Nua Aois 2012-2014

Page 1


MA

SA NUA-GHAEILGE:

Téacs agus Teanga

Á sholáthar ag Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta UCD UCD_Irish_MA.indd 4

28/11/2011 14:20


Clár na hIrise Eagarfhocal…………………………………………………………… 3

Facebród (Gearrscéal) Eoin Mac Aodha Bhuí ……………………………………………… 4 An Nua-Ghaeilge Chlasaiceach (Alt taighde) Eoin Ó Cróinín ……………………………………………………

8

Bí liom (Dán) Róisín Ní Earcáin…………………………………………………

19

George Morrison: ina fhocail féin (Agallamh) Gearóid Ó Conchubhair…………………………………………... 20 Léirmheas ar An Branar Gan Cur (Léirmheas) Róisín Ní Mhaolchallann…………………………………………

28

An Scáthán (Dán) Gearóid Mac Suibhne……………………………………………... 33 Casadh na Taoide (Gearrscéal) Róisín Ní Earcáin………………………………………………… 34 An Ghaeilge ar an Scáileán (Alt taighde) Éilis Nic Aodhagáin……………………………………………… 44 Siúlóid (Dán) Aoife Uí Fhaoláin………………………………………………… 58 Tá na francaigh ar an Muir (Gearrscéal) Eoin P. Ó Murchú………………………………………………… 59

1


Ciarán Ó Nualláin: Iriseoir Cumasach, Ceannródaíoch Gaeilge (Alt taighde) Róisín Ní Mhaolchallann…………………………………………… 69 An Fidléir (Gearrscéal) Oisín Morrison……………………………………………………... 82 Suantraí Mara (Dán) Róisín Ní Earcáin…………………………………………………... 91 Taisc, a aoir: Mionanailís ar an Dán ‘Taiscidh a chlocha’ (Alt taighde) Eoin Mac Aodha Bhuí ……………………………………………… 92 Sáinn Seirce (Gearrscéal) Cormac Breathnach………………………………………………... 105 Ó UCC go UCD – ó fhás go haois (Alt tuairimíochta) Seán Ó Raghallaigh………………………………………………... 116 Saothar na litríochta Gaeilge i gCeanada: Iniúchadh ar shaothar Phádraig Uí Shiadhail (Alt taighde) Marc Ó Fearáin……………………………………………………. 121 Na Crainn (Dán) Aoife Uí Fhaoláin………………………………………………….. 130 Tobar Chroim (Gearrscéal) Oisín Ó Doinn……………………………………………………... 131 Na hÚdair……………………………………………………………. 143

2


Eagarfhocal Tá Nua-Aois ar an bhfód anois le breis agus dhá scór bliain. Is iomaí eagarthóir a bhí ag an iris i gcaitheamh na mblianta sin, an tOllamh Gearóid Denvir, an tOllamh Máirín Nic Eoin, an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín ina measc, ach cibé fís a bhí ag na heagarthóirí éagsúla le linn na tréimhse sin, níor athraíodh aidhm na hirise riamh. Iris liteartha í a bhfuil sé mar aidhm aici ceiliúradh a dhéanamh ar scríbhneoireacht Ghaeilge mhic léinn an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus is cúis mhór bhróid agus áthais domsa an t-eagrán úr seo a chur faoi bhur mbráid anois. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Dr Regina Uí Chollatáin, leis an Dr Caitríona Ní Chléirchín agus le hAoife Uí Fhaoláin as tacaíocht mhór a thabhairt go fial dom agus an t-eagrán seo idir lámha agam. Táim thar a bheith buíoch de Sheán Ó Raghallaigh, de Chormac Breathnach agus d’Eoin Mac Aodha Bhuí as an saothar ar fad a léamh dom agus comhairle a chur orm ina leith. Murach iad, ba laige go mór an t-eagrán seo. Cathal Mac Dhaibhéid a dhear clúdach na hirise dúinn agus gabhaim buíochas mór leis. Ina theannta sin, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le coiste Nua-Aois as a gcuid oibre agus tacaíochta le linn na bliana. Ar deireadh thiar, ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a chur in iúl do na mic léinn ar fad a chuir a gcuid saothar ar fáil dúinn i mbliana. Tá féith na scríbhneoireachta is na filíochta i nGaeil óga na hollscoile go fóill. Níl a dhath eile fágtha le rá agam anois ach fáilte ollmhór a chur romhaibh Nua-Aois 2012-2013 a léamh. Gearóid Mac Suibhne, Eagarthóir, Samhain, 2013. 3


Facebród le hEoin Mac Aodha Bhuí

N

í fear bródúil mé de ghnáth. Deir m’athair i gcónaí liom gur duine gan mhaith mé agus an ceart aige an chuid is mó den am, ach tharla eachtra bheag an tseachtain seo caite a líon mo chorp

le bród go dtí na hingne. Fuair mo mháthair sracfhéachaint ar mo leathanach Facebook an lá sin – na pictiúir, na cairde agus an comhrá fiúntach a bhíonn ar siúl agam – agus thuig sí faoi dheireadh go bhfuil meas ag an saol mór ar a mac.

Bhí mé ag cnagadh ar an méarchlár an tráthnóna seo, mar is gnách liom, nuair a tháinig mo mháthair isteach i mo sheomra leapa, a lámha lán de níochán, a haigne lán de chúraimí. ‘A mhaicín, a stór,’ ar sise agus í ag suí ar an tocht a bhí ag tabhairt uaidh, an t-allas á ghlanadh aici dá clár éadain le cúinne na seanchuilte, ‘in ainm Dé, nach ngabhfá amach faoin aer ar feadh píosa beag? Tá do chraiceann bán agus do shúile dearg de bharr an ríomhaire sin. Níl sé sláintiúil d’fhear óg seacht mbliana déag d’aois. Nach bhfuil cara ar bith agat ar féidir leat bualadh leis ar an mbaile?’ ‘Táim i lár comhrá le cara liom díreach anois, a Mham. Ní rachaidh mé amach go dtí go mbeidh deireadh tagtha leis an gcaint.’ ‘Ag caint le cara, an ea?’ Ghluais mo mháthair ón leaba go bhfuair greim ar mo shuíochán agus d’fhéach thar mo ghualainn ar an scáileán, a cuid tuirse alptha ag an bhfiosracht, de réir dealraimh. ‘Cé hé? Nó cé hí...?’ 4


Bíodh is nach raibh mé ag féachaint ar a haghaidh, bhí a fhios agam cé chomh mór is a bhí an meangadh gáire uirthi agus an cheist dheireanach sin á cur ag mo mháthair orm. Chuir an t-eolas sin dath na dtrátaí ar mo ghrua faoi mar a bheadh leiceadar trom faighte agam uaithi. Bíonn sí i gcónaí ag spochadh asam toisc nach raibh cailín agam riamh i mo shaol. ‘Níl aithne agat uirthi.’ Dhún mé fuinneog an chomhrá ar Facebook láithreach. ‘An Bimbo é seo? Nó Facebook?’ ‘Bebo, a Mham, tugtar Bebo air. Ach Facebook atá sa rud seo.’ ‘Agus cé mhéad cara atá agat air?’ Chnag mé ar an luchóg agus thaispeáin mo leathanach próifíle di. ‘Ocht gcéad go leith.’ ‘Ocht gcéad go leith?! Tá ocht gcéad is caoga cara ag mo mhac?’

Chuir an méid iontais a bhí ina glór in iúl nár cheap sí go raibh an líon sin daoine ar an saol trí chéile a shílfeadh gur ábhar carad a bhí ionam. Las an t-iontas céanna aidhnín mo bhróid agus spreagadh chun cainte mé. ‘Ocht gcéad go leith. As gach cearn den domhan.’ ‘As gach cearn den domhan? Ach ní raibh tú lasmuigh de Chontae Laoise riamh! Agus níl mórán eachtrannach san áit seo ach an oiread. Cén t-eachtrannach a bheadh ag iarraidh cur faoi anseo?’ ‘Níl aithne phearsanta agam orthu, a Mham, ach chonaic siad mo phróifíl, cheap siad gurbh fhiú aithne a chur orm agus chuir siad cuirí chun cairdis chugam. Ní as Contae Laoise iad ach an oiread ach as an Eoraip, as Meiriceá Theas agus Meiriceá Thuaidh, agus féach anseo, an tUasal Slegte Man as an Afraic Theas.’ 5


Is cara mé le Slegte Man le trí mhí anuas ach níor labhraíomar lena chéile go fóill. Tá an scéal céanna ann le cuid mhaith de mo chairde ar Facebook. Ach an bhfuil aon chaint ag teastáil? Is dlúthchairde muid gan aon chaint. D’fhéadfainn dul chuig teach Slegte (tá a sheoladh le feiceáil go soiléir in aice leis an léarscáil dá cheantar dúchais ar a leathanach); d’fhéadfainn glaoch a chur air (bheadh rogha agam idir a fhón póca agus an fón atá ar an líne thalún sa bhaile aige); d’fhéadfainn bualadh lena chailín (Vrou Denkbeeldige an t-ainm atá uirthi ach tá an caidreamh eatarthu casta, de réir dealraimh); agus d’fhéadfaimis labhairt ar ár sáimhín só ar feadh an lae faoi na rudaí a thaitníonn linn ar Facebook. Is tost teolaí atá idir Slegte agus mé féin.

Bhí pictiúr próifíle mo chairde ag lonnrú i súile mo mháthar nuair a d’fhéach mé uirthi. D’fhan sí ina tost ar feadh soicind, an scéal seo ar fad maidir leis an ocht gcéad is caoga cara ag dul i bhfeidhm go mór uirthi, is dócha, agus í an-bhródúil as a mac. Ansin chrom sí síos ar chúl an tsuíocháin agus d’fhiafraigh, ‘Cad faoi a mbíonn tú ag caint le do chuid cairde go léir?’ ‘Bhuel, ní bhímid ag caint, go díreach. Bímid ag cur nascanna YouTube agus nascanna greannmhara chuig a chéile. Uaireanta insím scéalta faoi na rudaí a bhíonn ar siúl agam ar an mbaile freisin.’

Sílim go ndúirt mo mháthair ansin nach bhfaca sí riamh ar an mbaile mé, ach ní raibh mé ag éisteacht i gceart, bhí duine éigin tar éis nasc nua a chur chugam. Físeán de chat ar meisce a bhí ann.

Nuair a tháinig an físeán sin chun deiridh, bhí sí ina tost arís. Na rudaí ar Facebook a raibh suim agam iontu, bheartaigh mé ar iad a thaispeáint di. 6


Na bannaí ceoil is nua, tumadh spéire (níor bhain mé triail as seo riamh, ach tá sé ar intinn agam é a dhéanamh am éigin amach anseo), an dreapadóireacht, leabhair shuimiúla i bhFraincis (a léifidh mé nuair a fhoghlaimeoidh mé Fraincis), srl. Níor tháinig focal as a béal, bhí an méid sin d’iontas uirthi mar gheall ar a mac. Is dócha gur thuig sí faoi dheireadh nach raibh aithne aici orm agus gur bhreá an fear nua seo os a comhair. Mhothaigh mé an bród ag sileadh as an tost sin agus rug mo bhród féin greim níos daingne orm.

Is ait an mothúchán an bród. Teas teann ón gcroí a chuireann cosc ar fhocail agus aoibhneas faoi na cluasa. An lá sin nuair a chonaic mo mháthair an cineál saoil a bhíonn agam, fuair sí dearcadh nua orm, táim lánchinnte de. Bhí a fhios aici faoi dheireadh nár dhuine gan mhaith mé, mar a deireadh m’athair, ach go raibh ocht gcéad is caoga duine ar an saol ar thaitin sé leo teagmháil a dhéanamh liom, agus go raibh rudaí fiúntacha ar siúl agam. Thuig sí mar sin go raibh meas ag an saol orm. Bhí sí bródúil asam agus bhí mise bródúil asam féin dá thoradh sin.

Sílim fiú go bhfaca mé deoir ina súil.

7


An Nua-Ghaeilge Chlasaiceach le hEoin Ó Cróinín

I

s i dtréimhse na Nua-Ghaeilge Clasaicí (c. 1200-1600) a bhí na bardscoileanna i réim, áit a bhfaigheadh ábhar filí a gcuid oiliúna. D’fhoghlaimíodh na filí caighdeán liteartha sna bardscoileanna

a raibh orthu cloí go cúramach leis, rud a d’fhág meadaracht agus stíl na filíochta buan le linn thréimhse na Nua-Ghaeilge Clasaicí.

Ón am ar tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn sa 5ú haois, bhí léann clasaiceach na litríochta agus brainsí eile léinn amhail an leigheas agus an dlí á saothrú agus á gcaomhnú sna mainistreacha. Chuaigh na mainistreacha i léig, áfach, ar chúiseanna éagsúla le linn ré na Meán-Ghaeilge (c. 900-1200). Ón 12ú haois ar aghaidh thit cúram an léinn ar theaghlaigh áirithe den uasalaicme a nglaoitear teaghlaigh liteartha orthu. Nuair a thug na teaghlaigh liteartha faoin léann a shaothrú, rinneadh brainsí an léinn a roinnt ar theaghlaigh dhifriúla, sa chaoi is go ndéanfadh teaghlach amháin brainse amháin léinn a shaothrú. Dar le Robin Flower, réitigh Brian Ború an bealach do theaghlaigh thuata le traidisiún liteartha na tíre a chaomhnú agus a athbheochan: ‘Under his sway the devastation which had been wrought by the Vikings was repaired and the old literary tradition was revived and reinforced.’1

Teaghlaigh liteartha/ Bardscoileanna Roimh thréimhse na Meán-Ghaeilge, rinneadh idirdhealú idir dhá chineál file ach ní mar sin a d’fhan cúrsaí, áfach, faoi mar a deir Simms: ‘Sa trí chéad bliain de ré na Meán-Ghaeilge in Éirinn, ó 900 go 1200 A.D., 1

8

Flower, Robin 1947. The Irish Tradition. Oxford, Oxford University Press: 92.


maolaíodh ar an deighilt ghéar idir filí léannta liteartha na heaglaise agus na baird shaolta bhéil.’2 Tá an chosúlacht ar an scéal go ndearnadh na mainistreacha a dhí-eaglaisiú idir an 10ú agus an 12ú haois agus go ndearnadh

scoileanna

filíochta

de

chineál

nua

díobh,

i.e.

bardscoileanna. De ghnáth chaitheadh an file seacht mbliana ag foghlaim a cheirde sa bhardscoil sula mbronntaí an teideal ‘ollamh’ air, an chéim ab airde file.

