NUACHTLITIR SAMHAIN 2003

Page 1

AN TOBAR

NUACHT LITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH SAMHAIN 2003

AN TOBAR

SAMHAIN 2003

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

GLEANN MAGHAIR, CORCAIGH. 1

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


AN TOBAR

NUACHT NUACHT LITIR CHOLÁISTE LITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH AN PHIARSAIGH SAMHAIN SAMHAIN 2003—2004 2003

Eagarfhocal Fáilte romhaibh go léir go dtí an chéad eagrán den Tobar. Chuir ár bhfoireann alán oibre isteach san eagrán seo den iris. Tá súil againn go léir go mbainfidh sibh taitneamh bhúr gcroí as gach uile phíosa den iris seo. Caithfimíd ár mbuíochas a gabháil le gach múinteoir a thug cabhair dúinn go háirithe an Máistir ó Céilleachair. Bhaineamar an-taitneamh as na ranganna nuachtlitreach gan amhras! Go raibh maith agat chomh maith leis an Máistir ó Suilleabháin. Thug sé cabhair dúinn leis an eagarthóireacht. Tá mórán le léamh anseo istigh agaibh agus ní gan dua a deineadh an obair ach oiread. Léigh ar aghaidh agus bain taitneamh as! Is é an scéal is mó atá againn ná An Lá Spóirt a bhí ar siúl i bhfad níos luaithe i mbliana. Bhaineamar go léir taitneamh as. Go dtí an chéad eagrán eile, Eagrathóir:Ciara Ní Shúilleabháin Leas-eagarthóir:Naoise ó hUallacháin

Foireann AN TOBAR Eagrán na Samhna

2003

Breathnach Tomás de Paor Owen Fradgley Daithí Ní Bhroin Cáit Ní Choimín Lisa Ní Chruálaí Searlín Ní Laoire Lisa Ní Mhurchú Lisa Ní Néill Aodhnait Ní Rinn Fiona Ní Shúilleabháin Ciara [Eagarthóir] Nic Chárthaigh Máire Laoise Nic Gabhann Orlaith Ó Ceallaigh Ross Ó hEathairn Déaglán Ó hUallacháin Naoise [Leas-eagarthóir] O Leocháin Eoin O Muirí Keith Ó Murchú Eoin Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair. Stiúrthóirí na hIdirbhliana 2003-2004: An Máistir Ó Tuama, Iníon Ní Dhonnchú,

COLÁISTE AN PHIARSAIGH, GLEANN MAGHAIR, CORCAIGH. 2003 © Rí-

Kate Ní Shúilleabháin, Rang Rónán, agus paidrín á ghlacadh aici ón Easpag Ó Buachalla , Easpag Chorcaí, nuair a thug sé a chamchuairt blaintúil ar Choláiste an Phiarsaigh.

omhphost: nuachtscoile@

Grianghraf an chlúdaigh: Lá Spóirt 2003-2004

2

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


AN TOBAR

I

NUACHT NUACHT LITIR CHOLÁISTE LITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH AN PHIARSAIGH SAMHAIN SAMHAIN 2003—2004 2003

IAR-DHALTA

ar-dhalta is ea mise. Yvonne Ní Dhálaigh is ainm dom. Chaitheas sé bliana i gColáiste an Phiarsaigh i nGleann Maghair. Nuair a bhí scrúdú na hArdteistiméireachta curtha díom agam thugas faoi chéim ollscoile. Cuireadh ceist orm alt beag a scríobh i dtaobh na rudaí atá ar siúl agam i láthair na huaire agus an staidéar atá á thosnú agam i mbliana, sé sin 2003. Táim díreach tar éis Céim sa Dlí a bhaint amach i ndiaidh trí bliana ag staidéar i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh. Bhain mé fíorthaitneamh as an t-am a chaith mé ann agus, chomh maith le céim a bheith faighte agam, táim ag fágaint na háite le cairde iontacha agam agus le stór mór de chuimní deasa agam. Ach tagann am na himeachta i gcónaí agus táim ag casadh anois i dtreo a thuilleadh staidéir (agus a thuilleadh cairde le cúnamh Dé!).

! "

#

$ %

&

"

' #

& %

(

) ,-.

