NUACHTSCOILE NOLLAIG 2011

Page 1

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN NA NOLLAG 2011

Súil Eile SCOTHSCOLAIRÍ 2010 - 2011

Scothscolairí Choláiste an Phiarsaigh 2010—2011 Ó chlé Caoimhe í Chiaráin an Cúigiú Bliain, Sinéad í Argáín an Dara Bliain, Aaron Ó Mathúna an Triú Bliain agus Lucy í hAilín na Chéad Bhliana

NUACHTLITIR SCOILE CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN NA NOLLAG 2011


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE: EAGRÁN NA NOLLAG 2011

Go Diail Ar Fad “SÚIL EILE” Amanathar an lae a d’fhilleamar tar éis bhriseadh na Samhna ba mhór an sásamh dúinn idir mhúinteoirí, dhaltaí agus thuismitheoirí an dea-scéal a fháil go raibh scoláireacht de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta le bronnadh ar iar-dhalta Choláiste an Phiarsaigh, Fíona í Riordáin as feabhas a torthaí i Scrúdú na hArdteistiméireachta i 2011. In Éirinn, i 2011 thug 51,991 dalta faoi scrúdú sa Mhatamaitic, thug 51,455 dalta faoi scrúdú sa Bhéarla agus thug 44,397 dalta faoi scúdú sa Ghaeilge. Is léiriú é seo ar an iomaíocht fhíochmhar a bhí i gceist chun scoláireacht a bhaint amach. Seacht Scoláireacht na Cásca Seachtain Chomórtha 1916 a bhronann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta go bliantúil ar mhic léinn bunaithe ar na torthaí is airde i ngrúpaí ar leith ábhar san Ardteistiméireacht. í gá do mhic léinn iarratas a dhéanamh ar na scoláireachtaí. Tá siad bronnta i leith cúrsaí tríú leibhéal mar atá ceadaithe faoi Scéim na nDeontas Ardoideachais. Tugadh na dámhachtainí ag an Roinn Oideachais i 1966 chun comóradh 50 bliain Éirí Amach na Cásca, seachtar mac léinn a cheiliúradh; ceann do gach síniú an Fhorógra. Tá an scoil fíochmhar bródúil go deo as an ngníomh gaiscíochta a bhain Fíona amach. Is gaisce thart na bearta é gan aon agó nuair a chuirtear san áireamh nach mbronntar ach seacht gcinn de na scoláireachaí seo sa tír. Ba mhaith linne, foireann na nuachtlitreach, comhghairdeas ó chroí a ghabháil le Fíona as an éacht iontach seo. Ina theannta san nár tháinig dea-scéal eile chugainn sa scoil ag deireadh Mhí na Samhna. Cuireadh in iúl dúinn go raibh scoláireacht iontrála de chuid Ollscoile Chorcaí le bronnadh ar chúigear iar-dhalta Choláiste an Phiarsaigh mar a bhfuil, thuas ar chlé:

EAGRÁ A OLLAG 2011 FOIREA A UACHTLITREACH

Ní Dhuinnshléibhe, Máiréad Purdy, Erin Mac Con Coille, Niall Ní Fhlanagáin, Meabh Ní Mhaoldomhnaigh, Maebh Ní Chearnaigh, Áine Ó Donnabháin, Cian Ó Tuathaigh, Barra Mac Daibhí, Cillian Nic Choitir, Niamh Ó Baoill, Séamus Ó Cnoic, Ronán Ó Murchú, Eamonn Ó Síocháin, Dónal

COLÁISTE A PHIARSAIGH, GLEA MAGHAIR, CORCAIGH. Ríomhphost: nuachtscoile@gmail.com

Fíona í Riordáin [Leigheas] Eimear í Mhuirthile [Ealaín] Jamie Ó Braonáin [Fiaclóireacht] Caoimhe í Lionargáin [Leigheas] Roibeard Mac Craith [Leigheas] Bronntar na scoláireachtaí seo as feabhas torthaí scrúdaithe na hArdteistiméireachta. Arís táimíd fíorbhróidúil as an ngaisce atá bainte amach ag ár n-iarscolairí. Tréasláimídne, foireann na nuachtlitreach leo agus guímíd gach rath orthu sa todhchaí.

