NUACHT NOLLAIG 2006

Page 1

Futa Fata NUACHTLITIR SCOILE CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN NA NOLLAG 2006

Thug Ardmhéara Chorcaí cuairt ar an scoil le déanaí mar ar labhair sé leis na daltaí agus múinteoirí sa halla. Faraor ní raibh aon leath lá. Chun tosaigh: Árdmhéara Chorcaí An Comhairleoir Michael Ahern agus a bhean. Ar chúl: Caoimhín Ó hEachtiarna, [gar mhac] Rachael Ní Eachtiarna [gar iníon]. Troscadh Concern 30 Samhain 2006 Sos á ghlacadh ag daltaí agus múinteoir ó throscadh do Concern. Féach ar an alt istigh.


BÁSANNA COLÁISTE AN PHIARSAIGH/ SCOIL NA nÓG DALTAÍ Síle Ní Mheachair Dónal Ó Murchú Pól Ó Súilleabháin Pádraig Ó Duinn Barra Ó hAoláin Barra Ó Longaigh (1990) Ursula Ní Bhaoill Darnell Ó Lordáin 31/12/1999 Stiofán Ó Coileáin 28/9/2000 Fiona Ní Chathail (De Buitléar) Iarscoláire 1981 (fuair bás Eanáir 2005 Jason Ó Foghlú 28/10/2005 Jonathan Ó hIarlaithe 3/9/2006 MÚINTEOIRÍ / BAINISTÍOCHT Cormac Mac Cárthaigh( Bainisteoir) 1989 Deireadh Fómhair Eibhlín Ní Drisceoil(Príomhoide 1973 – 1991 fuair bás 27/6/1991 An tAthair P.S. Ó hArgáin (Séiplíneach) 1993 Oilibhéar Ó Murchú (Múinteoir) Nollaig 1988 Máirtín de Nógla (Múinteoir) 8 Nollaig 1996 Seán Ó Súilleabháin (Múinteoir) 19/11/2002 Fionnbarra Ó Ceallaigh (Múinteoir, Scoil na nÓg) Feabhra 2003 OIBRITHE Michael Moynihan Dec Bailey Paddy Bailey Paddy Lehane Billy O’ Connell 23/12/2000 Kathleen Casey 2006

SCOLÁIREACHT Ba mhaith linn comhgháirdeachas speisialta a ghabháil le hAodhnait Ní Néill, Naoise Ó hUallachán, Niall Ó Srianáin, Eoin Mac Aogáin agus Cormac Ó Mongáin atá tar éis scoláireacht a bhaint amach do Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Bhí an cúigear acu sa 6ú bliain anuraidh agus fuaireadar torthaí iontacha san Ardteist. Tá anbhród ar an scoil astu. Guímid gach rath orthu sa todhchaí agus deinimid comhghairdeachas le gach iar-dhaltaí as na torthaí a bhaineadar amach i scrúduithe na hArdteistméireachta 2006. Go raibh maith agaibh a mhúinteoirí.

EAGARFHOCAL

Foireann na Nuachtlitreach

A chairde, Beatha agus sláinte. Fáilte roimh gach duine go dtí an nuachtlitir seo. Guímid gach rath agus seán ar Iníon Ní Loinsigh a d’éirigh as an múinteoireacht i mbliana. Ghlac sí le cuireadh uainne alt a scríobh i dtaobh a saol ag obair sa scoil seo agus ag obair do Ghaelachas Teo. Táimid buíoch di as méid sin. Braitheann an fhoireann múinteoireachta agus na daltaí uathu í. Ádh mór a iar-mhúinteoir i do shaol nua.

NOLLAIG 2006-2007 Beecher Seán [Eagarthóir] Breathnach Róisín Ní Eilí Lauren Ní Rathaille Megan Ó Ceallacháin Colm Ó Liatháin Shane Ó Murchú Reggie Towler Lisa Whitmore Rachel

Ba mhaith linn ár bhuíochas a ghabháil leis an Máistir Ó Súilleabháin [Stair] agus leis an Máistir Ó Céilleachair a chabhraigh linn leis an obair agus gan amhras an fhoireann iontach. Tá roinnt nuachta anseo istigh daoibh. Chaitheamar roinnt ama i mbun oibre. Nuacht scoile is mó atá ann. COLÁISTE AN PHIARSAIGH, GLEANN MAGHAIR, CORCAIGH. 2006 © Ríomhphost: nuachtscoile@yahoo.co.uk

