a chloí. D’ionsaigh siad go fíochmhar uair i ndiaidh a chéile. Bhí ár gcúlaithe tharr barr áfach, iad anláidir agus iad ag seasamh an fhóid go treán. Rinne

siad sár–obair ag cur bac ar ionsaithe Bhaile an Chollaigh, go háirithe Maebh Nic Chárthaigh agus Lucy Ní hAilín ón dara bliain. I lár na páirce bhí an-tacaíocht agus anchomhoibriú ar fad á léiriú ag Susan Ní Bhrosnacháin agus Silbhe Ní Riain agus mar is dual di bhí cluiche iontach ag Éirne Ní Dheasmhúnaigh. Léirigh sí an-mhisneach agus anscil. Scóráil Susan ceithre phointe le linn an chluiche agus b’iontach an cheannaireacht a léirigh sí i rith an chluiche ó thus go dei r ea dh . D’a i m si gh Alison Nic Gabhann cúilín i dtreo deireadh an chluiche chun an sméar mullaigh a chur ar an scór deiridh. Bhí na cailiní ar fad agus a dtraenálaí Iníon Ní Choncubhair mar aon lena lucht leanúna ag damhsa le lúcháir timpeall an ghoirt. Bhí

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

éacht déanta gan aon agó. An scór ar deireadh ab ea Coláiste an Phiarsaigh: 1-05 agus Baile an Chollaigh 0-02 Níor chaill mná an mhisnigh riamh é.

An Fhoireann: Kaylyn Ní Laoi, Brianne Nic Pharataláin, Bairbre Ní Mhathúna, Maeve Nic Chárthaigh, Laoise de Búrca, Ellen Ní Mhurchú, Lucy Ní hAilín, Susan Ní Bhrosnacháin, Sylvia Ní Riain, Rút Ní Bhrosnacháin, Éirne Ní Dheasmhúndaigh, Síomha Ní Dheasmhíndaigh, Alison Nic Gabhann, Orla Ní Shúilleabháin, Áine Ní Chéarnaigh, Niamh Ní Choitir, Máire Pléiaman, Chleo Ní Loinsigh, Julie Ní hAilín, Rachel Ní Chéilleachair, Lauren de Barra, Laoise Ní Cheallaigh Shauna Ní Chróinín, Courtney Ní Chathasaigh, Clíona Ní Chruálaoi, Laura Ní Bhioráin.

FLÚIRSE AN tSAMHRAIDH 2011 ©


mbeidh said abálta é a eitilt i bhfad Éireann níos faide ach breis oibre a dhéanamh air.

Thug Adam cuireadh do dhaltaí eile sa scoil páirt a ghlacadh sa chlub. “Bhainfaidís antaitneamh as na himeachtaí agus bheadh an-chraic acu” dar leis.

Tá an Club Eolaíochta bunaithe le breis agus bliain anois sa scoil. Is í Iníon Ní Sheoighe atá ina bhun. Buaileann baill an chlub le chéile gach tráthnóna Dé Céadaoin ag a ceathrú chun a ceathair. Is i seomra 15, sa tsaotharlann a bhíonn siad lonnaithe. Leantar leis na himeachtaí go dtí a leathuair tar éis a ceathair nó mar sin. Lorgaíomar roinnt eolais ar bhaill an chlub agus seo a leanas an cuntas a fuairamar ó bhall den chlub, Adam Ó Cogáin. Dúirt sé linn go raibh sé ag baint an-taitneamh as na himeachtaí agus go raibh sé féin agus a pháirtí, Niall tar éis roicéad a thógaint. Thóg sé cúpla seachtain orthu é a thógaint agus fuaireadar cabhair ó bhaill eile an chlub. D’éirigh leo é a eitilt fiche cúig méadar san aer ach táíd ag súil go dtiocfaidh feabhas ar seo de réir a chéile agus go

Thug Adam cuireadh do dhaltaí eile sa scoil páirt a ghlacadh sa chlub. “Bhainfaidís ant a i tn ea mh a s na himeachtaí agus bheadh an-chraic acu” dar leis. Muna bhfuil suim ag daoine i roicéid tá mórán rúdaí eile le déanamh sa chlub. D’fhéadfá oibriú ar an “Lego Robot” nó páirt a ghlacadh sa chlub díospóireachta. Tá cuntas ar leith againn faoin gClub Díospóireachta anseo thíos.