*+ 01..,0

$ /

2 0

0

%

%

)

/ 3 /

Yvonne Ní Dhálaigh BCL ag searmanas bronnta na gcéimeanna in Ollscoil Chorcaí i 2003

4 Baineann mo chuid taighde le dlí na coiriúlachta agus an fhianaise agus ‘sé seo a leanas an teideal atá agam air i láthair na huaire: “An Próiseas Roimh-Thriail in Éirinn – Ag Cosaint Chearta an Chúisí” (The Pre-Trial Process in Ireland – Safeguarding the Rights of the Accused). Táim ag súil go mór le tosnú air agus coimeádfaidh mé suas chun dáta sibh má bhíonn am agam. Ba mhaith le foireann na nuachtlitreach buíochas ó chroí a ghábháil le Yvonne as an alt a sheol sí chugainn. Más buan ár gcuimhne is í Yvonne an t-aon iar-scoláire ó Choláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair a ghnóthaigh a leithéid de scoláireacht. Éacht is ea é seo agus guímid gach rath uirthi sa todhchaí. Thall: An tAthair Good agus Aifreann á cheiliúradh 3

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


AN TOBAR

NUACHT NUACHT LITIR CHOLÁISTE LITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH AN PHIARSAIGH SAMHAIN SAMHAIN 2003—2004 2003

Lá Spóirt 2003-2004 Ba lá grianmhar é an Aoine, an 12 Meán Fómhar nuair a tháinig daltaí Choláiste an Phiarsaigh le chéile i bpáirc an Chaisleáin i nGleann Maghair. Bhí an t-ádh linn. Thosnaigh na himeachtaí ar a 9.00rn. Agus chríochnaigh sé ar a 1.00in.Comórtas iontach a bhí ann. Bhí súil ag gach duine na boinn a bhuachaint. Rinne gach duine a dhícheall i ngach comórtas, bhí daoine le feiscint ag luí siar ar an bhféar, leis an tuirse, tar éis an lae, measaim. Tháinig an comórtas is fearr ón gcéad bhliain. Bhí gach duine ón mblian-ghrúpa sin ag glacadh páirte. Ní fhaca mé a leithéid d’iarracht ó aon bhlian-ghrúpa roimhe seo. Bualadh bos mór!! Rinne na blian-ghrúpaí eile iarracht iontach freisin. Fós bhí an comórtas is fearr le teacht. Ba é sin comórtas an ceathrú bliain. Bhí comórtas an-mhaith agus cóir anseo, le Ross ó Ceallaigh ag buachaint gach rud, mar is gnáth. Rinne an Príomhoide níos córa é áfach don 800m, nuair a dúirt sé go raibh ar Ross é a dhéanamh dhá uair. Bhuaigh Ross fós ach ní raibh Owen de Paor i bhfad chun deiridh, ní raibh ach 100m eatarthu! Ach níor stop sé sin na buachaillí eile sa bhlian-ghrúpa. Rinne siad sár- iarracht chun spórt is craic a bheith acu. Ba é an scéal céanna é i gcomórtas na gcailíní. Bhuaigh Amy Ní Stíobhart gach rás arís! Bhí alán spóirt ag gach duine ag féachaint ar rás na múinteoirí. Bhuaigh na daltaí an rás go héasca, cé go raibh rógaireacht ar siúl ag múinteoir áirithe, ag iarraidh dalta a leagadh sa 100m deiridh sa rás sealaíochta. Mar fhocal scoir, ba mhaith linn ár bhfíor-bhuíochas a ghabháil leis na múinteoirí don obair ar fad a rinne siad. Bí cinnte go ndearna a gcuid oibre an-difríocht. Bhí rian na hoibre úd an-soiléir ar an lá. Bualadh bos mór dóibh. Rinne siad lá iontach as. Gura fada buan iad i mbun a gcuid oibre. Cá mbeimis gan iad! 4

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


AN TOBAR

NUACHT NUACHT LITIR CHOLÁISTE LITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH AN PHIARSAIGH SAMHAIN SAMHAIN 2003—2004 2003

MEITHEAL

Buaileann an grúpa Meitheal le chéile go rialta chun imeachtaí a eagrú, don chéad bhliain go mór mhór. Tá coiste acu chun an gnó seo a dhéanamh. Cabhraíonn na himeachtaí a eagraíonn siad chun an chéad bhliain a chur ar a suaimhneas. I mbliana táid tar éis camchuairt na scoile a thabhairt don chéad bhliain agus tá eolas na slí níos fusa dóibh dá réir. Tá anam-chara ag gach dalta sa chéad bhliain arís i mbliana. Ciallaíonn sé sin go gcabhraíonn dalta ón gcúigiú bliain leo. D’eagraigh Meitheal “Tráth na gCeist Boird” ag tús na bliana. Ball den fhoireann ba ea an t-anam-chara agus chabhraigh sé seo leis an gcéad bhliain a scíth a ligean i measc phobail na scoile. Tá roinnt imeachtaí beartaithe acu don todhchaí. Um Shamhain beidh Céilí Gléasta acu sa halla, mar shampla, agus táid ag ullmhú dó sin cheana féin, gan amhras. Cloistear dúinn chomh maith go bhfuil siúlóid á beartú acu amach anseo. Is amhlaidh go mbíonn sé curtha rompu acu imeachtaí a eagrú uair in aghaidh na míosa. Is iad seo a leanas baill an choiste: Aoife Ní Chorcoráin (Cathaoirleach) Aoife Ní Shíocháin (Rúnaí), Éamonn Ó Floinn (Cisteoir), Lesley Ní Cheallaigh Réamonn Ó Mathúna, Doireann Ní hÓbáin Fíona Ní Bhuachalla, Conchúr Ó hArgáin.

