NUACHT SAMHRADH 2003

Page 1

FIOS

FEASA

EAGRÁN

FIOS FEASA

SPEISIALTA

COMÓRADH

BLIAIN

SAMHRADH

2003

TRÍOCHA BLIAIN AG COTHÚ NA FOIRFEACHTA

NUACHT LITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH

C O L Á I S T E

30

SAMHRADH 2003

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

A N P H I A R S A I G H FIOS FEASA C. an P. 2003 ©

SÓC

1973 - 2003 GLEANN MAGHAIR, CORCAIGH. Lch. 1

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

Eagarfhocal Fáilte romhaibh go léir arís chuig Fios Feasa. Is eagrán speisialta é seo gan amhras, mar is eol daoibh ón méid a léigh sibh ar an gclúdach. Tá an scoil seo againne ar oscailt le tríocha bliain i mbliana. D'oscail an scoil i 1973. Osclaíodh go hoifigiúil é i 1978. Rinneamar iarracht san eagrán seo stair na scoile a léiriú, a bhuíochas san don Mháistir Ó Súilleabháin [Stair] a scríobh an príomh-alt dúinn faoi stair Choláiste an Phiarsaigh agus a chabhraigh leis an eagarthóireacht. Gabhaimid ár mbuíochas leis. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach duine a chabhraigh linn in aon slí chun an t-eagrán seo a chur le chéile, idir altanna, eolas agus ghrianghrafanna. D'éirigh linn altanna suimiúla a bhailiú don eagrán seo agus tá súil againn go mbainfidh sibh go léir taitneamh astu. Os rud é go bhfuil mórán Éireann altanna spéisiúla againn bheadh sé deacair tagairt a dhéanamh do gach rud agus an teagarfhocal seo á scríobh agam. Léirímid, dar linn, an sórt saoil a bhí sa scoil seo i rith na mblianta,

COMÓRADH

30

BLIAIN

an fhealsúnacht ba chúis lena bunú, an cothú atá déanta ar an bhfoirfeacht i gcás oiliúint na hóige de, mar atá cruthaithe bliain i ndiaidh bliana ag ár ndaltaí agus ag ár sár-mhúinteoirí. Gura fada buan iad i mbun oibre. Cá mbeimis gan iad? Ná déanaimis dearmad, ach an oiread, ar na daoine a fhíoraigh an fhís tríocha bliain ó shin, Eibhlín Ní Drisceoil agus Cormac Mac Cárthaigh, ach go háirithe. Ná déanaimis dearmad ar na tuismitheoirí a chuir an méid sin muiníne sa togra seo an chéad lá. Ní bheadh an scoil anseo inniu murach iad. Tugtar léargas duit, a léitheoir, sna leathanaigh seo, mar sin, ar cé chomh cuimsitheach agus atá an oiliúint a tugadh agus a thugtar do na micléinn agus do na hiníonacha léinn a fhreastalaionn ar Choláiste an Phiarsaigh. Gabhaimid buíochas ó chroí leis an Máistir Ó Céilleachair a chabhraigh linn i mbun gnímh. Ba é siúd a threoraigh sinn, tá a fhios agat. Mar fhocal scoir, bainigí taitneamh as an eagrán seo agus scaipigí an dea-scéal. Eagarthóir: Katie Ní Eathairn Thall: Faoi 1982 bhí borradh faoi Choláiste an Phiarsaigh. Bhí gá le breis spáis cheana féin agus mar sin chuathas i mbun oibre. Ní gan dua a fuarthas cead síneadh a chur leis an scoil, áfach. I ndeireadh na dála, tar éis mórán achrainn, cheadaigh an Roinn Oideachais saotharlann eolaíochta, seomra ealaíne, seomra foirne, ríomhlann, leabharlann, oifigí, leithris agus ceithre sheomra ranga nua. Osclaíodh an síneadh i 1995.

SÓC

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.

Lch. 2

SAMHRADH

2003

Foireann Fios Feasa

Eagrán an tSamhraidh 2003 Katie Ní Eathairn, (eagarthóir) Suzie Ní Éara, (leaseagarthóir) Lorna Ní Mhurchú, Sadhbh Ní Uallacháín, Lesley Ní Cheallaigh, Stephanie Breathnach,Melanie Ní Chathail, Bernadette de Barra, Niall Ó Mairtín, Melissa Ní Dheasún, Elaine Nic Chárthaigh, Laura Ní Laighin, Doireann Ní Óbáín, Daithí Ó Spealáin, Suzanne Ní Chaoimh, Aoife Ní Dhálaigh, Sinéad Seoighe, Máire Nic Chárthaigh, Conchúr Ó hArgáín, Páidrigín Ní Éigeartaigh agus Aoife Ní Riain. Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair. Stiúrthóirí na hIdirbhliana 20022003: An Máistir Ó Tuama, Iníon Ní Dhonnchú, Iníon Ní Leader COLÁISTE AN PHIARSAIGH, GLEANN MAGHAIR, CORCAIGH. 2003 ©

Ríomhphost: nuachtscoile@ yahoo.co.uk

Urraíocht: Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair, Corcaigh. Gaelachas Teo., Gleann Maghair, Corcaigh.


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003

Coláiste an Phiarsaigh—30 bliain ag fás Mairimid i ré na teicneolaíochta. Tá fón póca, ríomhaire agus réimse leathan giúirléidí againn inniu chun an saol a dhéanamh éasca dúinn. Tá taithí againn go léir ar na huirlisí a chabhraíonn linn ó lá go lá.Tá sé deacair orainn aon saol eile a shamhlú. Muna bhfuil rudaí i gceart cuirimid an milleán ar dhuine éigin eile - ar an scoil, ar ár dtuis m i t h eoirí, ar an rialtas. Éilímid caighdeán ard. Éilímid ár gcearta. Tá níos lú agus níos lú daoine ann atá sásta dua a chur orthu féin, allas a shileadh chun spriocanna agus físe anna a bhaint amach. Ach táimid, i gColáiste an Phiarsaigh, inniu go mór faoi chomaoin ag daoine atá imithe ar shlí na fírinne, daoine a chaith a saol ag treabhadh leo i ngort an oideachais agus nár chuir an cheist riamh: “cad a gheobhaidh mé as seo”? Thógadar dáiríre focail an Uachtaráin Uí Chinnéide ar ócáid a insealbhaithe: “Ná hiarr ar do Eibhlín Ní Drisceoil thír rud a dhéanamh duit ach ort féin rud a dhéanamh iar-phríomhoide Scoil na dod’ thír”. nÓg agus Choláiste an Phiarsaigh

