NUACHTLITIR NOLLAIG 2002

Page 1

FIOS

FEASA

COLÁISTE

AN

PHIARSAIGH

EAGRÁN

NA

NOLLAG

2002

FIOS FEASA Eagrán na Nollag

2002

th gach ra Feasa, s io F nn n , foirea aibh do Gúimid agus séan or thbhliain na agus do Nollaig

Lch. 1

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


FIOS

FEASA

COLÁISTE

AN

PHIARSAIGH

EAGRÁN

NA

NOLLAG

2002

DO DHÚCHAS Eaglais Naomh Mhuire agus na Naomh Uile Eaglais de chuid Eaglais na hÉireann a coisreacadh sa bhliain 1786 is ea an eaglais seo. Seasann spuaic na heaglaise amach agus tú ar do shlí ón timpeallán. San eaglais seo pósadh Sarah Curran agus an Captaen Sturgeon sa bhliain 1806. Tamall de bhlianta roimhe sin bhí Sarah Curran geallta le Roibeárd Emmett, a chuir Éirí Amach ar siúl I mBaile Átha Cliath sa bhliain 1803. An bhliain seo chugainn beidh comóradh dhá chéad bliain den Éirí Amach sin ar siúl. Scríobh Thomas Moore, scríbhneoir cáiliúil an 19ú Céad amhrán cáiliúil mar gheall ar Sarah Curran- (She is Far From the Land). D’éirigh an t-amhrán cáiliúil nuair a rinne John Mc Cormack taifeadadh air. Tá ceangal idir Coláiste an Phiarsaigh agus suíomh na heaglaise. Tá sean-bhunscoil suite in aice na heaglaise. Cé gur dhún an scoil sna seascaidí bhí sé in úsáid ag daltaí Choláiste an Phiarsaigh. Idir 1975 agus 1977 bhí an dá sheomra, ceann thuas EAGAR FHOCAL Fáilte is fiche rómhaibh a chairde go dtí an chéad eagrán den iris ‘Fios Feasa’, iris Choláiste an Phiarsaigh don scoilbhliain 2002 – 2003. Is é an chéad chloch ar ár bpaidrín ná buíochas ó chroí a ghábháil leis an Máistir Ó Céilleachair as an treoir a thug sé dúinn. GO RAIBH MAITH AGAT!!! Tá buíochas faoi leith tuillte ag an Máistir Ó Súilleabháin (Staire) agus ag Iníon Ní Loinsigh, chomh maith, as na hailt a scríobh siad dúinn: ‘Do Dhúchas’ agus ‘Nollaig 2002’. Nár laga Dia riamh a bhflaithiúlacht. Anois ar ais go dtí an chuid eile den iris.. Bhuel bhí idir shúgradh agus dáirire againn an téarma seo. Bhí an tsiúlóid scoile, bás an Mháistir Uí Shúilleabháin, cuairt Shinéad Sheppard agus an t-athchóiriú. Istigh anseo gheobhaidh tú blaiseadh den téarma atá imithe tharainn. Tá cúpla léirmheas, suirbhé agus iarracht cuid d’imeachtaí na scoile a léiriú. Bain taitneamh astu agus ná bí cútháileach do thuairimí a thabhairt uait. B’fhéidir go n-éistóimid leat!!!!! Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise duit.

Daltaí an ceathrú bliain a d’eagraigh díolachán cácaí chun airgead a bhailiú don mhionchomhlacht sa scoil

staighre agus ceann thíos staighre in úsáid ag Coláiste an Phiarsaigh. Ní raibh an halla nó an foirgneamh scoile tógtha ag an am. I rith an gheimhridh bhíodh sé chomh fuar gur baisteadh Siberia air.

Te a c h

Roisín

Ceann eile de na foirgnimh stairiúla i nGleann Maghair is ea Teach Bhaile Roisín. Tógadh an teach i dtosach an tseachtú haois déag. Chuir Easpag Chorcaí faoi ann ar feadh tamaill. Ceann de na pointí suimiúla faoi is ea maisiú na bhfallaí agus na síleálacha. Fostaíodh na deartháireacha Francini ón Iodáil chun an plástar stúcó a dhéanamh. Tá cóip den phlástar seo le feiceáil in Áras an Uachtaráin. Bíonn an teach oscailte don phobal idir Bealtaine agus Meán Fómhair. Ó am go chéile tugann ranganna I gColáiste an Phiarsaigh cuairt air.