Fágfaimid fúibh féin brí an teidil “Futa Fata” a lorg? Bíodh Nollaig shona agaibh go léir. Beir bua agus beannacht.. Seán Beecher [Eagarthóir]

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR “FUTA FATA NOLLAIG 2006”

IMEACHTAÍ EISCHURACLAIM 2006-2007 Imeacht An Cór Potadóireacht Diospóireacht

Lá Luan Dé Máirt Dé Máirt

Am Am Lóin 3.35 3.35

Cispheil

Dé Máirt

3.35

Feis Maitiú Camógaíocht Drámaíocht Peil (cailíní) Peil (buachaillí) Iomaínt (buachaillí) Grúpa Traidisiúnta

Dé Máirt Céadaoin An Déardaoin An Déardaoin An Déardaoin An Déardaoin An Aoine

Am Lóin 3.45 3.35 3.35 3.35 3.35 Am Lóin

Múinteoir In. Ní Bhroin In. Ní Argáin In. Ní Ruáin In. Ní Fhloinn In. Ní Chionnaith In. Ní Ibhín In. Ní Chionnaith In. Ní Chonchubhair In. Ní Loingsigh M. Ó Coigligh M. Ó Coigligh In. Ní Leader In. Ní Bhroin

Seomra/Áit S. Ceoil S.01 S.35 Éanair 2007 Sa Scoil An Pike S. 35 An Pike An Pike An Pike S. Ceoil

CÚRSAÍ SPÓIRT Bhí Coláiste an Phiarsaigh ag imirt i gcomórtas Choláistí na Mumhan i gcoinne Choláiste an Chorráin, Luimneach i gcluiche a bhí ar siúil i bhfad ó Ghleann Maighair, i dTulach Léis. Bhí an fhoireann deánach don chluiche. Mar sin ní raibh am ag an bhfoireann faoi cheannas an Mhaistir Uí Laighin ullmhú a dheánamh roimh an gcluiche. Chuaigh sé seo i gcoinne an Choláiste nuair a fuair freasúra cúl agus cúpla cúilín sa cheád cúpla nóimeád. Ach d’imir an fhoireann go hiontach ina dhiaidh sin agus bhuaigh an scoil i ndeireadh na dála. Rachaidh an fhoireann ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile den chomórtas anois. D’éirigh cuíosach maith le foireann peile shinsear na scoile i mbliana, cé nár bhain siad aon chraobh amach. Faoi stiúir an Mháistir Uí Laighin ghlac an fhoireann páirt i gcomórtas peile Chorcaí i gcoinne Phobalscoil Bhaile an Chollaigh. Níor éirigh leo áfach. I gcluiche i gcomórtas na Mumhan i gcoinne Bhaile an Mhistéala ní raibh an t-ádh leo. Tá ráflaí thart timpeall go mbeidh bainisteoir nua againn an bhliain seo chugainn!


TURAS GO CROIMGHLEANN

Ar an 12 Deireadh Fómhair chuaigh grúpa de 30 dalta ón 4ú bliain ar thuras ar an traein go Baile Átha Cliath faoi chúram Iníon Ní Chionnaith agus Iníon Ní Ruáin. Bhíomar ag tabhairt cuairt ar Ospidéal na Maighdine Muire le haghaidh leanaí breoite, Croimghleann. Anuraidh (2005-2006) sa 3ú bliain, reachtáladh Céilí um Nollaig chun airgead a bhailiú don ospidéal mar pháirt den Tionscnamh Gníomhaíocht san O.S.S.P. le haghaidh an Teastais Shóisearaigh. Tugadh cuireadh d’oifigeach ón ospidéal chun caint leis an trí rang 3ú bliain roimh ré. Tar éis spiorad agus díograis na ndaltaí a fheiscint, chuir an aoichuairteoir, Nicola Ní Shúilleabhán, ceist ar na múinteoirí daltaí a thógaint ar cuairt go dtí an ospidéal. Roghnaíodh 30 ó ranganna Cathal, Eimear agus Méabh chun dul go B. Á.C. nuair a bheidís sa cheathrú bliain (2006-2007). Tháinig an sprioc lá agus chuaigh an slua suas ar an traein 7.00 ar mhaidin. Chuadar ar bhus ansan go Croimghleann agus bhí an-áthas ar an ospidéal an grúpa daltaí a fheiscint. Briseadh suas i gceithre ghrúpa difrúla iad chun cuairt a thabhairt ar bhardaí difrúla ar nós An Barda Ailse, An Barda Cairdiach, An Barda Lae agus An Barda Díanchúraim. Bhí sé truamhéalach agus maoithneach agus cuireann sé peirspictíocht ar an saol. Braitheann tú dímríoch. Tá sé deacair féachaint ar leanaí le tinneas orthu agus iad i mbaol báis, gan náire a bheith ort. Bhí leabhair agus bréagáin ceannaithe ag an ngrúpa roimh ré agus tugadh don ospidéal iad. Ghaibh siad buíochas leis an ospidéal as an deis seo tuiscint níos fearr a fháil ar an áit agus na deacreachtaí a bhíonn acu. Sarar chuamar abhaile, bhí am sa bhreis agiann agus mar sin chuamar isteach go dtí Sráid Uí Chonaill chun am a chaitheamh ag siopadóireacht is a leithéid. Ach sa deireadh bhí orainn dul abhaile agus ba rud é sin nár theastaigh ó éinne a dhéanamh. D’fhilleadar ar Chorcaigh go déanach agus bhí áthas ar gach duine gur thapaigh siad an deis cuairt a thabhairt ar ‘Ospidéal na Maighdine Muire le haghaidh leanaí breoite, Croimghleann.