Anuas go dtí an 12ú haois, ba chléirigh a ghlac cúram na lámhscríbhinní orthu féin, ach i ndiaidh an 12ú haois ba scríobhaithe tuata a bhí i mbun na lámhscríbhinní a shaothrú. An-chuid de na scríobhaithe tuata seo bhí baint ag a sinsir leis na mainistreacha, rud a thugann le fios gur leanadh le traidisiún an léinn sna seanmhainistreacha, in ainneoin go ndearnadh iad a thuatú i dtréimhse na Meán-Ghaeilge. Deir Flower gur shíolraigh na teaghlaigh oidhreachtúla ón gceantar i lár na tíre ina raibh na sean-mhainistreacha i réim: From the late twelfth century the tradition thus concentrated within the limits of a small district of central Ireland was propogated by a class of hereditary literary families. And when we come to trace the genealogies of these families we find that the most important of them all derive from this same district.3

Aontaíonn Pronsias Mac Cana leis i dtaobh bhunús na dteaghlach liteartha seo, ach deir sé nár tharla sé seo i lár na tíre amháin, faoi mar a áitíonn Flower, ach gur rud é a tharla go forleathan ar fud na tíre: ‘there seems to be no good reason to suppose that this phenomenon was

Simms, Katharine 1994. ‘An Eaglais agus Filí na Scol’ in Léachtaí Cholm Cille XXIV. Maigh Nuad, An Sagart: 22. 3 Flower, Robin 1947: 85. 2

9


confined to the midlands.’4

Caighdeán Rinneadh athchóiriú ar chúrsaí léinn sa tír i dtreo dheireadh an 12ú haois, agus faoi thús an 13ú haois bhí na bardscoileanna curtha ar bun agus bhí caighdeán nua liteartha leagtha síos agus rialacha meadarachta socraithe. Bhí dualgas ar na filí cloí go cúramach leis an gcaighdeán liteartha agus meadarachta feasta. Deir Damian McManus nach mór idirdhealú a dhéanamh idir an fhilíocht agus an prós sa tréimhse seo toisc gurbh éigean do na filí a bheith i bhfad níos cúramaí ná na scríbhneoirí próis i dtaobh an caighdeán a leanúint.5 An caighdeán liteartha seo, chinntigh sé leanúnachas i bhfilíocht na Gaeilge go dtí gur tháinig meath ar chóras na mbardscoileanna sa 17ú haois nuair a d’éirigh le polasaithe na dTúdarach bonn a bhaint de sheasmhacht chultúrtha agus pholaitiúil na tíre.

Bhí filí na mbardscoileanna chomh dílis sin do rialacha an chaighdeáin gur ar éigean is féidir idirdhealú a dhéanamh idir dán a scríobhadh ag tús na tréimhse agus ceann a scríobhadh ag a deireadh. Is sna bardscoileanna a rinneadh cinnte go mbeadh oiliúint shásúil ag ábhar filí agus go gcloífidís leis an gcaighdeán liteartha. I ndiaidh don chéad dream filí an caighdeán a shocrú timpeall 1200, níor tháinig mórán athruithe air ar feadh tuairim is 500 bliain, dá bhrí sin. Deir Damian McManus: ‘Nuair a leagadh síos an caighdeán socraíodh don chuid is mó ar fhoirmeacha nó ar ghnáis a bhí suas i dteanga na linne, agus diúltaíodh dá ndeachaigh

Mac Cana, Proinsias 1947. ‘The Rise of the Later Schools of Filidheacht’ in Ériu 25, 12646. Baile Átha Cliath, Royal Irish Academy: 133/134. 5 Mc Manas, Damian 1994. ‘Teanga an Dáin agus Teanga an Phróis’ in Léachtaí Cholm Cille XXIV. Maigh Nuad, An Sagart: 114. 4

10


rompu.’6 Bhí nua-aimsearthacht ag baint leis an gcaighdeán seo nuair a céadleagadh síos é dá bhrí sin. Ach níorbh ionann an nua-aimsearthacht seo agus saoirse don fhile: ní raibh saoirse iomlán ag an bhfile a rogha rud a dhéanamh leis an teanga toisc go raibh cosc air úsáid a bhaint as seanfhoirmeacha a bhí imithe as an gcaint nuair a leagadh síos an caighdeán den chéad uair. Rud eile de, toisc go raibh an caighdeán chomh daingnithe sin agus go raibh ar an bhfile cloí leis, ní raibh saoirse aige leas a bhaint as focail nua-chumtha nó focail nua a bhí ag teacht chun cinn sa teanga labhartha. Ní raibh cead aige úsáid a bhaint as na gnéithe sin dá chanúint dhúchasach féin, mar sin, nach raibh ag teacht leis an gcaighdeán. Cé go gcaithfidh go raibh éagsúlacht canúintí ann in Éirinn le linn thréimhse na Meán-Ghaeilge, ní raibh ach canúint amháin liteartha ceadaithe don fhilíocht.

De bharr an choimeádachais seo a raibh greim aige ar an gcaighdeán liteartha, tháinig ardú leanúnach ar an méid dua a bhí ar an bhfile a chaitheamh leis an gcaighdeán a fhoghlaim in imeacht na mblianta, faoi mar is léir ó alt Uí Chuív: As the years and the centuries went by and the spoken language became more and more removed from the standard language which was based on twelfth-century usage, the student-poet probably needed more detailed instruction regarding morpholgy and syntax.7

Cé go raibh nua-aimsearthacht ag baint leis an gcaighdeán nuair a chéadleagadh síos é, dá bhrí sin, d’éirigh sé chomh daingean agus cosantach sin i gcaitheamh na mblianta gur chuir sé bac ar nuálaíocht teanga agus gur iompaigh sé ina chaighdeán fíorchoimeádach. Léiriú ar 6

Mc Manas, Damian 1994: 114. Ó Cuív, Brian 1973. ‘The Linguistic Training of the Medieval Irish Poet’ in Celtica 10. Baile Átha Cliath, The Dublin Institute for Advanced Studies, 1973: 136. 7

11


an gcoimeádachas sin is ea an chaoi inar láimhsigh na filí téama nua ón iasacht, an amour courtois, ina gcuid filíochta. Murab ionann is litríochtaí eile na hEorpa, ní raibh tionchar ar bith ag an ábhar nua seo ar mheadaracht na filíochta in Éirinn.8

Na cúiseanna ar cuireadh caighdeán ar bun Is cosúil gur mar thoradh ar na fórsaí eachtrannacha a bhí ag teacht isteach sa tír sa 12ú haois a beartaíodh go mbeadh caighdeán chomh daingean sin ann agus go ndéanfaí iarracht chomh mór sin é a chosaint ó thionchair sheachtracha. Le teacht na nAngla-Normannach in 1169, agus teacht na manach ón Mór-roinn san aois chéanna, is cosúil gur shíl na fir dhúchais léinn go raibh siad faoi bhagairt agus gur chonlaigh siad chucu féin ar mhaithe leis an léann dúchais a chaomhnú. Dar le Brian Ó Cuív, bhí sé an-tábhachtach go mbeadh an teanga liteartha seo ann leis an nGaeilge a chosaint ó fhórsaí eachtrannacha: ‘The consolidation of the literary language which they achieved proved to be of immense importance in the confrontation between native and alien cultures.’9

Baineann an mheadaracht dhocht leis an dán díreach. Bhí cineál eile meadarachta ann le linn thréimhse na Gaeilge Clasaicí a bhí níos scaoilte ná meadaracht an dáin dhírigh. Is é seo an t-óglachas. Na filí a fuair a gcuid oiliúna sna bardscoileanna, ba é an dán díreach a scríobhaidís den chuid ba mhó, ach bhaineadar úsáid as an óglachas freisin ar mhaithe le dánta níos pearsanta a scríobh nó dánta a scríobh nach ndéanfaí breithiúnas poiblí orthu.

8 9

Flower, Robin 1947: 148. Ó Cuív, Brian 1973: 117.

12


An cineál litríochta a shaothraigh an file. Dánta molta den chuid is mó a bhíodh á scríobh ag an bhfile do thaoiseach. Bhí gaol speisialta idir an file agus an taoiseach toisc go mbíodh an taoiseach ina phátrún ag an bhfile. Bhí an taoiseach ag iarraidh an file ab fhearr a aimsiú ar mhaithe lena chlú agus lena cháil féin a chur chun cinn trí mheán na filíochta; is ar thóir seasmhachta agus stádais a bhí an file agus é ag iarraidh teacht ar rí flaithiúil saibhir. Bhí an t-ollamh agus an taoiseach in ainm agus a bheith ag freastal ar mhianta an duine eile. Bhí sé de phribhléid ag an bhfile cead a bheith aige suí in aice leis an taoiseach ag féasta agus labhairt leis. Bhí sé de dhualgas air dánta a chumadh d’ócáidí faoi leith agus dánta eile molta a sholáthar fiú nuair nach n-iarrfaí air iad a chumadh. Téama coitianta sna dánta molta ba ea an t-ollamh a bheith ina leannán nó ina chéile dá phátrún - ba gheall le pósadh é idir an taoiseach agus a ollamh, rud is léir ó na téarmaí ceana ar nós ‘leannán fileadh’10 sna dánta. Deir an file uaireanta go mba mhaith leis an leaba a roinnt leis an rí - is é sin le rá go mba mhaith leis an phribhléid a bheith aige luí taobh leis an rí i ndiaidh fleá nó féasta a chaitheamh.

Bhíodh sé an-deacair gradam a fháil mar ollamh toisc go mbíodh an oiread sin iomaíochta ann idir na hollaimh ab fhearr. Fiú dá n-éireodh leis an bhfile post a fháil mar ollamh, bhí cead ag an taoiseach é a bhriseadh as a phost nó diúltú é a íoc mura raibh sé sásta leis nó má theip ar an bhfile dánta a chumadh in am. Bhí go leor slite ann ar baineadh úsáid astu chun an t-ollamh a íoc mar mhalairt ar a sheirbhísí don taoiseach agus dhéanadh an file agus an taoiseach margáil lena chéile agus iad 10

Breatnach, Pádraig A. 1983. The Chief’s Poets. Proceedings of the Royal Irish Academy 83C, 37-79. Baile Átha Cliath, Royal Irish Academy: 41. 13


ag iarraidh teacht ar réiteach maidir leis an gcineál cúitimh a thabharfaí don fhile. Bhí an t-ollamh ag súil le talamh agus ainmhithe i measc rudaí eile agus ní i gcónaí a d’éirigh leo teacht ar réiteach go héasca. Mar shampla, maíonn file amháin go bhfuil sé de cheart ag gach ollamh talamh a fháil ón taoiseach. Déanann Breatnach cur síos air seo: ‘In the poem Mór an t-ainm flatha we have seen him declare the right of every ollamh to obtain from his chief a grant of choice land (fonn comhroighneach)

that

brings

lasting

revenue

(dúthaigh

shocair

shíoradhoighe).’11

Anuas ar dhánta molta a scríobh, bhí sé de dhualgas ar an ollamh eachtraí eile i saol an taoisigh agus a theaghlach a chur ar pár i bhfoirm véarsaíochta: bainiseacha, básanna, breitheanna, éadálacha le linn cogaí nó síochana, éachtaí nó rudaí eile a bhí tábhachtach don taoiseach, cuir i gcás. Ach an rud ba mhó a shantaigh an taoiseach ná clú, agus is trí mheán bolscaireachta sna dánta molta a thabhódh sé é sin.

Bhí cúraimí eile ag an ollamh seachas dánta a scríobh. Bhíodh sé mar idirghabhálaí idir thaoisigh éagsúla chun conarthaí a shocrú eatarthu nó chun idirbheartaíocht de chineál eile a dhéanamh dóibh. Bhí sé de nós ag filí comhairle pholaitiúil a chur ar a bpátrúin freisin trí mheán na filíochta. Bhí polasaí ‘Géilleadh agus Athbhronnadh’ ann ag deireadh an 16ú haois. Mar chuid den pholasaí seo rinne rialtóirí Shasana iarracht na taoisigh Ghaelacha a mhealladh lena gcuid nósanna, teanga agus slí bheatha a thréigean. Dá ndéanfaidís amhlaidh trí dhílseacht a ghéilleadh do choróin Shasana, chuirfeadh na Sasanaigh cosaint agus buntáistí eile ar fáil dóibh.

11

Breatnach, Pádraig A. 1983: 65.

14


Tá dán le húdar anaithnid ann dar teideal ‘Párliament Chloinne Tomáis’12 a dhéanann aoir ar an dream nua a tháinig i dtír ar thitim an tseanchórais agus a thóg áit na seanuaisle Gaelacha. I dtreo dheireadh thréimhse na Nua-Ghaeilge Clasaicí feictear cineál eile filíochta ag teacht chun cinn, filíocht a rinne caoineadh ar thitim an tseanchórais phátrúnachta nuair a bhí polasaithe na dTúdarach ag déanamh géarleanúint ar nósanna dúchasacha na nGael. Na filí a scríobh an cineál seo filíochta, amhail Mathghamhain Ó hIfearnáin agus Tadhg Dall Ó hUiginn, bhí siad ar na dreamanna deireanacha a fuair oiliúint sna bardscoileanna. Ní fhéadfaidís pátrún a aimsiú i ndiaidh dóibh oiliúint a fháil sna bardscoileanna.

