Nuacht Scoile Samhradh 2013

Page 1

AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN TSAMHRAIDH 2013

Súil Eile Comórtas CanSat Coláiste an Phiarsaigh Seaimpíní na hÉireann 2013 & An dara háit san Eoraip 2013

Ar chúl, ó chlé: Marc Ó Crualaoi, Ruairí Ó Cinnéide, Stiofán Mac Domhnaill, Ruairí Ó Ciaráin. Chun tosaigh, ó chlé: Robin Ó Donnchú, Rónán Cnoic, Lúcás Ó Caiside, Cian Ó Donnabháin, Séamus Ó Baoill.

NUACHTLITIR SCOILE CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH

EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2013


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN TSAMHRAIDH 2013

Eagarfhocal Tá bliain eile scoile ag teacht chun deiridh agus táimid ag tnúth leis na laethanta saoire. Gan amhras guímíd gach rath ar na daltaí a bheidh ag tabhairt faoi scrúduithe i rith an tsamhraidh. Is mó eacht atá bainte amach ag an scoil le cúpla mí anuas. Tá cuntas anseo istigh ar chuid de na héachtaí scoile sin. Is liosta le háireamh iad. Bheadh sé deacair aon éacht faoi leith a lua anseo mar sin fágfar fúibhse an rogha sin a dhéanamh. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháíl leis an Máistir Ó Súilleabháin agus an Máistir Ó Ceilleachair a thug cabhair dúinn leis an saothar seo. Beir bua.

“SÚIL EILE” EAGRÁN AN tSAMHRAIDH 2013

FOIREANN NA

Foireann na nuachtlitreach.

NUACHTLITREACH

BLÚIRÍNÍ

An Ceoldráma

Adam de Prionnbhiol Cillian Histon

Seo agallamh gairid a chuireamar ar Róisin Ni Dhúill, a ghlac páirt sa cheoldráma a rinne daltaí an ceathrú bliain i mbliana

Breandán Mac Cárthaigh Séamus Mac Cárthaigh Pádraig Mac Giolla Átha Raiseal Ní Chéilleachair Sorcha Ní Chionnaith

Seán Ó Muirí, Rang Conall captaen ar an bhfoireann iománaíochta faoi 14.

Meadhb Nic Chárthaigh captaen ar fhoireann peile na gcailíní, faoi 16.

An bhfuil tú ag baint taitnimh as an gceoldráma?

Ellen Ní Chlochasaigh

Táim, mar is maith liom damhsa.

Roisín Ní Dhúill

An raibh taithí agat ar an damhsa roimh an gceoldráma?

Sydney Ní Shé

Raiseal Ní Dhogair

Aimee Ní Fhaoláin

Sadhbh Nic an Deileadóra Meadbh Nic Chárthaigh

Ni raibh in aon chor.

Conchúr Ó Fearghail, Rang Bróna, ball den bhfoireann peile faoi 14.

Clár Ní Mhaoláin, ball den scuad chamógaíochta faoi 14.

Ar fhoghlaim tú an-chuid faoin damhsa dá bharr?

Séamus Ó Cearúíl

D’fhoghlaim mé ana chuid, caithfidh mé a rá.

Tiarnán Ó Dubhghaill

An molfá an ceoldráma don cheathrú bliain an bhliain seo chugainn?

Cristóir Ó Caoimh

Mholfainn, mar is rud difrúil é ón ngnáth rang, agus déanann tú an-chuid cairde nua. An bhfuil sé deacair na damhsaí a fhoghlaim agus cuimhneamh orthu?

Shane Ó Finn, Rang Áine, captaen ar an bhfoireann peile faoi 14.

Nil sé deacair iad a fhoghlaim ach tá sé deacair cuimhneamh orthu. Liam Purdy, Rang Aoife, scuad rugbaí na Mumhan.

Adam Ó Braonáin

An éirionn tú neirbhíseach roimh an seó? Ní éirím, in aon chor.

2

Eoin Ó Déisigh

Marc Ó Dúluachra

Stiofán Ó Laoi Elaine Wales COLÁISTE AN PHIARSAIGH, GLEANN MAGHAIR, CORCAIGH.

AONAD DE CHUID NA hIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

“SÚIL EILE 2013”


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN TSAMHRAIDH 2013

DÁTA

AM

ÓCÁID

IONAD

RANNPHÁIRTITHE

11ú Márta

9.05 -11.00

Tráth na gCeist

Seomraí Ranga

Bl. 1, 2 , 3 , 4 , 5 , 6.