Nuair a bunaíodh Gaedhealachas Teoranta i 1940, bhí dream beag daoine ann a chreid go bhféadfaí rud éigin a dhéanamh chun an Ghaeilge agus an Gaelachas a shlánú. Thógadar go dáiríre focail an Phiarsaigh: “Tír gan teanga, tír gan anam”. Bhí baint ag an Dara Cogadh Domhanda le bunú na heagraíochta. D’fhéadfadh géarchéim a bheith ann d’Éirinn agus don Ghaeilge. Bheartaigh siad a gcion féin a dhéanamh ionas go dtiocfadh an Ghaeilge slán. Bhunaigh Gaedhealachas Teoranta coláiste samhraidh i nGarraí Bhoithe sa bhliain 1944. Thar na blianta a lean chuireadar coláistí samhraidh ar bun i gCorca Dhuibhne, ar Oileán Chléire agus sa Gheata Bán mar a raibh Trabolgan, atá inniu ina ionad saoire. Nuair a cuireadh Teach Ghleann Maghair ar an margadh sna caogaidí, cheannaigh Gaedhealachas Teoranta an teach agus na tailte a bhí ag gabháil leis. Is ann a bunaíodh Scoil na nÓg sa bhliain 1958. Eibhlín Ní Drisceoil a bhí ina Príomhide. An bhliain dar gcionn, 1959, d’oscail Scoil na nÓg scoil chónaithe do bhuachaillí i dTrabolgan. Tháinig an tUachtarán, Éamon de Valera, chun an oscailt oifigiúil a dhéanamh. Bhí Gaedhealachas Teoranta i gcónaí ag iarraidh teacht ar shlite nua chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus sa bhliain 1961, bhunaigh siad ‘Agus’, iris mhíosúil ina raibh idir phrós is fhilíocht. Diarmaid Ó Murchadha a bhí ina eagarthóir agus i leathanaigh ‘Agus’ thug sé caoi do mhórán de na filí óga a saothair a chur i gcló. Ina measc bhí Michael Davitt agus Gabriel Rosenstock. Cormac Mac Cárthaigh, iar-bhainisteoir na scoile

Lch. 3

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

30

BLIAIN

SAMHRADH

Trabolgan á oscailt go hoifigiúil ag Éamonn de Valera, Uachtarán na hÉireann 1959

Ar chlé An tEaspag Ó Murchú lena chúntóirí,ar chlé Fachtna Ó Longaigh, agus Donncha Ó Conbhuí agus ar dheis an tAire Oideachais Seán Mac Uilliam ag oscailt oifigiúil Choláiste an Phiarsaigh ar an 10 Samhain 1978

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.

Lch. 4

2003


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003

An chéad rang lena múinteoirí faru i 1973

Sna seascaidí bhí gluaiseacht in Éirinn a chuir in aghaidh na Gaeilge a bheith éigeantach sna scrúduithe stáit. An L.F.M. a tugadh air agus fuair sé mórán poiblíochta ó na meáin chumarsáide. Tháinig an saor-oideachas don iar-bhunscoil isteach sa bhliain 1967 agus ceann de na torthaí a bhí air ba ea go raibh laghdú mór ar líon na scoileanna a bhí ag teagasc na n-ábhar trí Ghaeilge. Dhealraigh sé nach raibh todhchaí ró-mhaith i ndán don Ghaeilge Turas go dtí Dún an Óir, Co. Chiarraí thart ar 1977

Lch. 5

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003

Foireann Choláiste an Phiarsaigh leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta 1998

Ach nuair a bhí an chuma ar an scéal go raibh an bás i ndán d’oideachas trí Ghaeilge, thóg Gaedhealachas Teoranta cinneadh go n-osclódh sé Meánscoil lán-Ghaeilge. Snámh in aghaidh easa a déarfadh mórán. Ach fuarthas cead ón rialtas agus i Meán Fómhair, 1973 d’oscail Coláiste an Phiarsaigh, meánscoil lán-Ghaeilge do dhaltaí lae agus do dhaltaí cónaithe. Dúshlán mór do ghrúpa beag daoine gan móran airgid taobh thiar díobh. Bhí fís

‘Lámha in airde’ An chéad rang i mbun oibre sa ‘tigh’ i 1973

Lch. 6


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003

Ainmníodh an scoil as Pádraig Mac Piarais, tírghráthóir agus oideachasóir den scoth. Sna blianta tosaigh, bhí deacrachtaí móra le sárú ag Coláiste an Phiarsaigh. Ní raibh aon fhoirgneamh scoile ann. Bhí seomra anseo agus ansiúd. Bhí dhá sheomra i sean-scoil de chuid Eaglais na hÉireann, a bhí dúnta le blianta, ar cíos ar feadh cúpla bliain. Dar ndóigh ní raibh aon teas lárnach ann. Super Ser a bhí ag iarraidh an áit a théamh. Bhíodh sé chomh fuar ann i rith an gheimhridh gur baisteadh ‘Siberia’ air. Dar ndóigh ní raibh saotharlann eolaíochta nó ríomhlann ar fáil. Nuair a osclaíodh Coláiste an Phiarsaigh bhí an cogadh ar siúl sa MheánOirthear. Lean gearchéim eacnamaíochta. Ní raibh aon airgead ag an Roinn Oideachais chun foirgneamh scoile a chur ar fáil. Ach níor lig Eibhlín Ní Drisceoil nó Cormac Mac Cárthaigh do na deacrachtaí seo lagmhisneach a chur orthu. Leanadar ar aghaidh ag tathaint ar an rialtas an t-airgead a chur ar fáil. Bhí toradh ar a gcuid iarrachtaí agus ar an 10 Samhain, 1978, tháinig an tAire Oideachais, Seán Mac Uilliam, chun foirgneamh nua scoile a oscailt. Turas scoile - Trálí 1997 Faoin am sin bhí thart ar dhá chéad dalta ag freastal ar Choláiste an Phiarsaigh. Ón tosach bhí sé mar aidhm ag Coláiste an Phiarsaigh oideachas a bhí lán-Ghaelach a chur ar fáil. B’fhéidir go bhfuil deacrachtaí ag baint le téacsanna Gaeilge inniu ach bhí na deacrachtaí céad uair níos measa tríocha bliain ó shin. Ní raibh an r ío mha ir e nó an meaisín fótachóipeála ar fáil. Bhí gléas fótachóipeála ar tugadh