An caighdeán á chur le chéile Is léir go raibh an-chuid comhoibrithe agus eagrúcháin ag teastáil leis an gcaighdeán a chur le chéile. Caithfidh go raibh na filí ar aon intinn maidir leis an gcaighdeán liteartha agus daingniú na meadarachta, toisc gur cuireadh na socruithe nua seo i bhfeidhm i ngach bardscoil ar an gcaoi chéanna. Níor mhór do na filí ba mhó le rá a bheith aontaithe ag an am agus ina dhiaidh. Deir Pronsias Mac Cana gurb éard a bhí sa bheartas eagraithe agus caighdeánaithe seo ná iarracht ar an léann dúchais a chosaint ó ionraí na n-eachtrannach. Is cosúil go raibh eagla ar na filí go gcaillfí saíocht agus léann a sinsear da ngéillfí do thionchair na bhfórsaí eachtrannacha a bhí ag teacht isteach sa tír. Tá an chuma ar an scéal gur tháinig na sean-mhanaigh agus na filí le chéile ag deireadh an 12ú haois agus gur chomhoibrigh siad lena chéile, toisc go raibh an dá ghrúpa faoi bhagairt ó thionchair iasachta. Mac Airt, Seán 1961. ‘The Development of Early Modern Irish Prose’ in Brian Ó Cuív (eag.) Seven Centuries of Irish Learning 1000-1700. Baile Átha Cliath, The Stationery Office: 134. 12

15


Saothrú an Phróis Deir Seán Mac Airt nár cumadh aon saothair phróis as an nua sa tréimhse seo ach go ndearnadh athchóiriú ar sheanscéalta a bhain leis an tréimhse sular tháinig na Normannaigh sa 12ú haois. Deir sé nach raibh aon smaointeoireacht úr ann sa phrós agus nár saothraíodh an prós mar dhisciplín ann féin toisc gur tugadh tosaíocht i gcónaí don fhilíocht. Ach áitíonn Breatnach gur gá athmhachnamh a dhéanamh ar an tuairim nach raibh aon mhaitheas nó nuálaíocht ag baint leis an bprós sa tréimhse seo, toisc go bhfuil go leor lámhscríbhinní le cur in eagar go fóill. Áitíonn sé fós go bhfuil scoláirí tar éis glacadh leis ar an iomlán nár saothraíodh é ach ar mhaithe leis an tsiamsaíocht agus gur cuireadh béim dá bhrí sin ar théamaí a mbeadh tóir ag lucht leathan léitheoireachta orthu. Dar leis gur cheart mionscrúdú a dhéanamh ar na lámhscríbhinní le hiarracht a dhéanamh fírinne na tuairime seo a chruthú. Dar leis freisin go mb’fhéidir go mbeadh brí níos suntasaí ag prós na linne ná mar a cheap scoláirí go dtí seo.13

Conclúid Maíonn Mac Airt nach bhfuil mórán nuálaíochta ná samhlaíochta le feiceáil i bhfilíocht na tréimhse seo.14 Ach tá Flower den tuairim gur éirigh leis na filí an teanga a thabhairt chun míneadais agus go raibh a rian sin le feiceáil ar theanga labhartha na Nua-Ghaeilge in aimsir Flower féin: ‘if the Irish of to-day is perhaps the liveliest, the most concise, and the most literary in its turns of all the vernaculars of Europe, this is due in no small part to the passionate preoccupation of the poets,

Breatnach, Caoimhín 1996. ‘Early Modern Irish Prose’ in McCone, Kim & Simms, Katherine (eag.) Progress in Medieval Irish Studies. Maigh Nuad, Coláiste Naomh Pádraig: 192. 14 Mac Airt, Seán 1961: 123. 13

16


turning and re-turning their phrases in the darkness of their cubicles and restlessly seeking the last perfection of phrase and idiom.’15

15

Flower, Robin 1947: 106. 17


Leabharliosta Breatnach, Caoimhín 1996. ‘Early Modern Irish Prose’ in McCone, Kim & Simms, Katherine (eag.) Progress in Medieval Irish Studies, 189-206. Maigh Nuad, St. Patricks College. Breatnach, Pádraig A. 1983. The Chief’s Poets. Proceedings of the Royal Irish Academy 83C, 37-79. Baile Átha Cliath, Royal Irish Academy. Flower, Robin 1947. The Irish Tradition. Oxford, Oxford University Press. Mac Airt, Seán 1961. ‘The Development of Early Modern Irish Prose’ in Ó Cuív, Brian (eag.) Seven Centuries of Irish Learning 1000-1700, 103114. Baile Átha Cliath, The Stationery Office. Mac Cana, Proinsias 1947. ‘The Rise of the Later Schools of Filidheacht’ in Ériu 25, 1947: 126-46. Baile Átha Cliath, Royal Irish Academy. Mc Manas, Damian 1994. ‘Teanga an Dáin agus Teanga an Phróis’ in Léachtaí Cholm Cille XXIV, 1994: 114-35. Maigh Nuad, An Sagart. Ó Cuív, Brian 1973. ‘The Linguistic Training of the Medieval Irish Poet’ in Celtica 10, 1973: 114-40. Baile Átha Cliath, The Dublin Institute for Advanced Studies. Simms, Katharine 1994. ‘An Eaglais agus Filí na Scol’ in Léachtaí Cholm Cille XXIV, 1994: 21-36. Maigh Nuad, An Sagart.

18


Bí liom le Róisín Ní Earcáin Bí liom, a chara chléibh, i ndúsholas séimh deireadh an lae.

Mar fhíodóir, a ghrá, déanaim d’fhocail a fhí; anonn is anall síoda is sról an seol ag siansán scaoileann an snáth.

Istoíche, gan sméamh sa spéir ach í faoi réir ag na réalta do shúile ag rince mise ar mo bharraicíní dag síneadh in airde

ach táim gan greim a chara chaoin is tú i bhfad i gcéin.

19


George Morrison: ina fhocail féin le Gearóid Ó Conchubhair

T

á clú agus cáil ar George Morrison i gcéin is i gcóngar de dheasca a mhórshaothair Mise Éire (1959). B’éacht é an scannán seo ar go leor bealaí: ba é an chéad scannán a eisíodh

go hiomlán trí Ghaeilge é; ba é an chéad uair a chonaic muintir na hÉireann íomhánna ón Éirí Amach; agus ba é an chúis nár scriosadh líon mór de scannáin faisnéise Éireannacha – rinneadh na scannáin sin a chaomhnú sa scannán.

I mí na Nollag 2012, tugadh an deis dom George Morrison a chur faoi agallamh faoin scannán actuel seo. Tá George Morrison nócha bliain d’aois anois agus is annamh a d’aontaigh sé dul faoi agallamh tar éis do Ghael Linn Mise Éire a eisiúint sa bhliain 1959. Chuaigh mé i dteagmháil le príomhfheidhmeannach Ghael Linn ar dtús, an tUasal Antoine Ó Coileáin, a mhínigh dom cén chaoi ar thosaigh Gael Linn mar eagraíocht agus cén fáth a raibh baint ag eagraíocht Ghaeilge le scannánaíocht. D’éirigh liom sonraí teagmhála George Morrison a fháil uaidh, agus scríobh mé litir chuige. Seachtain ina dhiaidh sin, chuir mé glaoch air ag a bhaile féin. ‘I agree to all your proposals’, arsa sé.

Chabhraigh beirt liom ar an lá, Eileen Bradish (stiúrthóir) agus Will Teague (ceamaradóir). Is i mBéarla a rinne mé an t-agallamh uile, agus níor aistrigh mé freagraí Morrison go Gaeilge. Bhí eagla orm go gcaillfí croí agus anam a thuairimí san aistriúchán. Bíodh is go bhfuil sé ar dhuine de na stiúrthóirí is fearr in Éirinn, níor chuir sé a ladar isteach sa scéal, ach lig sé dúinn ár rogha rud a dhéanamh i rith an taifeadta. Ní mór 20


dom a admháil, chomh maith, go raibh faitíos orm bualadh leis ach níor chóir dom bheith buartha, bhí sé uasal agus cineálta linn.

Chuir George suim i ndéantús scannán go luath ina shaol. Sa bhliain 1942, stiúir sé a chéad scannán, Dracula, agus rinne sé an ghrianghrafadóireacht dó. Níor críochnaíodh an scannán seo mar gheall ar cheal ábhar scannáin um an tráth sin. Tamall ina dhiaidh sin, músclaíodh an tsuim a bhí aige sa scannánaíocht agus i gcaomhnú scannán.

GÓC: Cén fáth a raibh fonn ort an scannán Mise Éire a dhéanamh? GM: I had formed the intention of making an epic documentary on Irish affairs already in 1945, this question was prompted by an enquiry by Dr Clive Gregory who was, at that time, the University of London’s astronomer, and he said to me, ‘what do you do?’ and I replied, ‘I’m interested in films’, and he said, ‘what kind of films are you interested in?’ And I said, ‘I should very much like to make an epic documentary film on Irish matters’, and that was the origin of Mise Éire. I was in London at the time.

D’fhéadfaí a rá gur ‘pósadh’ iontach a tharla idir George Morrison agus Gael Linn. Bhí an fhís agus an chartlann aigesean agus bhí an mhaoin agus an tsuim sa scannánaíocht ag Gael Linn.

GÓC: Cén fáth a ndearna tú an scannán Mise Éire i gcomhar le Gael Linn? GM: I decided to make Mise Éire, in partnership with Gael Linn, because, I had already secured, for the National Library, not for myself, a grant from de Valera, amounting to five hundred pounds for five years 21


and I knew that that was totally insufficient to fund the amount of film that I wanted to save. And, therefore, I thought of putting up the idea to Gael Linn, to make Mise Éire, in order that more material could be saved.

Bhí lagmhisneach ar mhuintir na hÉireann sna caogaidí. Bhí splanc an Éirí Amach ag leá agus bhí cúrsaí eacnamaíochta go dona ar fad. Ach nuair a chonaic muintir na hÉireann an scannán Mise Éire, las an taoibheal a bhí ina gcroí. Chonaic an t-aos óg íomhánna an Éirí Amach den chéad uair riamh, cogadh ar throid a sinsir ann.

GÓC: An raibh tú sásta leis an bhfáiltiú a chuir muintir na hÉireann roimh an scannán? GM: Yes, on the whole, I was. It was very gratifying. Of course, hardly surprising, as there had never been a film like Mise Éire made before.

D’úsáid Morrison scannán cartlainne, grianghraif chartlainne, sonraí ailtireachta agus feiniméin nádúrtha chun an scannán ceannródaíoch seo a chur chun cinn.

GÓC: Cén fáth gur scannán ceannródaíoch é Mise Éire? GM: It was a groundbreaker because of so many technical and stylistic differences from all other works that had been done at that time. I was very familiar with all the compilations made, but Mise Éire I had envisaged right from the start, as being different from all of these, and I endeavoured to make it thus.

GÓC: An raibh cúis ar leith ar eisigh tú Mise Éire sa bhliain 1959? Le misneach a thabhairt do phobal na hÉireann, b’fhéidir? 22


GM: I didn’t think of that. Simply, I wanted to make an epic documentary, a poetic documentary that overrode all my thoughts. I never gave a thought to what might have been the fate of the film.

Is beag léargas teilifíse/scannáin a rinneadh faoin Éirí Amach le caoga bliain anuas de dheasca na dTrioblóidí i dTuaisceart na hÉireann, ach tá sraith teilifíse nua beartaithe ag RTÉ don bhliain 2016 faoi stiúir Chathail Goan.

GÓC: Dá mbeifeá ag déanamh an scannáin Mise Éire anois agus muid ag druidim i dtreo 2016, an mbeadh sé éagsúil ón scannán a eisíodh sa bhliain 1959? GM: Very largely, no. But, I would like to take advantage of new discoveries of material, but that is all. I would make it more or less the same today, but I can’t be certain of that, naturally, but the same spirit of poetry that is in the film would, I think, be necessary to retain, that is to say, the film would be very like the Mise Éire that I made fifty years ago.

GÓC: An mbeadh aon chomhairle agat do stiúrthóir a bheadh chun tabhairt faoi léargas úr ar an Éirí Amach. GM: The first advice would be that if it should be a dramatic reenactment, to get the casting right so that the actors appear like the characters that they represent in real life. The Hollywood system of (the) star system has reduced our tolerance for actors not appearing the same, and this is intolerable to me!

Is minic a bhíonn bearna idir chuimhne na ndaoine ar eachtra stairiúil agus an ‘stair oifigiúil’ ó staraithe acadúla. I gcás Mise Éire, bhí cuid mhaith den lucht féachana a mhair tríd an tréimhse 1916-1922 fós beo. 23


GÓC: Mise Éire: cuimhne na ndaoine nó tuairimí staraithe acadúla? GM: Mise Éire is (the) poem, not prose, and therefore reflects my own feelings, as well as the actuality material. This notion that one can deprive of all human emotion historical circumstances appears to me to be radically false. Certainly, objectivity must prevail but human feeling should be allowed its place too.

Bhí suim ag George Morrison sa scannánaíocht luath ina shaol agus b’as sin a d’eascair a shuim i gcaomhnú scannán. Thug sé faoi deara nach raibh aon duine, an Stát nó daoine aonair, ag tabhairt súile ar scannáin a bhain le hÉirinn nó a bhain le tréimhse an Éirí Amach a chaomhnú agus a shábháil. Bhí baol práinneach ann chun na scannáin a shábháil, mar go raibh ábhar na scannán féin á ídiú mar gheall ar shnoí ceimiceach. Bheartaigh Morrison seasamh isteach sa bhearna bhaoil.

GÓC: Cén fáth a raibh suim agat bheith i do chaomhnóir scannán? GM: I became interested in Irish actuality material. I had previously, since 1947, been interested in actuality material in general, but the Irish material impressed itself on me, being so fragmentary and scattered. And I formed in 1952, the idea of engaging myself to make a cataloge resoneé of Irish films of real events. And that has been going on now and a little additional material is still appearing. But I was forced into this as the most rational way of making this material available and conserving it, as it was on nitrate material and notoriously inflammable. I undertook the task of informing Dr Hayes of the National Library of my catalogue, and he it was, and I together with him, who worked out the maximum amount of money that we could get for the National Library, and arrived at the figure of IR£500 pounds, for five years; that was on the basis of 1959, and you can see that it was impossible to reach a higher target in 1959. I 24


went to see him, I went to see de Valera and I obtained that funding. But, not for myself, but for the National Library. But it was totally inadequate, and it’s still, in my opinion, totally inadequate in spite of Mise Éire and Saoirse and the other compilation films that I have made; it is a most inadequate way of preserving actuality material, but, better than nothing. I was forced into acting as a conservationist by the urgency of the problem.

GÓC: Cén fáth ar roghnaigh tú Mise Éire mar theideal? GM: The title was chosen for the film because of the poem of Pádraig Pearse. It appeared appropriate at the time and it’s still not inappropriate at this present day, I think. There is no special significance of the title other than that.

Bheadh sé éasca an scannán Mise Éire a cháineadh agus a rá go raibh claonadh polaitiúil láidir aige, ach is léargas iontach é de scannán neamhimpiriúil, mar a dúirt George ina fhocail féin.

GÓC: An bhfuil claonadh polaitiúil ag baint leis an scannán Mise Éire? GM: I wanted to tell the Irish side of the story! Enough had been written and said and promoted in film about the British side of the story and I wanted to tell the Irish side of the story. But other than that, I don’t think that it was a particularly propagandist work.

Nuair a dhéantar tagairt don scannán seo, is minic a chuimhníonn daoine ar an gceol. Roghnaigh Morrison Seán Ó Riada chun scór ceoil a chumadh don scannán. Bhí an ceol iontach tábhachtach don scannán áirithe seo; bhí sé de dhualgas ar an gceol an scannán a iompar dóibh siúd

25


nár thuig na focail Ghaeilge. Chuir Seán Ó Riada a chroí agus a anam isteach sa scór ceoil.

GÓC: Cén tábhacht a bhain le ceol an scannáin? GM: Music, as an art, is the nearest art to the art of motion pictures. By the way, the art of motion pictures includes television and ‘kineholography.’ The art of music comes the closest to the art of the motion picture arts, because it takes time into consideration. It’s the only other art (form) to have its integral structure in time; therefore it is supremely important, that the music of all my films should be right. And I have endeavoured to see that all my films have appropriate music written for them.

In Éirinn, chonaic lear mór daoine i bPoblacht na hÉireann Mise Éire nuair a eisíodh sa bhliain 1959 é. Chonaic páistí scoile an scannán lena múinteoirí le linn am scoile. Bhí cúrsaí giota beag éagsúil lasmuigh de Phoblacht na hÉireann áfach. Bhí cúpla conspóid ann i dTuaisceart na hÉireann de dheasca thaispeáint an scannáin. Eisíodh an paimfléad seo thíos in Lisnakea, agus is léir go raibh tuairimí láidre ag lucht an bhaile i leith thaispeáint an scannáin:

Calling all Loyalists to Lisnakea, Major Demonstration on Thursday 9th of June 1960, to PROTEST against the showing of the film ‘Ireland’s Epic Fight for Freedom’, This film is Papist propaganda in an attempt to mislead and poison the minds of our youth, and an insult to Protestant Beliefs. We are Queen’s men, if you are? Come to Lisnakea. NO SURRENDER.