11ú Márta

11.30 -1.05

Díospóireacht

Seomra 12/13

Bl. 1 & Bl. 2

14ú Márta

11.45 -1.05

Bl. 2 V Bl. 5

Halla

Bliain 2, 5.

14ú Márta

1.45 - 3.20

Cé hé Mise?

Halla

Bliain 1.

15ú Márta 20ú Márta 21ú Márta

1.40 - 3.20 1.35 -3.25 1.45 -3.25

Céilí Mór Óige V Oilte Scoil Factor

Halla Halla Halla

Bliain 1, 4. Bliain 5, 6 agus Múinteoirí Bliain 1, 2, 4, 5.

Bhí mórán Éireann imeachtaí eagraithe sa scoil i rith seachtain na Gaeilge i mbliana a bhuíochas san do mhúinteoirí agus do dhaltaí na scoile. Ní neart go cur le chéile gan amhras agus bhí an méid sin soiléir tar éis dúinn an tseachtain a chur dínn. Thosnaigh an tseachtain ar an 11 Márta le Tráth na gCeist. Ghlac gach rang páirt ann. Dhá dhuais a bhí le bronnadh, an dtuigeann tú, duais don rang sóisir ab fhearr agus duais don rang sinsir ab fhearr. Ba é an duais a fuair na Daltaí na hArdteistiméireachta i mbun gnímh sa buaitheoirí chomórtas Óige i gcoinne Oilte. ná turas go dtí an phictiúrlann. Deirimse leat gur bhain gach duine acu taitneamh as, de réir mar a chualamar. Bhí an bua ag Rang Bréanainn, an cúigiú bliain agus ag rang Aisling na chéad bhliana.

Tar éis sosa bhí díospóireacht agus caint phoiblí eagraithe idir an chéad bhliain agus an dara bliain. Eagraíodh é seo i seomra 12/13. Bhí scata fóirne páirteach ann agus ba léir gur bhain na daltaí taitneamh as. Lean an chaint, an comhrá agus an argóint ar feadh uair an chloig. Ar an 14 Márta bhí imeachtaí eagraithe sa halla don dara bhliain, don chúigiú bhliain agus agus don chéad bhliain. D’eagraigh daltaí an cúigiú bliain Céilí Mór ar an 15 Márta don cheathrú bhliain agus don chéad bhliain. Go deimhin bhí an-spórt ag gach duine agus lean an rinnce agus an-chraic ar feadh dhá uair an chloig. Bhí an-chleachtadh ag gach duine. Dá bhfeicfeá an ócáid seo ní dhéanfá dearmad air bhí an oiread sin sceitimímí ar na daltaí. Ar an 20 Márta bhí eagraíodh comórtas sa halla. “Óige i gcoinne Oilte” a glaodh ar seo, le comórtais eagsúla idir daltaí agus múinteoirí. Tosnaíodh le tarrac téide ar aon nós. Bhuel, nuair a thosnaigh an tarrac, a leithéid de scréachaigh agus liúraigh níor chuala riamh. Deirimse

D’éirigh go seoigh ar fad leis an ócáid seo mar bhí an t-uafás oibre agus ullmhúcháin déanta roimh ré. Ghlaoigh na daltaí a bhí lonnaithe in oifig an leas-phríomhoide amach na ceisteanna ar an gcallaire. Bhailigh daltaí eile na bileoga leis na freagraí tar éis gach babhta agus ceartaíodh na ceisteanna in oifig an leas-phríomhoide. Ba léir go raibh fios a ngnó acu. Lean cúrsaí mar seo ar feadh uair an chloig nó mar sin agus go dtí am sosa.