RUSSAGH MILLS Ar an 17 agus an 18 de mhí Dheireadh Fómhair,chuaigh an ceathrú bliain ar thuras go Russagh Mills sa Sciobairín.Mar dhalta sa bhliain ghrúpa seo, tá sé cruinn a rá gur bhaineamar súp as gach lá a chaitheamar ann. Shroich ranganna Deirdre agus Gráinne an tionad siamsaíochta ar dtús agus thosaigh siad leis na gníomhaíochtaí. I measc na ngníomhaíochtaí sin bhí, dreapadóireacht, treodóireacht agus seoltóireacht. Bhí an-craic againn leis an Máistir O Laighin agus Iníon Ní Chionnaith ag imirt an chluiche “Egg Drop” cé gur dhein siad caimiléireacht ar a n-ubh ‘Googie’! Ach sin scéal eile! An oíche sin, shiúlamar isteach go dtí an Sciobairín. Cheannaíomar sceallóga prátaí sa ‘Busy Bee’ agus bhíomar ansásta go raibh seans againn caint lena chéile agus cúrsaí an lae a phlé. Ní raibh tús ró-mhaith againn leis an dara lá áfach. Bhris an bus síos ar an slí go dtí Russagh Mills agus bhí ranganna Oisín agus Ciara fágtha ar thaobh an bhóthair. Ar deireadh, shroich siad an tionad agus deirtear liom go raibh an-spórt acu. Bhain siad an-taitneamh as an seó faisin a bhí acu agus na béilí ‘iontacha’ a tugadh dóibh. Tríd is tríd bhí am iontach ag an mbliainghrúpa ar fad.

BANNA CEOIL Ní rud nua é banna ceoil sa scoil seo. Tá ceol traidisiúnta agus amhráin ghaeilge an-chomónta ach uaireanta bíonn an ceol sin saghas leadránach i súile duine óig. Mar sin nílim chun caint faoin gclub ceoil traidisiúnta. Táim chun caint faoi bhanna rac-cheoil darbh ainm Sound Addiction. Tá trí bhall den bhanna ceoil seo ag freastal ar Choláiste an Phiarsaigh. Bhí baill d’fhoireann na nuachtlitreach ag caint leis na leaideanna, Marc, Risteard agus Eoin. Seo chugaibh an méid a bhí le rá acu. Cá bhfuair sibh an smaoineamh chun banna ceoil a thosnú? EOIN: Bhí mé féin agus Marc ag seinnt sa cheolchoirm an Nollaig seo caite [2005]. Cúpla mí ina dhiaidh sin thosnaigh Risteard ag seinm linn. Conas a tháinig sibh ar Liam agus Cian O’leary? MARC: Bhí mé ag seinnt le Liam agus Cian sara dtosnaigh Eoin agus Risteard ag seinm leis an mbanna. Ansin tháinig an dá bhanna le chéile chun Sound Addiction a chruthú. Cén ceoltoirí a raibh tionchar acu oraibh? RISTEARD: Is maith linn a lán saghasanna ceoilteoirí Jimi Hendrix, Arctic Monkeys, Thin Lizzy agus na Chilli Peppers ina measc. An bhfuil costas mór ag baint le banna ceoil mar seo a thosnú? RISTEARD: Tá costas mór go leor i gceist. Cuir i gcás na huirlisí ar fad. Táimid tar éis timpeall ¼7000.00 a infheistiú sa bhanna cheana féin. Baill an bhanna: Ó chlé: Risteard, Marc, Eoin.