Eaglais Naomh Mhuire agus na Naomh Uile

Brenda Ní Choileáin (Eagarthóir) Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.

Bhaile

Lch. 2


FIOS

FEASA

COLÁISTE

AN

PHIARSAIGH

EAGRÁN

NA

NOLLAG

2002

Torthaí Suirbhé: Daltaí na Chéad bliana Cé acu de na saghasanna seacláide seo is fearr leat?

Maltesers Mars Snickers Tw irl Bounty

Sarah M.Geller

Cé acu de na haisteoirí seo is fearr leat?

J. Lo. Cameron Diaz Kirsten Dunst Reese Witherspoon

Miss Piggy

Cé acu de na Muppets seo is fearr leat?

Kermit Rizzo Fozzy Gonzo

Austin Pow ers Roy Keane

Cé acu de na laochra seo is fearr leat?

Spiderman Superman Batman

Brad Pitt

Cé acu de na haisteoirí seo is fearr leat?

Angel Tom Cruise Keanu Reeves Heath Ledger

Cispheil Peil

Dá gcaithfeá a bheith i do liathróid, cén liathróid a roghnófá?

Sliotar Rugbaí Leadóg

Lch. 3

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


FIOS

FEASA

COLÁISTE

AN

PHIARSAIGH

EAGRÁN

NA

NOLLAG

2002

Físeanna : Léirmheas Cad is fiú a fháil ar cíos agus …… Ar na hoícheanta Sathairn sin, nuair a bhíonn sé ag cur báistí - mar is gnáth, an rud is fearr le déanamh ná fís a thógaint amach ar cíos! “A Walk To Remember.” Is iad na réaltóga mór le rá ná: Shane West...Landon agus Mandy Moore...Jamie. Tosnaíonn an scéal grá seo le Landon agus a bhuíon ag imirt clis ar bhuachaill óg gur mhaith leis a bheith mar bhall den ghrúpa. Gortaítear an buachaill agus bíonn Landon i dtrioblóid. Mar phionós caithfidh Landon cabhair a thabairt do pháistí le míchumas ag na deireadh seachtainí agus chomh maith leis sin caithfidh sé pairt a ghlacadh sa dráma. Tá an phríomh-pháirt ag Landon le cabhair ó Jamie agus faigheann sé cabhair uaithi na línte a fhoghlaim i gceart. Ionadh na n-iontas titeann Landon i ngrá le Jamie. Tá cúpla rud le tabhairt faoi deara áfach. Is é Landon an buachaill áisiúl ach is í Jamie an cailín deas álainn agus is iníon sagairt í! ¨ Beidh an scannán seo ar fáil ar fhís tar éis na Nollag. NÁ TÓG AMACH É! “Finding Forrester” Is iad na reáltóga ná: Robert Brown...Jamal (duine gorm muna raibh fhios agat), Sean Connery...William Forrester (sean-fhear atá an-chancrach), Anna Paquin...(an ‘cailín-deas-álainn’ sa scannán seo) Is imreoir cispheile é Jamal agus teastaíonn uaidh a bheith ina scríbhneoir ach ní deireann sé é seo le héinne. Buaileann Jamal le Forrester mar dhúshlán ona cháirde. Ar aon nós, tarlaíonn sé gurb é Forrester an duine a athraíonn saol Jamal. Faigheann Jamal scoláireacht chuig scoil go bhfuil cáil air. Nuair atá sé ann, buaileann sé le cailín álainn - Anna Paquin. Tá athair an chailín seo ar bhord bainistíochta na scoile. Nuair a fheiceann an t-athair a inion le Jamal tá sé ar buile. Chomh maith leis sin tá an múinteoir úd a cheapann nach bhfuil Jamal abálta scríobh. An dtiocfaidh Forrester as an bhfoirgneamh chun cabhair a thabhairt do Jamal? N' fheadar... Cheap mé go raibh an scannán seo an-mhaith, muna bhfuil sé feicthe agat fós, faigh ar cíos é. Spider Man Is iad na realtóga ná: Tobey Maguire...Spider-Man/Peter Parker, Kirsten Dunst...Mary-Jane Watson, Willem Dafoe...Green Goblin. Seoladh an ceann seo sa phictiúrlann i mí na Bealtaine seo caite agus ar fhís i mí na Samhna. Chaithfeá a bheith i do chonaí i bpluais i gcomhair deich mbliana munar chuala tú faoi SpiderMan. Rinne San Raimi an scannán seo agus bhí eagla ar chruthaitheoir Spider-Man, Stan Lee, mar cheap sé nach mbeadh an scannán ró-mhaith. Ach ní raibh an ceart aige. Rinne an scannán £28.6 mílliún i Sasana i 17 seachtain. Mar is eol duit, is sceal é seo faoi shaol Peter Parker, buachaill óg. Níl Peter ' cool'mar a deárfá agus fresin tá sé i ngrá le Mary-Jane Watson an cailín a chonaíonn in aice leis. Lá amháin, ar thuras go saotharlann eolaíochta nua-aimseartha, baineann damhán alla plaic as Peter Parker agus cúpla lá níos deanaí tosnaíonn a chorp ag athrú. Ní gá dó spéaclaí a chaitheamh anois agus dreapann sé gan téad. Oh, agus ná déamn dearmad ar na ' Spidey-Senses' ... Cheap mé go raibh sé go hiontach, le scéal greannmhar, brónach, agus rómánsúil. Cúig réalt atá á bhronnadh agam air. Tá alán rudaí breise - cosúil le hagallamh, agus cúlra an scannáin. ACH tá na rudaí breise sin ar DVD amháin - tá an t-ádh leis na daoine le meaisín DVD. Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.