2

AO AD DE CHUID A hIDIRBHLIA A IS EA A TIO SCADAL SEO FAOI STIÚIR A MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

“SÚIL EILE 2011”


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE: EAGRÁN NA NOLLAG 2011

Eagarfhocal,

Fáilte go dtí ‘Súil Eile’, eagrán na Nollag de nuachtlitir na scoile 2011. I gcaitheamh an téarma scoile reatha seo rinne an fhoireann an-chuid oibre le cabhair ón Máistir Ó Céilleachair. Rinne sé sár obair ag cur eagar orainne agus ar an nuachtlitir. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na múinteoirí, an Máistir Ó Súilleabhin ach go háirithe agus na daltaí go léir a thug cúnamh dúinn. Tá súil againn go mbainfidh sibh uile a lán taitnimh as an eagrán seo. Tá a lán gnéithe ann cosúil le crosfhocal na Nollag agus agallaimh le ceannairí ranga gan trácht ar ár nduaisbhuaiteoirí agus a lán rudaí suimiúla eile! Bhaineamar go léir an taitneamh as na ranganna gach maidin Déardaoin. Scéalta mór le rá i rith an téarma seo dar linn ba ea an Lá Spóirt scoile a bhí ar siúl i mí Mheán Fhomhair agus na scoláireachaí a bhuaigh ár n-iardhaltaí. Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as an iris is déanaí. Nollaig Shona daoibh go léir. Go dtí an chéad eagrán eile, slán go fóill. Foireann “Súil Eile”

Crosfhocal na ollag 2011

An t-Agallamh leis an rúnaí scoile

Cad is ainm duit? Gillian Christine Ní Shíocháin. Cén saghas duine tusa? Duine gealgháireach. Cén t-ábhar is fearr leat? Mata Cén spórt agus laoch spóirt is fearr leat? Iomáint agus Séan Óg Cén saghas bia is fearr leat? Bia Iodálach. An maith leat Jedward? Ní maith liom iad, cuireann siad daoine áirithe i gcuimhne dom, faraor. Cén saghas ceoil is fearr leat? Ceol na seascaidí agus Na Beatles.

TRAS A 2. Dustin [6]

SÍOS

5.Os cionn an tine [7]

1. bán agus fuar [8]

6.Áit inár saolaíodh Íosa [6]

3. glasra a itheann Rudolf [7]

8.Fágtar iad faoin crann [10]

4.Cuirtear é suas cúpla

9.an lá tar éis lá na ollaig 10.Fear ramhar agus dearg [13] 11.Réinfhia le srón dearg [6]

seachtain roimh ollag [11] 7. nuair a lastar iad bíonn said geal. [14]

12.Daoine beaga a cabhraíonn

I dtoghchán na huachtaránachta, cé a bhuafaidh i do thuairim? Seán Ó Gallchóir. Cé hé/hí an múinteoir is cáirdiúla, dar leat? Gach múinteoir! Cén fhoireann spóirt is fearr leat? Ní thaithníonn spórt liom. An raibh tú riamh i dtrioblóid? Bhí, ar maidin, anseo!

le Daidí na ollag [11]

