NUACHT SAMHRADH 2007

Page 1

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

FUTA FATA SAMHRADH 2007

Futa Fata

NUACHTLITIR SCOILE CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN AN tSAMHRAIDH

SEO FAISIN 12 MÁRTA 2007 1


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

EAGARFHOCAL

AN LÁ GEARMÁINISE

A chairde, Beatha agus sláinte. Fáilte roimh gach duine go dtí an nuachtlitir seo Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an Máistir Ó Súilleabháin [Stair] agus leis an Máistir Ó Céilleachair a chabhraigh linn leis an obair. Bhí foireann iontach againn freisin. Ceapaimid go mbainfidh sibh taitneamh as an nuacht atá anseo. Thóg sé tamall orainn an nuacht a bhailiú. Tá an Samhradh buailte linn arís agus leis an aimsir ghleoite seo táimid ag súil go mbeidh áthas an domhain oraibh cóip de ‘Futa Fata’ a thabhairt libh ar bhúr laethanta saoire. Bíodh Samhradh deas agaibh go léir. Beir bua agus beannacht.. Conchúr Ó Muireasáin [Eagarthóir] Grianghraf an chlúdaigh: Ó chlé Diarmuid Ó Mathúna agus Ciara Breathnach

ARD-FHEAR Comhghairdeas do Naoise Ó hUallacháin a bhuaigh an Bonn Óir sa Mhatamaitic Fheidhmeach, Gradam Scoileanna Chorcaí 2006. Iardhalta Choláiste an Phiarsaigh is ea Naoise a rinne Scrúdú na hArdteistiméireachta i 2006. Rinne sé staidéar ar an ábhar faoi stiúir an Mháistir Mhic Chraith.

Ar an 9 Bealtaine chuir an idirbhliain Lá Gearmáinise i láthair. Bhi an idirbhliain faoi stiúir Iníon Uí Chiarba. Chuir na daltaí a lán gníomhachtaí ar siúl do dhaltaí a dhéanann staidéar ar Ghearmáinis. Chuir siad fáilte roimh ranganna Iníon Uí Sheaghdha agus Iníon Uí Bhreathnach. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghábháil leis na múinteoirí seo as a gcomhoibriú ar an lá. Chabhraigh siad linn chomh maith ag ullmhú don ócáid seo. Bhí an ócáid ar siúl i seomra 12 agus 13 agus lean sé ar feadh an lae. Bhí dráma, tráth na gceist, damhsa, amhránaíocht, caint phoiblí agus bia Gearmánach i gcomhair na ndaltaí a ghlac páirt ann. D’ullmhaigh na daltaí féin cuid den bhia iad féin. Bhain na daltaí a lán taitnimh as an lá agus ba mhaith le daltaí na hidirbhliana buíochas mór a ghabháil le hIníon Uí Chiarba as an obair go léir a rinne sí agus an chabhair go léir a thug sí do na daltaí agus iad ag eagrú an lae. Bronnadh teastas ar na daltaí a ghlac páirt. Bronnadh teastas speisialta orthu siúd a bhuaigh comórtas chaint phoiblí agus comórtas thráth na gceist.

LÁ SPÓIRT 2007

FUTA FATA SAMHRADH 2007

EAGRÁN AN tSAMHRAIDH Foireann na Nuachtlitreach 2006-2007

Breathnach Colm de Barra Maitiú Mac Cana Eoin Mac Raghnaill Somhairle Mac Suibhne Peadar Mac Uilcín Jason Ó Brian Dónal Ó Cróinín Conchúr Ó Dúinín Ciarán Ó Dúinnín Gabhán Ó Fógartaigh Risteárd Ó hUallaigh Stiofán Ó Lachtnáin Tadhg Ó Laoire Donnchadh [Leas-Eagarthóir] Ó Madagáin Seán Ó Maoláin Brian Ó Mathúna Ciarán Ó Muireasáin Conchúr [Eagarthóir] Ó Murchú Oisín Ó Murchú Rian

COLÁISTE AN PHIARSAIGH, GLEANN MAGHAIR, CORCAIGH. 2007 © Ríomhphost: nuachtscoile@yahoo.co.uk

AONAD DE CHUID NA hIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR “FUTA FATA SAMHRADH 2007”