Ag baint taitnimh as an gCéilí i rith Seachtain na Gaeilge 2013

3


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

leat go raibh atmaisféar iontach ann. Neosfaidh mé an fhírinne duit nach raibh roinnt de na hiomaitheoirí á thógaint an-dáirire go deo, idir mhúinteoirí agus daltaí ambaiste féin. Mheasamar go n-éireodh daoine chun a chéile, ach sin scéal eile. Ar aon nós bhuaigh foireann na múinteoirí an comórtas áirithe sin. Ina dhiaidh sin bhí tráth na Múinteoirí i mbun an ghnímh sa gceist agus ina dhiaidh chomórtas Óige i gcoinne Oilte. sin arís bhí sraitheanna fotagraif de dhaltaí agus de mhúinteoirí agus iad in aois an linbh. Ba é an aidhm ná an dalta nó an múinteoir a aithint. Níl aon dabht ach go raibh greann ag baint leis seo nuair a taispeánadh roinnt de na fotagraif ar aon nós. Lean an tráthnóna ar aghaidh le comórtas i ndiaidh chomórtais go dtí gur bhain na múinteoirí amach an bua. Ba é an comórtas deireanach a eagraíodh i rith na seachtaine ná Scoil Factor. Bhí gach duine an-tógtha go deo leis an gcomórtas seo. Thug na hiomaitheoirí faoin gcomórtas le gustal. Chonaiceamar an-chuid sár iarrachtaí. Ghlac daltaí ó na ranganna sinsir agus ó na ranganna sóisir páirt sa chomórtas. Bhí ceol agus rinnce go flúirseach ann. De réir cosúlachta bhí an caighdeán an-ard go deo. Chuaigh sé dian ar na breithimh a déarfainn buaitheoir a roghnú. Ar deireadh nár thug Róisín Ní Dhonnchú as rang Aisling na hidirbhliana an bua leí. Chan sí amhrán, a chum sí féin, “You’ve Lost Me Now” agus an giotár á sheinnt aici. Comhghairdeas leí agus le gach duine a ghlac páirt sa chomórtas. Bhain gach duine an –taitneamh as na Róisín Ní Dhonnchú himeachtaí go léir a eagraíodh i rith SeachRang Aisling tain na Gaeilge.. Is léir gur oibrigh na daltaí Buaiteoir agus na múinteoirí go dian díograiseach agus Scoil Factor nach raibh aon leisce orthu tabhairt faoin 2013 dúshlán chun na himeachtaí a thabhairt chun críche. Is fíor an seanfhocal, is in ithe na putóige a bhíonn a tástáil.

4

SÚIL EILE : EAGRÁN AN TSAMHRAIDH 2013

Feis Maitiú 2013

Con Ó Brúdair

Sorcha Ní Bhrúdair

Véarslabhairt Faoi 13

Véarslabhairt Faoi 15

An chéad áit

An dara háit

Cibearbhulaíocht

Fiachra Ó Crualaoi agus Hannah E Nic Chárthaigh, baill de Chomhairle na Mac Léinn ag scaipeadh eolais timpeall na scoile faoin bhfeachtas a bhí ar siúl sa scoil tar éis saoire na Cásca 2013 faoin gcibearbhulaíocht agus conas é a sheachaint.

Annaliese Ní Mhurchú

Cian Ó hÉafaigh

Rang Ciarán

Rang Ciarán

Captaen foireann chispheile faoi 14

Captaen foireann iománaíochta faoi 14


COLÁISTE AN PHIARSAIGH, SEAIMPÍNÍ ROINN C, FAOI –16, CRAOBH NA MUMHAN 2013.

Ar chúl, ó chle: Katie Níc Craith, Amy Ní hArgáin, Eimear Ní Bhrúdair, Hannah Ní Chiaráin, Alice Ní Dhonnchú, Sarah Ní Chionnaith, Ella Ní Mhuiríosa, Mary-Jo Nic Liam, Ava Ní Chearnaigh, Sorcha Ní Choistealla, Hilary Ní Shuilleabhán, Ciara Ní Shuilleabhán, Meabh Ní Mhoaláin. Chun tosaigh, ó chlé: Deirdre Cotrell, Eirne Ní Dheasúnaigh, Meadbh Nic Chárthaigh, Rachel Ní Chéilleachair, Shauna Ní Chróinín, Roisín Ní Dhonnabháin, Annaleisse Ní Mhurchú, Síofra Ní Fhionnagáin, Aisling Ní Dhálaigh, Melissa De Barra.

5

SÚIL EILE : EAGRÁN AN TSAMHRAIDH 2013 AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR


SEACHTAIN NA GAEILGE 2013. DUAISEANNA DÍOSPÓIREACHTA AGUS CAINT PHOIBLÍ NA CHÉAD BHLIANA .

Ar chúl, ó chlé:Éabha Nic Phaidín, Rónán Ó hEachtiarna, Caoilinn Nic Aodha,. Chun tosaigh, ó chlé: Fianna Ní Mhurchú, Eoin Mac Girr, Edel Ní Chéilleachair, Aoife Ní Aonghusa.