3


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE: EAGRÁN NA NOLLAG 2011

PEIL ASTRÁLACH

Lá Spóirt

Ar an ochtú lá de mhí Dheirea dh Fómhair, dhá mhíle is a haon déag, d’imir Muiris Mac Parthaláin, rang Oscar, Coláiste an Phiarsaigh, a r fhoireann peile Astrálach na hÉireann. Bhíodar ag imirt sa cho mó rt a s Euro ines i mBéal Feiriste. Bhí gach tír ón E o r a i p páirteach sa chomórtas. Bhí Éire ag imirt i gcoinne foirne Eorpacha dá réir. Sna cluichí ghrúpa ba é an Ostair a bhí ina gcoinne. Bhuadar an dhá chluiche go héascá agus d’aimsigh Muiris dhá cúl sa dara leath den chluiche sin. Ansin ar aghaidh leo go dtí an cluiche leath-cheannais. Bhíodar ag imirt i gcoinne Shasana. Bhí foireann Shasana láidír ach bhí na hEireannaigh níos láidre agus bhuadar an cluiche ar deireadh. Bhuail foireann na hÉireann leis an gCróit sa chluiche ceannais. D’aimsigh Muiris cúl eile sa chluiche seo agus ar deireadh bhuaigh foireann na hÉireann an comórtás. Siad foireann na hÉireann buaiteoirí an chomortáis i mbliana dá bhrí sin. Comhghairdeas a Mhuiris, sláinte an bhradáin chugat.

Bhí an lá spóirt ar siúl ar an gcúigiú lá déag de mhí Mhéan Fhómhair, dhá mhíle is a haon déag. Thiar in Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí a reachtáladh an lá, tá a fhios agat. Bhí an staid agus an raon lúthchleasa go diail ar fad. Bhí an uain oiriúnach chuige leis ambaiste. Freastalaíonn gach bliain ghrúpa ar an ocaíd bhliantúil seo. Bhí raidhse imeachtaí éagsúla ar suíl ann ar nós rásaí 100 méadar, rásaí 400 méadar, rásaí na dtrí chos agus na rásaí sealaíochta. Ina theannta san bhi rás speisialta ar siúl ag deireadh an lae chun an macléinn agus an iníonléinn is tapúla sa scoil, i mblaina, a aimsiú. D’éirigh go hiontach leis an lá agus a bhuíochas san do gach uile dhuine a chabharaigh an lá a eagrú agus a ghlac páirt. Tugadh faoi deara nach raibh aon rás múinteoirí i mbliana. Bhuel, neosfaimid an fhírinne ghlan díobh anois gur chuaigh sé dinn, an gcreidfeá, freagra na ceiste sin a fháil. Is maith an scéalaí an aimsir áfach.

Foireann Chaide na gCailíní Faoi 16. [2011-2012] Deirdre Cottrell 24/6/97 Hannah Ní Chiaráin 16/10/97 Laura Ní Bhiorán 27/12/97 Shauna Ní Chróinín 7/12/97 Katie Ní Craith 26/10/97 Ella Ní Mhuríosa 14/11/97

CLUICHE IOMÁNAÍOCHTA FAOI SÉ-DÉAG GO LEITH.

Julia Jeisy 8/12/97 Aisling Ní Mhathúna 21/02/98 Amy Ní Loinsigh 6/04/98

Ar an gceathrú lá déag de Dheireadh Fómhair bhí cluiche ag an bhfoireann iomáinaíochta faoi sé deag go leith. Cnoc Sión ó Phort Láirge a bhí ina gcoinne. Bhí an cluiche ar siúl in Eochaill. Thosnaigh an cluiche ag leath uair tar éis a haon. Thosnaigh an fhoireann seo againne láithreach le scór iontach. Bhí an chéad leath an aon-taobhach. Fuair Dónal O Mathúna anchuid scóranna iontacha ó lár na páirce. Bhí Coláiste an Phiarsaigh i bhfad níos fearr. Ag leath ama bhíomar i bhfad chun tosaigh. Ní raibh aon dabht ach go mbuafadh an scoil seo an cluiche ansin. Bhí foireann Chnoic Shióin ní ab’fearr sa dara leath ach fós bhíomar i bhfad chun tosaigh. D’aimsigh Adam Ó Briain an-chúl i dtreo dheireadh an chluiche. Fuair Séamus Ó Suilleabháin an scór deireanach. Ba é an scór ar deireadh ná 3-19 in aghaidh 04. Bhí Coláiste an Phiarsaigh an-sásta leis an mbua iontach. Tá siad imithe ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile den chomórtas anois.