2


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

FUTA FATA SAMHRADH 2007

AN SIOPA Fuair na daltaí i gColáiste an Phiarsaigh droch scéal cúpla seachtain ó shin. Fuaireamar amach go raibh an stáisiún peitril trasna an bhóthair ag dúnadh síos i gceann tamaill. Baineadh preab asainn. Is scéal úafásach é mar téann beag nach leath den scoil go dtí an siopa gach maidin i gcóir lóin agus bia. Braitheann a lán daoine ar an siopa gach lá agus is caillúint ollmhór dúinn é. Is áis an-ghóthach é agus is páirt mhór de phobal Ghleann Mhaighair é agus is páirt mhór de Choláiste an Phiarsaigh é fresin. B'fhéidir gur cheart do ghrúpa teacht le chéile sa scoil agus siopa beag a oscailt i rith am lóin. Beidh a lán daoine caillte gan an ionad seo. Is é an t-aon ionad peitril i nGleann Maghair é. Tá sé ráite go mbeidh ionad nua siopadoireachta ann tar éis an tsamhraidh ach tá an seans ann nach mbeidh sé réidh in am. Ní dhéanfaidh an scoil dearmad ar an áit seo mar bhí na daoine an-deas agus cairdiúil agus thug siad seirbhís den scoth dúinn thar na blianta.

AGALLAMH LE MICHELLE: Dhein an nuachtlitir agallamh le Michelle i siopa Texaco, a thug seirbhís den scoth le linn na gcúig bliana deireanacha. C: An raibh tú ag obair anseo i gcónaí? F: Ní rabhas, bhí mé ag obair i Dunnes agus i Super Valu chomh maith. C: An mó bliain atá caite agat ag obair anseo? F: Tá mé anseo le cúig bliana C: Cad iad na míbhúntaistí a bhain le bheith ag obair anseo? F: Ag seasamh don lá agus daoine feargacha.

DUAISBHRONNADH SAMHRADH2006

C: Arbh é seo an post ab fhearr a thaithin leat ? F: Thaithin sé go mór liom toisc gur bhuail mé le mórán daoine deasa C: Ar thaithin sé leat a bheith ag déanamh gnó leis an scoil? F: Is daoine iontacha iad na daltaí agus na múinteoirí, bhí an- spraoi againn C: Conas a bhraitheann tú faoin ngaráiste ag dúnadh síos? F: Braithim brónach, braithfdh mé uaim gach duine ag teacht isteach gach maidin. C: An bhfanfaidh tú anseo chun post a fháil san ionad nua? F: Fanfaidh mé anseo má fhanann gach duine eile. C: An bhfuil aon chuimhní speisialta agat faoi a bheith Ag obair anseo? F: Tháinig Ronan Keating isteach an bhliain seo caite. Bhí áthas an domhain orm bualadh leis. C: Cad iad na buntaistí atá ag baint leis an siopa nua? F: Níos mó rogha ann, uaireanta oscailte níos faide agus glantóir carr. C: An gceapann tú go bhfuil dea-chaidreamh leis an scoil? F: Is dóigh liom go bhfuil. C: An bhfuil aon rud le rá agat le daltaí Choláiste an Phiarsaigh? F: Go raibh maith agaibh i gcomhair gach rud.

Thuas, ó chlé: Ciarán Ó Murchú, iomanaí na bliana 2005-2006 agus Dara Mac Ruairí peileadoir na bliana 2005-2006. Thíos: Caoimhe Ní Lonargáin captaen foireann díospóireachta Gaeilge Sóisearach na scoile 2006