An Féile Náisiúnta Drámaíochta 1989

‘spirit duplicator’ ar fáil ach níor éirigh leis riamh spiorad múinteoirí a ardú. Tá sé suimiúil féachaint inniu ar an gcuraclam a chuir Coláiste an Phiarsaigh ar fáil sa bhliain 1973. Bhí an Fhraincis agus an Ghearmáinis ar fáil. Ní raibh mórán Sinéad Sheppard, iar-dhalta scoileanna eile ag an am a chuir dhá theanga Eorpacha ar fáil. Choláiste an Phiarsaigh

Lch. 7


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003

FOIREANN TEAGAISC AGUS DALTAÍ NA SCOILE 1979

Bhí an Eacnamaíocht Bhaile ar fáil do bhuachaillí. Ní raibh sé seo coitianta ag an am. Cé nach raibh na huimhreacha sa scoil chun múinteoir ealaíne lán-aimseartha a cheapadh, bhí an ealaín ar fáil sa scoil ó thosach. Ba í an aidhm ná chun oideachas leathan Gaelach a chur ar fáil. Cé go raibh tús áite ag an nGaeilge níor chiallaigh sé sin go raibh aon rud cúng ag baint leis. Tá Coláiste an Phiarsaigh tríocha bliain inniu. Fiche bliain ag fás agus fiche bliain faoi bhláth a deirtear. Tá feabhas mór ar áiseanna inniu. Ach tá dúshláin nua le sárú. Tá réabhlóid curtha i gcrích ag Coláiste an Phiarsaigh. Tá an taoide casta maidir leis an oideachas lánGhaelach. Tá cúpla céad scoil lán-Ghaelach sa tír inniu. Caithfimid labhairt na teanga a chur chun cinn laistigh agus lasmuigh d’fhallaí na scoile, sa siopa, sa gharáiste, sa séipéal. Caithfimid leanúint leis an réabhlóid a thosaigh Cormac Mac Cárthaigh agus Eibhlín Ní Drisceoil. Táimid go mór faoi chomaoin acu. Solas na bhFlaitheas go raibh acu. Guímid gach rath ar Choláiste an Phiarsaigh anois agus sa todhchaí. Ba mhaith le foireann FIOS FEASA a bhfíor-bhuíochas a ghabháil leis an Máistir Ó Súilleabháín [Stair] as an alt seo a scríobh dúinn.

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.

Lch. 8


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003

Drámaíocht 1996

Rang Meánteistiméireachta 1986

Craobh Díospóireachta Gael-Linn 1994

Foireann Peile na mBuachaillí, Sinsir 1997

Lch. 9

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003

Foireann Choláiste an Phiarsaigh agus Scoil na nÓg i 1978

FIOS

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.

Lch. 10


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003

An Mion-Chomhlacht 1996

Sos!

Rang Chéad Bhliana 1996

Lch. 11

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003

Fadó Fadó…

Anoir Le Cóir

ar-dhalta is ea mise. Chaitheas cúig bliana anseo sa scoil seo Coláiste an Phiarsaigh i nGleann Maghair. Dheineas Scrúdú na hArdteistiméireachta sa bhliain 1986. Tugadh cuireadh dom cúpla focal a scríobh faoi shaol an dalta sa scoil sna hochtóidí. Seo agaibh cúpla rud a ritheann liom faoin dtréimhse úd. Bhí peire breá nua slipéirí ceannaithe agam, agus sceitiminí áthais orm ar an gcéad lá sa mheán scoil dom. An dtógfá orm é, dalta chéad bhliana ag tnúth le saol na méanscoile? Ní chreidfeá cé chomh bródúil agus a bhíos astu agus ag súil go mór len iad a chaitheamh. Nach tapaigh a fhoghlamaíonn duine? Sea, bhí orainn slipéirí a chaitheamh sa scoil an uair sin. Bhainfeá na bróga ag an bpríomh dhoras gach maidin, gan teip bíodh a fhios agat, ní raibh aon eisceachtaí in aon chor an dtuigeann tú, ag an am úd - suas an staighre sna stocaí leat agus chuirfeá na slipéirí ort i seomra na gcótaí. Bheadh na bróga fágtha ansin go dtí am lóin. Ansin bhí athrú eile le déanamh ar an slí amach agus arís eile ag deireadh an lae. Gan amhras bhí míshástacht léirithe dá mbeimís gan na slipéirí úd agus dá bhrí sin ba mhinic na slipéirí céanna ag athrú láimhe (cosa) go tapaigh ar son na síochána. Thabharfainn aon ní ach na diabhal rúdaí san a bheith as mo radharc. Mar sin féin ní dóigh liom gur dheineadar aon díobháil dom ach an oiread. Ní raibh aon rud a chiúnaigh rang níos fearr na glór eochracha an phríomhoide ag teacht. Éinne a bhí as áit bhogadar ar ais go tapaigh. Ní raibh uait ach gaoth an fhocail. Níor smaoinigh aon chailín riamh, gan trácht ar bhuachaill, cúis gháire chugainn, ar dhath a chur ar a cuid gruaige, smidiú a chaitheamh nó ar aon “decorations” eile a chaitheamh, ní ghlacfaí leo agus sin, sin. B’shin iad na rialacha agus glacadh leo. Chuamar ar thuras scoile chun na Róimhe, An Floráns, an Eilbhéis, agus Páras i rith laethanta saoire na Cásca sa triú bliain. Bhaineamar an-taitneamh go deo as. Chun na fírinne a insint na cuimhní is mó atá agamsa ar an dtréimhse a chaith mé mar dhalta i gColáiste an Phiarsaigh is cuimhní taitneamhacha iad. Bhí comhluadar deas ann i measc na ndaltaí. Bhí aithne ag gach dalta ar a chéile, thart ar céad is a ochtó dalta a bhí sa scoil ag an am, agus meas againn ar na múinteoirí! B’aoibhinn an saol a bhí againn i ndáirire. Go maire na cuimhní céanna go deo i m’aigne.