NA hAGALLAIMH

Cén tainm iomlán atá ort? Kathleen,Mary,Bernedette Bhreannach. Cad as tú? Cathair Chorcaí Cén bia is fearr leat? Bia ón Fhrainc Cén ceol is fearr leat? Rn’B, Jazz, Clasaiceach Cén scannán is fearr leat? Jean de Florette, Shine, aon scannán ón Fhrainc Cén leabhar is fearr leat? John Banville: The Sea Cén t-ainmhí is fearr leat? Madraí le pearsantacht Cén caitheamh aimsire is fearr leat? Féachaint ar scannáin agus drámaí. An gceapann tú go bhfuil an scoil seo dian ó thaobh rialacha de? Ceapaim go bhfuil agus is fearr mar sin é. Nuair a bhí tú óg cad é an fhís ba mhó a bhí agat? A bheith i mo mhúinteoir i gCorcaigh. Muna raibh tú i do mhuinteoir cén post eile a thaitneodh leat? Comhairleoir nó bean ghnó. Cé hé an réalt spórt is fearr leat? Níl go leor eolais agam faoi aon spórt. Cad a cheapann tú faoin ngaol idir daltaí agus múinteoirí sa scoil seo? Tuigeann na daltaí go bhfuilimid ann dóibh. Dá mbuafá an crannchur náisiúnta cad a dhéanfá leis an airgead? Cheannóinn villa ar chósta na Fraince. An bhfuil mana agat? Tá maitheas i ngach éinne.

ÓICHE OSCAILTE 8 SAMHAIN 2006

Ó chlé Shauna Ní Dhaibhís agus Cáit Ní Dhubháin i mbun oibre don óiche oscailte

Cén tainm iomlán atá ort? Cian O’Coigligh Cad as a thagann tú? Glaisín i gCathair Chorcaí Cén bia is fearr leat? Bagún is cabáiste nó Lennox’s Cén ceol is fearr leat? Aon rud bríomhar Cén scannán is fearr leat? Godfather 1 agus 2 nó aon rud le Will Farrell agus Ben Stiller Cén caitheamh aimsire is fearr leat? Spórt agus léamh Cén t-ainmhí is fearr leat? Madra An gceapann tú go bhfuil an scoil seo dian ó thaobh rialacha de? Níl!! Nuair a bhí tú óg cad é an fhís ba mhó a bhí agat? Chun imirt le Corcaigh nó Liverpool Muna raibh tú i do mhúinteoir cén post eile a thaitneodh leat? Rud éigin ag baint le spóirt An bhfuil mana agat? Bí deas le daoine agus beidh siad deas leat Cé hé/hí an réalt spórt is fearr leat? Peter Crouch…….. Legend Cad a cheapann tú faoin ngaol idir daltaí agus múinteoirí sa scoil seo? Tá sé go hiontach don chuid is mó Dá mbuafá an Lottó cad a dhéanfá leis an t-airgead? Gluaisteán nua a cheannach, tá sé in am é a athrú.

TEASTAS SÓISEARACH 2006

Tréasláimid le: ó chlé Niki Truss, Cian Ó Mathúna agus Gillian Ní Chionnaolaigh a dhein go diail ar fad i Scrúdú an Teastais Shóisearaigh 2006. D’éirigh leo 28A agus 2B a fháil eatarthu. Éacht is ea é seo gan aon dabht. Gura fada buan sibh. Gan amhras tréaslaimid le gach dalta agus gach múinteoir chomh maith.


A THUILLEADH AGALLAIMH Cén t-ainm iomlán atá ort? Ellen Rose Máire Ní Rathaille. Cén bia is fearr leat? Spaghetti bolognese!! Cén ceol is fearr leat? Is fearr liom R& B. Cén leabher is fearr leat? Lord Of The Rings Cén scannáin is fearr leat? Madagascar…tá sé an- ghreannmhar Cén caitheamh aimsire is fearr leat? Cispheil. Cén tábhar is fearr leat ag an am seo? Géarmainis, is maith liom an múinteoir! An bhfuil na rialacha sa scoil seo ró-dhian? Tá sé dian i gcomaráid le mo bhunscoil ach go háirithe maidir leis na héadaí scoile agus smidiú. An bhfuil an ghaeilge deacair? An-deacair, níl mé an-mhaith chuige ach tá ranganna ann le haghaidh na daoine ó na bunscoileanna béarla. I do thuairim féin cé he an muinteoir is deise sa scoil? Bhuel…... An bhfuil aon suim agat in aon bhuachaill sa chéad bhliain? Ha ha ..