6

SÚIL EILE : EAGRÁN AN TSAMHRAIDH 2013 AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN TSAMHRAIDH 2013

Maidhc Dainín Ó Sé. Ar an 13 Márta 2013 tháinig an t-údar aitheanta Maidhc Dainín Ó Sé ar chuairt fhada chugainn i gColáíste an Phiarsaigh. Ar amhraí an tsaoil chualathas go mbeadh an t-údar ar cuairt sa chathair ar aon nós timpeall an ama sin. Tapaíodh an deis. D’éagraigh na múinteoirí Gaeilge an chuairt. Bhí dhá sheisiún eagraithe, ceann do dhaltaí an cúigiú bliain agus seisiún do dhaltaí an séú bliain. I dtosach báire bailíodh daltaí uile an cúigiú bliain isteach i seomra 12/13. Bhí grúpa dá leathbhádóirí os a gcomhair amach agus bhí fonn ceoil orthu. Thosnaíodar ag seinnt cúpla port traidisiúnta. Lean an ceol binn ar feadh tamaill agus ansan tharraing Maidhc amach an bosca agus bhí sé á dtionlacan. Sheinneadar port, sheinneadar dhá phort agus sheinneadar trí phort as a chéile. Caithfear a rá go raibh an grúpa againne ar fheabhas ar fad agus Maidhc chomh maith céanna, mar is dual dó gan amhras. Chuireadar go léir na huirlísí ceoil uathu ar aon nós tar éis cúpla port eile agus thosnaigh Maidhc ag insint dúinn faoina shaol. Mhínigh sé gur in Iarthar Chiarraí a fuineadh agus a fáisceadh é féin. Dhein sé cur síos go mionn agus go cruinn ar a shaol agus tagairt á dhéanamh aige dá dhírbheathaisnéis “A Thig Ná Tit Orm”. Ba spéisiúil an cuntas a thug sé gan aon agó ar a óige agus é ag fás aníos i gCorca Dhuibhne sna caogaidí. D’eachtraigh sé dúinn faoin scoil agus faoin saol laethúil. Go deimhin féin léirigh sé go soiléir nach raibh aon suim dá laghad aige, olc maith ná donaí sa scolaíocht. B’fhearr leis a bheith amuigh faoin aer ag déanamh gnó eigin eile. Mhínigh sé conas mar a chaith daoine óga a gcuid ama soar, an caitheamh aimsire a bhí acu agus mar sin de. Thug sé léargas spéisiúil dúinn maidir le saol an teaghlaigh in Éirinn sna caogaidí. B’fhuirist a aithint áfach gur léirigh a lán daltaí suim ar leith sna scéalta a bhí aige faoin ngrá agus na Cúrsaí Samhraidh. Súgán sneachta a thabharfadh go dtí an céilí é gan amhras, bhí an oiread sin suime aige a bheith ag seinnt an cheoil. Bhí an cuntas a thug sé faoina chéad ghrá greannmhar go maith. Baineadh sult as an gcuntas sin ar aon nós. Lean an chaint ar aghaidh ansin agus é ag insint dúinn faoin tréimhse a chaith sé thall i Londain Shasana. D’imigh sé as sin sall go Chicago, Mheiriceá agus bhí sé ag obair i monarcha ar feadh roinnt blianta.ann. D’fhill sé ar Éirinn nuair a phós sé agus tá sé buailte faoi i gCarrachán ó shin i leith. Bhí dhá sheisiún againn mar sin agus uair an chloig a lean gach ceann acu. Ní bréag a rá go raibh gach aon duine an-tógtha go deo leis an gcuairt seo. B’fhiú go mór é mar bhlaiseamar an “t-údar beo” in ár measc. Spreag sé sinn lena chuid cainte. Labhair sé go seoigh, macánta nádúrtha faoin a shaol féin agus thug sé caint shuimiúil uaidh. Maidhc Dainín i mbun an cheoil

Cuireadh clabhsúr breá leis an gcuairt le cúpla port eile.