3


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

FUTA FATA SAMHRADH 2007

CEOLCHOIRM NA NOLLAG 2006 AN CLÁR 1. Cór an tSéú Bliain: Iníon Uí Chionnaith. (Bliain 6) 2. Maneater: Iníon Uí Leader & Sinéad Sheppard’ (Bliain 4) 3. Geamaireacht: Iníon Uí Dhonnchú. (Bliain 5) 4. Grúpa Ceoil na Scoile: Iníon Uí Ghrainbhéil. 5. Meascán Drámaíochta: Iníon Uí Loingsigh. (Bliain 1) 6. La Copa de la Vida: Iníon Uí Sheághdha. (Bliain 2) 7. Rince Gaelach: Iníon Uí Chionnaith. 8. Angels: Iníon Uí Dhonnchú. (Bliain 2) 9. Sound Addiction: (Banna Ceoil) 10. Les Gourmandises: Iníon de Buitléar. (Bliain 2) 11. Jerry Springer: Iníon Uí Argáin. (Bliain 2) 12. Nuacht: Iníon Uí Loingsigh. (Bliain 1) 13. Big Brother ar Scoil: Iníon Uí Dhonnchú. (Bliain 2) 14. Cór na Scoile: Iníon Uí Ghrainbhéil. 15. Damhsa Nua-aimseartha: Iníon Uí Leader 16. Ceoldráma 'Alaidín': Iníon Uí Chionnaith & Iníon Uí Íbhín. (Bliain 4) 17. Amhránaíocht Nollag: Iníon Uí Chionnaith & Iníon Uí Laocha. (Bliain 4)

Bliain 2—Les Gourmandises

An Fhoireann: Léirithe agus Stiúrtha ag: Máire G. Ní Chiarba Curtha i láthair ag: Brian Ó Súilleabháin, Diarmuid Ó Mathúna, Suzanne Beecher, Edel Ní Ríordáin, Emer Ní Seoighe, Avelina Ní Chrualaoich

Shane Ó Liatháin, Risteárd Ó Fógartaigh

Foireann Stáitse: Cian Ó Mathúna (Bainisteoir), Seán Beecher, Risteárd Ó Dálaigh, Lisa Towler, Seán Ó Fiacháin, Ciarán Ó Mathúna, Somhairle Mac Raghnaill Fuaim: Shane Ó Liatháin, Risteárd Ó Fógartaigh, Pól Mac Meirbhic Clár curtha le chéile ag: Shane Ó Liatháin

Bliain 2—Les Gourmandises

4

Edel Ní Riordáin, Suzanne Beecher

Avelina Ní Chrualaoich , Emer Ní Seoighe

Brian Ó Súilleabháín, Avelina Ní Chrualaoich

Diarmuid Ó Mathúna


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

AGALLAMH AN TRÍÚ BLIAIN FAOIN TEASTAS SÓIRSEARACH Chuamar chun cainte le daltaí an Teastais Shóisearaigh le déanaí. Bhí caint agus comhrá ar bun againn. Mheasamar go mbeadh suim ag daoine an méid a bhí le rá acu faoin mbliain a léamh. Chuige sin chuireamar na ceisteanna seo leanas orthu. 1

Conas a d’éirigh libh sna réamh - scrúduithe? Ceart go leor, cé go raibh siad deacair go maith.

2 An raibh siad deacair ó thaobh ama de? Sea do bhí, ach bhí cleachtadh maith againn. 3. An raibh sibh neirbhíseach an óiche roimh ré? Ní rabhamar.

ÓICHE NA hIDIRBHLIANA 2007 Tá gach duine sa cheathrú bliain ag tnúth go mór le hoíche na hidirbhliana. Beidh sé ar siúl i rith mí na Bealtaine. Tá súil againn go mbeidh craic agus spraoi sa halla! Bhí na ranganna ag ullmhú le haghaidh cúpla mí anuas. Ní féidir le foireann na nuachtlitreach fanacht le haghaidh na hoíche. Tá droch thaobh leis seo, áfach, beidh an ceathrú bliain an-ghnóthach le haghaidh na seachtaine atá fágtha. Beidh an ceoldráma “Olivia Twist” ar siúl agus tá an fhoireann aisteoirí an-neirbhíseach go deo. Chuir foireann na nuachtlitreach ceist ar Chian Ó Mathúna a ghlacann páirt Artie, conas a bhí cúrsaí i láthair.Bhí drogall air labhairt linn ach bhí an méid seo le rá aige; “Bíonn an-chraic againn ag déanamh an dráma agus tá súil agam go mbeidh gach rud go breá ar an óiche” Go n-éirí leo. AGALLAMH AN MHÚINTEORA