GÓC: An raibh tionchar ag do thuairimí polaitiúla pearsanta ar an scannán? 26


GM: My own bias is slightly to the left and has always been. But, other than that, I haven’t deliberately tried to foster any prejudice in that regard.

GÓC: An mbeadh sé d’acmhainn agat Mise Éire a dhéanamh i rith na dTrioblóidí? GM: Yes, perfectly. I see no obstacles.

Ba mhór an onóir é domsa George Morrison a chur faoi agallamh. Tá féith na healaíne fós geal ina shúile, cé go bhfuil sé caoga bliain d’aois. D’eascair an deis agallaimh seo as modúl staire How to make an Historical Documentary a rinne mé mar chuid den chúrsa MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge i Scoil na Gaeilge, COBÁC. D’fhulaing George Morrison ar son a cheirde, ach bhain Éire agus muintir na hÉireann leas mór amach de dheasca a íobartha. Is leis féin a fhágfaidh mé focal scoir na haiste seo:

Do na daoine óga atá ag saothrú ealaíon na scannán Gaeilge, tugaim an chomhairle seo: chomh luath in Éirinn agus is féidir leat, éirigh as an aithris agus aimsigh do ghlór dílis féin.16

16

Ráiteas ó George Morrison, Cork Film Forum (2009). Ar líne: http://www.irenses.ie/wp-content/uploads/2009/12/George-Morrison-Speech.pdf. 27


Léirmheas ar An Branar Gan Cur le Róisín Ní Mhaolchallann

D

éanann an Doibhlineach gort a bhí tréigthe a chur agus a shaothrú arís leis an saothar nuálach ceannródaíoch seo i nualitríocht na Gaeilge. I bhfocail an amhráin Éamonn an

Chnoic, tá scríbhneoireacht na Gaeilge ar nós ‘Mo bhranar gan cur, mo sheisreach gan scor’ ag an Doibhlineach. Tá gort cúng uaigneach na nualitríochta ag goilleadh go mór air. Tá talamh na hÉireann fágtha bán na laethanta seo. Tá machaire fairsing féarmhar na seanlitríochta dearmadta ag muintir na tíre. Léiriú atá sa leabhar seo gur féidir le litríocht na Gaeilge an fód a sheasamh chomh maith céanna le litríocht theangacha eile na hEorpa. Tugtar seasamh nua di. Cuirtear beocht ar ais inti. Stíl úrnua scríbhneoireachta atá le fáil in An Branar Gan Cur agus molaim do gach duine a bhfuil spéis aige sa nualitríocht an stíl chruthaitheach seo a bhlaiseadh. B’fhiú go mór an tairbhe an trioblóid seoid seo na litríochta a léamh, ligean do do smaointe dul le sruth leis an Doiblineach agus tabhairt faoi aistear na féiniúlachta in éineacht leis.

Eispéireas saibhrithe atá i léamh an leabhair seo ó thaobh na teanga de. Tá saibhreas na Gaeilge i stór leathan focal an Doibhlinigh. Mar fhiontraí na litríochta Gaeilge, téann sé i mbun a chuid scríbhneoireachta i mbealaí nuálacha. Feictear tionchar nouveau roman na Fraincise le húsáid an dara pearsa uimhir uatha sa reacaireacht, teicníocht a chúngaíonn an bhearna idir an t-údar, an carachtar agus an léitheoir. Tarraingítear an léitheoir isteach sa scéal le ‘tú’ na reacaireachta, tugtar seasamh luachmhar dó agus is féidir le duine é féin a shamhlú mar údar agus mar phríomhcharachtar an scéil. Bhí an teicníocht seo go mór in úsáid i 28


nualitríocht na Fraincise agus bhí nasc idir í agus fealsúnacht an eiseachais. Is cinnte go bhfuil rian an eiseachais le sonrú ar an saothar seo chomh maith. Tugtar an léitheoir ar thuras traenach, ar aistear ó Bhaile Átha Cliath go Doire Oíche Shamhna 1953, ach turas intinne atá i gceist chomh maith le turas fisiciúil. Tarlaíonn an reacaireacht in aigne an phríomhcharachtair, a smaointe á stiúradh agus á dtreorú ag luas, rithim agus ceol na traenach. Téann an Doibhlineach i dtreo atá neamhaithnid lena chuid scríbhneoireachta. Chruthaigh sé stíl nach raibh feicthe go dtí seo i litríocht na Gaeilge agus caithfear ardmholadh a thabhairt dó as sin a dhéanamh.

Tugann an leabhar seo léargas luachmhar stairiúil dúinn ar mheon Chaitlicigh Uladh sa tréimhse seo i stair na hÉireann. Is Ultach é an príomhcharachtar Feargus Mac Giolla Chalma a bhí ina ábhar sagairt i Má Nuad nuair a mharaigh na B-Specials a thuismitheoirí. Titeann a shaol as a chéile agus téann sé go Baile Átha Cliath le dul i mbun oibre mar léachtóir óg ollscoile. Tugann an saothar seo léargas dúinn atá gar don fhírinne ar Bhaile Átha Cliath an tráth úd agus ar an drogall a bhí ar roinnt daoine glacadh leis an Éirinn nua seo. Bhí Baile Átha Cliath fós ina chathair le Béarla cé go raibh saoirse in ainm is a bheith bainte amach aige. D’fhág sé Feargus ag mothú mar eachtrannach i measc a mhuintire féin. Tosaíonn Feargus ag siúl amach le cailín darb ainm Laure áfach atá í féin ina suaitheantas den Bhaile Átha Cliath Angla-Éireannach seo. Feidhmíonn sí mar dhroichead sa leabhar idir an dá chultúr agus déanann sí iarracht tuairim Fheargusa i leith Bhaile Átha Cliath a athrú. Tá péarlaí luachmhara de smaointe le fáil sa saothar seo i dtaobh an náisiúnachais agus na féiniúlachta, idir smaointe diúltacha i leith an Bhéarla agus

29


smaointe rómánsacha faoin tír mar thír le Gaeilge ar fad. Tugtar an léitheoir ar thuras inmheánach síos go leibhéal an fho-chomhfheasa.

Molaim an leabhar seo as ceisteanna fealsúnachta a ardú. Cuirtear muid ag machnamh faoi na roghanna a dhéanaimid inár saol. Is é bunús fhealsúnacht an eiseachais ná go gcruthaímid ár saol féin trí na roghanna a dhéanaimid. Bhí tionchar fhealsúnacht an eiseachais le sonrú go mór i nouveau roman na Fraincise agus is cinnte go ndeachaigh an stíl seo i bhfeidhm ar an Doibhlineach agus é i mbun scríbhneoireachta. Tá cosúlacht an-láidir idir An Branar Gan Cur agus La Modification le Michel Butor (1957), scéal a scríobhadh chomh maith sa dara pearsa agus mar an gcéanna déantar é a reic in intinn an phríomhcharachtair agus é ar thuras traenach idir Páras agus an Róimh. Scéal é faoi fhear atá pósta ach a bhfuil leannán aige sa Róimh. Tá sé ar intinn aige scaradh lena bhean agus tá sé chun é sin a rá lena leannán sa Róimh ach le linn an turais tagann athrú intinne air. Sa chaoi chéanna is monalóg inmheánach atá in An Branar Gan Cur; sruth comhfheasa an phríomhcharachtair. Tá sé ar intinn aige Laure a thréigean agus dul le sagartóireacht agus tá sé ar a bhealach go Doire leis an scéal seo a phlé lena chara, an tAthair Mac Eachainn. Ach tá an cinneadh seo á chrá agus cé go gceapann an léitheoir go bhfuil sé sásta lena rogha, tagann meascán mearaí ar intinn Fheargusa. Gluaiseann a smaointe ar aghaidh le luas na traenach agus nuair atá an carráiste á shiúntadh siar is aniar ag stáisiún Phort an Dúnáin tagann amhras agus mearbhall air faoin gcinneadh atá déanta aige.

Is cliste agus is éifeachtach an dóigh a nasctar smaointe doimhne Fheargusa le luas agus le rithim na traenach. Turas fisiciúil atá á dhéanamh aige chomh maith le turas príobháideach intinne. Tá éacht 30


suntasach déanta sa leabhar seo, saothar a shéideann beocht isteach i nualitríocht na Gaeilge. Seo an cineál litríochta a bhí in easnamh sa Ghaeilge le fada agus is iontach a leithéid de leabhar a bheith foilsithe anois.

Tréith shuntasach eile ná úsáid mhór an tsiombalachais sa saothar seo. Is cinnte gur siombail de thuras intinne Fheargusa é an turas traenach agus é ar thóir na fírinne agus na féiniúlachta. Fiú an traein féin, d’fhéadfá a rá gur siombail é den choimhthíos a léiríonn an chaoi a mothaíonn Feargus mar eachtrannach ina thír féin. Fiú an suíochán a ghlacann Feargus sa charráiste deireanach, tá sé ina shiombail den chaoi a mothaíonn sé scoite amach ó phobal Angla-Éireannach an deiscirt. Déanann a chuid míshástachta agus míshocrachta príosúnach de i bpríosún an charráiste. Ní féidir leis éalú ó na mothúcháin uaigneacha díomácha seo go dtí go sroicheann an traein a ceann scríbe; go dtí go dtagann sé ar an gcinneadh ceart ar deireadh; go dtí go nglacann sé leis an bhfírinne; agus go dtí go bhfuil sé réidh le bogadh ar aghaidh lena shaol i slí dhearfach.

Molaim an leabhar seo d’aon duine ar mhaith leis stíl chruthaitheach ealaíonta i scríbhneoireacht na Gaeilge a bhlaiseadh. Molaim é chomh maith do dhaoine ar mhaith leo léargas a fháil ar mheon Chaitlicigh na Sé Chontae i leith chathair Angla-Éireannach Bhaile Átha Cliath. Samhlaíonn Feargus í mar chathair aislingeach na saoirse ach is gearr go bpléasctar a bhrionglóid nuair a fheictear dó gur cathair ‘ghallda’ atá inti anois. Feictear an áilleacht a bhaineann leis an dá chultúr sa leabhar seo chomh maith agus tá ceacht le foghlaim ann. Is deacair do Ghaeilgeoirí fiú sa lá atá inniu ann glacadh uaireanta leis an méid Béarla atá mórthimpeall orainn anseo in Éirinn ach taispeántar d’Fheargus agus 31


taispeántar dúinne léitheoirí go bhfuil an dá chultúr fite fuaite lena chéile anois agus go saibhríonn siad a chéile. Téann Feargus ar cuairt chuig an Músaem Náisiúnta agus Ard-Oifig an Phoist, foirgnimh atá bainteach le hÉirí Amach 1916 agus le hoidhreacht agus saíocht na nGael. Chomh maith leis sin, míníonn Laure dó go bhfuil áilleacht ag baint le gnéithe eile de Bhaile Átha Cliath, mar shampla ailtireacht Theach an Chustaim, cé go bhfuil armas na Breataine air go fóill.

Is cuid de stair na hÉireann na nithe seo ar fad áfach agus an ceacht is tábhachtaí atá le foghlaim ná nach fiú bheith in aghaidh gach rud nach bhfuil Gaelach. Is iontach an rud é bheith ar son na Gaeilge ach is éard atá á rá ag an Doibhlineach leis an léitheoir ná: leathnaigh d’intinn agus lig do chultúir eile an Ghaeilge a shaibhriú. Níl aon mhaith leis an smaointeoireacht dhiúltach ná leis an dearcadh cúngaigeanta. Glac le héagsúlacht agus beidh tú ar do shuaimhneas. Fiú sa lá atá inniu ann, bímid ag iarraidh an Ghaeilge a chothú sa saol uirbeach ach caithfidh tú bheith réalaíoch san aisling atá agat i gcónaí chomh maith.

Téigh ar an aistear cultúrtha oidhreachta seo leis an Doibhlineach, téigh ar thóir na féiniúlachta, téigh ar thuras stairiúil aislingeach agus cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn? Cá bhfios cén ceann scríbe a bheas agat?

32


An Scáthán le Gearóid Mac Suibhne Ná tar ar m’amharc inniu, Agus lomchlár na fírinne uait, Chaoin mé uisce mo chinn, Nuair a labhair muid aréir.

Ba bhocht an t-amharc é.

Amach as m’amharc leat, Níl fonn cainte orm inniu. Cuireann tú do dhá shúil tríom, ‘S seirbhe na fírinne agat.

Is fada go rachaidh mé do do chuartú arís.

33


Casadh na Taoide le Róisín Ní Earcáin

B

hí feothan farraige ag séideadh go bog agus an ghrian ag socrú a háite sa spéir ghlé gheal an mhaidin shamhraidh sin. In ainneoin na gceithre scór bliain a bhí bainte amach aige, bhí

Seán breá friochanta ar a chosa agus é ag druidim i dtreo an tí agus aoibh ar a ghnúis. Bhí boladh breá ó na rósanna a bhí ag stealladh dathanna ar dhuilleoga dearg-ghlasa na sceiche. Istigh sa teach, bhí válsa ar an raidió ag caitheamh macalla timpeall sheomraí an tí. Sa ghairdín cúil, bhí Éilis ag caidreáil leis an gcomharsa béal dorais, dathanna na mbláthanna le chéile ag cur go fíormhaith lena blús breá buí agus lena sciorta bán línéadaigh. Thriall Seán isteach sa chistin, dhoirt cupán caife ón síothlán agus smear ailp ime agus marmaláide ar shlisín d’arán donn. Shuigh sé ag an mbord, é ag crónán leis an gceol idir shúimíní agus ghreamanna. Tháinig Éilis isteach an cúldoras agus an nuachtán faoina hascaill aici. ‘A ghrianáin, a ghrá!’ arsa Seán lán de bheocht. Léim sé de phreab, rug greim faoina lár is thóg ar camchuairt timpeall na cistine í le rithim an cheoil. Bhí a cromáin ag luascadh, a ceann á chroitheadh aici, a barraicíní ag damhsa, meangadh gáire ar a haghaidh agus a cuid gruaige a bhí geal catach ar foluain taobh thiar di. Seacht mbliana déag d’aois a bhí siad arís an mhaidin sin, ag gluaiseacht timpeall halla damhsa agus spleodar na hóige ina n-anamacha. Rinne Seán bualadh mór bos agus d’umhlaigh dá bhean chéile nuair a tháinig deireadh leis an gceol. ‘Tá tú gach pioc chomh hálainn inniu is a bhí tú na laethanta sin,’ a dúirt sé léi. 34


‘Bhuel,’ arsa Éilis, a haghaidh ag lasadh, ‘tá tú féin gach pioc chomh plámásach is a bhí tú tráth!’ ‘Conas a bhí an t-uisce inniu?’ a d’fhiafraigh sí de agus í ag socrú a cuid gruaige tar éis an damhsa. ‘Bhí sé chomh cothrom le clár,’ arsa seisean go gealgháireach. ‘Ní gá dúinn dul go Lanzarote nuair atá Cladach an Daichead Troigh ar leac ár ndorais féin.’ ‘Tá an ceart glan agat!’ arsa Éilis go beoga. Shuigh Seán ag an mbord arís agus dhein méaradradh ar an nuachtán. ‘A leithéidí de dhrochscéalta: stailceanna anseo, círéibeanna ansiúd, buiséad suarach. Agus in ainm Dé, rige ola i lár Bhá Bhaile Átha Cliath? An ag magadh atá siad? Sé chiliméadar ón gcósta?’ Thug Éilis neamhaird ar an gcallaireacht seo. Bhí sí cleachta go maith leis i ndiaidh iad a bheith pósta le caoga bliain. ‘Bhuel éist má tá dea-scéal uait,’ a dúirt sí. ‘Ghlaoigh Antain s’againne ó Nua-Eabhrac nuair a bhí tú amuigh. Beidh sé ag teacht ar cuairt chugainn an mhí seo chugainn. Tá sé le bheith mar fhinné ag bainis Fhiachra Uí Ruairc ó bhun an bhóthair. Tá cuireadh faighte againne fosta chuig an bhfáiltiú sa Royal Marine i nDún Laoghaire.’ Shlog Seán bolgam caife ach níor labhair sé. Lean Éilis uirthi: ‘Shíl mé go mbeadh sé deas dá bhfanfaidís anseo sa teach linn fad is atá siad ar cuairt.’ ‘Siad?’ a d’fhiafraigh Seán go bómánta di, ‘cé hiad siad?’