4

Sorcha Ní Brúdair 21/09/98 Mary Jo Nic Liam 26/05/98 Aoife Ní Uistin 14/03/99 Laura Ni Chaoimh 18/08/98 Méabh Ní Mhaoláin 26/10/98 Aisling Ní Dhálaigh 23/12/98 Aislinn Ní Chonchubhar 1/03/98 Clodagh Ní Fhoghlú 14/09/98


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

Turas an Ceathrú Bliain go Cionn tSáile.

SÚIL EILE: EAGRÁN NA NOLLAG 2011

An Duaisbhronnadh 2011

D’fhágamar an scoil ag 9:15 roimh nóin. Chuamar suas an cnoc mór atá lasmuigh den scoil chun teacht ar an mbus a bhí ar bharr an chnoic. Bhíomar ag éisteacht le ceol ar an slí síos agus thóg sé daichead a cúig noiméad an áit a shroichint. Thugamar turas ar Dhaingean Rinn Chorráin agus bhuaileamar leis an treoraí. Bhí sé ann chun an suíomh a thaispeáint dúinn. Bhí sé ag caint linn faoi na heachtraí a tharlai i nDaingean Rinn Chorráín agus faoi na troideanna stairiúla a tharla ann. Nuair a bhí críochnaithe againn leis an turas san áit sin shiúlamar tríd an mbaile. Tar éis tamaill shroicheamar an áit a bhí beartaithe againn an lón a ithe ann. Chun ár lón a eagrú, cheannaigh roinnt daoine bia i Dinos agus cheannaigh daoine eile bia in ollmhargadh Supervalu a bhí béal dorais. Bhí an bia an-deas ach anchostasach ag an am gcéanna. Nuair a bhí ite againn san áit sin bhuaileamar leis an gcéad treoraí eile a bhí chun camchuairt a thabhairt dúinn timpeaill bhaile Chionn tSáile. Chuamar i dteannta an duine seo go hiarsmalann. Bhí rudaí an-suimiúla ann cosúil le buataisí an fhathaigh a chónaigh i gCionn tSáile. Nárbh é an fear ab airde lena linn é. D’foghlaimíomar a lán faoin Lusitania an linéar phaisineirí. Long an mhór a bhí ann. Cuireadh go tóin poill é amach ó chósta Chionn tSáile. Bhí an long ainmnithe as cúige Rómhánach . Ba é Leonard Peskett a dhear an long i 1907. I 1917 chuir fomhuireamhán Ghearmánach an long go tóin poill.

Ó chlé, Aisling í hAonghusa, Torthaí T.S. ab fhearr agus Jesica í Mhainnín Gradam na hEorpa do uatheangacha

Ag deireadh an lae bhí an bus ag feitheamh linn in aice le Dinos agus chuaigh na daltaí go léir agus an Máistir Ó Coigligh ar an mbus. D’fhilleamar ar an scoil láithreach. Bhain gach éinne antaitneamh as an lá agus táimid an-bhuíoch don mháistir agus na múinteoirí go léir a chabhraigh linn in aon slí. iall Mac Con Coille, Gradam an Phiarsaigh [Cur chun chinn na Gaeilge].

I lár mí na Bealtaine 2011 bhí tráthnóna eagraithe sa scoil chun duaiseanna a bhronnadh ar ár ndaltaí don scoilbhliain 2010— 2011. Is ócáíd bhliantúil é. Ba thráthnóna fíor -thaitneamhach go deo a bhí ann gan aon agó. Bhí deis againn go léir, sa scoil seo againne, idir dhaltaí agus mhúinteoirí comhghairdeas a ghabháíl leis na gaiscígh agus aithne a chur orthu. Bronnadh duaiseanna orthu as feabhas a n-éachtaí sna hábhair acadúla, san ealaín, sa spórt, sa díospóireacht, sa drámaíocht, sa cheol agus i mórán Éireann imeachtaí seachchuraclaim. Ba mhaith linne, foireann Súil Eile an deis a thapú anseo arís chun tréaslú ó chroí leis na buaiteoirí go léir.