Maidir leis an “Lego Robot” a rinne na baill, d’éirigh go diail ar fad leis i gcomórtas áitiúil a eagraíodh le déanaí agus nár éirigh leo dul chomh fada leis an mbabhta leathcheannais sa chomórtas céanna. Ar an iomlán mar sin is léir go bhfuil ag éirí go hiontach leis an gclub agus tá súil againn go spreagfaidh an teolas thuas daltaí chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí a bhíonn eagraithe.

An Club Díospóireachta Eolaíochta

Tá an club seo bunaithe le

breis agus bliain anois agus glacann na baill páirt i ndíospóireachtaí i rith na bliana. Ar an 23 Márta 2011 ghlac siad páirt i mbabhta reigiúnach na M u m h a n d e dhíospóireacht a bhí ea gra ith e a g D. S. I. Seasann se seo do “Debating Science Issues”. Tá an comórtas eagraithe i gcomhar le Wellcome Trust, Tyndall agus Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Tosnaíodh ar an gcomórtas seo sa bhliain 2008. Tá sé dírithe ar iarbhunscoileanna in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Is comórtas díospóireachta d i n i m i ci ú i l é a spreagann daoine óga páirt a ghlacadh i ndíospóireacht ar na himpleachtaí cultúrtha agus eiticiúila a thagann chun cinn don sochaí san eolaíocht bhithleighis. Ba é an rún a bhí le plé ná: “Molann an teach seo go bhfuil an soláthar agus úsáid gasch ealla suthacha le haghaidh taighde eolaíoch mí-eiticiúil”. Is féidir le gaschealla a fhás go s a o r g a a g u s a chlaochlú ina gcealla speisialaithe le saintréithe i gcomhréir le cealla fíochán éagsúla, mar shampla trí shothrú na matáin nó cealla nearóga. Fíorgaschealla solúbtha a úsáidtear do dhaoine fásta gorialta i dteiripí leighis. Is Ar lean thall

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

FLÚIRSE AN tSAMHRAIDH 2011 ©


parkinsons. Tá c e i s teanna e i t ea ch a áfach ag baint lena leith éid d e leigheas. M a r shampla maráitear an suth nuair a bhaintear na gas-

$ "

chealla as.

féidir gaschealla a ghlacadh ó fhoinsí éagsúla, l e n a n áirirítear corda imleacáin agus an suth. Is iomaí airí atá ag na gaschealla suthacha seo chun roinnt galair a leigheas, leithéidí alzheimers agus

Bhí an scoil seo againne ag argóint gur chóir úsáid a bhaint as an leigheas seo agus nach raibh sé mí-eiticiúil. Ba é pobalscoil Chloch na Coillte an freasúra a bhí againn. D’éirigh le foireann na scoile seo an

Thart ar fiche bliain ó shin a b u n a í o d h Comhphobal Bráithre Proinsia saigh na hAthnuac h a n a i 1 9 8 9 ag ocht mbráithre Caipisíneach Proinsiasach faoi ch eann air each t an Ath. Benedict J. Groeschel, CFR. Ón ochtar comhaltaí agus a gcéad mhainistir, Naomh Crispins sa Bhronx Theas i Nua Eabhrac, Mheiriceá, tá Bráithre na hAthnuachana tar éis fás go dtí thart ar 120 fear agus iad lonnaithe ar a laghad i ndá thír dhéag ar fud an domhain. Thart ar 2008

bhunaigh said misean i Maigh Rois, Co Luimnigh. Thug beirt acu cuairt ar an scoil anseo againne le déanaí chun labhairt leis na mic léinn. Chaitheadar formhór an lae ag caint leis na ranganna eagsúla. Dheineadar cur síos ar an aidhm atá acu sa tsaol, sé sin saol simplí a chaitheamh gan aon bhéim ar mhaoin an tsaoil acu. Ní raibh aon phlean faoi leith acu ach saol tíosach a léiriú. Bhíodar sásta éisteacht agus freagra a thabhairt ar na ceisteanna a bhí ag na mic léinn orthu ag deireadh na cainte. Tríd an dea-shampla bheidís ag súil go