35


‘Tá’s agat go maith cé faoi a bhfuilim ag caint,’ arsa Éilis go mífhoighneach. ‘Antain agus a chara Chad gan dabht.’ ‘Chad’ arsa Seán go mall scigmhagúil le blas Meiriceánach. ‘Éirigh as sin, a dhundarláin!’ arsa Éilis. ‘Táim tinn tuirseach den chaint sin ina choinne. Má tá Antain sona, ba cheart go dtacóimis leis agus go mbeadh muidne sona ar a shon.’ Thug Seán spléachadh géar uirthi agus labhair: ‘Ní ligfidh mé do Tad nó Brad nó Chad nó d’aon boyfriend eile fanacht faoin díon seo go dtréige an anáil mé. Tá’s agat go maith go bhfuilim dubh dóite i gcoinne an iompair sin.’ ‘In ainm Dé, éist leat féin!’ arsa Éilis agus í an-chorraithe anois. ‘Is beag duine atá chomh cúngaigeanta leat féin thart timpeall sna bólaí seo sa lá atá inniu ann.’ Bhain Seán searradh as a ghuaillí. ‘Deamhan ar mhiste liom,’ a d’fhreagair sé. ‘Cá bhfanfaidh sé mar sin,’ a d’fhiafraigh Éilis de agus líonrith ag teacht uirthi, ‘mura mbeidh tú sásta an doras a oscailt dó is fáiltiú roimhe thar an tairseach? An sa scioból a chuirfimid é?’ ‘Óstán breá is ea an Royal Marine, nach ea?’ arsa Seán go searbh. ‘Tá radharc breá ar an bhfarraige agus táim cinnte go bhfaighidh siad margadh faoi sheomra ann. Penthouse suite a bheidh uathu is dócha? Má tá sin maith go leor dóibh i Nua-Eabhrac, beidh sé maith go leor dóibh anseo!’

36


‘Nach bhfuil croí an-chrua agat!’ arsa Éilis agus déistin uirthi. ‘Is ar do mhac atáimid ag caint agus mura dtapaíonn tú an deis seo beidh sé caillte agat go deo.’ ‘Ba é mo mhac é,’ arsa Seán. ‘Ba é mo mhac é sular thrasnaigh sé an mhuir mhór. Ach tá an taoide sin tráite go deo. Tá a rogha déanta aige agus mo roghasa déanta agamsa agus tá na roghanna sin chomh buanseasmhach leis an taoide amuigh. Ní ghéillfidh mé, a Éilis, agus sin sin.’ ~ Bhí brat scamall sa spéir an lá dár gcionn. Bhí Seán suaite is scaipthe ina aigne i ndiaidh achrann an lae roimhe sin. Bheartaigh sé ar dhul síos chuig Cladach an Daichead Troigh i ndiaidh an Aifrinn le hiarracht a dhéanamh a intinn a ghlanadh. Ní raibh Binn Éadair le feiceáil trasna an bhá, bhí an ceo chomh dlúth sin agus an fharraige mhór ag briseadh ar chlocha an chladaigh. Is annamh nach mbíodh an t-uisce glan agus geal ag an áit sin ach bhí sé dorcha modartha an mhaidin sin. Bhí glór brónach ó na tonnta móra ag trá is ag tuilleadh go diamhair, tonn bheag ar thonn mhór, ceann i ndiaidh a chéile. Bhí seantaithí agus tuiscint ag Seán ar an bhfarraige, í mealltach marfach, flaithiúil fealltach. D’fhéadfadh sí beagnach gach easláinte faoin spéir a leigheas ach bhí sí mar uaigh dhomhain chorrach fosta. I gCladach an Daichead Troigh, bhí carraigeacha ag giobadh amach faoi bhun leibhéal an uisce mar a bheadh cnoic oighir ann. Bhí sruth láidir taoide sa bhá agus bhí smugairlí róin ann mar b’iondúil i rith an tsamhraidh. Ach ba é an ollphéist ba mhó ná an bád farantóireachta sin, an HSS. Shuaitheadh an bád an t-uisce agus sheoladh sé tonnta móra bagracha 37


ag sciúrdadh in aghaidh an chladaigh mar a bheadh arm ag ionsaí cathrach. Ach bhí cluasa Sheáin tiúnta don bhonnán a scaoil rabhadh fada uaidh nuair a thagadh an bád isteach i dtreo an chuain. Níor nós le Seán dul isteach san fharraige ag na hamanna sin. Teiripe mhaith a bhí sa snámh, dar le Seán. Ba mhinic a fuair sé faoiseamh éigin le tumadh isteach. Níorbh amhlaidh an scéal an mhaidin ghruama sin. Nuair a tháinig sé amach ón bhfarraige, mhothaigh sé tugtha tnáite agus bhí sé go mór ar crith. Bhí góiríní fuachta ar fud a choirp thanaí agus dath corcra ar a chraiceann rocach. Chuala sé scairt agus é á ghléasadh féin go hamscaí. Garry agus Aodh a bhí ag teacht ina threo, snámhóirí rialta agus baill den chumann bricfeasta a bhailíodh le chéile ag an gcladach gach maidin. Seanfhondúirí cosúil leis féin. ‘Bail ó Dhia oraibh’ arsa Seán, meangadh doicheallach ar a aghaidh. Rinne sé iarracht a bhuairt aigne a bhrú ar chúl a chinn agus iad ag comhrá faoi seo is faoi siúd. ‘Chualamar go mbeidh Fiachra Ó Ruairc ag pósadh go luath. Caithfidh go mbeidh Antain ag teacht abhaile don bhainis?’ arsa Aodh, an duine ba chaintí den bheirt. ‘Cár chuala sibh faoi sin?’ arsa Seán go cosantach. ‘Bhíos ag caint le Dessie thíos sa siopa,’ arsa Gary. ‘Is aigesean a bhíonn an gossip, tá’s agat.’ ‘Tá’s agam go maith,’ arsa Seán ag cur roc ina mhalaí. ‘An mbeidh sé ag teacht ina aonar nó an mbeidh a pháirtí in éineacht leis?’ a d’fhiafraigh Aodh de go soineanta mar dhea.

38


‘Bí ar an airdeall, a Sheáin, b’fhéidir go ndéanfaidh sé iarracht tú féin a mhealladh leis an gcorp rábach dathúil sin atá agat!’ arsa Gary ag cur a ladair isteach. ‘Beidh sé ar a sháimhín só san áit seo ar aon nós leis an iliomad fear lomnocht ag crochadh thart lena gcuid magairlí ag cleitearnach sa ghaoth!’ arsa Aodh agus iad beirt sna trithí gáirí anois. Bhí na faoileáin ag casadh is ag gearradh fáinní thuas sa spéir agus ag screadaíl go hocrach. Dhún Seán a shúile is rinne iarracht a chluasa a dhúnadh ar an spochaireacht agus ar an bhfonóid seo. Ní hé go raibh a saol teaghlaigh féin chomh foirfe sin ach oiread. Bí ag caint ar scannal! Marina, bean chéile Gary, nach raibh a fhios ag gach mac máthar go raibh caidreamh aici leis an bpluiméir le blianta anuas! Agus níl a shéanadh air gur luigh iníon Aoidh le gach fear ó Dheilginis go Dún Laoghaire sular bhain sí an fichiú bliain amach. Agus iadsan ag spochaireacht as a theaghlachsan? A leithéid de shotal! Ní raibh acmhainn aige ar an tseafóid sin. Gan níos mó a rá, ghread sé leis abhaile go stuacach stainceach, é ag eascainí faoina anáil. ~ Bhí báisteach ar an spéir agus gaoth ghéar ag séideadh lasmuigh an oíche sin. Mhothaigh Seán uaigneach deoranta, mar a bheadh éan scoite. Bhí Éilis ar stailc ina choinne, í istigh sa seomra suí ag imirt Scrabble ar an idirlíon gan focal aisti le lá anuas. Bhí Seán faoi ualach ciontachta ach bhí sé róstalcach le leithscéal a ghabháil léi. Bualadh cnag ar an doras. An tAthair Ó Máille, sagart an pharóiste, a bhí ann. Duine dílis, umhal agus fíréanta a thug an tseanmóir is fear sa

39


deoise, dar le Seán. Ba nósmhar leis bualadh isteach chuig an teach oíche Dhomhnaigh i ndiaidh lá fada oibre. Lig Seán isteach é agus stiúir isteach sa chistin é. Shuigh siad ag an mbord agus rinne dreas comhrá lena chéile. Bhí an buidéal Jameson oscailte agus gloine nó dhó diúgtha ag Seán cheana féin an tráthnóna sin. Líon sé gloine eile dó féin agus ceann don sagart. ‘Chuala mé go mbeidh Antain mar fhinné ag bainis Fhiachra Uí Ruairc?’ arsa an tAthair i ndiaidh tamaill. ‘Is mise a bheidh ag ceiliúradh Aifreann an phósta. Caithfidh go bhfuil tú ag tnúth go mór le hAntain a fheiceáil?’ Ní dúirt Seán focal ach shlog siar a fhuisce in aon bholgam amháin is chuir soc air féin. Líon sé gloine eile. ‘Tá tart orm,’ a dúirt sé agus an sagart ag breathnú go hamhrasach air. ‘A Sheáin, aithním go bhfuil trioblóid ar iompar agat. Ná habair liom go bhfuil tú in earraid le hAntain fós?’ arsa an sagart. ‘Ná bí thusa ag caitheamh chugam chomh maith. Tá mo dhóthain faighte agam ó Éilis,’ arsa Seán go giorraisc. ‘Ní maith liom tú a fheiceáil san fhaopach seo. Caithfidh tú tú féin a fhuascailt ón seanmhiotas agus ón seandearcadh atá ag déanamh an oiread sin dochair duit,’ arsa an sagart. ‘Tá mo cheann liath agaibh!’ arsa Seán agus lastas maith ar bord aige anois. ‘Ní gá dom rud ar bith a dhéanamh nach mian liom. Agus ós rud é gur ionadaí na hEaglaise tú, cheapfainn go mbeadh an dearcadh céanna agatsa is atá agam féin. Ní ghéillfidh mé don bhrú atá sibh a chur orm. Ní ghéillfidh mé go dté mé i gcré! Ní ghlacfaidh mé leis an saghas

40


cleasaíochta sin i mo theaghlachsa agus sin deireadh leis. Mar sin, caith as do cheann é!’ Bhuail sé a dhorn ar an mbord go tréan, shlog siar bolgam fuisce agus ghlan a bhéal le muinchille a gheansaí. ‘A Sheáin,’ arsa an sagart go mall meáite, ‘tá an saol ag athrú i gcónaí agus caithfimid glacadh leis na hathruithe sin cé go bhfuil sé deacair. Caithfimid an doras a oscailt agus roinnt bheag solais a scaoileadh tríd ar an dorchadas. Caithfimid aird a thabhairt ar an Soiscéal agus an lao biata a mharú don Mhac Drabhlásach.’ Tháinig tost eatarthu agus iad ina suí ansin. Bhí Seán ag iarraidh ciall a bhaint as an méid a bhí cloiste aige. Tar éis tamaill, d’éirigh an sagart. ‘Ná bog, ligfidh mé mé féin amach’ a dúirt sé ag triall i dtreo an dorais. ‘Oíche mhaith, a chara.’ ~ Bhí ráigeanna gaoithe ag séideadh lasmuigh agus an fhearthainn ag lascadh in aghaidh na fuinneoige an oíche sin. Bhí Seán ag únfairt sa leaba agus na braillíní in aimhréidh aige. Bhí sé mar a bheadh peacach ag teitheadh, ag saothrú anála, ag cur allais, ag lorg faoisimh, freagra, maithiúnais. Bhí sé céasta cráite le himeachtaí an lae bheith ag casadh a aigne. An díomá agus an brón ar aghaidh Éilise agus í ag sileadh acmhainn a súl. An magadh ar aghaidheanna Gary agus Aoidh thíos ar an gcladach inné agus iad ag iarraidh a ngáire a phlúchadh air. Fite fuaite sna híomhánna sin bhí an gliondar ar aghaidh a mhic agus é ina bhuachaill óg ag snámh a chéad oscair thíos ag trá Chuas an Ghainimh. Chuala sé focail an tsagairt ag caint faoin solas a ligean isteach. Rinne sé iarracht an fharraige a shamhlú. Na tonnta ag briseadh 41


ar an gcladach, fuaim na méaróg ag cuimilt in aghaidh a chéile ar an duirling, monabhar an tsrutháin ag rith chun na farraige. Diaidh ar ndiaidh, thit codladh suaimhneach síochánta air . . . Mhúscail sé go moch an mhaidin dár gcionn. D’fhás meanma agus misneach ann nuair a chonaic sé go raibh fuinneoga ag teacht ar an spéir. Bhí an stoirm maolaithe agus solas órga na gréine ag stealladh cheana féin. Thapaigh sé an deis agus thriall síos chuig an bhfarraige. Bhí Binn Éadair le feiceáil go soiléir ina luí amuigh trasna an bhá mar a bheadh fathach mór sínte siar ina chodladh. Ní raibh duine ná deoraí thart seachas na faoileáin ag casadh is ag gearradh fáinní thuas sa spéir agus éanlaith eile ag tabhairt fogha faoi dhroim na dtonnta ag sciobadh ronnach nó glasán leo uaireanta. Smaoinigh Seán ar na laethanta aoibhne a chaitheadh sé ag an trá lena mhac nuair a bhí sé óg. Chuaigh freang tríd a chroí agus d’aithin sé an méid a chrothnaigh sé é. D’fhéach sé síos ar a lámha laga leochaileacha, ar a chraiceann feosaí féitheach. Bhí sé i bhfoirceann a aoise anois, róshean le faltanas a chothú, róthuirseach don chéasadh anama seo. B’fhéidir go bhfuil croí mór ag an bhfarraige, a cheap sé agus é ag breathnú amach i dtreo íor na spéire. Scríobhfadh sé chuig Antain chomh luath is a rachadh sé abhaile. Thabharfadh sé cuireadh dó féin agus dá leannán fanacht sa teach. D’osclódh sé an doras dóibh agus chuirfeadh sé fearadh na fáilte rompu thar an tairseach. Bhí an ceart ar fad ag Éilis, dundarlán mór a bhí ann! Ach dhéanfadh sé leigheas ar an scéal. Dhéanfadh sé a dhearmad a cheartú. D’fhág Seán ualach an tsaoil ar an gcladach nuair a thum sé isteach san fharraige úr. An t-uisce á shlánú, an tsáile á mhuirniú, an fheamainn

42


á ghoradh. Ólaithe á luascadh mar a dhéanfadh cliabhán. Seoithín gaoithe ag siosarnach go séimh mar shuantraí. Mhothaigh sé faoiseamh agus é ag snámh san fharraige mhór, cuisle croí na mara ag bualadh ar aon rithim lena chuisle féin, an teannas ag sileadh uaidh is ag titim go grinneall na farraige. Mhothaigh sé chomh socair sin nár chuala sé an bonnán fada a shéid a rabhadh timpeall an bhá nó nár thug sé faoi deara go raibh na tonnta ag éirí níos mó agus níos láidre agus níos cumhachtaí ina thimpeall.