Lch. 4


FIOS

FEASA

COLÁISTE

AN

PHIARSAIGH

EAGRÁN

NA

NOLLAG

2002

Cúnamh do ’Hope’

Páiste a chónaíonn ar shráideanna Calcutta

Sinéad Sheppard, ball den phopghrúpa ‘Six’ timpeallaithe ag daltaí na chéad bhliana

Thug Sinéad Sheppard, iar-dhalta Choláiste an Phiarsaigh cuairt ar an scoil le déanaí. Tá a fhios ag an saol agus a mháthair faoin am seo go bhfuil cáil bainte amach ag Sinéad mar amhránaí leis an ngrúpa ‘Six’ ach bhí sprioc eile i gceist leis an gcuairt úd. Sheol Sinéad barra seacláide agus as gach barra seacláide acu seo a cheannóidh daltaí sa scoil gheobhaidh an Fondúireacht ‘Hope’ céatatán den airgead. Bhunaigh triúr ban ó Chorcaigh an Fhondúireacht seo i 1999. Oibríonn siad le 5,000 leanbh sráide i gCalcutta. Glactar anois leis go bhfuil suas le 200,000 páiste ag maireachtaint ar shráideanna Chalcutta. Mar sin féin tá ‘Hope’ tar éis an saol a fheabhsú do ladhar maith páistí. Tá cuid acu anois ag dul ar scoil agus tá postanna ag cuid eile acu, dochtúiri agus meicneoirí ina measc. Is iad na fadhbanna sláinte is mó a chuireann as do na leanaí cé go bhfuil iliomad fadhbanna eile le sarú acu, bochtaineacht, ocras, andúileacht drugaí, alcólachas, easpa dídine agus mar sin de. Is féidir alán de na fadhbanna a leigheas áfach má tá ionaid leighis ar fáil chuige sin. Tá ‘Hope’ ag tógaint a leithéid d’ionad anois agus raghaidh cuid den airgead a bhaileofar chun an sprioc sin a bhaint amach. . Is féidir le gach múinteoir agus dalta i gColáiste an Phiarsaigh a bheith bródúil as a niarrachtaí, le blianta fada anuas, chun cabhrú le leithéidí Concern, Bóthar, Gorta agus mar sin de. Níl san iarracht seo chun cabhrú le ’Hope’ ach sampla eile den neamhleithleachas a léiríonn idir mhúinteoirí agus daltaí. Léirítear an méid seo bliain i ndiaidh bliana. Tá súil againn go n-éireoidh go geal leis an iarracht.