Daingean Rinn Chorráin

5


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE: EAGRÁN NA NOLLAG 2011

CEA AIRÍ RA GA AGUS RA GA A A CHÉADBHLIA A 2011-2012

Niall Ó Duinnín Ceannaire, Rang Conall

Ruairí Ó Cionnaith, Leas-cheannaire, Rang Conall

Eoin Ó Deasúnaigh Ó Dúghaill, Ceannaire Rang Breandán

Aodh Ó Conchubhair, Leas-cheannaire, Rang Breandán

Séamus Ó Coinnealáin Ceannaire, Rang Aoileann

Emily Ní Bhaoill, Leas-cheannaire, Rang Aoileann

RA G AOILEA : Ó chlé, chun tosaigh: Cáitín Ní Chaomhánach, Melissa De Barra, Antonia de Buitléir, Conchúir Mac an Rí, Cillian Mac Scolóige, Emily Ní Bhaoill, Lauren Ní Chaoimh, Alison Ní Dhaimhín. I lár, ó chlé: Laura Ní Dhonnabháin, Muireann Ní Dhuinneacha, Sadhbh Ní Fhionnagáin, Lauren Ní Fhloinn, Clodagh Ní Foghlú, Aoife Ní hOistín, Kelsey Ní Thiománaí, Áine Ní Thuama, Áine-Máire Nic Chárthaigh, Sorcha Nic Choisteala, Ruby de Baróid. Ar chúl, ó chlé: Seamus Ó Coinnealáin, Cian Ó Dorchaí, Fionn Ó Foghlú Ó Tuama, Aaron Ó hEathírn, Dónal ÓhEireamhóin, Roibéard Ó Laoire, Gabhann Ó Muireasáin, Tadhg Ó Mathúna, Cillian Ó Suilleabháin, Séan Ó Suilleabháin, Ben Ó Tuama.

6


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE: EAGRÁN NA NOLLAG 2011

RA G BREA DÁ : Chun tosaigh, ó chlé: Colm Breathnach, Anita de Buitléir , Éabha de Londrus, Eoghan Ó Laoire Mac Giolla Phádraig , Cyiaph Mac Cana, Dónal Mac Gearailt, Eimear Ní Bhrúdair, Dionne Ní Chearbhal, Ó chlé, i lár: Fíona Ní Chearbhal, Holly Ní Chéilleachair, Cailtín Ní Fháilbhe, Amy Ní hArgáin, Clodagh Ní hÉadain, Laura Ní hOistir, Daria Ní Laoi, Ciara Ní Shúilleabháin, Leah Ní Thuama, Adrian Ó Ceocháin, Ar chúl ó chlé: Aodh Ó Conchúir, Eoin Ó Deasúnaigh Ó Dughaill, Séan Ó Duineacha, Conchúir Ó hÓgáin, Stiofán Mac Aogáin, Lucás Ó Laitháin, Séan Ó Loingsigh, Sam Ó Muineacháin, Oisín Ó Muiri Mac Cárthaigh, Ben ó Néill. As láthair: Roibéard Mac Giollabháin.[ar chúl], Gráinne Tong.

RA G CO ALL: Chun tosaigh, ó chlé: Clíodhna Breathnach, Jill Ní Bhuachalla, Aoife Ní Conghaile, Ella Ní Chúipéir, Aisling Ní Dhálaigh, Róisín Ní Dhonnabháin, Aofe Ní Ghoilín, Gráinne Ní Laighin, Méabh Ní Mhaoláin. I lár, ó chlé: Lauren Ní Mhathúna, Kaylin Ní Mhuircheartaigh, Hillary Ní Shúilleabháin, Tara Ní Shúilleabháin, Máire-Jo Nic Liam , Síofra Nic Risteard, Conchúir Ó Caomhánach, Ruairi Ó Cionnaith, Séan Ó Clochasaigh, Conchúir Ó Crualaoi. Ar chúl, ó chlé: Colm Ó Dubhghaill, Niall Ó Duinnín, Cathal Ó Maoldomhnaigh, Cian Ó Mathúna, Dónal Ó Longargáin, Séan Ó Muirí, Conchúir Ó Néill, Antóin Ó Miach, Séan Ó Murchú, Adam Mac Géaróíd. As láthair: Aislinn Ní Chonchubhair [I lár, ar chlé].