43


An Ghaeilge ar an Scáileán le hÉilis Nic Aodhagáin

T

á an teanga ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí ó thaobh fhéiniúlacht an phobail de agus tá sé seo go mór le sonrú i scannánaíocht

na

Gaeilge

agus

i

gcláir

theilifíse

chomhaimseartha na Gaeilge. Tá go leor gnéithe eile a dhéanann idirdhealú idir pobal amháin agus pobal eile - cúrsaí aicme agus cúrsaí airgid, cúrsaí creidimh, cúrsaí eitneachais agus cúrsaí cultúir - ach má chailleann pobal a theanga dhúchais, measaim féin go gcailleann sé cuid mhaith dá fhéiniúlacht. Baineann an coincheap seo go mór le sochaí iarchoilíneach, macasamhail phobal na hÉireann; nó le sochaí imirceach, ar nós na bpobal Éireannach a chuir fúthu i gcathracha móra an domhain. Is téama coitianta í an imirce i scannánaíocht na Gaeilge agus i gcláir theilifíse chomhaimseartha na Gaeilge mar is minic a bhí muintir na Gaeltachta ag streachailt leis an saol, agus bhí orthu imeacht go Sasana nó go Meiriceá chun airgead a thuilleamh agus chun saol níos fearr a chruthú dóibh féin. I gcás go leor imirceach Gaeltachta, bhí saol na cathrach andian orthu agus d’airigh siad gnéithe dúchais uathu, ina measc: an fharraige, saol na tuaithe, a muintir féin, an ceol traidisiúnta, an amhránaíocht agus go príomha a dteanga dhúchais. Bíonn sé deacair cultúr a choinneáil beo nuair a bhíonn ganntanas airgid agus easpa fostaíochta i gceist, ach is pobal bródúil é pobal na Gaeltachta agus bíonn sé sin le sonrú go soiléir i scannánaíocht agus i gcláir theilifíse chomhaimseartha na Gaeilge.

Cruthaíodh steiréitíopaí scannánúla na Gaeltachta lasmuigh den tír. Mar a deir Martin McLoone, ‘Cinematic Ireland was an entirely foreign 44


construction.’1 Ba iad an dá mhórchlaonadh ar samhlaíodh Éire agus na hÉireannaigh leo go scannánúil ná ‘mar idéal tuaithe’ i ndioscúrsa Hollywood, agus ‘mar chuilithe dhorcha imreascach’ sa Bhreatain.2 Thosaigh rómánsú na Gaeltachta ar an scáileán sa bhliain 1934 le Man of Aran le Robert Flaherty. Glacadh le Man of Aran sa Saorstát mar léiriú réalaíoch ar ‘fhírinne’ Árann agus ar fhírinne na Gaeltachta mar threisigh agus thacaigh sé le hidé-eolaíocht cheannasach na dtríochaidí.3 Is é sin ‘óráid sheanchaite róluaite de Valera faoi shimplíocht shaol na tuaithe agus na maighdeana córacha ag pramsáil ag an gcrosbhóthar.’4 Thaitin an scannán seo le muintir na hÉireann, ach ní íomhá réalaíoch a cruthaíodh ann. Bhí fíorshaol na Gaeltachta i bhfad níos dúshlánaí ná mar a samhlaíodh in Man of Aran é.

Tríd an obair a rinne Bob Quinn le Cinegael, chruthaigh sé íomhá nua den Ghaeltacht ón taobh istigh. Fiú ón ainm cliste a thug sé ar a chomhlacht, thug sé le fios gur ‘cine’ iad na Gaeil atá éagsúil go maith ó dhream ar bith eile. D’úsáid sé muintir na Gaeltachta, nárbh aisteoirí proifisiúnta iad, ina chuid scannán chomh maith le haisteoirí aitheanta. Chruthaigh sé suíomh nádúrtha chomh minic agus ab fhéidir: lig sé do mhuintir na háite, a bhí ina n-aisteoirí tacaíochta, a gcuid éadaí féin a chaitheamh agus níor chuir sé smideadh ar a n-aghaidheanna. Mar a dúirt sé in agallamh a rinne sé le Pádraic Breathnach, lig sé do na haisteoirí Gaeltachta, ar nós Johnny Chóil Mhaidhc, gan an script a leanúint uaireanta, mar thuig sé go mbeadh a gcuid cainte siúd níos nádúrtha ná

McLoone, Martin 1994. ‘National Cinema and Cultural Identify: Ireland and Europe’ in Hill, John, McLoone, Martin & Hainsworth, Paul (eag.) Border Crossing: Film in Ireland, Britain and Europe. Béal Feirste, Institute of Irish Studies/British Film Institute: 107. 2 Ó Meara, Muiris 2008. ‘Súil ar Scannánaíocht na Gaeilge’ in Comhar, Meitheamh 2009: 18. 3 Ó Meara, Muiris 2009: 18-19. 1

45


rud ar bith a chumfadh seisean.5 Sa scannán Caoineadh Airt Uí Laoire (1975), ‘léirigh Quinn do scannánóirí na tíre conas ab fhéidir leo dul i ngleic leis na steiréitíopaí a shainigh Éire agus Éireannachas araon ar an scáileán.’6 Rinne Bob Quinn iarracht íomhánna rómánsacha na Gaeltachta a scriosadh ina chuid scannánaíochta, agus ina shraith faisnéise The Atlantean Quartet, a rinne sé idir 1983 agus 1998, scaoil sé a chuid tuairimí faoi shinsearacht na n-Éireannach: Irish identity is best understood from a maritime perspective. For at least eight millennia Ireland has been a haven for explorers, settlers, colonists, navigators, pirates and traders, absorbing goods and peoples from all points of the compass. The reduction of the islanders to the exclusive category ‘Celtic’ has persisted for three hundred years, and here is rejected as impossibly narrow. No classical author has ever described Ireland’s inhabitants as ‘Celts’, and neither did the Irish so describe themselves until recent times. The islanders’ sea-girt culture has been crucially shaped by Middle Eastern as well as by European civilizations, by an Islamic heritage as well as a Christian one. The Irish language itself has antique roots extended over thousands of years’ trading up and down the Atlantic seaways.7

Tá féiniúlacht uathúil ag muintir na Gaeltachta atá bunaithe ar an nGaeilge. Mar sin, is eilimint shainiúil í an teanga i scannánaíocht agus i gcláir theilifíse Ghaeilge. Ní théann traidisiún scannánaíochta na Gaeilge i bhfad siar. Ba é Poitín (1977), le Bob Quinn, an chéad scannán lánfhada a raibh Gaeilge amháin á labhairt ann. Ó shin, rinneadh scannáin eile, cuid acu i nGaeilge amháin agus cuid eile acu i meascán de Ghaeilge agus de Bhéarla. Bhíodh cláir theilifíse Ghaeilge á gcraoladh ag RTÉ ó bunaíodh é sa bhliain 1962, ach ó bunaíodh stáisiún teilifíse lán-Ghaeilge in 1996, fágadh faoi TnaG (nó TG4 mar a thugtar anois air) cláir Titley, Alan 1984. ‘An Scríbhneoir agus an Stát 1922 – 1982’ in Ó Mórdha, Seán (eag.) Scríobh 6. Baile Átha Cliath, An Clóchomhar Tta.: 90. 5 Ráiteas ó Bob Quinn, in ‘The Eleventh Hour’, Agallamh le Pádraig Breathnach, RTÉ, 2007. 6 Ó Meara, Muiris 2009: 20. 4

46


chomhaimseartha na Gaeilge a sholáthar don phobal. Bíonn sé deacair scannáin agus cláir a dhéanamh i mionteanga a thaitníonn le lucht féachana ina bhfaightear daoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Ní bhíonn an duine Gaeltachta nó an duine nach í an Ghaeilge a chéad teanga aige ag súil leis an rud céanna nuair a bhreathnaíonn sé ar scannán nó ar chlár teilifíse Gaeilge; mar sin, caithfear a bheith an-chruthaitheach mar stiúrthóir le haird an lucht féachana a mhealladh ar an gcéad dul síos, agus í a choinneáil ina dhiaidh sin. Má bheartaíonn duine ar scannán nó ar shraith a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, bíonn sé suimiúil a fheiceáil cén íomhá de phobal na Gaeilge agus den Ghaeilge mar theanga phobail a chruthaítear. Bíonn sé suntasach a fheiceáil chomh maith an mbíonn ceist na teanga á plé go díreach sa saothar féin nó an modh cumarsáide amháin í an Ghaeilge. Tá ceist na teanga le sonrú go mór sa scannán athfhillteach Caoineadh Airt Uí Laoire (1975). Sa saothar trialach seo, faightear dán taobh istigh de dhráma, taobh istigh de scannán. Tá sé suite i nGaeltacht Chonamara, áit a bhfuil stiúrthóir sotalach Sasanach (John Arden) ag athchruthú scéal Airt Uí Laoire le scata aisteoirí Gaeltachta. Tá deighilt idir an stiúrthóir ardnósach, nach bhfuil focal Gaeilge aige, agus na haisteoirí, go háirithe Seán Bán Breathnach, a bhfuil ról Airt aige sa dráma. Níl smacht ag an stiúrthóir ar a chuid aisteoirí agus is minic a thosaíonn siad ag caint lena chéile i nGaeilge, rud a chuireann isteach ar an stiúrthóir. Iarrann sé orthu Béarla a labhairt mar go gcuireann a gcuid ‘cracks in Irish’ leadrán air. Is siombail é an stiúrthóir den choilíneach Sasanach nach raibh meas aige ar na hÉireannaigh ‘neamhshibhialta’. Mar a deir Jerry White: ‘Throughout the film the English director exhibits a rather classic colonialist approach to the indigenous culture: confound 7

The Atlantean Quartet: An Irishman’s Search for North-African Roots. 2000. 47


these ungovernable people, all I’m trying to do is teach them a little culture.’8 Aithníonn na haisteoirí é seo: ‘History repeating itself, mar a déarfá,’9 a deir duine acu go híorónta. Braitheann na haisteoirí nach bhfuil mórán measa ag an stiúrthóir ar scéal Airt ach an oiread, agus go bhfuil sé ag iarraidh é a athscríobh seachas é a athchruthú: ‘Forget the myth that O’Leary won the race. It’s highly unlikely and we all know how unreliable the folk memory can be.’10 Pléitear ceist na teanga taobh istigh den dán féin chomh maith. Labhraíonn muintir Eibhlín Uí Chonaill Béarla go poiblí agus Gaeilge sa bhaile. Is cladhairí iad dá dheasca seo i dtuairim Airt. Nochtar léargas comhaimseartha eile ar an nGaeilge mar theanga phobail sa scannán nua-aimseartha Kings (2007), le Tom Collins, atá bunaithe ar an dráma The Kings of the Kilburn Highroad (2000), le Jimmy Murphy. Léirítear cruachás an imircigh Ghaeltachta i gcathair Londan sa scannán seo. Tá deighilt sa ghrúpa imirceach idir Joe Mullan (Colm Meaney), a thréig an Ghaeilge agus a labhair Béarla chun dul chun cinn a dhéanamh sa saol, agus na fir Ghaeltachta eile, go háirithe Jap (Dónal O’Kelly) agus Git (Brendan Conroy), nár éirigh rómhaith leo i Londain mar go ndearna siad gach iarracht an Béarla agus an cultúr Sasanach a sheachaint. Rinne siad gealltanas Gaeilge a labhairt lena chéile i gcónaí, ach beartaíonn Joe Mullen Béarla a labhairt leo nuair a bhuaileann sé leo ag an tórramh: ‘Are ye still talking the Irish?’11 a deir sé. Tugann freagra Jap léargas ar luachanna an imircigh agus é ag streachailt agus ag dul i ngleic le saol 8

White, Jerry 1995. The Films of Bob Quinn: Towards an Irish Third Cinema, CineAction 37, lgh. 3-10: 4. 9 Caoineadh Airt Uí Laoire, 1975. 10 Caoineadh Airt Uí Laoire, 1975. 11 Kings, 2007. Scannán. Arna stiúradh ag Tom Collins. Sasana, High Point Film and Television Ltd. 48


coimhthíoch na cathrach iasachtaí: ‘Tá rudaí ann nár cheart duit dearmad a dhéanamh orthu go deo: do thír, do theanga agus do chairde.’12 Tá nithe ann atá níos tábhachtaí do Joe ná an Ghaeilge áfach: ‘I didn’t come here to have a discussion about the language. I’m here for Jackie, God rest him.’13 Léiríonn Joe dearcadh iarchoilíneach i leith na Gaeilge: ‘Long regarded as the ‘language of a minority, of an underclass, of the threatened and impoverished’14, Irish is still seen by many as belonging ‘to another world that is dim and fast fading from us now.’15 Sa scannán Tubberware (2001), le Paul Mercier, léirítear scrios na teanga trí íomhánna na Gaeltachta. Is meafar é ainm na háite ina bhfuil an scannán suite do mheath na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá tionchar an Bhéarla le sonrú go láidir san áit, agus cuirtear é sin in iúl sa logainm ‘Tubberware’. De réir a chéile, athraíodh ‘An Tobar Thiar’ go ‘Tubberware’, focal a chuireann