Lch. 5

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


FIOS

FEASA

COLÁISTE

AN

PHIARSAIGH

EAGRÁN

NA

NOLLAG

An Chéad Bhliain Rang Íde 2002 — 2003

C.an P.2002 ©

An Chéad Bhliain Rang Orla 2002 — 2003

C.an P.2002 ©

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.

Lch. 6

2002


FIOS

FEASA

COLÁISTE

AN

PHIARSAIGH

EAGRÁN

NA

NOLLAG

2002

Rang Aodhán An Chéad Bhliain 2002 — 2003

C.an P.2002 ©

Rang Éanna An Chéad Bhliain 2002 — 2003

C.an P.2002 ©

Lch. 7

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


FIOS

FEASA

COLÁISTE

AN

PHIARSAIGH

EAGRÁN

NA

NOLLAG

2002

Ar an 23 Samhain thugamar faoi ‘Shiúlóid Scoile’. Ní raibh tús an lae thar moladh beirte caithfidh mé a rá ach de réir mar a chuaigh an lá ar aghaidh tháinig feabhas ar an scéal. Ghlac idir mhúinteoirí, thuismitheoirí agus daltaí páirt a deirtear linn mar go bhfuil ráfla cloiste ag foireann Fios Feasa gur thóg múinteoirí áirithe an cóngar. Anois nílimid ag rá gur tharla sé seo ach nílimid ag rá nár tharla ach an oiread! Ambaiste fhéin bhí turas fada le cur dínn againn agus faoin am gur shroicheamar ceann scríbe bhí an chuid ba mhó againn ar bheagán cainte. D’fhágamar an scoil thart ar a haon déag a chlog agus bhí an tromlach ar ais ag leath uair taréis a haon. Shiúlamar isteach is amach le seacht míle slí. Chuamar siar ó thuaidh i gcoinne an chnoic agus ansin díreach ó thuaidh thar an reilig i Rath Chuanaigh. Chasamar soir ansan tar éis cúpla míle eile i dtreo an ospidéil i gCúirt an tSáirséalaigh. Leanamar linn le fána go dtí an príomhbhóthar a théann isteach go dtí Baile Róisín agus siar i dtreo na scoile arís. Dúradh go raibh scata daoine tugtha, tuirseach, traochta, spíonta caite agus gan fágtha iontu ach an Dé i ndiaidh a saothair. Más amhlaidh a bhí, áfach, bhí teaspach an diabhail ar dhaoine eile mar bhíodar ar ais sa scoil i bhfad Éireann roimh dhaoine eile. Mar sin féin caithfear a rá gur éirigh go seoigh leis an sáriarracht a rinne gach duine. Muna bhfuil dearmad orainn ba é seo an chéad ‘Siúlóid Scoile’ le ceithre bliana. Tá ár mbuíochas tuillte ag na múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí a d’eagraigh é. Bailíodh 16,000.00 ar fad a úsáidfear in athchóiriú na scoile.

An t-Easpag Ó Buachalla ar cuairt sa scoil le ar chlé: Colleen Ní Fhiannachta, Michelle Ní Chaochlaoi, Cassandra Ní Mhurchú agus Maude Ní Chéilleachair Rang Orla.

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.

Lch. 8

Daltaí an ceathrú bliain ag glacadh páirte sa ‘Siúlóid Scoile’ le déanaí.

Bhain Golda Ní Oisín agus Doir ea nn Ní Mhongá in scoláireachtaí iontrála ollscoile amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Bhain Cian Mac an Bhaird agus Micheál Ó Floinn scoláireachtaí iontrála amach i gColáiste na Tríonóide. Tréaslaíonn foireann na nuacht litreach leo as a n-éacht. Iar-scoláirí is ea an ceathrar acu agus rinne siad an Scrúdú Ardteistiméireachta i mbliana. Fuair Golda an dara háit s a t ír sa ch o mór t a s do scoláir eachtaí d’ábhair tr í Ghaeilge.