agus i mbun na scealaíochta

7


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN TSAMHRAIDH 2013

Gutháin Phóca 4.7%

Rinneamar suirbhé i measc daltaí an dara bliain agus na chéad bhliana chun nósanna na ndaltaí a mheas maidir leis an nguthán póca. Ghlac ochtú cúig dalta páirt sa suirbhé seo. Bhí cúig cheist againn agus bhí ceithre rogha i ngach ceist geall leis. Ní raibh ach dhá rogha sa cheist dheireanach áfach. Ceist 1. Cén déanamh fóin atá agat? Thug gach duine freagra ar an gceist seo. Mheasamar go raibh sé suimiúil go raibh a lán daltaí ag úsáid Bhí níos mó éilimh ar an Samsung ná an IPhone. an Blackberry, 32.9% a bhí ard go maith ach d’fhág san nach raibh ach 4.7% ag úsáid an IPhone. Bhí sé soiléir leis go raibh an-tóir ar an Samsung mar roghnaigh 30.6% é.

5.9%

1.2%

13%

Ceist 2. Cén líonra a úsáideann tú? Arís thug ochtú cúig dalta freagra ar an gceist seo. Bhuel, tá trí chomhlacht mór le rá luaite ag na daltaí don cheist. Ba é O2 le 35.3% a thug an sway leo áfach agus bhí Vodafone sa dara háit le 32.9% agus sa tríú háit bhí Meteor le 25.9%. D’fhág san go raibh comhlachtaí eile á n-úsáid ag 5.9% de na daltaí a ceistíodh sa suirbé seo.

1.2%

Ceist 3. Cé mhéid creidmheasa a cheannaíonn tú? Tar éis dúinn scrúdú a dhéanamh ar na freagraí a fuaireamar ar an gceist seo cheapamar go raibh sé suntasach gur cheannaigh 72.9% €20.00 creidmheasa nuair a cheannaíodar a leithéid. Ba bheag duine a cheannaigh níos mó ná €20.00 ag aon am, díreach 1.2%. Cheannaigh 13% creidmheas de €10.00 sa turas. Ceist 4. An minic a cheannaíonn tú creidmheas? Cheannaigh 63.5% creidmheas gach mí. Ba é sin an rogha ba choitianta i measc an ochtú cúig dalta a fhreagair an cheist seo, nach mór trí huaire níos mó ná aon rogha eile. Gach re mí a cheannaigh 22.4% creidmheas. Cheannaigh 12.9% creidmheas gach coisíos rud a d’fhág nár cheannaigh ach 1.2% creidmheas de €5 gach uair a cheannaíodar creidmheas. Ceist 5. An úsáideann tú an fón go minic? Bhuel bhí an freagra seo thar a bheith soiléir ar aon nós. Úsáideann 85.9% de na daltaí a thug freagra ar an gceist seo an fón gach uile lá. Ní fhagann san ach 14.1% nach n-úsáideann an fón go laethúil agus sin difríocht de 71.8%.

8


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

Agallamh le Daltaí

SÚIL EILE : EAGRÁN AN TSAMHRAIDH 2013

Agallamh le hIníon Ní Fhearghail

Cad is ainm duit? Lucás Ó Conchúir. Cad as duit? Gleann Maghair. Cén bhliain ina bhfuil tú? Táim sa chéad bhliain. Cad é an saghas ceoil is fearr leat? Pop-cheol. Cad é an saghas spóirt is fearr leat? Sacar.

Cad é an t-ainm iomlán atá ort? Cad is ainm duit? Eva de Róiste.

Miriam Ní Fhearghaíl

Cad as duit? Gleann Maghair.

Cad as duit?

Cén bhliain ina bhfuil tú? Táim sa chéad bhliain.

Is as Loch Gorman dom.

Cad é an saghas ceoil is fearr leat? Pop-cheol.

Cén caitheamh aimsire is fearr leat? Cad é an saghas spóirt is fearr leat? Cispheil.

Aon saghas spóirt. Cén saghas ceoil is fearr leat?

Cad is ainm duit? Shane Ó Conchubhair. Cad as duit? Gleann Maghair.

Aon saghas pop-cheol, i láthair na huaire ar aon nós.

Cén bhliain ina bhfuil tú? Táim sa chúigiú bhliain

Cén scannán is fearr leat?

Cad é an saghas ceoil is fearr leat? Mozart/Heavy Metal.

“Any Given Sunday”. Dá mbuafá an crannchur náisiúnta, cad a dhéanfá leis an airgead?

Cad é an saghas spóirt is fearr leat? Rugbaí.