éirigh Coláiste an Phiarsaigh bliain i ndiaidh bliana go raibh sí de shíor ag iarraidh barr a cumais a shroichint. I 1990 faoi stiúir an phríomh-oide, Eibhlín Ní Drisceol tháinig strainséar in ár measc. Kishiko Gondo ab ainm di. Seapánach ba ea í agus chaith sí bliain ag múineadh sa scoil. Thug sí leí traidisiúin a tíre agus scaip sí a cultúr saibhir i measc múinteoirí agus daltaí na scoile. Eagraíodh an chuairt tríd an Biúró Malartú Óige. Mhúin sí Seapáinis do na daltaí agus do roinnt mhúinteoirí leis, a deirtear linn. D’fhoghlaim sí roinnt gGhaeilge. Bhí suim an diabhail aici sa lútchleasaíocht agus nár dhreap sí Sliabh Fuji féin ambaiste. Chuir sí suim ar leith i gceol na hÉireann agus ba é sin a mheall chugainn í an chéad lá.

I

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.

Lch. 12

L


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003

Bóithrín na Smaointe Toisc go bhfuil an scoil seo, Coláiste an Phiarsaigh ainmnithe i as an bPiarsaigh mheasamar go mbeadh sé an-oiriúnach go gcuirfimis an t-alt seo i gcló anseo. Scríobh dalta a bhí sa dara bliain é. Tógadh é as Eagrán na Nollag de Splanc, Iris Choláiste an Phiarsaigh 1982. Chomh maith leis seo thíos tá liosta suimiúil; Tuairimí ó Dhaltaí Éagsúla.. Thógamar é as an Iris chéanna. Ceapaimid féin gurb é an ceann is suimiúla ná uimhir a trí. Cad a cheapann sibhse?

Pádraig Mac Piarais

Rugadh Pádraig Mac Piarais ar an 10 Samhain, 1879 i mBaile Átha Cliath. Bhí a athair ag obair mar shaor cloiche. Bhí suim aige i saoirse na hÉireann a bhaint amach. Máiréad Ní Bhrádaigh ab ea a mháthair agus ba as Contae na Mí di. Bhí deartháir amháin ag Pádraig-Liam agus dála Phádraigh cuireadh chun báis é. Bhí beirt deirféar aige leis. Fuair sé a chuid scolaíochta ó na Bráithre Críostaí i Sraith an Iarthair. Bhí aintín aige a d’inis alán scéalta dó i dtaobh na bhFiníní agus Éire Óg agus Wolfe Tone. D’fhoghlaim sé gaeilge, nuair a bhí sé aon bhliain déag d’aois. Nuair a bhí sé níos sine chuaigh sé go Ros Muc i gConamara. Bhí labhairt agus scríobh na gaeilge ar a thoil aige nuair a bhí sé in óg fhear. Tar éis tamaill bhí sé ina eagarthóir ar an ‘Claidheamh Soluis’. D’fhoghlaim sé dlí sa choláiste. Beagáinín ina dhiadh sin fuair a athair bás agus ansin thug sé cabhair dá dheartháir. Thug sé léachtaí sa Choláiste agus sa bhliain 1908, bhunaigh sé Scoil Éanna. Bhí sé ag iarraidh an t-oideachas Sasanach a stopadh. Tar éis dhá bhliain d’aistrigh an scoil ó Rath Mhaoinis go Rath Fhearnáin. Sa bhliain 1912 thosaigh sé a nuachtán féin ‘An Barr Buadh’. Bhí an-eolas aige ar pholaitíocht faoin am seo. Sa bhliain 1914, chuaigh sé go Meiricéa chun airgead a fháil don scoil agus ansan bhuail sé le Séan Dubhuí agus le Joe Mc Garrity. Labhraíodar faoi Éirí Amach d’Éirinn. Chuaigh sé sna hÓglaigh agus bhí an tÉirí Amach i 1916. Rug na Sasanaigh ar na Ceannairí agus chuir siad chun báis iad. Fuair sé bás i bpriosún Chill Mhaighneann. Déaglán Ó Caoinleáin, 2GI

Tuairmí ó Dhaltaí Eagsúla

1. Ba cheart ‘disco’ a bheith againn gach re seachtain ar £1.50 chun airgead a bhailiú. 2. Ba cheart do chailiní foireann camogaíochta a thosnú i mbliana. 3. Ta riail sa scoil go gcaithfidh na daltaí go léir slipéirí a chaitheamh. Cén fáth nach bhfuil ar na múinteoirí iad a chaitheamh? 4 Ba cheart go mbeadh áit níos mó ag na cailiní chun athrú i ndiaidh cluichí. 5. Ceapaim gur ceart suipéar déanach a bheith ag na scolairí cónaithe. 6. Ceapaim gur cheart an nuacht a bheith againn gach óiche. (Ní raibh cead ag daltaí cónaithe éisteacht leis an raidio ná féachaint ar an teilifís) 7. Ceapaim gur cheart 4L a thógaint amach as seomra 12, mar tá siad ann le trí bliana anois. 8. Ba mhaith leis na scolairí cónaithe teacht amach on mbialann nuair a bhíonn críochnaithe acu, go háirithe ag am dinnéir. 9. Ba cheart go mbeadh adhmadóireacht agus miotalóireacht mar ábhair ag na daltaí. 10 Ba cheart go mbeadh Club sa scoil a dhéanfadh staidéar ar an dúlra, a chuirfeadh siulóidí ar siúl 7rl.