sway a thabhairt leo. Beidh babhta leathcheannais agus babhta ceannais na hÉireann ar siúl san ardchathair amach anseo. Beidh na gaschealla le plé arís mar aon leis an dtástáil a deintear ar ainmhithe do thaighde eolaíochta agus ábhair eile nach iad. Ba iad seo a leanas baill na foirne: Micheál Ó Coinníollaigh, Caoimhín Ó Coileáin, Ruairí Ó Caolaí, Ian Ó Crualaí, Sadhbh Ní Chéilleachair, Óisín Ó Brádaigh de Bláth, Stiofán Springall, Caoimhe Ní Chiaráin, Ellen Ní Fhlanagáin, Beibhinn Ní Chéilleachair, Ciara Ní Chrualaí, Síomha Ní Dheasúnaigh, Eve Ní Riain, Mei-Ling Tong agus Aengus Mac A Bhaird.

!

"

“D’éirigh le foireann na scoile seo an sway a thabhairt leo”.

#

bhfoghlaimeodh daoine conas saol níos fearr a chaitheamh agus bhí sé soiléir gur chuaigh caint na beirte i bhfeidhm ar an-chuid de na mic léinn.

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

FLÚIRSE AN tSAMHRAIDH 2011 ©


Scléip ar lean

ab fhearr i mBabhta Ceannais na hÉireann i 2007.

“Bronnadh duais na moltóirí don iomaitheoir ab fhearr ar Abby Ní Loingsigh”.

Ghlac a lán daltaí ón scoil páirt sa B h a b h t a Reigiún ach i mbliana. Bhí anchleachtadh déanta roimh ré ag gach duine. Chaitheadar a lán ama i mbun oibre dá réir. Bhain A b b y N í Loingsigh, Áine Ní Loingsigh agus Micheál Ó Cionnaolaigh, ball den R ó i s í n Ní ghrúpa “An Seachtú Díochlaonadh” Dhonnchú amach áit i mBabhta Ceannais na ceannais na hÉireann a hÉireann. Bronnadh duais bhíonn ar siúl san moltóirí don ardchathair. Tá an-cháil n a iomaitheoir ab fhearr ar bainte amach ag Coláiste Abby Ní Loingsigh. Mo an Phiarsaigh sna comórtais éagsúla le blianta sheacht mh’anam thú beaga anuas. Shroich an Abby. grúpa traidisiúnta seo againne Babhta Ceannais na hÉireann i 2006, 2007 agus 2008. Bhain an grúpa roc sa scoil, “Los Banitos” amach an duais don ghrúpa

%

# & & '())

I measc na ngrúpaí eile a bhí páirteach ón scoil bhí grúpa gleacaíochta ón gcéad bhliain agus ón triú bliain, bhí na grúpaí traidisiúnta sóisir agus s i n si r [ “An Seachtú Díchlaonadh”], bhí an grúpa roc cheol [“Brioscaí Báite”] agus bhí grúpa damhsa na g c a i l í n í cón aith e. B’amhráin féinch um t h a as gaeilge a chan na grúpaí roc cheoil.

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

Ina theannta sin ghlac iomaitheoirí aonair páirt sna comórtais: Aenghus Mac a Bhaird agus Seán Mac Gearailt [ceol] agus Abby Ní Loingsigh agus Róisín Ní Dhonnchú [Ceoilteoirí Traidisiúiúnta agus Ceoilteoirí Clasaiceacha]. Bhí cead ag Abby dul in iomaíocht sa chomórtas aonair toisc gur ghnóthaigh sí duais na moltóirí. I mbliana eagraíodh Babhta Ceannais na hÉireann ar an 2 Aibreán 2011 in Amharclann an Axis, i mBaile Átha Cliath. Ar son na scoile seo ghlac Róisín Ní Dhonnchú [amhránaíocht aonair], Abby Ní Loingsigh agus Áine Ní Loinsigh [damhsa cruthaitheach – ‘Cosmhuintir’] páirt sa chraobh seo. Thug na daltaí faoin dturas seo go moch maidin Dé Sathairn. Lean na comórtais ar aghaidh i rith an lae. Bhí iomaitheoirí ann ó chian agus ó chóngar. Cé gur dheineadar a seacht ndícheall bhí an caighdeán fíochmhar ard agus níor éirigh leo aon duaiseanna a bhaint amach faraor. Mhol na moltóirí go hard na spéire iad go léir áfach as a n-iarrachtaí. Ba mhaith leis na daltaí go léir buíochas a ghabháil le hIníon Ní Ghoibín as an gcabhair ar fad a thug sí dóibh.