FIOS

FEASA

COLÁISTE

AN

PHIARSAIGH

EAGRÁN

NA

NOLLAG

2002

FÁILTE ROMHAIBH

B

a mhaith linne, foireann na nuachtlitreach seo, Fios Feasa, céad míle fáilte a chur roimh dhaltaí na chéad bhliana, ach go háirithe. Tá a fhios ag an domhan agus a mháthair faoin dtráth seo gur dúshlán nach beag é do dhaoine mar iad an t-athrú millteanach a dhéanamh mar a bhfuil, an bhearna idir bunscoil agus an iar-bhunscoil a líonadh. Is rí-léir díbh áfach go bhfuil ochtar speisialta inár measc a toghadh ina gceannairí ranga sa chéad bhliain. Traoslaímid le croí leo as a n-éacht. Is minic a bhíonn an chéad bhliain ar an mbliain is deacra do roinnt daltaí agus ar an gcúis sin smaoinigh orthu agus treoraigh iad dá réir.

CEANNAIRÍ NA CHÉAD BHLIANA 2002 –2003 RANG ORLA: CEANNAIRE: Lauren Nic Ghiolla Chomhail LEAS-CHEANNAIRE: Cian Ó Laoire RANG ÉANNA: CEANNAIRE:Gillian Ní Fhiannachta LEAS-CHEANNAIRE:Cáit de Búrca RANG ÍDE CEANNAIRE: Glenn Ó Críodáin LEAS-CHEANNAIRE: Lyndsey Ní Chroimín RANG AODHÁN: CEANNAIRE: Avril Ní Chéarnaigh LEAS-CHEANNAIRE: Micheál Ó Mathúna

Lch. 9

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


FIOS

FEASA

COLÁISTE

AN

PHIARSAIGH

EAGRÁN

NA

NOLLAG

2002

An Máistir Ó Súilleabháin 1976 — 2002 Lá tragóideach do Choláiste an Phiarsaigh ba ea an Mháirt, 19 Samhain, 2002. Gan choinne, sciobadh uainn duine dár múinteoirí, Seán O Súilleabháin. Ní raibh sé i bhfad inár measc. Mí Eanáir, 2002 a tháinig sé chugainn agus ní bréag a rá gur imigh sé i bhfeidhm ar gach éinne. Ní hamhlaidh gur dhein sé iarracht ar leith dul i gcionn ar dhaoine. Dhein sé é sin “lena gháire ciúin agus a chaint shiabhialta”. Bhí buanna ar leith aige i gcúrsaí spóirt agus roinn sé go fial iad ar chách. Bhí sé ildánach. Fuair sé an cúilín a chuir a pharóiste dúchais Eadargóil isteach i gcraobh an chontae. D’imir sé “Australian Rules” le Leeside Lions. Roghnaíodh é ar fhoireann na hÉireann a bhuaigh Craobh an Domhain in aghaidh na hAstráile i samhradh 2002. Bhí Craobh an Domhain buaite aige ach ar éigean a bheadh a fhios agat. Níor iompar sé é féin ar nós “réaltaí” na linne seo. Bhí sé flaithiúil. Nuair a bhain droch-thimpiste dá chara, Aidan Con Ó Sullivan, thosnaigh sé ag traenáil go dian don “Dublin City Marathon” i mí Dheireadh Fómhair chun suim mhór airgid a bhailiú dó. Is liosta le háireamh iad na rúdaí a dhein sé ar son daltaí agus ar son na scoile. D’eagraigh sé cluichí peile, cispheile agus lúthchleasaíocht. Chroch se liontán peile i bpáirc imeartha Scoil na nÓg chun deis a thabhairt do dhaltaí na scoile sin a scileanna peile a chleachtadh. Faoin a chúram spreagúil bhuaigh foireann peile na gcailíní blitz peile na nGaelscoileanna i gCúige Mumhan. Mar mhúinteoir ranga do rang Orla Bliain 1, bhí gaol ar leith aige leis na sóisir i gColáiste an Phiarsaigh. Bhí meas aige orthu agus meas acu air dá réir. “Uasal ceird an oide Mar rí ar imeall trá Chuir ar toinn na soithigh Is sheol go hoscailt bá” Léirigh na sluaite a d’fhreastal ar an gCoróin Mhuire agus ar an aistriú coirp i mBeanntraí agus an sochraid féin in Eadargóil ar an Aoine, an 22 Samhain an brón agus an t-uaigneas a mhothaigh gach éinne a raibh aithne acu ar Shéan. Dhein a shaol gairid difríocht. Thug sé an dea-shampla. Cuimhneofar air. Leaba i measc na Naomh go raibh aige agus suaimhneas síoraí dá anam uasal.