(Ruairí Mac Muiris5ú bliain)

.

Lch. 13

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

I

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003

nniu nuair a fhéachaimid ar Theach Ghleann Maghair nó ar theach cónaithe na gcailíní i Scoil na nÓg/Coláiste an Phiarsaigh is ar éigean a smaoiníonn aon duine againn go raibh saol an-éagsúil ann tráth. Ba chuid d’eastát Teach Ghleann Maghair, cé nárbh eastát ró-mhór an chuid sin de a chuaigh leis an teach seo, thart ar 33 acra. Má dhéanaimid iniúchadh ar stair an tí agus an eastáit tá an méid seo le tabhairt faoi deara. Dealraíonn sé gurbh iad muintir Butler St Leger a bhí i seilbh ann le fada an lá. Tháinig na Buitléaraigh go hÉirinn le linn ionradh na Normannach sa bhliain 1169 agus tháinig muintir St Leger i bplandáil Éilíse - Plandáil na Mumhan, 1585. Teach Seoirseach is ea Teach Ghleann Maghair. Ciallaíonn sé sin gur tógadh é le linn réimeas ríthe Shasana i rith an 18ú hAois. Bhí mórán tiarnaí talún i bhfiacha nuair a chríochnaigh an Gorta thart ar 1849. Tháinig rialtas na Breataine i gcabhair orthu nuair a ritheadh Acht na nEastát Fiachbháite in 1849. Dealraíonn sé go raibh an teach ar cíos ó Anthony Butler St Leger ag Henry Mannix ó 1842 ar feadh 14 bliain ag cíos £20 steirling in aghaidh na bliana. Sa bhliain 1852 cheannaigh Martha Morrogh, baintreach, an t-eastát agus an teach ar £610. Coimisinéirí na An Duchess of WestminnEastát Fiachbháite a bhí i mbun an díolacháin. ster agus úinéir an chapaill cháiliúil, Arkle. Sa bhliain 1865 dhíol Martha Morrogh an Teach agus an t-eastát le James Russell, Trafalgar, Contae Chorcaí ar £3,350. Bhí an Teach agus an talamh i seilbh mhuintir Russell go dtí an 20ú Céad. Bhí eastáit eile ag muintir Russell i gContae Phort Láirge. Sa bhliain 1927 bhí an Teach agus an talamh ar léas ag Winthropp Benjamin Browning ó Grace Russell - ar feadh 21 bliain ag costas £75 ar feadh cúig bliana agus £85 don chuid eile den tréimhse. Sa bhliain 1929 cheannaigh Edward Langford Sullivan ó Woodhill, Gleann Maghair an chuid sin den léas a bhí fágtha ag Browning. Brigadier General, a bhí éirithe as, in arm na Breataine ab ea Sullivan Sa bhliain 1934 thug an Brigadier an Teach agus 28 acra dá iníon Ann Winfred Sullivan. Ba í siúd An Duchess of Westminster agus úinéir an chapaill cháiliúil, Arkle, a bhuaigh an Gold Cup i Cheltenham trí huaire as a chéile sna blianta 1964, 65, 66. Sa bhliain 1946 dhíol sí siúd An ‘Teach’ inniu an Teach agus an talamh . Ba é Clement Newingham Everitt ó Fairy Hill, Mala, Co. Chorcaí an té a cheannaigh é. Ba é an praghas ná £8,000. Ceannfort sa Chabhlach Ríoga (éirithe as) ab ea Everitt. Fuair Everitt bás i 1956. D’fhág sé an Teach agus an talamh ag a bhaintreach Mabel Everitt a raibh seoladh aici ag 94 Merton Drive, Raghnallach, Baile Átha Cliath. An bhliain chéanna cheannaigh Gaedhealachas Teoranta an Teach agus an talamh. Dhá bhliain ina dhiaidh sin osclaíodh Scoil na nÓg i dTeach Ghleann Maghair. SÓC

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.

Lch. 14


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003

A N L Á S P Ó I R T 1 9 9 3 Turas ar Áras an Uachtaráin 1987. Mar chuid den chúrsa Saoránaíochta [ a dtugtar OSSP air anois] scríobh dalta litir chuig Uacharán na hÉireann, An Dochtúir Pádraig Ó hIrghile. Bhí an dalta seo, Pádraig Ó Dualaigh, ina chónaí i dTeach Bhaile Róisín, teach stairiúil sa pharóiste. Rinne na deartháireacha Francini ón Iodáil obair ar na síleálacha agus ar na fallaí, obair a bhí cáiliúil i gcéin is i gcóngar. Nuair a thóg Uachtarán na hÉireann seilbh ar Theach an Leas-Rí i bPáirc an Fhionn Uisce socraíodh go ndéanfaí maisiú air. Tógadh cóipeanna den phlástar ó Theach Bhaile Roisín agus cuireadh na macasamhla in airde in Áras an Uachtaráin. Ba sa chomhthéacs seo a scríobhadh an litir chuig an Uachtarán. Bhí ionadh an domhain ar gach éinne nuair a scríobh an tÚachtarán le cuireadh don rang chéad bhliana agus do roinnt múinteoirí cuairt a thabhairt ar Áras an Uachtaráin. Bhí sceitimíní ar gach éinne. Bhí an tUachtaPádraig Ó Dualaigh le hUachtarán rán thar a bheith deas le gach éinne agus bhí lá na hÉirannPádraig Ó hIrghile iontach ag chuile dhuine. in Áras an Uachtaráin i 1987 Lch. 1 5

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

Buaiteoirí Slógadh 1994

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.

Lch. 16

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003

Gleann Maghair Alt is ea é seo as Splanc, Iris Choláiste an Phiarsaigh 1983.