FLÚIRSE AN tSAMHRAIDH 2011 ©


!

"

Is Dalta Cónaithe Mé Tosnaíonn an lá ag a leath uair tar éis a seacht ar maidin. Tar éis dom éirí tógaim cith. Tar éis m’ eadaí scoile a chur orm, téim síos go dtí an bhialinn chun mo bhricfeasta a ithe, timpeall a leath uair tar éis a hocht. Tar éis mo bhricfeasta téim síos go dtí an scoil chun ullmhú i gcóir gnáth lá scoile.

Nuair a chríochnaíonn na ranganna ar scoil ag a leath uair tar éis a trí um thráthnóna, téim suas go dtí an suanlios chun m’eadaí a athrú. Cuirim orm mo ghnáth eadaí agus ullmhaím mo mhála i gcóir an staidéir. Téim síos go dtí an clós ar feadh tamaill chun cispheil a imirt nó téim ag snámh sa linn

snámha ag a ceathair a chlog. Ón a leath uair tar éis a ceathair go dtí a leath uair tar éis a cúig bíonn stáidéar agam. Tar éis an staidéir ithim mo shuipéar. Bíonn sos agam ón a cúig a chlog go dtí a ceathrú tar éis a sé. Ansin bíonn stáidéar agam go dtí ceathrú tar éis a seacht. Ina dhi-

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

aidh sin bíonn cead againn dul go dtí an ríomhlann go dtí a deich noiméad tar éis a hocht. Caithim tamall ansin ag imirt spóirt sa halla nó bíonn cead dul síos go dtí an siopa. Téim suas go dtí an suanlios ag a naoi a chlog agus múchtar na soilse ag a leath uair tar éis a deich.

FLÚIRSE AN tSAMHRAIDH 2011 ©


!

#

$

% % & '

Coicíos na Gaeilge ar lean. cónaí ar an gCárthach i gceanntar Shliabh Luachra agus caitheann sé a lán ama ag taisteal an domhain ag múineadh na sean rinncí gaelacha. Bhaineamar sásamh as an gceardlann. Bhí seans ag gach rang páirt a ghlacadh sna himeachtaí seo agus d’éirigh an-mhaith

leis na hiarrachtaí Maidin eile bhí “Óige V Oilte”ar siúl. Ba é a bhí sa chomórtas seo ná foireann daltaí ó ranganna na hardteistiméireachta agus iad i gcomórtas le foireann mhúinteoirí i gComórtas Tráth na gCeist. Bhí an cuma ar an scéal ó thus go

raibh an dá fhoireann ar chomhchaighdeán. Níl aon dabht ach go raibh éagsúlacht sna ceisteanna a cuireadh. Bhí ceisteanna fíochmhar deacair mata le freagairt! Leis sin nach raibh bahhta tastála bhia, ceisteanna faoin tíreolas agus faoin stair agus

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

araile. Chríochnaigh an comórtas seo ar fad ar chomhscór áfach. Bhuel sin agaibh blas bídeach de na himeachtaí a bhí eagraithe pé scéal é.

FLÚIRSE AN tSAMHRAIDH 2011 ©


" " #$ % & &

*

+

Faoi mar is dual dóibh thug daltaí na hidirbhliana faoi thuras thar lear arís i mbliana i lár mí Feabhra. Is i bPáras na Fraince agus i Lucern na hEilbhéise a bhíodar lonnaithe. Chaitheamar roinnt ama ag caint le daltaí a thug an turas orthu féin féachaint cén saghas cuntais a bheadh le scríobh againn daoibhse. Ambaiste, bhí an cuntas suimúil dar linn.

,

-

./

agus is mó áit a d’fhág daltaí na scoile agus a gcuid múinteoirí rian a gcos ar thaisteal tríd an Eoraip dóibh. Seo a leanas cuntas faoin dturas.