Cheannóinn málaí breátha leathair. Cad is ainm duit? Pronsias Ó Ciáráin. Cad as duit? Gleann Maghair.

Muna mbeifeá i do mhúinteoir cén post eile a thaitneodh leat?

Cén bhliain ina bhfuil tú? Táim sa chúigiú bhliain

Iriseoir, sea ba bhreá liom a leithéid de phost.

Cad é an saghas ceoil is fearr leat? Reggae.

Dá mbeifeá in ann dul aon áit ar domhan, cá raghfá?

Cad é an saghas spóirt is fearr leat? Rugbaí.

Thabharfainn m’aghaidh ar an Nua Shéalainn maidin amárach dá mbeadh mo rogha agam. Nuair a bhí tú ar scoil, cén t-ábhar ab fhearr leat? Fraincís, Béarla agus Creideamh ba mhó a thaithin liom.

Cad is ainm duit? Aodán Ó Conghaile. Cad as duit? Gleann Maghair.

Cé hé nó cé hí do réalt spóirt agus cén fáth?

Cén bhliain ina bhfuil tú? Táim sa tríú bhliain.

Brian O’Driscoll, gan aon dabht, mar tá sé go hiontach. Is é an t-imreoir rugbaí is fearr a chonaic mé riamh a bhí againn in Éirinn agus tá pearsantacht iontach aige.

Cad é an saghas ceoil is fearr leat? Ceol Iodálach agus ceol claisaiceach. Cad é an saghas spóirt is fearr leat? Iascaireacht.

Cén múinteoir is fearr leat sa scoil? Caithfidh mé macnamh a dhéanamh faoi gceist sin.

Cad is ainm duit? JJ Ó Drisceoil.

An gceapann tú go bhfuil an scoil seo dian ar na daltaí agus cad é do thuairim faoi?

Cad as duit? Gleann Maghair. Cén bhliain ina bhfuil tú? Táim sa tríú bhliain.

Cinnte níl an scoil dian i mo thuairim, tá rialacha ann ach nílid dian in aon chor i mo thuairim.

Cad é an saghas ceoil is fearr leat? Pop-cheol. Cad é an saghas spóirt is fearr leat? Iascaireacht/judo.

9


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SA SPÁINN

Feis Maitiú 2013

Aoife Ní Ghóilín. Feis Maitiú. 2013 An chéad áit. Véarslabhairt. Faoi 15

Sophie Ní Riagáin. Feis Maitiú. 2013 Grúpa. Canadh. An chéad áit

Éabha de Londrus. Feis Maitiú. 2013 An dara háit. Drámaíocht. Faoi 15.

Saoirse Trought. Feis Maitiú. 2013. Seiftiú. Faoi 15. An chéad áit

Meadhbh Ní Cheallacháin. Feis Maitiú. 2013 Banna Céilí. An chéad áit.

Robyn Ní Chaoimh Stinner. Feis Maitiú. 2013 Drámaíocht. Ard-mholadh.