4. Cén moladh a thabharfadh sibh don dara bliain agus iad ag dul isteach sa tríú bliain? Tosnaigh ag staidéar tar éis na Nollag, beidh sé níos easca dóibh. 5. Cad iad na hábhair ba dheacra? Mata agus Eolaíocht. 6. An gceapann tú gur chabhraigh na réamhscrúduithe leat ó thaobh staidéir de? Chabhraigh mar chonaiceamar cad a bhí ar eolas againn agus cad nach raibh ar eolas againn. 7. An bhfuil sibh neirbhíseach ag teacht suas go dtí scrúduithe an Teastais Shóisearaigh? Níl. 8. An bhfuil do thuismitheoirí do do chrá leis na ceisteanna seo; ‘an bhfuil tú ag staidéar’, ‘conas a bhí na scrúduithe? Sea tá siad, gach oíche. 9. An bhfuil bhur saol sóisialta tar éis athrú ó thosaigh sibh sa tríú bliain? Tá sé imithe in olcas. 10. An gceapann sibh go bhfuil na múinteoirí tar éis ullmhú maith a dhéanamh libh? Sea tá, tá siad ar fheabhas ar fad. 11 Cathain a thosnaigh sibh ag staidéar? Tús na bliana seo.

FUTA FATA SAMHRADH 2007

An Máistir Briscoe 1. 2. 3. 4.

5. 6. 7. 8. 9.

10. 11.

12. An gceapann sibh go bhfuil an iomad béime curtha ar scrúdú an Teastais Shóisearaigh? Sea, tá.

12.

13. An mó uair an chloig a chaitheann sibh ag staidéar? Bhuel, a lán, gach deireadh seachtaine agus gach óiche anois.

13.

Cé mhéad bliain atá tú ag obair i gColáiste an Phiarsaigh? Trí bliana déag. Cén saghas dalta is fearr leat sa scoil? Dalta a dhéanann a dhícheall Cad é an t-ábhar is fearr a thaitníonn leat? Stair. Trí rud a d’athrófá sa scoil? Dathanna foirne na scoile a athrú go dtí dubhgorm agus gorm, seomra foirne níos fearr, plásog ghailf a chuir ar thalamh scoile. Cad a dhéanann tú sa seomra foirne? A lán ceartúchán agus an páipéar nuachta a léamh. Cad é an chúlchaint sa seomra foirne faoi láthair? An bhfaighidh Magda a jab thar nais. Cén caitheamh aimsire is fearr leat? Galf agus spórt. An bhfuil foireann “cheerleaders” ag teastáil sa scoil? Gan dabht! An mbeidh tú ag rith ar an lá spóirt scoile le haghaidh foireann na múinteoirí sa rás sealaíochta? Ní bheidh mar ghortaigh mé mo chos sa chogadh. Cá dtéann tú ar do laethanta saoire? Go dtí an Spáinn. Cén fáth ar roghnaigh tú a bheith i do mhúinteoir? Bhain mé taitneamh as a bheith i gceannas ar fhoireann peile. Dá mbuafá an crannchur náisiúnta cad a dhéanfá leis an airgead? Ba bhreá liom foireann sacair Shelbourne a cheannach Trí rud a d’athrófá faoin domhan? Chuirfinn cosc ar SUV’s, chaithfeadh daoine fón póca a mhuchadh in áiteanna poiblí cosúil le bialann agus thabharfainn bata agus bóthar do George Bush.

5


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SUIRBHÉ FAOIN dTURAS GO DTI AN RÓIMH