Lá Spóirt

ar lean.

Na Torthaí Ba mhaith le foireann na nuacht litreach comhghairdeas ó chroí a ghabháil le gach dalta a rinne Scrúdú na hArdteistiméireachta i 2002-2003 agus le gach dalta a rinne Scrúdú an Teastais Shóisearaigh i 2002-2003. Tá moladh faoi leith tuillte ag Aoife Ní Dhubhlainn (Ardteist). Ghnóthaigh sí 7A1 agus A2. Bronnadh Scoláireacht na Roinne Oideachais uirthi, an dara háit sa tír. Ard chailín gan aon dabht.

5

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


AN TOBAR

NUACHT NUACHT LITIR CHOLÁISTE LITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH AN PHIARSAIGH SAMHAIN SAMHAIN 2003—2004 2003

AN CHÉAD BHLIAIN 2003-2004: Rang Daragh:Ar chúl ó chlé:Aindriú Ó Briain, Conchúr Ó Cróinín, Daithí Ó Smidí, Maitiú de Barra, Shane Buttimer, Máire Ní Shúilleabháin, Kelly Áine Ní Mhurchú, Oisín Ó Murchú. I lár ó chlé: Hannah Nic Chárthaigh, Seán Beecher, Donnchadh Ó Laoire, Tomás Ó hÓgáin, Shauna Ní Eifernáin, Lisa Towler, Aoife Ní Drisceoil, Lauren Ní Éilí. Chun tosaigh ó chlé: Dathí Ó hArrachtáin, Méabh Ní Chéilleachair, Ruth Nic Lochlainn, Méabh Ní Ruairc, Orla Ní Dhomhnaill, Dara Ó Céilleachair, Ciarán Ó Mathúna, Liam de Barra, Victor Ó Cathail. As láthair Emma Ní Chochláin

AN CHÉAD BHLIAIN 2003-2004:Rang Eimear: Ar chúl ó chlé: Pádraig Ó Súilleabháin, Pól Ó Deargáin, Mark Ó Caoimh, Tadhg Ó Lachtnáin, Dónal de Róiste, Gabhán Ó Duinnín, Pól Mac Meirbhic, Jason Mac Uilcín I lár ó chlé: Niamh Ní Chaoimh, Briain Ó Maoláin, Stiofán Ó hUallaigh, Reggie Ó Murchú, Colm Ó Ceallacháin, Seán Ó Liatháin, Dónal Ó Briain, Eoin Mac Cana, Orla Ní Chonchubhair. Chun tosaigh ó chlé: Éadaoin Ní Mhochóir, Aoife de Barra, Laura Ní Dhiolúin, Clodagh Ní Bheirne, Aoife Seoighe, Niamh Ní Dhúnáin, Sadhbh Ní Bhuachalla Ní Laighin.Chloe Ní Mhurchú, Leann Ní Riain.

6

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


AN TOBAR

NUACHT NUACHT LITIR CHOLÁISTE LITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH AN PHIARSAIGH SAMHAIN SAMHAIN 2003—2004 2003

AN CHÉAD BHLIAIN 2003-2004:Rang Cathal: Ar chúl: ó chlé: Cian Ó Mathúna, Ian Ó Céirnín, Darragh Mac Ruairí, Shane Ó Drisceoil, Micheál Ó Maoldomhnaigh, Antóin Ó Laoire, Somhairle Mac Raghnaill, Ruaidhrí Ó Gillín. I lár ó chlé: Kelly Ó Conchubhair, Jessica Ní Mhurchú, Caoimhe Ní Cheallacháin, Megan Ní Spealáin, Karen Jevens, Jordan Ní Chonchubhair, Máire Ní Nualláin, Ciara Ní Laoghaire Giolla Phádraig. Chun tosaigh ó chlé: Cian Ó Dálaigh, Lloyd Ó hÉigeartaigh, Kate de Priondargás, Clár de Buitléar, Niamh Ní Mháinle, Gillian Ní Chionnaolaigh, Laurie de Paor, Cedric Casajus. As láthair: Nikki Truss, Áine Ní Chonchubhair, Séan Ó Madagáin, Mark Ó Mathúna,Cillian Pléimeann.