N

uair a iarradh orm alt gairid a scríobh ar Ghleann Maghair,’sé an chéad rud a rith liom ná go raibh an méid sin le rá ó thaobh na staire de, ó thaobh traidisiún na Gaeilge de agus gan amhras ó thaobh na ghársaíochta dhe, ná féadfainn é a phlé i mbeagán focal. Deirtear go dtáinig an focal Maghar ó mhanach nó ó scoláire éigin a mhair san aimsir réamh-Chríostaíochta agus a chur faoi sa pharóiste leis. Sa seachtú haois déag, deineadh aon pharóiste amháin de Carraig na bhFear agus de Gleann Maghair. Is toisc gan dóthain sagart a bheith ann a tharla san, de réir dealraimh. Roimh an athrú creidimh, paróistí ar leith ab iad. Ba é Carraig na bhFear an t-eastát deireanach a bhí ag na Carthaigh as an milliún éigin acra a bhí acu sa Mhumhain tráth. De bharr na slí ina chaomhhaigh na Carthaigh an dúthaigh, mhór, n ío r lu ig h t o r t h a í bhriseadh na Bóinne ar shaol Charraigh na bhFear go ceann céad éigin bliain. Do cleachtadh an creideamh gon aon stró. Do chuaigh an saol “GLEANN MAGHAIR an áit is ansa liom”. sóisialta agus an saol cultúrtha ar aghaidh fé mar a bheadh Éire gan aon choncas a bheith déanta uirthi. Mhair na sean-nósanna. Cumadh an fhilíocht. Deineadh cóipeanna de na lámhscríbhinní. Dob é Carraig na bhFear ‘Louvain’ na hÉireann san ochtú haois déag. Is mó san filíocht agus scríbhneoireacht a tháinig as dúthaigh Ghleann Magair. Bhí an t-ádh ar an réigiún gur tháinig Micheál mac Pheadair Uí Longáin ón a bhaile dúchais, Baile Dhonncha, Co.Luimní agus gur chuir sé fé i mBéal Átha Maghair aimsir na bPéin Dlithe. Teaghlach léannta dob ea na Longánaigh. Tá breis agus céad go leith lámhscríbhinn againn go bhfuil baint acu le Micheál Óg Ó Longáin. Is iontach an chaibidil de stair na hÉireann agus de stair an pharóiste a shaothar. Buachaillí Bána, Éireannaigh Aontaithe, Acht an Aontais, fuscailt na gCaitliceach agus scéal na Gaeilge. Gan amras, bhí filí iomadúla eile, mar shampla Liam Mac Cairteáin, Seán Ó Murchú na Raithíneach agus scríobhaithe iomadúla eile a dheimhnigh go bhfanfadh lúbra shlabhra an traidisiúin slán anuas go dtí aimsir Torna agus a dhearthár. Sa bhliain 1874, nuair a saolaíodh Tadhg Ó Donnchú (Thorna) i gCarraig na bhFear, bhí Gaeilge fós á labhairt go coitianta ag sean daoine ann agus ag ábhar éigin de na daoine óga. Ó sheandaoine Charraig na bhFear a fuair sé bunús a chuid eolais ar an nGaeilge; ó sheandaoine Charraig na SÓC

Lch. 17


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003

bhFear a fuair sé a dhúil sa léann agus sa bhfilíocht. Is mó san foirgneamh stairiúil atá sa cheantar seo. Ba le muintir Sarsfield an t ig h ‘Sarsfield’s Court’. Is mó san ard mhéara a tháinig as an gClann san do chathair Chorcaí: Liam ( 1 5 5 6 , 1 60 6 ) , T o má s (1580,1603,1639), Séamas (1599) Agus Dominic (1690). Tá morán tithe móra eile sa cheantar leis. Ba le muintir Stanton ‘Luaiteach’ (Lota). Bhí cúirt acu ag coill na LuTá Ospidéal ar thalamh ‘Sarsfield’s Court’ anois athaighe. Tá tagairt déanta in Annála na hÉireann gur maraíodh fear darbh ainm Finín Mac Carthaigh ag coill na Luathaighe I 1249. Ba le muintir Crawford an ‘Vienna Lodge’. Ba leis an nGinearál Ó Súilleabháin talamh na scoile seo againne, dar ndóigh. Tigh breá eile sa cheantar seo is ea ‘Riverstown House’. Deirtear go raibh campa ag Cromail ar bháinseach toisc go bhfuil clú agus cáil bainte amach ag an bhfoirgneamh seo. Tá samplaí breátha d’ailtireacht Rococo sna tithe seo. Sa bhliain 1784, tógadh an Eaglais Phrotastúnach ar Church Hill - thug Robert Rodgers leath acra talún mar láthair eaglaise. Ba chuid de thalamh Luaitheach é seo roimis seo. Pósadh Sarah Curran agus an Captaen Sturgeon san eaglais chéanna in 1806. Dheineas iarracht, mar sin, ar eolas éigin a chur ar fáil daoibh ar Ghleann Maghair san alt gairid seo. Tá an méid sin staire le fáil anseo. Do líonfadh sé leabhar! Tá traidisiún na Gaeilge fós beo -go maire sí i bhfad. Ní dócha go bhfuil aon áit ar domhan gur fearr liom a bheith ná ‘sa ghleann beag lách a’ cheoil’. SÓC

Meidhbhín Ní Urdail, 5ú bliain

Thall: An tAire Oideachais Seán Mac Uilliam ag tabhairt a aithisc ag oscailt oifigiúil Choláiste an Phiarsaigh i 1978

Lch. 18


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003

‘Parlaimint” na mBan i nGleann Maghair, 1697’ Alt is ea é seo a tógadh as ‘AGUS’ Deireadh Fómhair 1994

S

a bhliain 1697 bhí beirt bhan is sa tríocha i ríocht na hÉireann a raibh uaisleacht discréid agus saíocht ag baint leo. Bhí an-mheas acu ar a chéile, go háirithe nuair a bhí nithe tábhachtacha a bhain le leas an phobail á bplé acu. Tháinig na mná seo le chéile lá áirithe i gcathair Chorcaí agus dheineadar cinneadh Parlaimint na mBan a thionól in áit éigin sa tír. Nuair a bhí ionad le socrú bhíodar ar aon aigne nár cheart é a lonnú i gcathair nó i mbaile mór ach i dtigh mór fairsing ar chnoc aerach faoin tuath.