7


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE: EAGRÁN NA NOLLAG 2011

SUIRBHÉ A nDALTAÍ Anseo thíos tá torthaí ar shuirbhéanna a rinneamar i measc 46 dalta i ranganna an Teastais Shóisearaigh sa scoil. Ba é an aidhm a bhí againn ná eolas a bhailiú faoin dearcadh a bhí acu maidir le spórt ina saol.

A

B

B: Cé hé an réalt spóirt is fearr leat? Usain Bolt 24%; Steven Gerard 13%; Bernard Brogan 15%; Lar Corbett 5%; Eile 43%.

A: Cad é an spórt is fearr leat? Peil 17%; Iomáint 20%; Sacar 22%; Snámh 9%; Lúthchleasaíocht 7% ; Dornálaíocht 4%; Damhsa 4%; Cispheil 10%; Haca 7%.

D

C

D: An imríonn tú ar fhoireann scoile? Sea 50%; Ní hea 50%.

C: An mó uair an chloig a chaitheann tú le spóirt gach seachtain? Uair an chloig 22%; Dhá uair a chloig 24%; Trí huaire an chloig 17%; Eile 37%.

E

F

F: Cén fhoireann sacair is fearr leat? Man. United 26%; Learpholl 18%; Arsenal 20%; Spurs 10%; Cork City 13%; Eile 13%

E: An fearr leat an spórt mar spraoi nó an fearr leat a bheith in iomaíocht? In iomaíocht 52%; Spraoi 48%.

8


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

ÁR LÁ SPÓIRT 2011

9

SÚIL EILE: EAGRÁN NA NOLLAG 2011


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE: EAGRÁN NA NOLLAG 2011

AGALLAMH na gCEA AIRÍ:

AGALLAMH na gCEA AIRÍ:

Rang Aodh: Ceannaire

Rang Aodh Leas-Cheannaire.

Cad is ainm duit? Séan Mac Gearailt

Cad is ainm duit? Síle Ní hAilín

Cad as duit? Mainistir Fhear Maí

Cad as duit? Gleann Maghair

Cathain a saolaíodh tú? Saolaíodh mé ar an séú lá

Cathain a saolaíodh tú? Saolaíodh mé ar an séú lá

de mhí Eanáir, míle naoi gcéad nócha sé.

déag de mhí na Nollag, míle naoi gcéad nócha sé.

Cad é an saghas ceoil is fearr leat? Ceol scannáin

Cen saghas ceoil is fearr leat? Pop cheol.

Cé hé/í an réalt spóirt is fearr leat? Tomás ó Sé

Cé hé/í an réalt spóirt is fearr leat? Henry Shefflin.

Cad é an scannán is fearr leat? The Pianist

Cad é an scannán is fearr leat? The Hangover.

Madra, cat nó iasc? Madra

Madra, cat nó iasc? Madra.

Cad é an bia is fearr leat? Píotsa

Cad é an bia is fearr leat? Píotsa.

Cad é an post ab fhearr leat? Dul le haisteoireacht

Cad é an post ab fhearr leat? Dul le múinteoireacht.

AGALLAMH na gCEA AIRÍ:

AGALLAMH na gCEA AIRÍ:

Rang Doireann: Ceannaire.

Rang Doireann: Leas-Cheannaire.

Cad is ainm duit? Clár Ní Néill

Cad is ainm duit? Breandán Mac Cárthaigh.