AN CHÉAD BHLIAIN 2003-2004:Rang Maebh:Ar chúl ó chlé: Micheál Mac Coitir, Risteard Ó Dálaigh, Conchúr Ó Muireasáin, Seán Ó Fiacháin, Eoghan Ó Flaitheartaigh, Colm Breathnach, Daithí Ó Laoire, Risteard Ó Fógartaigh, I lár: Jean Bullock, Elaine Ní Chondúin, Rachel Whitmore, Róisín Bhreathnach, Seán Ó Dochartaigh, Ciarán Ó Duinnín, Aindí Mac Suibhne, Chun tosaigh: Tríona Ní Mhathúna, Clíona Ní Chonchúir, Marcus Ó Riain, Cáit Ní Riogáin, Deirdre Ní Dhubhda, Daithí Ó Caoimh, Glenn Ó Muineacháin, Lisa Ní Uistín, Megan Ní Rathaille. As láthair: Rebekkah Ní Chuimín, Riain Ó Murchú.

7

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


AN TOBAR

A

NUACHT NUACHT LITIR CHOLÁISTE LITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH AN PHIARSAIGH SAMHAIN SAMHAIN 2003—2004 2003

mBíobla. . TURAS STAIRE AN TRIÚ BLIAIN

r an 24 Meán Fómhair, d’imigh an 3ú bliain ar thuras go Ferrycarrig, Contae Loch Garman. Páirc oidhreachta a d’oscail breis is deich mbliana ó shin atá ann. Ba é an Máistir Ó Céilleachair a d’eagraigh an turas. Bhí An Máistir Ó Súilleabháín agus Iníon Uí Mhathúna farainn chomh maith. D’éiríomar ar ghlaoch an choiligh agus bhíomar ullamh chun imeacht ó Ghleann Maghair go luath i ndiaidh a leath uair tar éis a seacht. Nuair a bhíomar ag dul trí chathair Phort Láirge, mheas an tiománaí go raibh eolas aige ar chóngar. Chas sé isteach i sráideanna cúnga agus bhí an t-ádh dearg linn nár iompaíodh bun os cionn sinn. Pé scéal é, thánamar slán as an sáinn. Ar an slí trí Ros Mhic Treoin, chonaiceamar an ‘Dunbrody’, macasamhail de bhád seoil ó aimsir an Ghorta Mhóir. Chuir an treoraí fáilte romhainn ag Ferrycarrig. Thugamar faoi deara go raibh sé gléasta in éide Cheilteach, a bhí déanta as bréidín. Bhí thart ar 35 acra sa láthair. Comhairle Chontae Loch Garman a rinne forbairt uirthi. Tréaslaímid leo as an bhfís a bhí acu. Is geall le capsúl ama turas a thabhairt timpeall. Chonaiceamar tithe, a bhí clúdaithe le craiceann ainmhithe, ón Ré Mheisiliteach, tithe ón Ré Neoiliteach leis an gcaolach. Agus sinn ag féachaint orthu, d’fhéadfaimis a shamhlú cé chomh simplí is a bhí an saol anallód. Bhí galláin ann agus Crannóga ón Ré Cheilteach. Ansin thánamar go dtí Fulacht Fiaidh mar a ndearnadh mairteoil agus cos chaoireola a chócaráil. Is fada ón sorn leictreach é! Bhí macasamhail de mhainistir Chríostaí ann, leis, agus cealla na manach ina gcaithfidís uaireanta fada an chloig ag guí chun Dé. D’fhéadfá an tsíocháin a bhrath. Bhí an chrois Cheilteach ann agus é lán de radharcanna ón

8

Rang Aireach ag an “Ciorcal Cloiche”

Bhí a modhanna féin acu chun Briathar Dé a chraobhscaoileadh Chríochnaigh ár dturas timpeall le cuairt ar an mbád Lochlannach. Thóg an turas cúpla uair an chloig, ach inar n-aigne chuamar siar na mílte bliain agus shamhlaíomar an saol a chaith ár sinsir fadó gan fón póca nó gan ríomhaire. Saol simplí a bhí ann, ach is féidir an méid seo a rá ina dtaobh: bhí meas acu ar an talamh, ar an abhainn agus ar an dúlra. Tá ceacht le foghlaim againn uathu. 0 / 0 4 0 5) # 5) 6 0 57

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.