Plaic a bhronn daltaí an séú bliain ar an scoil i gcuimhne ar an Máistir Ó Súilleabháin Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.

Lch. 10


FIOS

FEASA

COLÁISTE

AN

PHIARSAIGH

EAGRÁN

NA

NOLLAG

2002

ANAM CHAIRDE: CÉILÍ GLEASTA

Lch. 11

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


FIOS

FEASA

COLÁISTE

AN

PHIARSAIGH

EAGRÁN

NA

NOLLAG

2002

M

á smaoinimíd ar Chríost féin chímid an tionchar ollmhór a bí aige ar an saol a leanann daoine ó shin. Nach bhfuil sé míorúilteach? Cad is bun leis in aon chor? Le linn dó a bheith ar an saol seo thug sé a chuid ama ag saothrú ar ár son, mo shon agus do shon. Shábháil sé daoine agus tháinig sé i gcabhair ar dhaoine mar bhí an cumas sin aige. B’fhéidir go raibh cumhachtaí speisialta aige nach bhfuil agamsa, bhuel, bí cinnte deimhneach de go raibh ach má chreidimid a bhriathra agus má leanaimíd a shampla beidh an chumhacht chéanna againne, geall leis!“Is féidir liomsa difríocht a dhéanamh.” Is tréimhse é an Nollaig in ar féidir linne an sampla a thug Íosa a thaispeáint. Ritheann sé liom go bhféadfaimís flaithiúlacht agus sonas a léiriú do dhaoine eile. Ba mhaith liomsa, áfach, béim a chuir ar an tsíocháin. Tá géar-ghá le síocháin in ár saol, sa bhaile, ar sco il sa chomharsnacht agus ar an domhan uile. Cad is féidir linn a dhéanamh i rith na Nollag ach go háirithe chun an tsíocháin a chothú i measc an phobail? Nach bhfuil mórán Éireann rúdaí a d’fhéadfaí a dhéanamh. Is féidir linn iarracht a dhéanamh sa bhaile a bheith tuisceanach le daoine eile sa teaghlach. Bí ag faire amach agus bí réidh cabhrú. Ná bíodh ar dhuine eile ceist a chuir ort cabhrú leo. Ná bí ar nós cuma liom agus goimh a chur ar dhaoine. Sin é an namhaid is mó atá acu nuair nach léiríonn tú suim. Cuir scata na mionéan ar an leisciúlacht agus an chantalacht agus caith uait na clocha as do mhuinchillí. Déan é ar son Prionsa na síochána a d’fhulaing duitse. Ar scoil bímis aireach chomh maith. Cabhraigh le do chomrádaithe sa rang. Léirigh foighne leo agus bíodh tuiscnt agat do na múinteoirí. Is minic, b’fhéidir, go mbíonn fadhb éigean sa bhaile ag duine, dalta nó múinteoir agus nach Ticéad á tharrac ag Eva Ní Fhoghlú, Rang dtuigimid an difríocht a dhéanfadh cneastacht. Orla sa chrannchur siúlóide I do chomharsnacht féin is féidir leat cabhrú le heagraíochtaí éagsúla. Ná bí ag fanacht don chéad duine eile an obair a dhéanamh. Sa saol mór is féidir leat sampla Chríost a dhaingniú, mar nuair a thugann tú cúnamh do leithéidí Concern, Gorta agus mar sin de tá obair Chríost á déanamh agat. Nach ndúirt Seisean é sin? Bíodh Nollaig shíochánta againn agus

Jenni, Conchúr, Graham, Suzanne agus Caoimhe—PRICKLY DAISIES - banna ceoil a ghlac páirt i gcomórtas 2FM ‘Shockwaves Unsigned Get Out Of The Garage’

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.