Tupperware i gcuimhne don

lucht féachana. Ní le híomhá rómánsach na Gaeltachta a shamhlaítear Tupperware, ach le saol ‘plaisteach’ na cathrach. Tá go leor mioncharachtar sa scannán seo, ach ní daoine de bhunús na háite iad an chuid is mó díobh. Tugann fear áitiúil a chailín Sasanach abhaile leis den chéad uair agus ní mór a thaitníonn Tubberware léi: ‘Is this it? Well I can see why you left!’16 Cé gur radharc gearr é seo, tagraíonn sé do cheist na himirce agus do phróiseas an iarchoilíneachais. Níos déanaí sa scannán, tagann bus lán le turasóirí agus bus eile lán le daltaí ó Bhaile Átha Cliath chun cuairt a thabhairt ar an áit. ‘Tubberware lies in the heart of the

12

Kings, 2007. Kings, 2007. 14 Kings, 2007. 15 Lysaght, Ruth 2004. ‘Pobal Sobail: Ros na Rún, TG4 and Reality’ in Barton, Ruth & O’Brien, Harvey (eag.) Keeping it Real: Irish Film Television. Londain/Nua-Eabhrac, Wildflower Press: 150. 16 Tubberware, 2001. 13

49


Gaeltacht where Gaelic is spoken daily...’17 a deir treoraí as Gearmáinis le scata turasóirí. Is íorónta an ráiteas é seo i gcomhthéacs an scannáin mar cloistear níos mó cainte i dteangacha iasachta in Tubberware ná i nGaeilge. Ní bhíonn duine ar bith róthógtha leis an áit mar nach bhfuil ann ach tobar, bruscar agus fógraí do thithe tábhairne agus lóistín. ‘Cheer up will you! We all go home tomorrow,’18 a deir gasúr amháin as Baile Átha Cliath. Casann grúpa ‘Gaeilgeoirí’, a chuirfeadh lucht Choláiste na bhFiann i gcuimhne don duine a d’fhreastail ar chúrsa Gaeltachta dá chuid, amhrán faoi uisce an tobair i gcanúint Ghalltachta agus sílim féin gur siombail é an giotár de thionchar na hiasachta ar cheol traidisiúnta na Gaeltachta. Seachas an teanga, tá tréithe eile a dhéanann idirdhealú idir muintir na hÉireann, go háirithe muintir na Gaeltachta, agus muintir Shasana; bíonn an amhránaíocht agus an damhsa ar an sean-nós, an ceol traidisiúnta agus an fharraige an-tábhachtach do mhuintir na Gaeltachta, mar atá luaite sa réamhrá. Is féidir a rá gur cuid d’íomhá rómánsach na Gaeltachta iad na tréithe sin, ach bíonn siad tábhachtach d’fhéiniúlacht an phobail Ghaeltachta sa lá atá inniu ann freisin. Nuair a bhíonn duine i gcruachás nó nuair a fhaigheann duine bás i measc phobal beag Éireannach, tugann an pobal tacaíocht dá mhuintir. Mar gheall air sin, is ócáid thábhachtach é an tórramh i gcultúr na hÉireann agus déanann daoine a seacht ndícheall a bheith i láthair ann chun cásamh a dhéanamh le muintir an duine mhairbh. Bíonn na tréithe seo le fáil sna scannáin Ghaeilge atá luaite agam go dtí seo. In Kings, casann na fir an t-amhrán ‘Cóilín Phádraig Shéamais’ ag tórramh Jackie in ómós dó. Feictear íomhánna den fharraige chomh maith ón am sula ndeachaigh na fir ar imirce. Is léir gur thaitin an tseoltóireacht 17 18

Tubberware, 2001. Tubberware, 2001.

50


go mór le Jackie agus thóg sé corn a ghnóthaigh sé i gcomórtas seoltóireachta leis go Sasana mar chuimhneamh ar na laethanta taitneamhacha sin. Nuair a thagann Micil, athair Jackie, go Londain tar éis a bháis, deir sé nach raibh suim ag Jackie riamh san fheirm nó sna beithígh ach go raibh aiféala air nár cheannaigh sé bád dó. Tá sé suntasach nach mbíodh go leor fear Gaeltachta in ann snámh, cé go mbídís amuigh ar an bhfarraige beagnach gach lá. Tá an mhóitíf seo le sonrú i dtraidisiún na hamhránaíochta, cuir i gcás an t-amhrán mór buartha ‘Eanach Dhúin’, a chum Raiftearaí. Tá an mhóitíf chéanna le feiceáil in Kings nuair a thit Jackie amach as an mbád agus ba bheag nár bádh é, agus tá sí ann arís in Poitín nuair a bádh na gadaithe ag deireadh an scannáin. Tá cultúr na hamhránaíochta go mór le sonrú in Poitín. Bíonn fear ag gabháil fhoinn sa teach tábhairne agus bíonn gach duine, seachas na díoltóirí míbhéasacha, ag éisteacht leis. Tá ‘Amhrán an Phoitín’ á rá ag Caitríona Ní Cheannbháin tríd an scannán go léir sa leagan nua de, ach ní raibh fuaimrian sa bhunleagan a rinneadh in 1977. Sa scannán seo, tá sé suimiúil an chaoi ar léirigh Quinn an tuairim, a d’fhorbródh sé sa chlár ;The Atlantean Quartet, faoin mbaint atá idir an amhránaíocht ar an sean-nós agus a coibhéis Arabach. Sa radharc ina bhfuil Sleamhnán (Niall Tóibín) ag damhsa le Máire (Mairéad Ní Chonghaile), iníon an stiléara, ní ceol traidisiúnta Gaelach atá á chasadh ar an raidió ach ceol Arabach. Dúirt Quinn in agallamh a rinne sé le Pádraig Breathnach19 gur chuir sé an ceol sin sa scannán ar mhaithe le spaisteoireacht, agus gur cheap sé go mb’fhéidir nach dtabharfadh daoine áirithe faoi deara nár cheol Gaelach ar chor ar bith é.

19

The Eleventh Hour, 2007. Agallamh le Bob Quinn. (Ar fáil ar an DVD Poitín). 51


Bíonn tréithe diúltacha ag baint le híomhánna an phobail Ghaeltachta a chruthaítear go scannánúil chomh maith. ‘A West with Warts’20 a thug Ciarán Carty ar íomhá an phobail a chruthaigh Quinn in Poitín. Bíonn fadhbanna sóisialta ar nós bochtaineachta, dífhostaíochta agus easpa údaráis go mór le sonrú in Kings agus in Poitín, (ceannach agus breabaireacht na nGardaí in Poitín, cuir i gcás). Tá cultúr an óil agus an fhoréigin go mór le sonrú ann chomh maith. Is é seo a leanas an teachtaireacht a fhaigheann an lucht féachana: nuair nach mbíonn muintir na Gaeltachta in ann déileáil le cruachás an tsaoil, ólann siad, agus nuair atá an iomarca ólta acu, deir siad a bhfuil ar a n-intinn acu agus is minic a spreagann sé sin troid. Bhí droch-cháil ar na himircigh Éireannacha dá dheasca seo, agus cuirtear íomhá choitianta an scléipire Éireannaigh os comhair an lucht féachana in Kings nuair a náiríonn ‘an seandream’ iad féin sa teach tábhairne agus iad ar meisce. Is suntasach an chaoi a gcaitear le Máirtín nuair a éiríonn sé as an ól. Bíonn Jap agus Git ag magadh faoina líomanáid agus laghdaíonn an meas atá acu air de bharr nach leann dubh atá á ól aige. Ar bhealach, tá an t-ólachán chomh tábhachtach leis an nGaeilge don bheirt acu. Tá sé suimiúil chomh maith an méid a dúirt Jackie, sular cailleadh é, faoi fhéiniúlacht an imircigh: ‘Ní leaids as Conamara nó Tír Chonaill nó Ciarraí muid níos mó. Is dream eile ar fad anois muid – Paddies.’ Is íomhá úr de phobal na hÉireann é seo a thugann neamhaird ar luachanna an phobail dúchais, ach más amhlaidh atá, is cuid luachmhar den phobal úd í an Ghaeilge i gcónaí de réir íomhánna na scannán. Is codanna lárnacha d’fhéiniúlacht na Gaeltachta iad an amhránaíocht, an ceol agus an damhsa i gcomhthéacs theilifís na Gaeilge de chomh maith. Bíonn go leor clár comhaimseartha ar siúl ar TG4 a dhéanann céiliúradh 20

Carty, Ciarán 1978. ‘A West with Warts’. The Sunday Independent, 26 Feabhra 1978: 31.

52


ar na ceirdeanna sin ar nós Amhráin is Ansa Liom, Gradam Ceoil TG4, Ceol ón Chlann, Sean-nós agus Geantraí. Bíonn cláir faisnéise faoi shaol tuaithe na Gaeltachta, faoin iascaireacht agus faoin seoltóireacht ar siúl ar TG4 go minic freisin. Sampla maith den chineál cláir seo ná Islandman (2003) a rinne Éamon agus Cian de Buitléir faoi Johnny Bailey agus a phúcán, ‘An Capall’, agus a roghnaíodh do ghradam IFTA sa bhliain chéanna. Bua mór atá ag TG4 mar stáisiún teilifíse na Gaeilge ná go mbíonn meascán de chláir ar siúl air. Ar an gcéad dul síos, bíonn sé ag comóradh fhéiniúlacht thraidisiúnta na Gaeltachta. Os a choinne sin, bíonn sé ag cruthú féiniúlacht Gaeltachta comhaimseartha trí mheán na Gaeilge. Tá cláir ar nós Paisean Faisean, Déanta in Éirinn, An Jig Gig, Bean an Tí sa Chistin agus Amú le Hector spraíúil agus cuireann siad íomhánna dearfacha comhaimseartha de phobal na Gaeltachta os comhair an lucht féachana. Ní bhaineann TG4 le siamsaíocht amháin: bíonn cláir dháiríre ar nós Nuacht TG4, 7 Lá agus Fíorscéal ar siúl air chomh maith. I gcomparáid leis na cláir Ghaeilge a thaispeántar ar RTÉ ó am go ham, ní bhíonn cláir TG4 bainteach le saol na hÉireann amháin. Bíonn cláir níos leithne agus níos comhaimseartha acu, Fíorscéal a craoladh ar 25 Deireadh Fómhair 2012 cuir i gcás: bhí an láithreoir ag caitheamh súile ar stair an Taj Mahal agus ba chlár d’ardchaighdeán é a d’fhéadfaí a chraoladh ar aon stáisiún mór teilifíse. Tá claonadh ann anois breathnú ar an nGaeilge mar mhodh cumarsáide seachas aon rud eile. ‘For a new generation of television audiences, the Irish language has become the medium and is no longer the message.’21 Tá sé seo go mór le feiceáil i gcláir chomhaimseartha TG4. Bíonn cláir do ghasúir ar nós Spongebob, Dora agus Mr. Men chomh maith le cláir spóirt ar nós GAA Beo agus Rugbaí Beo ar siúl a thaitníonn leis an bpobal 21

Lysaght, Ruth 2004: 147. 53


go ginearálta. Bíonn an lucht féachana ag foghlaim Gaeilge go hindíreach agus iad ag breathnú ar chlár a bhfuil suim acu ann. Ní gá go mbeadh baint ag an nGaeilge le saol traidisiúnta na Gaeltachta a thuilleadh. Má tá muintir na hÉireann ag iarraidh go mairfidh an Ghaeilge go deo na ndeor, caithfear an teanga a leathnú amach anois. Bíonn an saol mór i gcónaí ag athrú agus bíonn teangacha ag athrú leis; bíonn gá le focail nua a chumadh i dteangacha eile agus tá sé seo fíor i gcás na Gaeilge freisin. Cé gur cruthaíodh íomhánna rómánsacha den Ghaeltacht agus den Ghaeilge san am atá thart, tá íomhánna níos réalaíche á gcruthú na laethanta seo. Léirítear é seo sa sobaldráma Ros na Rún, mar a áitíonn Ruth Lysaght: Exploding petrol pumps, rape, skulduggery, abortion, rural renewal, cot death, drink driving, planning corruption... such are the topics recommended for the transition year curriculum in secondary schools throughout Ireland. Their source? Storylines from the Irish language soap opera, Ros na Rún.22

Sa lá atá inniu ann, tá an Ghaeilge agus pobal na Gaeilge go mór i mbaol. Tá litríocht Ghaeilge fós á cumadh agus tá iriseoireacht na Gaeilge fós beo chomh maith, ach i ndáiríre, is dream an-chúng a bhíonn ag léamh na Gaeilge go rialta. Mar sin, is ar an scáileán a bhraitheann todhchaí na Gaeilge agus is maith an obair atá á déanamh ag TG4 chun seirbhís phobail a sholáthar trí theanga náisiúnta na tíre seo. Ní hionann pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta a thuilleadh, ach tá comhoibriú de dhíth ón dá phobal le híomhá nua a chruthú don Ghaeilge. Neartaíonn tagairtí mar seo a leanas luachanna an phobail féin: As Gaeltacht boundaries are challenged once more by analysts such as Donncha Ó hÉallaithe, and Irish grows in trendiness in unexpected urban areas, perhaps it is time to embrace the idea of a linguistic community as fluid and non-geographic. Like national populations composed of native and diasporic elements, 22

Lysaght, Ruth 2004: 152.

54


a linguistic community may find cohesion through mediated cultural expression – television or internet. Broadcasting valorises the language, and creates shared references for its speakers.23

23

Lysaght, Ruth 2004: 152. 55


Leabharliosta Carty, Ciarán 1978. ‘A West with Warts’. The Sunday Independent, 26 Feabhra 1978. Lysaght, Ruth 2004. ‘Pobal Sobail: Ros na Rún, TG4 and Reality’ in Barton, Ruth & O’Brien, Harvey (eag.) Keeping it Real: Irish Film Television (lgh. 147-158) Londain/Nua-Eabhrac: Wildflower Press. McLoone, Martin 1994. ‘National Cinema and Cultural Identify: Ireland and Europe’ in John Hill, Martin McLoone & Paul Hainsworth (eag.) Border Crossing: Film in Ireland, Britain and Europe. Béal Feirste, Institute of Irish Studies/British Film Institute. Quinn, Bob 1997. ‘Imagining Conamara’ in Brennan, Paul & de Saint Phalle, Catherine (eag.) Arguing at the Crossroads: Essays on a Changing Ireland. Baile Átha Cliath: New Island. Ó Meara, Muiris 2009. ‘Súil ar Scannánaíocht na Gaeilge’ in Comhar, Meitheamh 2009. Titley, Alan 1984. ‘An Scríbhneoir agus an Stát 1922 – 1982’ in Ó Móradh, Seán (eag.) Scríobh 6. An Clóchomhar Tta., Baile Átha Cliath. White, Jerry 1995. The Films of Bob Quinn: Towards an Irish Third Cinema, CineAction 37.