Mo Chuimhní ar Choláiste an Phiarsaigh agus ar Ghaelachas Teo.

D’éirigh Iníon Ní Loinsigh [Creideamh] as a post i gColáiste an Phiarsaigh i mbliana 2006. Bhí blianta fada caite aici ag saothrú ar son na Gaeilge agus ar son na ndaltaí sa scoil. Thugamar cuireadh di roinnt smaointe a roinnt linn faoin am a chaith sí ag obair sa scoil agus do Ghaelachas Teo. Seo é an scéal a fuaireamar uaithi. . Bhuaileas féin le hEibhlín Ní Drisceoil, príomhoide Choláiste an Phiarsaigh don gcéad uair i mo shaol ar Oileán Chléire. Ba í a eagraíodh Cúrsaí Samhraidh ann le fada an lá. Mhúineas ar cheann de na cúrsaí seo i 1983 agus arís i 1988. Ní raibh aon phost agam ag an am. D’iarr Cormac Mac Cárthaigh, Bainisteoir Choláiste an Phiarsaigh agus Iníon Ní Drisceoil orm dul i mbun oibre sa scoil [Coláiste an Phiarsaigh agus Scoil na nÓg] mar Bhean an Tí. Ina theannta san bheinn ag múineadh ranganna Cén t-ainm iomlán atá ort?….Dónal Pádraig Séamus creidimh i gColáiste an Phiarsaigh. Ghlacas leis an tairiscint cé gur dhein mé roinnt macnaimh Ó Donnabháin faoi. Thuigeas go maith go raibh dúshlán romCén bia is fearr leat? Pizza. ham amach toisc go raibh an méid sin cloiste Cén ceol is fearr leat? Damhsa agus rap. agam faoin scoil iontach seo. Ambaiste féin bhí Cén tabhár scoile is fearr leat? Eolaíocht mar tá sé an- orm prapáil chuige. suimúil. Bhuaileas leo beirt sa scoil agus thugamar cuairt Cén caitheamh aimsire is fearr leat? Cispheil. ar ‘Thigh na gCailíní’. Is ann a bhíodh na cailíní ag fanacht. Shiúlamar suas an staighre. An gceapann tú go bhfuil an spóirt sa scoil go D’fhéachas timpeall na háite. Sara dtiocfadh maith ? Sea ceapaim go bhfuil mar tá an lucht aon daltaí isteach san áit bheadh orm a bheith traenála an mhaith. réidh dóibh. Bheadh orm gach rud a bheith Cén reált spóirt is fearr leat? Magic Johnson. ullamh agam. B’amhlaidh a tharla leis. An gceapann tú go bhfuil an scoil seo an-dian ó thaobh rialacha de? Ní Baineadh geit asam a laghad áiseanna a bhí san cheapaim go bhfuil sé ró-dhian. áit. Bhí sé chomh bunúsach san ach fós bhí clú I do thuairim féin cén hé an múinteoir is deise sa scoil? agus cáil ar an scoil. Bhí sé soiléir go raibh a lán Níl mé chun an cheist sin a fhreagairt. oibre ar siúl ag foireann na háite seo. An bhfuil aon rud a athrófá sa scoil? Cén fáth? Bhuel is dalta cónaithe mé Pé scéal é an chéad óiche san áit dom tháinig daltaí Scoil na nÓg agus daltaí Choláiste an agus ba bhreá liom mo bhia-chlár féin gach lá. Ní maith liom an bia. Phiarsaigh go dtí na suanliosanna. Bhí an áit lán de bheoch de chaint agus de riméad. D’éist siad liom agus chuireadar muinín ionamsa chun ionad tuismitheóra a dhéanamh dóibh. Bhíos freagrach astu agus ba mhaith a thuigeas é. Chuas i dtaithí air diaidh ar ndiaidh. Thosnaíos ag múineadh sa scoil don chéad uair. Tar éis tamaill bhíos ag baint sásaimh as mo chuid oibre. Chabhraigh an fhoireann go mór liom. Bhíos an-tógtha le hiompar na ndaltaí. Thugas faoi deara go raibh gaol an–nádúrtha idir na buachaillí agus na cailíní agus iad i mbun oibre agus i mbun spóirt. Is oideachas leathan gan dabht a bhí a fháíl anseo a thugas faoi deara. Mar aon leis na gnáth-ábhair scrúduithe bhí dramaíocht, ceol, díospóireachtaí agus mar sin do á múineadh go nadúrtha chomh maith. Ba bhreá liom an tslí a ceiliúradh an Nollaig sa scoil. Bhíodh coirm cheoil agus ní dhéanfaidh mé dearmad ar seo go deo. Is cuimhin liom Nollaig amháin agus sinn ag ullmhú don choirm cheoil sa halla. Is amhlaidh go raibh grúpaí éagsúla ag ullmhú don ócaíd. Bhí dream amháin ag cleachtadh do dhráma, dream eile ag déanamh ealáine ar an úrlár agus dream eile fós ag dathú isteach “Nollaig Shona” a bhí scríofa go healaíonta ag daltaí eile. Tháinig an tAthair Ó Céilleachair [An Reathaí] isteach agus nuair a chonaic se an t-atmaisféar gnóthach, pléisiúrtha is é a dúirt sé ná: “Tá scoil iontach agaibh anseo” Chreideas é sin agus creidim fós é in ainneoin na ndeacreachtaí atá le sarú agus an scoil ag meadú. Braithim gur cuid de mo chlann é Gaelachas Teo. de bharr go rabhas páirteach i gColáistí Samhraidh i gCléire agus níos déanaí i nGleann Maghair. Ó bhás Eibhlín Uí Dhrisceoil tá an comhlacht faoi stiúir Shiobháin in a lán slite í ag obair go dian chun an fhís a bhí ag Cormac agus Eilbhlín a chur chun cinn. Ag tagairt d’oideachas leathan tá athrú mór tagtha ar mhúineadh an ábhair le blianta beaga anuas. Bhí baint nach beag agam féin le múineadh an ábhair ach is chuige seo atáim. Chonaic mé a lán samplaí den Chríostaíocht agus mé ag obair sa scoil. Nuair a thug daoine cúnamh do dhaoine eile, sin é is Críostaíocht ann dár liom. Is cuimhin liom iarmhúinteoir Scoil na nÓg ag obair timpeall an chlóis agus ba bhreá liom caint leis. Bhí gaeilge bhlasta aige agus é breá abálta cúrsaí an tsaoil a phlé. Tá sé sa chré le cúpla bliain anois áfach. Suaimhneas síoraí dó. Sin iad na rúdaí anois a ritheann liom faoi na laethannta a chaitheas i gColáiste an Phiarsaigh. Chaitheas blianta sona sa scoil. Bhaineas taitneamh as mo shaol múinteoireachta ann agus guím gach rath ar fhoireann na scoile a thug tacaíocht dom in am an ghátair. Guím gach rath ar na daltaí sa todhchaí.