Lch. 12


FIOS

FEASA

COLÁISTE

AN

PHIARSAIGH

EAGRÁN

NA

NOLLAG

2002

Ar chlé: Jessica Ní Dhubhaill, Tomás Ó Drisceoil agus Laura Ní Dhálaigh, foireann díospóireachta shinsir na scoile a ghlac páirt i gComórtas Díospóireachta Ghael-Linn i nGleann Maghair le déanaí. D’éirigh leo an freasúra a chloí agus anois raghaidh siad ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile.

Thall, ar chlé: Conall Ó Riain agus Laura Ní Dhálaigh a bhuaigh an dara babhta i gComórtas Díospóireachta an ‘Philosoph’ a bhí eagraithe ag Roinn na Fealsúnachta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. An rún ba ea: “That This House Would Abolish The Monarchy”. Bhíodar i gcoinne foirne ó Phobal Scoil Charraig Uí Laighin, St. Angela’s agus Coláiste Bhréanainn, Cill Áirne. Ghlac cainteoirí aonair páirt sa chomórtas chomh maith.

Thall ar chlé: Gillian Ní Fhiannacht-Laoghóg, Marguerite Bhreathnach agus Máille Ní Bhrádaigh a ghlac páirt i gComórtas Díospóireachta Shóisir Ghael-Linn le deanaí ar son Choláiste an Phiarsaigh. Thugadar an sway leo i gcoinne na Mainistreach Thuaidh agus raghaidh siad ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile anois mar thoradh ar a gcuid oibre. Beidh siad I gcomórtas le Coláiste Choilm, Baile an Chollaigh amach anseo.

Lch. 13

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


FIOS

FEASA

COLÁISTE

AN

PHIARSAIGH

EAGRÁN

MO DHUINE

NA

2002

PEIL na gCAILÍNÍ

D

TUNES: FÓN PÓCA DJ Sammy – Heaven 18*1129 28393908 38845958 59483919 080881881 112918 3B&C393 28129B&C7**9 Baill d’fhoireann na gcailíní

Foireann na gCailíní

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.

NOLLAG

Lch. 14

e bharr sáriarracht aí An Mháistir Uí Shúilleabháin i mbliana, tá foireann láidir peile againn arís. Ní chuirfeá amach ar an méid scileanna atá foghlamtha againn le tamall anuas. Ní bréag a rá gur liosta le háireamh iad. Ba mhinic nach mbíodh fágtha ionainn ach an Dé taréis na traenála a bheith curtha dínn againn. Bhí dua ag baint leis, an dtuigeann tú agus ní raibh cleachtadh againne air. Ba é an máistir an t-aon duine, go bhfios domsa, ar aon nós, go raibh an fhoighne aige déileáil le cuid againn. Bhíodh sé fuar aige go minic ag an tús a bheith ag rá é seo nó ag rá é siúd linn. Diaidh ar ndiaidh thosnaíomar ag feabhsú, áfach. Nach i ndiaidh a chéile a tógtar na caisleáin? I mbliana chailleamar an chéad chluiche ach bhuamar an dara cluiche. Len ár ndiongbháilteacht, pé scéal é, táimid tar éis an ceathrú craobh a bhaint amach. Bhuamar i gcoinne Scoil Mhuire, Iarthar Chorcaí, le pointe amháin. Tá a fhios ag Dia go raibh sé tuillte againn agus táimid ag tnúth go mór leis an gcéad chluiche caide eile sa chomórtas, an tseachtain seo chugainn, le cúnamh Dé. Geallaim díbh go mbeidh ár gcroíthe sa ghnó againn agus go mbeidh an bua againn, más féidir linn in aon chor. Is maith an scéalaí an aimsir, is dócha.!


FIOS

FEASA

COLÁISTE

AN

PHIARSAIGH

EAGRÁN

NA

NOLLAG

2002

Laura Ní Mhurchú, Susan Ní Éara agus Elaine Nic Chárthaigh, baill den mhionchomhlacht.