Cad as duit? Mainistir Na Corann.

Cad as duit? Gleann Maghair.

Cathain a saolaíodh tú? Saolaíodh mé ar an ochtú lá

Cathain a saolaíodh tú? Saolaíodh mé ar an deichiú lá

de mhí na Bealtaine, míle naoi gcéad nócha seacht.

de mhí Iúil, mile naoi gcéad nócha seacht.

Cad é an saghas ceoil is fearr leat? Aon saghas ceoil.

Cad é an saghas ceoil is fearr leat? Aon saghas ceoil.

Cé hé/í an réalt spóirt is fearr leat? Katie Taylor.

Cé hé/í an réalt spóirt is fearr leat? Brian O’Driscoll

Cad é an scannán is fearr leat? Freedom Writers.

Cad é an scannán is fearr leat? Hangover 2

Madra, cat nó iasc? Faic.

Madra, cat nó iasc? Madra

Cad é an bia is fearr leat? Seacláíd.

Cad é an bia is fearr leat? Píotsa

Cad é an post ab fhearr leat? Ní fheadar, fós.

Cad é an post ab fhearr leat? Ní fheadar, fós.

10


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE: EAGRÁN NA NOLLAG 2011

a Buachaillí Agus a Cailíní Sa suirbhé seo chuireamar na ceisteanna thíos ar dhaltaí an Teastais Shóisearaigh sa scoil. Theastaigh uainn a áil amach cad iad na difríochtaí a bhí idir na buachaillí agus na cailíní sna roghanna pearsanta a dheineann siad sna gnéithe atá luaite thíos. Aoiseanna na rannpháir4the.

Cad é do rogha ceoil?

Aois 15

Aois 15

Cad é do rogha spóirt?

An ndéanann tú staidéar óiche?

Cailíní Buachaillí

A CHARTLA

Feis Maitiú 1980 Coláiste an Phiarsaigh Buaiteoirí An Chomórtais Míme

11


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN NA NOLLAG 2011

A TRÁ MHÓR

Díospóireacht Ghaeilge

Cuntas 1

Bhí díospóireacht Ghaeilge ar súil sa scoil ar an Luan an seachtú lá déag de Dheireadh Fómhair. Bhí foireann ón gcead bhliain ag glacadh páirte ann. Ba iad na daltaí a ghlac páirt ar son na scoile ná: Éabha de Londrus, Róisín Ní Dhonnabháin agus Ruby De Baróid. Bhí an díospoireacht ar súil i seomra a 12/13 i gColáiste an Phiarsaigh i ndiaidh scoile. Tháinig foireann an fhreasúra ó Scoil Mhuire, Béal Átha an Ghaorthaidh. Iníon Ní Dhrisceoil agus Iníon Ní Sheoige a bhí á eagrú. Bhí foireann Choláiste an Phiarsaigh i gcoinne an ruin. ‘Is iad na rudaí is luachmhaire sa saol atá saor in aisce’ ba ea an rún. B’iontach go deo an lucht féachanna a bhí ann. Tháinig a lán daltaí ón scoil againn féin chun tacaíocht a thabhairt don dá fhoireann. Lean an díospóireacht ar feadh uair an chloig. Bhí beirt mholtóirí ann. Bhain gach duine sár-thaitneamh as ach ar deireadh níor bhuaigh foireann Cholaiste An Phiarsaigh faraor. Ach beidh seans eile sa todhchaí tá súil againn. Beidh lá eile ag an bPaorach.