ÍOMHÁ!

Ferrycarrig

Leis an mbrú atá ar dhaoine óga an lae inniu cheapamar gur mahith an rud é tuairimí daltaí na scoile a fháil faoin tslí gur mhaith leo go bhféachfadh duine i saol an lae inniu. Is é an rud a bhí á lorg, dáirire ná cad atá tarraingteach dóibh agus cad é nach bhfuil, i nduine. Thaispeánamar an dhá íomhá thíos do thart ar dhá chéad dalta. Bhíodar idir 13 agus 15 bliain d’aois. Is é atá léirithe sa phíchairt ná an rogha a rinne siad. Cuirtear in iúil dúinn mar sinn go bhfuil an chéad íomhá ró-thanaí agus mí-shlántúil.

I Mí Mhéan Fomhair i mbliana, d’imigh ranganna an Teastais AN CHEIST: Cén íomhá thall is tarraingtí i do thuairimse? Shóisearaigh ar thuras Staire chuig Ferrycarrig, Contae Loch Garman. Is é atá ann ná láthair a chóirigh Comhairle Contae Loch Garman chun samplaí de stair agus de sheandálaíocht na hEireann a léiriú do mhuintir na hEireann. Tá 35 acra sa láthair, a chlúdaíonn na treimhsí éagsúla ón Ré Mheisiliteach go Ré na Nic ole Ric hie 25% 75% Normannach. Chonaiceamar na Charlotte C hurc h tithe inar mhair ár sinsir, cuid de na huirlisí troda agus oibre a bhí acu, na gléasanna cócaireachta a mmmmmmmmmmmmmmmmmm bhí acu. Bhí mainistir agus Ardchrois ann leis. Bhí treoraí den scoth againn a léirigh dúinn an tslí inar mhair ár ngaolta TROSCADH CONCERN 2006 anallód. Bhí seans againn sinn féin a shamhlú mar dhaoine sna Bhí troscadh 24 u.a.ch. Concern ar siúl arís i mbliana ar an 30 Samhain. Ócáid bhliantúil is ea é a tréimhsí éagsula. Bhaineamar go thugann caoi do dhaltaí agus do mhúinteoirí lá amháín a chaitheamh gan bhia. Is e an Máistir Ó Súilléir sult as an ócáid oideachasúil leabháin [Stair] a eagraíonn an ócáid seo i gColáiste an Phiarsaigh.Tugann an lá seo tuairim éigin dúinn, idir mhúinteoirí agus daltaí, ar ócáid rialta sa 3ú Domhan ina mbíonn ar mhórán a gcuid laethanta a chaitheamh gan bhia nó le beagán bia. Tugann sé caoi dúinn urraíocht a lorg, airgead a bhailiú a rachaidh chun tairbhe daoine bochta. Má bhíonn léargas níos fearr againn ar an 3ú Domhan ina dhiaidh, is fiú é. I mbliana ghlac slua mór daltaí páirt ann. Tá díograis gach éinne le moladh. Thug go leor daltaí agus múinteoirí cabhair. Gabhaimid buíochas leo.