Cnoc an Charragáin Bhí na mná seo chomh saibhir gur fhostaigh siad ceardaithe chun tigh parlaiminte a thógáil dóibh ar bharr an Charragáin Mhóir ar bhruacha na Glaise Buí. Nuair a bhí an Dáil réitithe, maisithe cuireadh fógra amach chuig gach Contae in Éirinn ag iarraidh ar na mná ba thuisceanaí, ba líofa agus ba chliste teacht le chéile ann ar an 10 Meitheamh 1697. Achoimre Ar an lá úd tháinig cúig chéad de na mná ba cháiliúla in Éirinn le chéile ag an gCarragán Mór. Nuair a bhíodar suite síos d’iarr an Cathaoirleach orthu a bheith ciúin. Ansin, labhair an chéad bhean, Fionnuala Ní Stanganéifeacht na focail fháistíneacha seo: “ Impím ar an Tríonóid Ró-Naofa, ar an Maighdean Mhuire, Máthair na nGrást, sonas is síocháin a dhoirteadh anuas ar gach éinne atá i láthair anseo ionas nach ndéanfar rud ar bith nach mbeidh ar son leasa an phobail agus na Parlaiminte seo. Is dóigh liom go bhfuil a fhios agaibh go léir go gcaithimid mór-chuid ama gan smaoineamh ar leas an phobail. Ní ghlacaimid páirt ar bith i gcúrsaí poiblí ach fanaimid ag baile ag sníomh, cé nach bhfuil puinn tairbhe ionainn sa tigh cónaithe. Cad ina thaobh sin? Níl rialacha ar bith ann chun sinn a threorú chun leas an phobail a chur chun cinn. Feiceann sibh go bhfuil comhairlí ag na fir gach lá chun a gcuid gnóthaí a dheánamh. Nuair a labhrann siad i dtaobh na mban is mar ábhar spóirt a fheiceann siad sinne. Dar leo ní daoine daonna sinn ach créatúir bhochta a cruthaíodh in aghaidh an nádúir, Malum Necessarium. Sna cúínsí seo caithfimid a bheith cinnte cad atá le déanamh chun leas an phobail agus leas ár bparlaiminte a chur chun cinn. Mar sin, lá i ndiaidh lae, d’éirigh cainteoir i ndiaidh cainteora i bParlamint na mBan i nGleann Maghair agus dheineadar a gcuid fadhbanna a phlé. Labhradar ar ghuí, ar dhrúis ar fhearg, ar fhormad ar chúl chaint, ar dhíomhaointeas, ar mheisceoireacht agus ar éitheach agus go háirithe ar dhuáilcí an rince agus na gadaíochta. Shocraigh siad go raibh an pharlaimint riachtanach ar an ábhar go mbíodh fir ag argóint agus ag bruíon go minic. Leagadar síos rialacha na parlaiminte. Ní cheadófar do mhaighdin bheith ina mbaill agus beidh cosc ar mhná atá pósta ceithre huaire nó atá os cionn seachtó bliain d’aois. Dúirt riail eile nach raibh cead ag aon bhall bheith ag caitheamh anuas ar a fear. Tháinig an pharlaimint go dtí ceist oideachas cailíní. Ritheadar acht a dúirt go gcuirfí ar scoil iad go mbeadh dhá bhliain déag slánaithe acu. Ansin chuirfí na daoine ba chliste

Lch. 19


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

S ÓSCÓ C

Stiofán Ó Dugáín Scothscoláire na hArdteistiméireachta 2002

COMÓRADH

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003

chun na seacht n-ealaíon liobrálach a fhoghlaim. Chuirfí oideachas ar dhiagacht, ar dhlí agus ar leigheas orthu siúd a bhí oiriúnach. Lean Parlaimint na mBan ar aghaidh chun áit na bhfear i gcúrsaí riarachán phoiblí a mheas. Ritheadh acht a dúirt go mbeadh fir i gceannas ar riaracháin poiblí agus ar chogadh go ceann deich mbliana eile. Faoin am sin, bheadh a niníonacha fásta suas agus d’fhéadfaí an cheist a mheas arís. Idir an dá linn beadh mná i gceannas ar gach ní ag baile seachas airm. Ní fiú Cnoc an Charragáin a chuardach chun fothrach Chúirt na Dála a aimsiú. Níor tógadh riamh é agus ní raibh aon pharlaimint ag na mná. Samhlaíocht Dhomhnaill Uí Cholmáin sagart Ó Chnoc na Rátha a bhí ann. Cumadh é thart ar 1697. Foilsíodh é i 1952. Brian Ó Cuív a chuir in eagar é agus ba é Institiúd Ard-Léinn Átha Cliath a chuir i gcló é mar Pharlaimint na mBan.

Togha agus Rogha na nDaltaí 1984 Daltaí Ard t e i s t i méireachta a ghlac páirt i gcomórtais díospóireachta i rith na bliana leis na duaiseanna a bhuaigh siad. Bhuaigh siad Craobh na hÉireann i n D i o sp ói r e ac htaí Ó g r a s ; Craobh na Mumhan i gComortas Chumann Fealsúnachta U.C.C. , agus fuair siad an tarna háit i gComórtas D i ospóir eac hta Ghael Linn/ Bainc Aontas Éirinn.

SÓC

Lch. 20


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003

Turas Scoile i 1980 Seo thíos agaibh cuntas faoi thuras scoile a deineadh i 1980. Bhí an cuntas úd scríofa in ‘IRIS CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH’ UIMHIR 1 1981. ‘Splanc’ ba ea an teideal a bhí air. Léigh leat agus bain taitneamh as.