TURAS GO DTÍ AN RÓIMH Chuaigh daltaí na hIdirbhliana ar thuras thar lear go dtí an Róimh i mbliana. Tar éis a lán pleanála d'fhágamar Aerphort Chorcaí ar maidin Mhárta fhliuch. Thóg an turas thart ar thrí huaire an chloig orainn agus bhí sé cúig a chlog ar maidin nuair a shroicheamar aerphort na Róimhe. Toisc go raibh sé chomh déanach sin agus sinn ag sroichint an óstáin, ní raibh aon rud le déanamh ach ár ndinnéar a ithe agus dul a chodladh. D'éiríomar go luath ar maidin agus chuamar chuig cathair na Róimhe é féin. Chaitheamar an lá anseo ag féachaint ar na radharcanna ar fad. Ní fhéadfaimís é a thuiscint conas go raibh an méid seo staire i gcathair amháin. Thosnaíomar ag an Vatacán, áit go dtugamar cuairt ar uaigheanna na bPápaí agus an ealaíon ar fad. Tar éis dúinn an Vaticán a fhágaint thugamar aghaidh ar an Colosseum. Bhí airde na bhfallaí dochreidthe agus chuaigh sé dian orainn a thuiscint conas gur tógadh é na mílte bliain ó shin. Dúradh linn faoi na h-eachtraí iontacha a bhíodh ann ar nós cogadh uisce. Ón gColosseum, bhogamar ar aghaidh chuig Fóram na Róimhe. Ní raibh puinn le feiscint anseo ach fós is radharc iontach é le mmmmmmmmmmmmmmmmmm breathnú air. Don chuid eile don tráthnóna tugadh timpeall na cathrach sinn agus taispeánadh séipéil, pálásanna agus foirgnimh eile dúinn a tógadh na mílte bliain ó shin. Gan amhras bhí foirgnimh bhreátha a tógadh san fhichiú haois le feiceáil chomh maith. Chun an lá a chríochnú thugamar cuairt ar an "Time Elevator" áit go bhfacamar scannán. I rith an scannáin bhíodh na suíocháin ag bogadh chun cabhrú leat an rud ar an scáileáin a shamhlú. Cheapas féin gurbh é seo an turas ab fhearr i mo shaol agus raghainn ar ais ann arís dá mbeadh an seans agam.

COICÍOS NA GAEILGE

Rinneamar suirbhé i measc daltaí na hidirbhliana chun a dtuairimí a chloisint faoin dturas a thugamar ar an Róimh le déanaí. Anseo thíos gheobhaidh sibh tuairim faoi cad a cheap siad. 1. 2. 3. 4.

5.

6. 7. 8. 9. 10.

11. 12.

John Spillane i mbun a cheird nuair a tugadh cuireadh dó teacht go dtí an scoil i rith Coisíos na Gaeilge 2007

6

FUTA FATA SAMHRADH 2007

Ar thaitin an turas go dtí an Róimh leat? Sea 96% Ní hea 4% An rachfá ann arís? Sea 70% Ní hea 30% An raibh tú sásta leis an áit agus an t-ostán? Sea 60% Ní hea 40% Cad iad na rudaí ab fhearr faoin turas? Cathair na Róimhe 36% Cairde 20% Siopadóireacht 20% Pompeii 12% Bia 12% Cad iad na rudaí ba mheasa faoin turas? Taisteal 28% Óstán 20% Múinteoirí 18% Bia 12% Gan dul go Vesuvius 8% Éirí go luath 14% An raibh sé chomh maith agus a cheap tú a bheadh sé? Sea 80% Ní hea 20% An raibh na múinteoirí dian? Sea 58% Ní hea 42% Cad a cheap tú faoi na daoine ann? Thaithin siad liom 72% Níor thaithin 28% Conas a bhí an bia? Suimiúil 26% Go deas 40% Go holc 34% An ndéanfá aon rud difrúil dá raghfá arís? Ní dhéanfainn 36% Ostán difrúil 20% Níos mó ama sa Róimh 20% Níos mó bia 6% Níos mó ama san Iodáil 12% Níos mó codhladh 6% An gceapann tú go raibh an turas rófhada? Bhí 52% Ní raibh 48% Cad a cheap tú faoi chultúr na hIodáile? Go maith 46% Suimúil 42% Go holc 12%


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

FUTA FATA SAMHRADH 2007

TROSCADH CONCERN Rinne an scoil seo éacht arís i mbliana do Concern. Bhailigh múinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí na scoile a lán airgid nuair a d’eagraigh an Máistir Ó Súilleabháín [Stair] troscadh. Is féidir le gach duine againn a bheith bródúil as an sár-iarracht a deineadh. Ba mhaith leis an Máistir a bhuíochas a ghábháíl le gach duine a chabhraigh. Ag ócáid bronnta na dteastas in Ionad Siopadóireachta Liffey Valley, Baile Átha Cliath ar an 29 Márta 2007 tá, ó chlé: An Máistir Ó Súilleabháin a d’eagraigh Troscadh Concern 2006 i gColáiste an Phiarsaigh; Máirtín Ó Dúgáin agus Grás Nic an Ultaigh, daltaí chéad bhliana i gColáiste an Phiarsaigh agus Ian Dempsey, Today FM, a bhronn na teastais. Bailíodh ¼11,005.00 do Concern.