Slisníní Caramal

- 35 Nóiméad

Modh Cuir san oigheann é ag 170°c

Comhábhair

• • • •

AOI AR CUAIRT

Briocsán 300g de phúr ardaithe 175g d’ím nó de mahirgín 50g de shiúcra

Caramal • Stán amháin de bhainne comhdhlúite • 100g d’ím • 2 spunógbhoird de sioróip órga • 100g de shiúcra donn Trealamh a bheidh uait Sápan doimhin seastán pota Spúnóg adhmaid, próiséalaí Babhla beag, stán chun na slisíní a choiméad.

1.Brioscán: Smear ím isteach leis an bplúr agus an siúcra. Cuir isteach i stán smeartha é agus cláraigh síos é le cúl spúnóige . Cuir isteach san oigheann é ar feadh 20-25 nóimead go dtí go mbíonn se órga. Tóg amach é agus scaoil dó fuarú. 2.Caramal: Léa an t-ím , síoróip , siúcra agus an bainne comhdhlútha i sáspan agus á chorraí ar feadh an ama. Úsáid spadal chun an stán a ghlanadh amach. Nuair atá an t-ím leáite agus an meascán ag fiúchadh go mall ach go socair fág ar feadh deich noiméad. Bí cúramach. Is féidir é a dhó. 3.Nuair atá an meascán a fad níos tibhe ach fós gur féidir é a dhoirteadh tóg ón teas e. Dhoirt ar an mbrioscán é agus scaip le scian é. Ná leáigh an caramal, beidh sé ró-the. Fág é go dtí go n-éiríonn sé fuar. 4. Barra seacláide: Leáigh an seacláíd. Scaip thar an fuil an caramal fuar. Fag é ar feadh dhá uar an chloig. Éireoidh sé crua. Gearr ina slisíní e. Bain taitneamh as.

Thug Bainisteoir Aigeadais Pfizers cuairt ar an scoil i rith Mhí na Samhna. D’eagraigh Iníon Ní Scollaí [Gnó] an chuairt seo do na ranganna sinsearacha atá ag déanamh staidéir ar an gcuntasaíocht. Thug Fiona McCarthy léacht faoin obair atá ar siúl aici féin go laethúil ina saol oibre. Labhair sí faoin ról a ghlacann sí sa chomhlacht ilnáisiúnta seo. Léiríodh do na daltaí cad iad na cailíochtaí atá ag teastáil don phost. Chuir sí ar a súile do na daltaí gur fiú go mór tabhairt faoi chéim sa tráchtáil in Ollscoil Chorcaí mar a dhein sí féin. Ar deireadh mhínigh sí faoi na tairgí a thairgíonn Pfizers.