SÚIL EILE : EAGRÁN AN TSAMHRAIDH 2013

Is dalta mé san idirbhliain i mbliana. Chuaigh mé féin agus triúr eile ón gceathrú bhliain sall go dtí Barcelona, sa Spáinn thart ar dhá mhí ó shin. Bhíomar thall ann ar feadh ceithre seachtaine. D’fhreastalaíomar ar scoil thall ann ar a dtugtar Camino i Urgell. D’fhanamar in ársán le bean d’arbh ainm Joséfina Sánchez i La Sagrera. Thosaigh an clárama scoile ar a 3:00i.n agus chríochnaigh sé ag 6:40i.n gach lá. Thaistealaíomar ar scoil ar an metro gach lá agus nuair a chuamar i dtaithí air bhí sé an éasca an metro a úsáid. Ní raibh se ró-chostasach agus cinnte bhí sé éifeachtach agus in am. D’fhoghlaíomar a lán Spáinnise thall ann. Bhí an chéad sheachtain deacair. Bhí sé deacair an Spáinnis a thuiscint ach tar éis tamaill bhí sé níos éasca. Bhí scrudú againn tar éis coicíse. Rinneamar go léir go maith ann agus bogadh suas go dtí leibhéal níos airde sinn dá réir. In ár rang bhí daoine as tíortha éagsúla. Bhí fear ó Shasana ann. Bhuel, bhí sé 33 bliain d’aois, bhí béan ón nGearmáin a bhí 21 bliain d’aois, bhí fear eile ann as an Ollainn a bhí 65 bliain d’aois agus bean as an Fhrainc a bhí 40 bliain d’aois. Gach maidin thugamar cuairt ar áiteanna cáiliúla sa cheanntar máguaird. Thugamar cuairt ar Parc Guell, La Sagrada Família, Montjuïc, La Fuente Mágica, La Rambla, agus Camp Nou. Bhí siad go hálainn. Bhí na radharcanna ó Parc Guell agus Montjuïc go hiontach. Bhí ionad siopadóireacht ollmhór sa cheanntar sin. Chuamar go dtí La Maquinista agus Diaganol. Bhí os cionn 250 siopa in La Maquinista. Chonaiceamar cluiche chispheile á imirt ag imireoirí proifisiúnta. Barcelona agus Cai Zaragoza a bhí ag imirt sa tSraith Endesa. Bhuaigh Barcelona, bhí siad ar fheabhas. Bhaineamar a lán taitnimh as an turas. Chabhraigh sé go mór linn an Spáinnis a fhoghlaim. Bhíomar ana shásta dá bhrí sin gur chuamar sall ann. Shleamhnaigh an t-am ró-thapaidh afach. Ba bhreá linn da mbeadh mí eile againn ann ach faraor bhí orainn filleadh abhaile. Molaimid do dhaltaí an ceathrú bliain dul thar lear ar feadh cúpla seachtain. Is taithí iontach é dar linn. Chabhródh sé go mór le daltaí feabhas a chur ar a gcuid scileanna béil gan amhras. Is é sin an taithí a bhí againne. Bhaineamar taitneamh as. Téigh ann má fhaigheann tú an deis.

An Paula Nacional [An Palás Náisiúnta] atá le feiceáil ó Montjuic.

10


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN TSAMHRAIDH 2013

Agallamh leis An Máistir Ó Colmáin

Agallamh le hIníon Ní Chionnaith

1. Cad as duit?

Cad é an t-ainm iomlán atá ort?

Is as Béal Átha an Chasaigh dom.

Meadbh Sinéad Ní Chionnaith. Cad as duit?

2. Cad é an bia is fearr leat?

Is as Corcaigh dom.

Uaineoil.

Ar fhreastal tú ar an scoil seo mar dhalta?

3. Cad é an banna ceoil is fearr leat?

D’fhreastalaíos go deimhin.

The Stone Roses.

An fada atá tú ag múineadh sa scoil seo? 4.Cén fhoireann sacair a leanann tú?

Táim anseo le tamall.

Arsenal.

Ar mhúin tú in aon scoil eile?

5.Cérbh é an t-imreoir ab fhearr a d’imir i do theannta?

Níor mhúineas.

Micheal Ahern nó Martin Coleman.

Cén caitheamh aimsire is fearr leat? Snámh nó cispheil.

6.Cérbh é an t-imreoir ab fhearr a d’imir i do choinne?

Cén scannán is fearr leat?

An Maistir Ó Coigligh agus Setanta Ó Hailpín.

Mary Poppins.

7. Cad é do chaitheamh aimsire seachas an spórt?

Cén ceol is fearr leat?

Ceol, Scannáin agus Léitheoireacht.

Rac-cheol. 8.An comhairle is fearr a fuair tú riamh?

Dá mbuafá an crannchur náisiúnta, cad a dhéanfá leis an airgead?

“Bain taithneamh as”.

Raghainn ar laethanta saoire le mo chlann agus mo chlár toinne agus cheannóinn jeep mór.

9.Cad é an bua ab fhearr riamh a bhí agat? Bhuaigh mé craobh 2012 Peil Sóisear-A An Oir

Muna mbeifeá i do mhúinteoir cén post eile a thaitneodh leat?

Dheiscirt.

Garda nó píolóta.

10. Cén hiad na laochra a bhí agat nuair a bhí tú óg?

Dá mbeifeá in ann dul aon áit ar domhan, cá raghfá?

Stephen O Brien.

Go dtí an Nua Shealainn.

11.An fearr leat Peipsi nó Coke?

Nuair a bhí tú ar scoil, cén t-ábhar ab fhearr leat? Is fearr liom Coke.

An Ghaeilge

12.Cén sár-chumhacht a roghnofá?

Cé hé/hí do réalt spóirt agus cén fáth?