Anseo thíos tá dhá chuntas againn faoin dturas a thug daltaí an ceathrú bliain ar an Trá Mhór. Ar an seachtú lá is fichead de mhí Mhéan Fhómhair chuaigh an ceathrú bliain go dtí an Trá Mhór ar thuras eachtraíochta. D’fhág leath an bhliain-ghrúpa ar an Máirt. Bhí an leath eile le dul ann ar an gCéadaoin. Dfhág an chéad ghrúpa an scoil ag a céathrú tar éis a hocht an mhaidin úd. Thóg an turas timpeall dhá uair a chloig. Bhí an-chuid canadh ar chúl an bhus. Nuair a shroicheamar an brú óige, chuamar go léir isteach agus chuireamar ár malaí ar leathtaobh. Ansin chuamar go léir síos go dtí an ionad tonnmharcaíochta. Roinneadh an grúpa i dhá leath arís. Chuaigh leath amháin ag tonmharcaíocht. Chuaigh an leath eile síos go dtí an trá chun roinnt gníomhaíochtaí taitneamhacha a dhéanamh. Tar éis an méid sin bhí an lón againn. Go gairid tar éis an lóin malartaíodh an dhá ghrúpa timpeall. Nuair a bhí an méid sin curtha dínn againn, chuamar ar ais go dtí ár mbunáit chun an dinnéar a ithe. Chuamar ag siúl tar éis an dinnéir ar an trá. Ar ár mbealach thar nais chuaigh an chuid ba mhó den ghrúpa go dtí an siopa bia gasta. Bhíomar go léir sa leaba ag a haon déag a chlog. Ar maidin d’éirigh gach duine ar a hocht a chlog. Chuamar ag tonnmharcaíocht arís ansin agus ag snámh. Nuair a shroicheamar an brú óige bhí an dara grúpa tagtha. Fuair an chéad ghrúpa a malaí agus bhailigh siad leo abhaile. Bhí sé lán soiléir gur bhain gach duine sásamh a gcroí as an turas.

.

A TRÁ MHÓR Cuntas 2

Le sin, tháinig an dara grúpa go dtí an Trá Mhór. Turas fada ab ea é ar an mbus agus bhí daoine tuirseach traochta tar éis an turais. Chuamar díreach síos an bóthar chun dul ag tonnmharcaíocht. Áit an-chiún a bhí ann agus ní raibh ach na tonnta le cloisteáil. Ar dtús bhí léacht againn maidir sábháilteacht ar an uisce. Chuireamar ár gculaith fliuch orainn agus síos go dtí an trá linn. Bhí tonnta móra ann agus bhain gach duine taitneamh as. Ina dhiadh sin chuamar suas go dtí an brú don dinnéar. Bhí an bia go hálainn ann. Ansin thógamar sos leath uair an chloig nó mar sin agus ansin chuamar ar shiúlódh agus d’fhoghlaimíomar faoi nádúr na háite. Bhí sé ansuimiúl agus bhain gach duine taitneamh as. Tar éis an méid sin chuamar go dtí an siopa sceallóga.

Foireann Dhíospóireachta na Chéad Bhliana [Gaeilge]. Ó chlé: Ruby de Baróid, Róisín í Dhonnabháin, Éabha de Londrus

An lá dar gcionn bhíomar éirithe ar a seacht a chlog. D’itheamar béile breá. Bhí clár déanta amach don lá dúinn. Thug na múinteoirí an t-eolas dúinn láithreach. An mhaidin sin chuamar ag tonnmharcaíocht arís agus bhí na tonnta níos mó ná an lá roimhe sin. Bhaineas féin an-sult as mar bhí mé tar éis a lán cleachtaidh a dhéanamh roimh ré. Tar éis an méid sin bhi cluichí ar an trá againn. Bhí siad ceart go leor ach ní raibh siad chomh maith leis an tonnmharcaíocht in aon chor. Ar a trí a chlog nó mar sin, chuamar ar an mbus agus shroicheamar Gleann Maghair ar a cúig a chlog. Thóg an turas abhaile thart ar dhá uair an chloig. Is féidir liom a rá go cinnte gur bhain gach duine taitneamh as an dá lá a chaith siad sa Trá Mhór.

Tráth na gCeist na Chéad Bhliana: Ó chlé: Antóin Ó Miach, Aaron Ó hEathrín, Fíona í Chearbhaill agus Alison í Dhaibhín.

12


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.