RANGANNA ARDTEISTIMÉIREACHTA 2005-2006

Ó chlé, ar chúl: Seán Mac Cárthaigh, Eoin Ó Drisceoil, Tomás Breathnach, Keith Ó Muirí, Eoin Ó Leocháin, Brian Ó Condúin, Deaglán Ó hEachaoirn, Cormac Ó Mongáin, Niall Ó Srianáin, Cian Mac Coille, Conchúr Ó hÉalaithe, Roibeard Ó Foghlú, Daithí Fradgly, Colm Bond. I lár, ó chlé: Eoin Ó Goibín, Oscar Ó Muircheartaigh, Sorcha Nic Aodh, Lisa Nic an Bhaird, Clár Ní Chonalláin, Treasa Bhreathnach, Fiona Ní Rinn, Nóra Nic an Bhaird, Ciara Ní Dhorcháin, Casandra Ní Aodh, Eilís Ní Anluain, Máire Laoise Nic Cárthaigh, Aoife Ní Dhoncha, Naoise Ó hUallacháin, Eoin de Paor, Eoin Mac Aogáin, Eoin Ó Murchú. Chun tosaigh, ó chlé: Aoife Ní Chearnaigh, Niamh Nic Pharthlainn, Searlín Ní Chrualaoi, Lisa Ní Choimín, Aodhnait Ní Néill, Aoife Ní Bhrian, Lisa Ní Mhurchú, Sinéad Ní Riordáin, Amy Ní Stíobhairt, Stevie Jean Ní Bhroin, Bairbre Ní Éalaithe, Taryn Ní Loingsigh, Ciara Ní Shúilleabháin, Orlaith Nic Ghabhann, Lisa Ní Laoire.


C E A N N A I R Í R A N G A C H O L Á I S T E A N P H I A R S A I G H 2 0 0 6 2 0 0 7

Ar bharr, ó chlé: Glenn Ó Criodáin, Elaine Ní Chondúin, Amy Histon, Eoin Ó Coimín, Caitríona Ní Mháille, Ben Mac Thomáis, Gillian Ní Chionnaolaigh, Anraí Ó Rua, Emily Ní Shúilleabháin, Laura Ní Dhálaigh, Mairéad Ní Chathasaigh, Pádraig Ó Súilleabháin, Emma de Barra, Orla Ní Shúilleabháin, Liam Ó Súilleabháin, Éabha Ní Laoire G. Phádraig, Adam Ó Donnabháin, Amy Ní Shúilleabháin, Grace Nic an Ultaigh, Maitiú Ó Coileáin.

COMHAIRLE NA MAC LÉINN

Bunaíodh Comhairle na Mac Léinn sa scoil seo i mbliana chun guth a thabhairt do gach dalta sa scoil. Tá postanna difriúla ag baill an chomhairle. Seo iad baill an Chomhairle agus na postanna atá acu. (Tá beirt roghnaithe ó gach bliainghrúpa) Bl.6-Meirbhin Ó Conaill- Cathaoirleach Bl.6-Laura Ní Laighin Treo Bl.5-Liam Ó Súilleabháin - Cisteoir Bl.5-Aine Ní Choileáin-Leas - Chathaoirleach. Bl.4-Elaine Ní Chondúin Bl.4-Gillian Ní Chionnaolaigh - Runaí Bl.3-Adam Ó Donnnabháin - Leas Runaí Bl.3-Amy Ní Shuilleabháin - Caidreamh Phoiblí Bl.2-Emma de Barra - Caidreamh Phoiblí Bl.2-Dylan Crúis Ó Sé Bl.1-Máire Ní Luasa Bl.1-Jennifer Ní Chroinín - Caidreamh Phoiblí Roghnaigh an Príomhoide agus Iníon Ní Chrualaoi na daoine do na postanna. Ceannairí nó leas-cheannairí ranga is ea iad go léir. Táimid i mbun oibre faoi láthair faoi stiúir Iníon Ní Chrualaoi. Tá bunreacht le scríobh againn mar bhunchloch don chomhairle. Caithfimid cinneadh a dhéanamh faoi dhearadh an tsuaitheantais a bheidh á chaitheamh ag baill na comhairle. “Ar scáth a chéile a mhairimid”

LEAS-CHEANNAIRÍ RANGA 2006-2007 LEAS-CHEANNAIRE

RANG

Máire Ni Luasa Aengus Mac an Bhaird Jennifer Ni Chroinín

Ciarán Niamh Pádraig

Dylan de Cruise Ó Sé Ciarán Ó Croinín Fanahan Mac Suibhne

Aoileann Fiachra Murcha

Shauna Ní Fhearghail Fionntán de Búrca Fiona Nic Fhinn Elaine Ní Chonchubhar

Cormac Barra Fiona Róisín

Maebh Ni Ruairc Rian Ó Murchú Micheál Ó Maoldomhnaigh Pól Mac Meirbhic

Ciara Oisín Deirdre Gráinne

Máille Ní Bhrádaigh Áine Ni Choileáin Liam Ó Caoimh

Laoise Muireann Colmán

Tomás Ó Fiacháin Laura Ni Laighin Treo Meirbhinn Ó Conaill

Cian Aoife Aisling


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.