A

g Aonach Ceardaíochta na Dúglaise ar an 29 Samhain 2002 bhain Mionchomhlacht Choláiste an Phiarsaigh trí mhór-dhuais amach: Comhlacht Is Fearr, Sár-Comhlacht agus Teicníc Is Fearr Díolacháin. Ardmhnáibh agus ard-fhearaibh gan aon agó. Tá earraí potadóireachta á dtairgiú acu faoi stiúir Iníon Ní Scolaí, Iníon Ní Chionaíola agus Iníon Ní Argáin. Reachtáltar an t-aonach seo chun daltaí iar-bhunscoile a spreagadh agus fiontar a chothú ina measc. Is é Bord Fiontraíochta Chathair Chorcaí agus Dheisceart Chorcaí a dheineann urraíocht ar an aonach. Tá idir bhuachaillí agus chailíní páirteach sa chomhlacht. Aonad de chuid an ceathrú bliain is ea é. Tarraigíonn sé ar scileanna éagsúla. Tá cumas eagrúchán den scoth de dhíth orthu.

Bronnadh Suaitheantas na gCeannairí Ar chlé: Máire Laoise Nic Chárthaigh, Rang Eilís, Iníon Ní Chiarba, múinteoir i bhfeighil agus Diarmaid Ó Mathúna, cennaire Rang Niamh

Lch. 15

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


FIOS

FEASA

COLÁISTE

AN

PHIARSAIGH

EAGRÁN

NA

NOLLAG

2002

N

Daltaí an ceathrú bliain, i mbun oibre leis na ríomhairí nua

An seomra eacnamaíocht bhaile athchóirithe Foireann Fios Feasa Eagrán na Nollag 2002 Lorna Ní Mhurchú, Katie Ní Eathairn, Doireann Ní Obáín, Eve de Siún, Daithí Ó Spealáin, Suzanne Ní Chaoimh, Aoife Ní Dhálaigh, Fiona Ní Bhuachalla, Brenda Ní Choileáin, (eagarthóir) Jenni Ní Chiosáin agus Aoife Ní Riain. Aonad de chuid na hIdirbhliana isea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair. Stiúrthóirí na hIdirbhliana 2002: An Máistir Ó Tuama, Iníon Ní Dhonnchú, An Máistir Ó Súilleabháin (cluichí) Ar dheis Dé go raibh a anam. Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair. Coláiste an Phiaraigh, Gleann Maghair, Corcaigh. © 2002

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.

Lch. 16

uair a d’fhilleamar ar obair tar éis laethanta saoire an tsamhraidh bhí roinnt mhaith cur isteach ar ranganna. Bhí na tógálaithe tagtha agus iad i mbun oibre mar is amhlaidh go raibh athchóiriú á dhéanamh ar chuid den scoil. Ceannaíodh fiche trí ríomhaire nua, scannóir nua agus printéir nua don ríomhlann. Caitheadh breis agus 30,000.000 ar fad ar an ríomhlann agus tá a thuilleadh le caitheamh air amach anseo. Chomh maith leis sin bhí líne nua ISDN le cóiriú agus mórán oibre le déanamh chun na ríomhairí a cheangal leis an ngreasán. Maidir leis an seomra eacnamaíocht bhaile agus an ‘sean saotharlann’ raghadh sé dian ort iad a aithint mar is seomraí úra nua atá anois iontu. Cuireadh isteach síleáil, úrlár agus troscán nua sna seomraí seo. Tá súirí deannaigh nua curtha isteach sna fallaí chomh maith. Cuireadh síleáil nua in dhá sheomra eile agus athchóiríodh leithris na mbuachaillí. Tríd is tríd tá nach mór 250,000.00 caite ar an obair ar fad atá déanta i gColáiste an Phiarsaigh ag Gaelachas Teoranta i mbliana. Cinntíonn an caiteachas seo go bhfuil áiseanna den scoth againn i gColáiste an Phiarsaigh. Ábhar dóchais is ea an infheistiú seo don todhchaí. Go leana sé agus gura fada

Ríomhphost: nuachtscoile@yahoo.co.uk


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.