Dé Luain: Bhí orainn dul go dtí aerfort Chorcaí. Ocht a chlog ar maidin a dúradh linn a bheith ann. Ag a cúig noiméad tar éis a h o c h t bhailíomar in ár ngrúpaí chun na malaí a sheiceáíl isteach. Ansin chuamar chun ár mbricfeasta a ithe. Bhí orainn imréiteach custaim a chur dinn ansin. Bhíomar ar an eitleán ag a haon déag a chlog. Shroicheamar aerfort Charles De Gaulle ag a haon a chlog. Ansin fuaireamar bus chuig an tóstan agus bhí orainn na malaí a thógaint amach nuair a bhaineamar an áit amach. Chuamar ar ais ar an mbus agus chuamar ar cuairt chuig séipeál an Baslique du Sacré-Coeur Leanamar ar aghaidh go dtí an Túr Eiffel, an L’arc De Triomphe, Le Louvre agus an Champs d' Elyesses. Chuamar chuig Flunch i gcomhair an dinnéir. Slabhra de bhialanna bia gasta na Fraince is ea iad seo faoi stiúir an chomhlachta Agapes.Tar

éis dinnéir chuamar chuig na Bateaux Mouches. Is é atá i gceist ná le breis agus seasca bliain anuas tá na báid ag bogadh daoine thall agus abhus ar abhainn na Seine. Chonaiceamar na radharcanna go léir ón mbád. D’fhilleamar ar an óstan ansin . Múchadh na soilse ag a aon déag a chlog an óiche úd agus thiteamar in ár gcodladh láithreach gan amhras.

Dé Máirt: D’éiríomar ag a hocht a chlog i gcomhair an bhricfeasta. Ag a naoi a chlog d’fhagamar an t-óstan chun dul chuig Disneyland. Bhriseamar suas in ár ngrupaí agus bhí dhá uair an chloig againn chun dul agus aon chaitheamh aimsire ba rogha linn a dhéanamh. Ag a haon déag a chlog ghlaoigh na múinteoirí an rolla agus bhailíomar linn timpeall na háite. Ansin ag a dó a chlog ghlaoigh na múinteoirí an rolla arís. Ina dhiaidh sin chuaigh mé féin ar an ‘Space Mountain’ cúig bhabhta dhéag. Ag a ceathair a chlog thángamar le chéile arís agus bhí cead ar gcinn againn bailiú linn arís go dtí a seacht a chlog. Níorbh fhada gur thosnaigh sé ag cur báistí áfach. Chuamar go léir isteach sa phictúrlann chun féachaint ar na seán cartúin. Ag a seacht a chlog d’fhágamar slán leis an bpáirc agus chuamar chuig ‘Planet Hol-

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

lywood’ i gcomhair an dinnéir.

Ar ais linn ar an mbus tar éis dinnéir agus nuair a shroicheamar an t-ostán bhíomair ag prapáil chun dul chun na hEilbhéise . Ní bhfuair mórán daoine aon chodladh an oíche sin. Is amhlaidh go rabhamar ag taisteal chun na hEilbhéise i rith na hóiche ar bhusanna. D’fhéachamar ar an scannán ‘Role Models’ an oíche sin agus d’fhéach na daltaí ar an mbus eile ar ‘The Pursuit Of Happyness’. Bhí ar na tiománaithe na busanna a stopadh cúpla uair chun sos a thógaint. Bhí bricfeasta againn ag a leath uair tar éis a sé ar maidin i mbialann de shaghas éigin.

Dé Céadaoin: Shroicheamar an t-Óstan Baeren ag a hocht a chlog. Ansin bhí dhá uair an chloig codlata againn. Ag a leath uair tar éis a deich chuamar go dtí Interlakken ar an traein. Shroicheamar Interlakken ag a dó dhéag a ch l og. Ch ua m a r ag scátáil oighir. Tar éis lóin bhí roinnt ama saor againn. Ag a cúig a chlog thaistealaíomar ar an traein ar ais chuig an

FLÚIRSE AN tSAMHRAIDH 2011 ©


chuamar ar an mbus chuig staisiún traenach chun dul suas go dtí na sléibhte. Fuaireamar dhá charr cáblá suas agus leath slí suas stopamar ag baile beag Murren. Shroicheamar an áit ag a dó dhéag a chlog. Dh ein eamar r oin n t siopadóireachta agus ch ea n n a í om a r a l á n seacláide. Chaitheamar tamall ag snámh chomh maith agus ag scátáil oighir.