I

s breá le gach dalta briseadh a fháil ó ranganna agus dul lena rang agus cúpla múinteoir ar thuras scoile. Déarfainn go dtaitníonn na ranganna saora leis na múinteroirí nach dtéann, chomh maith, cé go mbíonn orthu féitheoireacht a dhéanamh ar na ranganna a bheadh ag na múinteoirí atá imithe. Ní rud nua sa scoil seo an turas scoile. Bíonn cúpla turas gach bliain agus cheana féin, i mbliana, thug an Ardeist turas ar Chonamara ar feadh deireadh seachtaine. Le deánaí bhí an Mhéanteist ar thuras go Corca Dhuibhne agus tá turasanna beartaithe ag ranganna eile chomh maith. Anuraidh, thug an cúigiú bliain agus an Ardteist turas ar Ghaoth Dobhair agus bhí ‘an turas mór’ chun na Fraince um Cháisc. Baineann na daltaí go léir antaitneamh go deo as na turasanna seo. Tá eolas pearsanta agam féin ar roinnt mhaith díobh, cé nach ndeachaigh mé go dtí an Fhrainc. De ghnáth, is go dtí na Gaeltachtaí a bhíonn na turasanna agus baintear tairbhe theanga astu mar go gcloistear muintir na Gaeltachta ag caint eatarthu féin as Gaeilge. I nGaoth Dobhair, ní raibh an aimsir ródheas, ach measaim féin gur bhain gach éinne an-taitneamh as. Bhí an léacht againn ó fhear, Seán ó hEochaidh, a bhailíonn scéalta i nGaeilge agus a scríóbh síos ‘Rotha Mór an tSaoil’ ó bhéal Micí Mac Gabhann féin. Chonaiceamar stáisiún Susan de Brún an cainteoir ab fhearr Raidió na Gaeltachta sna Dóirí Beaga sa chaint phoiblí - Rehab 1993 agus chuamar go Céilí chomh maith. Ag gabháil ó Chorcaigh go Sligeach dúinn, an chéad lá, bhuaileamar isteach go Coole Park, Thoor Ballylee agus chonaiceamar Drumcar Waterfall, áiteanna cáiliúila i bhfilíocht W.B. Yeats. Chuamar chun uaigh an fhile a fheiscint, chomh maith, faoi scáth Benbulben, gar do chathair Shligigh. Thaispeáin Miss Gore Booth a teach álainn i Lissadel dúinn. Stopamar thar oíche i Sligeach agus chuamar go Gaoth Dobhair lár na mhárach fan an chósta trí Ghleann Cholm Cille agus na Cealla Beaga. Cé go rabhamar caillte ag crosbhóthar iargúlta éigin agus an ghrian imithe faoi le tamall maith, bhí áthas orainn go léir ceann scríbe a shroichint ar deireadh thiar. Tá an-úsáid á baint as an mionbhus nua a ceannaíodh le déanaí. I gConamara, bhí an córas taistil neamhspléach an-áisiúil. D’ísligh sé costas an turais agus táimid go léir buíoch as an éacht tiomána a dhein an Máistir Ó Súilleabháin (leis an bpíopa) i rith na deireadh seachtaine. Bhíomar brúite go

Lch. 21


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003

dlúth isteach sa bhus bocht, ocht dturasóir déag (sinne na daltaí agus an bheirt mhúinteoir) agus an bagáiste go léir. Bhí an lóistín i gConamara saghas iargúlta (sa mhéid go raibh suas le leath-uair an chloig taistil le déanamh go dtí an siopa ba ghaire dúinn) ach rinneamar rudaí iontacha ann. An chéad mhaidin chuamar ag dreapadh (suas aill le rópaí) agus gabhann roinnt scéalta faoi eachtra nó dhó a tharla le linn an dreaptha sin nach maith le roinnt daoine san Ardteist a chlos! An tráthnóna sin, chuaigh leath dínn ag dreapadh (an uair seo le sean-éadaí agus bróga troma) suas Sliabh Uachtair, a bhí fliuch agus láibeach. Níor tháinig ach an corr-bhríste síos, a bhí fós glan, agus bhí a bhfurmhór salach go maith. Chuaigh na daoine nach ndeachaigh ag ‘siúl ar na cnoic’ ag curachóireacht i gcuraigh a cuireadh ar fáil san teach, a bhí suite ar bhruach Loch Ina.Maidin lár na mhárach, chuaigh ceathrar eile amach ar an loch (Iníon Ní Sheoige ina measc) agus tar Áras an Uachtaráín 1987 éis bricfeasta ar aghaidh linn ar Aifreann. Tar éis an Aifrinn ar aghaidh linn go teach Phádraig Mhic Phiarais i Ros Muc. Chuamar ar cuairt ar chuid d’Ollscoil na Gaillimhe, a bhaineann le bitheolaíocht mara, áit a bhfuil éisc shliogánacha á dtógaint acu. Ghlaomar isteach go ceart-lár Ráidió na Gaeltachta i gCasla, ach phiocamar an tseachtain mhí-cheart don chuairt mar go raibh beagnach gach éinne i mBaile átha Cliath ag an Oireachtas. Ar an tslí abhaile dúinn, bhuaileamar isteach go Caisleán Bhun Raite agus go Brú Rí (áit ar chaith Éamon de Valera roinnt mhaith dá óige). Bhaineamar go léir an-tairbhe agus taitneamh as an dturas agus is dóigh liom go bhféadfaí sin a rá faoi gach turas scoile dá raibh riamh ag rang anseo. Bíonn an t-eagrú i gcónaí go h-iontach, ní bhíónn an costas ró -ard agus bíonn ‘caighdeán maireachtála’ ard ann i gcónaí. Dá mbeadh an seans agam dul ar na turasanna céanna arís raghainn gan dabht, mar go bhfuil tairbhe agus sásamh bainte agam astu go léir. Tá codanna nua den tír feicthe agam agus eolas a chabhraíonn le mo chuid oideachais fachta agam chomh maith. (Caitríona Ní Mhurchú – Rang na hArdteistiméireachta 1981) Thall: Laura Ní Laighin Scothscoláire An Teastais Shóisearaigh 2002

Lch. 22


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003

Ranganna Méanteistiméireachta 1986

Lch. 23

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


FIOS

FEASA

EAGRÁN

SPEISIALTA

COMÓRADH

30

BLIAIN

SAMHRADH

2003

Foireann Peile na mBuachaillí Faoi-14 Buaiteoirí Roinn D Coláistí Chorcaí (Sinsir) 1984

Foireann Chamógaíochta na gCailíní (Sóisir) 1984 Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.

Lch. 24

Ríomhphost: nuachtscoile@yahoo.co.uk


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.