LEAS-CHEANNAIRÍ AN TEASTAIS SHÓISEARAIGH 2006—2007

An Chéad Bhliain: Ainm: Máire Ní Luasa Rang: Ciarán Caitheamh Aimsire: Rince, Ceol Íol: Monica Mac Lochlainn

An Dara Bliain: Ainm: Dylan de Cruise O Sé Rang: Aoileann Caitheamh Aimsire: Sacar, Marcaíocht An t-imreoir is fearr leat: Steven Gerard

An Chéad Bhliain: Ainm: Jennifer Ní Chróinín Rang: Pádraig Caitheamh Aimsire: Siopadóireacht Íol: Tommy Tiernan

An Tríú Bliain: Ainm: Fionntán de Búrca Rang: Barra Caitheamh Aimsire: Sacar, CLG An t-imreoir is fearr leat: Roy Keane

An Chéad Bhliain: Ainm: Aengus Mac an Bhaird Rang Niamh Caitheamh Aimsire: Tae Kwo-Do Íol: Peter Crouch

An Triú Bliain Ainm: Fiona Nic Fhinn Rang: Fiona Caitheamh Aimsire: Cispheil, siopadóireacht An t-imreoir is fearr leat: Fionntán de Búrca

An Dara Bliain: Ainm: Ciarán Ó Cróinín Rang: Fiachra Caitheamh Aimsire: Iománaíocht, Cispheil, Peil. An t-imreoir is fearr leat: Peter Crouch An Dara Bliain Ainm: Fanahan Mac Suibhne Rang: Murcha Caiteamh Aimsire: Iomanaíocht, Sacar An t-imreoir is fearr leat: Steven Gerard.

An Triú Bliain Ainm: Shauna Ní Fhearghail Rang: Cormac Caitheamh Aimsire: Siopadóireacht, mainicíneacht An t-imreoir is fearr leat: Fiona Ní Chonaill An Triú Bliain Ainm: Elaine Ní Chonchubhair Rang: Róisín Caitheamh Aimsire: Rince, Mainicíneacht An t-imreoir is fearr leat: Peter Crouch

7


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

FUTA FATA SAMHRADH 2007

SAORDHRÉACHT FAISIN D’FHONDÚIREACHT HOPE

Ar an 12 Márta 2007 d’eagraigh Coláiste an Phiarsaigh saordhréacht faisin in óstán an Moran Silversprings, Corcaigh chun cabhrú l e i s a n bhFondúireacht Hope. D’eagraigh idir mhúinteoirí, dhaltaí agus thuismitheoirí an óiche. Bhí a lán oibre le déanamh chun an ócáid a chuir i gcrích. An aidhm a bhí leis ná daltaí ón scoil a chur go dtí an India chun an obair atá ar bun ag Hope a fheiceáil agus cúnamh a thabhairt leis an obair atá ar siúl. Fondúireacht is ea Hope a chabhraíonn le leanaí gan dídean sa triú domhan. Rinne siopaí in Ionad Siopadóireachta Mhachain urraíocht ar na héadaí. Cuireadh luach na mílte euro éadaí ar fáil. Na mainicíní ba ea na daltaí agus na múinteoirí. Bhí aoi speisialta i láthair áfach. Ba é siúd Peter Kelly go mbíodh an clár teilifíse “Brides of Franc” á chuir i láthair aige. D’éirigh go hiontach ar fad leis an iarracht. Bailíodh na mílte euro ar an óiche. Chuaigh Niamh Ní Dhunáin, Micheál Ó Máoldomhnaigh, Deirdre Ní Dhubhda, Nikki Truss and Rachael Whitmore, daltaí idirbhliana sa scoil go dtí Calcutta i rith mí na Márta mar thoradh ar an óiche úd. Ba mhaith le Coláiste an Phiarsaigh buíochas ó chroi a ghabháil leis na siopaí, an t-ostán agus le gach uile dhuine a thug cabhair in aon slí ag ullmhú na hocáide. Go raibh míle maith agaibh go léir.

8


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.