$ t-óstán. D’imir mé féin agus roinnt de na buachaillí sacar sa chlós a bhí in aice láimhe. Ag a leath uair tar éis a sé bhí dinnéar againn. An óiche sin d’fhéach roinnt de na buachaillí ar an gcluiche sacair idir Arsenal agus Barcelona. Bhí gach duine eile ag imirt cartaí. Ná bí á rá go rabhas a rá anois, an dtuigeann tú, ach chaill roinnt múinteoirí a lán airgid. Ligeadar orthu go rabhadar ag baint taitnimh as na cártaí ach tá an-amhras go deo ormsa faoin méid sin caithfidh mé a rá. Ní mó ná sásta a bhíodar a déarfainn. Chuamar chuig an leaba go luath. Déardaoin: Bhí bricfeasta againn ag a hocht a chlog ar maidin. Thaistealaíomar go dtí Luzern ar an mbus. Shroicheamar an áit thart ar haon déag a chlog. Bhí sé ansuimiúl bhí morán rudaí le feiceáil agus le déanamh ann. Bhí ionsamhlóir eitilte agus ionsamhlóir héileacaptair ann agus bhí scútar ann chun imirt leis. Bhí tú in ann dul isteach i gceann de na heitleáin. Chaitheamar a lán ama ag gábháil timpeall na cathrach. Thugamar cuairt ar Dhr oi chea d an t seipéil ("Kapellbrücke" i nGearmáinis ) d r o i -

chead 204 m (670troigh) ar fhaid, ag trasnú abhainn an Reuss igcathair Luzern na hEilbhéise. Is é an dr oi ch ea d cl ú da ith e adhmaid is ársa san Eoraip é, agus ceann de na radharcanna turasóireachta is mó le rá ar domhan agus san Eilbh éis féin . Dearadh agus tógadh é i 1333, chun cuidiú leis an gcathair í féin a chosaint ó ionsaithe. Scriosadh cuid mhaith den droichead i 1993 nuair a chuaigh sé trí thine. Tá sé athtógtha inniu áfach. Tagann na mílte turasóirí chun an radharc iontach a fheiceáíl gach bliain. Ina dhiaidh sin chuamar ar ais chuig an t-óstán don dinnéar. Ag a leath uair tar éis a seacht chuamar ag babhláil. Bhí an -chraic go deo againn. D’fhilleamar ar an óstán ar a deich a chlog agus múchadh na soilse ar a haon déag a chlog.

Dé hAoine: D’éiríomar ag a hocht a chlog le haghaidh an bhricfeasta. Ansin ag leath uair tar éis a hocht

Níor theastaigh ach ó dháréag dul ag snámh mar sin bhí a lán daoine ag déanamh scatáil oighir. Bhaineamar úsáid as an Jacuzzi ar feadh tamaill. Bhí greim le nithe againn agus ansin fuaireamar carrchábla eile ó Murren suas chuig barr an ‘Schilthorn’. Deineadh cuid den scannán, On Her Majesty’s Secretive Service, in ar ghlac an carachter James B o n d páirt ann, ar an láthair sin. Bhí sé ansuimiúl ach an droch rud faoi ná n a c h raibh tú in ann aon rud a fheiceáil ón mbarr seachas sneachta. Bhí bialann ar bharr na binne a rothlaíonn. Chuamar síos an sliabh arís. Fuaireamar trí charrchábla ar an slí síos agus fuaireamar an bus ar ais chuig an t-ostán. Bhí dinnéar againn agus ag a leath uair tar éis a seacht bhí Tráth na gCeist againn. Cheapas féin go raibh se an-