Ba bhreá liom a bheith in ann eitilt.

Katie Taylor.

13. An maith leat a bheith ag múineadh anseo?

An maith leat a bheith ag múineadh sa scoil seo? Gan amhras is maith liom.

Is breá liom é.

An gceapann tú go bhfuil an scoil seo dian ar na daltaí agus cad é do thuairim faoi?

14. Cén múinteoir is fearr leat sa scoil? Is maith liom gach múinteoir.

Níl sé dian go leor, lán stad.

11


AONAD DE CHUID NA HIDIRBHLIANA IS EA AN TIONSCADAL SEO FAOI STIÚIR AN MHÁISTIR UÍ CHÉILLEACHAIR

SÚIL EILE : EAGRÁN AN TSAMHRAIDH 2013

Bhí comórtas CanSat 2013 na hEorpa eagraithe ag Oifig an Oideachais ESA [Gníomhaireacht Spáis na hEorpa] i gcomhar le hOllscoil Teicneolaíochta Delft agus comhlacht Innealtóireachta T-Minus. Ar fhoireann Choláiste an Phiarsaigh bhí Ronán Ó Cnoic, Ruairí Ó Ciaráin, Ruairí Ó Cinnéide, Robin Ó Donnchú, Marc Ó Crualaoi, Stiofán Mac Domhnaill, Lúcás Ó Caiside, Séamus Ó Baoill agus Cian Ó Donnabháin. Deinimid, foireann na nuachtlitreach comhghairdeas leo as an éacht atá bainte amach acu.

Comórtas CanSat Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair, a fógraíodh mar an fhoireann a bhuaigh an comórtas CanSat Náisiúnta ag an Saotharlann Saoil i gCorcaigh ar an 16 Márta 2013. Ghlac an naonúr dalta leis Comórtas CanSat faoi lán seoil sa Saotharlainn Saoil an i gCathair Chorcaí dúshlán CanSat a chruthú faoi stiúir Iníon Uí Sheoighe. Ionsamhlú ar fhíor satailít is ea é ach a chuirtear isteach i stán atá ar chomh mhéid le stán deochanna boga.

Cuairt na mBriotánach Eagraíodh ceilí do mhúinteoirí agus a ndaltaí Briotánacha a bhuail isteach chugainn le déanaí agus camchuairt na hÉireann á dhéanamh acu. Chaith idir mhúinteoirí agus daltaí cúpla uair an chloig in ár measc agus cuireadh fáilte Uí Cheallaigh rompu. Nuair a bhí an céilí thart thugamar ár n-aghaidh ar chlós na scoile. Léiríodh scileanna na hiománaíochta do na cuairteoirí. Bhuaileadar féin cúpla sliotar tar éis do mhúinteoirí agus do dhaltaí Choláiste an Phiarsaigh na scileanna a léiriú dóibh. Bhaineadar ana shásamh as an gcuairt.

Áirítear sa CanSat na gnéithe móra go léir atá le fáil i satailít, cosúil le cumhacht, braiteoirí agus córas cumarsáide. Daltaí ó sheacht scoil a bhí ag obair ar feadh roinnt míonna ag dearadh, ag tógáil agus ag tástáil a gcuid CanSats. Bhí An Chraobh Náisiúnta ar siúl sa Saotharlann Saoil i gCorcaigh agus é urraithe ag Moog, Horner APG, DSE, CEIA. Thug oidí deonacha ó UCC, Tyndall agus CIT gach saghas cúnaimh do na hiomaitheoirí. Bhí an fhoireann ag iomaíocht ar son na hÉireann ag Comórtas CanSat na hEorpa san Ísiltír i mí Aibreáin. Bhaineadar amach an dara háit. Seoladh CanSat gach foireann in airde san atmaisfear thart ar 1km ó roicéad agus bhí ar na foirne an t-eolas a bhailiú ar an talamh le cabhair ríomhaire glúine. Bhí orthu Roicéid á n-ullmhú chun na CanSats a lainseáil ainilís a dhéanamh ar an eolas an óiche sin. Cuireadh torthaí na hanailíse i láthair go poiblí an lá dar gcionn. D’éirigh go hiontach ar fad le foireann na scoile seo againne.

Daltaí Choláiste an Phiarsaigh agus daltaí Briotánacha ag baint taitnimh as an gcéilí, bhuel an-taitneamh!

12


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.