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

ghreannmhnar. Bhuaigh foireann Ronáin arís áfach ! Thaínig m’fhoireann san seachtú áit as trí áit déag. Chuamar go dtí an leaba ina dhiaidh san. An Satharn: D’éiríomar ag a hocht a chlog agus bhí bricfeasta againn. Chuamar ar an mbus chuig ‘Geneva’. Shroicheamar an áit ag a haon déag a chlog agus bhí cúpla uair an chloig saor againn chun dul timpeall ‘Geneva’. Bhí roinnt siopadóireachta le déanamh ag gach duine againn. Ansin chuamar ar an mbus agus thugamar faoin aerfort. Bhí orainn imréiteach custaim a chur dinn agus go gairid ina dhiaidh bhíomar ar ár slí abhaile. Shroicheamar

& aerfort Chorcaí thart ar a fiche noiméad tar éis a cúig um thráthnóna. Bhaineamar go léir ana thaitneamh agus a lán suilt as an dturas agus gabhaimid buíochas le gach duine a chabhraigh in aon slí an turas a eagrú. Mar a deireann an seanfhocal, bíonn an duine siúlach, scéalach.

FLÚIRSE AN tSAMHRAIDH 2011 ©


' Le déanaí d’éirigh linn agallamh a fháil le David Bowie Mise: Dia duit David Bowie. Go raibh mile maith agat as ucht an ama a thógaint as d’amchlár gnóthach chun an t-agallamh seo faoi dhr uga í a dhéanamh. Conas atá tú? Bowie: Gruvy baby.

& %

Mise: Ceart go leor, ar an gcéad dul síos cathain a thosaigh tú ag tógaint dr u ga í, a gu s cén difríocht a rinne sé do do shaol. Bowie: Níl mé in ann smaoineamh ar chathain a thosaigh mé ag tógaint drugaí. Is é sin an rud is measa ní féidir liom smaoineamh i ndáiríre. Sin é an éifeacht atá ag drugaí orm, chuir an méid seo isteach go mór ar mo shaol. Tá beirt pháiste agam anois agus deanaim dearmad go han -mhinic ar a nainmeacha, cuimhnigh air sin, tá m’inchinn millte ag drugaí.

Mise: Ar athraigh drugai do cheol? Bowie: Cinnte d’athraigh. Tar éis pot a thógáil bhi samhlaíocht i bhfad níos fearr agam. Freisin chabhraigh sé liom mo alter egos, Ziggy Stardust agus The Thin White Duke a dhéanamh níos fíre. Mise: Dá mbeadh an dara rogha agat an dtógfá drugaí? Bowie: Ní thógfainn ná é, táid tar éis mo “bhlianta órga” a mhilleadh.

Mo thuairim faoi dhrugaí I mo thuairim, creidim gur cheart gach saghas drugaí a dhéanamh mídhleatheach. Is é mo thaithí féin ná nach

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

féidir le gnáth dhaoine smacht a chur orthu féin nuair a thugtar an iomad saoirse dóibh. Sampla maith de seo is ea alcól. Déanann sé a lán damáiste don chorp. In Éirinn tá níos mó agus níos mó daoine ag fáil bháis de dheasca míúsáid an alcóil. Ní amháin go gcuireann an mí-úsáid seo isteach ar an duine a ólann an iomad ach cuireann sé isteach ar mhórán daoine eile chomh maith. Nuair a bhíonn an iomad alcóil ólta ag duine tá baol i bhfad níos mó go dtosnóid an duine sin ag troid agus uaireanta is é an toradh a bhíonn ar seo ná go maraítear duine éigean. Is é mo thuairim láidir mar sin gur chóir bac iomlán a chur ar an alcól sa tír seo. Toradh amháin a bheadh ar sin ná go dtosnódh daoine á iomportáil. Nuair a bhíonn earra míleatheach, deánann daoine iarracht é a iomportáil ó thíortha eile. Spreagann sé seo foréigean. Ar deireadh áfach bheadh sé níos fearr drugaí a bheith mídhleathach.

FLÚIRSE AN tSAMHRAIDH 2011 ©


(

$ % & &) * +, -

Daltaí an ceathrú agus an cúigiú bliain in Iarthar Chorcaí um Cháisc 2011 agus iad i mbun siúlóide do Ghaisce. Ba í Iníon Ní Chonchubhair [Nua-Theangacha] a d’eagraigh an ócáid.

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

FLÚIRSE AN tSAMHRAIDH 2011 ©


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.