56


Foinsí Eile Caoineadh Airt Uí Laoire, 1975. Scannán. Arna stiúradh ag Bob Quinn. Éire, Cinegael.

Kings, 2007. Scannán. Arna stiúradh ag Tom Collins. Sasana, High Point Film and Television Ltd.

Poitín, 2007 (1977). Scannán. Arna stiúradh ag Bob Quinn. Éire, Cinegael.

The Eleventh Hour, 2007. Agallamh le Bob Quinn. (Ar fáil ar an DVD Poitín).

The Atlantean Quartet: An Irishman’s search for North-African Roots, 2000. Scannán. Arna stiúradh ag Bob Quinn. Éire, Cinegael.

Tubberware, 2001. Scannán. Arna stiúradh ag Paul Mercier. Éire, Bord Scannán na hÉireann.

Suíomh idirlín TG4, 5 Samhain 2012, http://www.tg4.ie/ie/tg4player/tg4-player.html Suíomh idirlín Cinegael, 5 Samhain 2012, www.conamara.org

57


Siúlóid le hAoife Uí Fhaoláin

Cuireann líológ an tsamhraidh mo sheanmháthair i gcuimhne dom. Laethanta fada feirmiúla, boladh cornaí agus teas trom.

Bhíodh sí i gcónaí lán le fuinneamh, bríomhar, cainteach, ag rith timpeall ag freastal orainn; cáca donn san oigheann agus bagún á bhruith.

D’éirigh léi gach duine againn a chothú, a spreagadh, a mhilleadh. Bhíodh folús sa teach gan í a bheith ann ach théadh sí an áit i ndiaidh di filleadh.

I bhfómhar a saoil, thit sí i léig. Theip go hiomlán ar a hintinn. D’imigh an fuinneamh, d’imigh an chaint, agus seans gur imigh an chluinstin.

Ach go luath san earrach cuireadh lus an chromchinn in aice lena cónra le féile.

Is minic don bhás is don bheatha bheith ag obair as lámha a chéile. 58


Tá na francaigh ar an Muir le hEoin P. Ó Murchú

D

eatach trom díosail. Dhein an bhrionglóid siúl trína chuid smaointe don lá. An bhean is í ag casadh uaidh ag breathnú siar le corr ar a béal air sa leaba, íonbhrailliní cadáis, liopa íochtair,

fiacla a ghreim, dide a shleamhnaigh.

Cad sa bhfoc d’imigh ort? Cas an bhitseach a Thomáis! Tháimid tagtha contráilte.

Glór garg Déiseach ó bhun an bháid. Ghlac sé an stiúr athuair is chuir i gcoinne na taoide.

Thá an ghaoch sin ait, ní raibheas ag tabhairt aireachais i gceart. M’leithscéal.

Bhí an líne amuigh nach mór ar fad anois, is iad ag teacht timpeall ar charraig an róin, scuaine baoiteanna daite ag leathnú uathu siar amach.

Cathú orm a Sheaghain, tháim in áit éigin eile inniu.

Cheapfá gur mise an fear nua inniu. Dé chúis?

Í féin.

Á.

59


Theann sé ar an luasaire agus lig leis amach.

Amuigh ar chúl?

Iad ar fad.

Aon mhaitheas leis an sonar seo meas tú?

Beidh le feiceáil, bíonn na Polannaigh á mholadh go hard na spéire.

Ceangailte arís, rachaidh mé.

Chuaigh sé siar agus bhain an eangach san áit a raibh sé greamaithe den taobh.

Thá sé fuar, mothaím sa ghlúin é. Nílim ró-óg a thuilleadh a dhuine, thá sé fuar.

Bhíodh sé níos measa.

Bhíodh, uaireanta.

Ceann uait?

Las siad gal an duine.

Foc dúras léi sin go raibh mé éirithe astu.

Gheobhadh ceann amháin eile tú a mharú meas tú? 60


Ní dócha é.

Lá liath, farraige leathchiúin, bántonnta anseo is ansiúd, an trálaer An Chrosóg Mhara acu stuama go maith fós ainneoin a haoise. Péint dhearg agus imeall bán 60 troigh. Crainn thochraiste ar chúl, crann beag istigh sa chlóisín, eangacha. B’ait an rud díreach an bheirt acu. Iad sna caogaidí. Dul amach ó chósta an iarthair faoi choinne maicréal, bradáin corr uair, troisc níos annaimhe fós. Boscaí agus oighear thíos.

Cheapas go raibh sé seo fágtha im dhiaidh agam, a Thomáis.

Tú a rá liom anois nach bhfuil an t-airgead uait?

Níl.

Nó an comhluadar?

Ní sin ach oiread maith is eol duit.

Fada an lá.

Fada an lá ó bhí an bheirt acu in éindí ar lá mar é. Sula ndeacaigh an dara fear ag obair, thréig sé na báid, thóg sé cosa in airde leis agus chaith saol mar a raibh lámha boga oifige aige.

Cé go raibh an bheirt acu in aon rang bunscoile lena chéile ar éigin a chreidfeá é ag breathnú orthu duine roiceach, daite, salannchruaite, bradánfholláin. An fear eile níos tanaí, seasamh níos airde, gruaig ghearr agus aghaidh ghlan gan stair a shaoil le léamh air. 61


Dá dtiocfá turas an bháid liom cúpla lá thiocfadh sé ar ais, amach go Gob an Chuain, Spíce na bhFear, An Duirling thall.

Thiocfadh.

Thá an ghaoch ag ardú.

Thá sí cinnte, ceo leis, féach.

Beirt acu ag luascadh ó thaobh go taobh, fuaim an innill is na gaoithe taobh amuigh. Machnamh móiminte.

Bhfuil fhios agat, bhí sé de cheart agam Sorcha agaibh a phósadh.

Cad sa bhfoc as a dtáinig sin anois?

Ní fheadar éinne, seanaois is dócha, uaigneas dá smaoineoinn i gceart air.

Tháim féin corrtha de na mná ag an bpointe seo, ní thuigim iad agus ní fheadar mé anois bhfuil an fonn orm chun a dtuisceana. Tuilleadh ceoidh.

Foc, foc, foc, cas, cas.

Tháim ag casadh.

Léim Seaghan ar lámha Thomáis ar an stiúr, bhí long tar éis teacht orthu as duibheagán an cheoidh. Long fhada, ard, í mórleathan. 62


Long.

Ní bhíonn longa amuigh anseo.

D’fhéadfá sin a rá ceart go leor!

Long ar leathmhaing, long ollmhór ag liostáil, crúsar nó rud éigin bán agus paistí is línte glasa in áiteanna, meirg ag sileadh leis na sliosphoill, na haistí oscailte in áiteanna.

MV Lyubov Orlova, ní fheadar mé cén chiall a bheadh leis sin? Rúisis déarfainn, nó Polainnis, rud éigin ar an gcaoi sin. Seo ar nós an Marie Celeste, ar airís riamh an scéal sin?

Níor airíos ach beidh peann á chur le pár mar gheall ar an gceann seo pé in Éirinn é.

Cheangail Tomás an trálaer acu, é beag i gcomórtas leis an ollmheall iarainn, de thaobh na loinge. Bhí dréimire miotail folaithe mar chuid den bhád ag dul in airde.

Fiosracht mharfach. Dinglis na nuathaiscéalaíochta. Choinnigh Seaghan guaim air féin, ainneoin na sceitiminí áthais.

Rachaidh mé in airde ar dtúis feiscint cén cruth athá ar chúrsaí, is bhfuil éinne ann.

Tú cinnte, d’fhéadfadh foghlaithe nó rud éigin a bheith ann? D’fheicfeá scéalta fúthu sin ar an teilí ... 63


Foghlaithe mo thóin, thá an iomad ama caite i mBleá Cliath agat, céard a bheadh uathu anseo thíos, cúpla tonna bradán an ea? Foghlaithe ...

Féach, ní linne seo, ní fios an bhfuil éinne ann fiú.

Sin é go baileach! Ní fios, thá cuma thréigthe uirthi, ach shamhlófa luach éigin uirthi, is seans gur linne í...

Coinnigh gearr muid, ceangail leis an téad eile é.

Ghlac sé i bhfad níos mó ama air taobh na loinge a dhreapadh thar mar a cheap sé. Tomás thíos sa chábán, é amuigh sa ghaoth, í éirithe níos láidre. Chaill Tomás radharc air is é in airde ar fad.

Deic fholamh, meirg ar fud na háite, droch-chaoi ar an long. Istigh sna botháin ní raibh fágtha ach lom-mhiotal, chaitheadh sé gur baineadh an stuif luachmhar uile as an meall mór iarainn seo a bhí ag imeacht ar fán san fharraige mhór.

Haileó? Hailleeóóó? Freagra ar bith. Chuaigh sé ag póirseáil de bheagán suas síos an taobh céanna. Chrom thar a taobh. Scread.

Tháim i mbraighdeanas ag na foghlaithe, a Sheaghain!

Foc leat! Dtiocfad in airde?

Tar leat aníos, cinnte nach bhfuil orm na snaidhmeanna sin a sheiceáil?

64


Tháim imithe le fada ach ní dhearmadóinn na bunscileanna, a chuint! Ach is féidir leat a seiceáil más mian leat?

Suas leat, thá an áit folamh, rud ar bith ann.

Chuaigh Tomás thart ag breathnú isteach sa phríomhchuid. Ba léir gur baineadh an adhmad uile, an línóile, na cairpéid is chuile shórt agus ba léir obair pé uirlisí a úsaideadh chun sin a dhéanamh ar fud na háite, na mílte mílte scríobanna beaga.

Góstbhád a thugann siad ar a leithéid seo? Nach linne í? Bhfuilimid saibhir?

;D’fhéadfadh gur linn í, dá dtógfaimis isteach í, ach thá cuma focáilte uirthi. Ní fheadar bhfuil an stiúr nó rud ar bith eile ag feidhmiú ann. Ach thá struchtúr na loinge féin focáilte.

Nó d’fhéadfaimis rud éigin luachmhar a fháilt aisti, leis?

Shiúladar an deic thosaigh agus chúil, ag cuartú rian duine ar bith ach ba chosúil go raibh gan teagmháil le daoine le tamall.

Doras deacair le hoscailt, ach ba leor dhá lámh gharbha Sheagháin chun a chur de. É dorcha istigh. Chiceáil sé faoi, casadh francach feoite leathite, trimithe toll bunoscionn amach faoina chosa.

Caithfidh gur greamaíodh an créatúirín sa doras.

Creatúirín mo thóin. Thá siad sin lofa. 65


Abair lofa, ní raibh aon mhórfadhb againn leo ariamh.

Gíoscán agus gan aon súil acu leis thit corpán amach as cófra miotail le taobh an tseomra. Nó b’shin a cheapadar, ba chirte a rá. Cnámharlach fir, clúdaithe le seanchneánna is seanfhuil é cromtha ar an talamh a dhroim leo. Tháinig fuaim íseal uaidh. Bhí an fear ag monabhar dó féin agus ansin thosaigh sé ag caint is ag crith.

Críse! Críse, críse.

Ó a dhiabhail, an fear bocht, caithfidh nach raibh bia aige le fada na cnámha ag teacht tríd amach, is féach na cneánna ar fud a choirp aige.

Chas sé thart agus bhain an radharc siar as an mbeirt.

Francach righin matánach donn ag luascadh anonn is anall, é greamaithe go dlúth de shúil chlé an fhir.

Do lig an fear uaill as leis an bhfocal críse, dothuigthe don bheirt, agus thosaigh ag rith i dtreo na deice. Slua franach amuigh. Tonn ghruaigeach mhatánach. Rug an fear greim dhá lámh ar an bhfrancach ach níor scaoil an t-ainmhí a ghreim, is nuair a tharraing an fear an t-ainmhí le caitheamh uaidh d’imigh a shúil leis tríd an aer gur bhuail an balla, shleamhnaigh síos go talamh, an francach ag mungailt is ag alpadh, bhailigh a chomhiteoirí timpeall air ag slogadh is ag troid, gur imigh an tsúil siar síos seasca scornach. Fág seo, siar chuig an mbád, siar ‘Thomáis, siar.

66


Chas sé le rith ach bhí Tomás roimhe ina staic ag breathnú a bháid An Chrosóg Mhara. Ní féidir, ní féidir, ‘Sheagháin, féach.

Chas Seaghan thart is chonaic alltacht Thomáis, d’fhéach síos go mear ar an mbád. San áit a raibh bád dearg is bán níos luaithe anois bhí bád donn gruaigeach ag suaitheadh le sluaite gan áireamh na bhfrancach a bhí tar éis léimt isteach air.

Tháid ag ithe an adhmaid, ag piocadh gach splinc de den bhád, na focair.

Go bhfóire Dia orainn thá an ceart agat. Foc, foc, céard is féidir déanamh.

Thíos fúthu bhí na francaigh uile ag cnagadh, ag cangailt is ag baint sceilpeanna is cipíní as adhmaid an bháid, boladh lón na beirte tar éis iad a mhealladh isteach san fharraige chuig an mbád iad. Slua fliuch ainmhí sa sáile fós ag déanamh a mbealaigh thall.

Ó foc, iad ag imeacht isteach ar an téad ceangail.

Snapadh is sclogadh leo i rith an ama.

Brisfidh siad an teád. Seo! Go beo, síos linn.

Ach faoi seo thá an snáithe deiridh poileistear fite dúbailte sa rópa snaptha. Casann an bheirt siar leis an slua ceithrecosach athá anois ag 67


baint plaiceanna as a gcosa is feiceann bolg an bháid ag brúchtaíl is ag scaoileadh plá francach ocrach ina dtreo.

68


Ciarán Ó Nualláin – Iriseoir Cumasach, Ceannródaíoch Gaeilge le Róisín Ní Mhaolchallann

I

s mar eagarthóir cumasach, ceannasach ar an nuachtán Gaeilge Inniu is fearr atá aithne ar Chiarán Ó Nualláin ach is iomaí teideal eile a d’fhéadfaí a bhronnadh air. Ba iriseoir eisceachtúil é a thuig

cumhacht, feidhm agus bua na hiriseoireachta mar fhóram agus mar mheán poiblí. Ba í an Ghaeilge a chéad rogha i gcleachtas a cheirde agus is teist é saibhreas a oidhreachta ar na féidearthachtaí a mhaireann don teanga ó thaobh na hiriseoireachta de. Léirigh sé gur scríbhneoir ceannasach é trí úsáid ealaíonta an ghrinn, go háirithe ina cholún ‘Amaidí’ in Inniu. Foilsíodh na hailt seo i bhfoirm leabhair chomh maith faoin teideal céanna in 1951 agus in 1983.

Bhí tuiscint aige ar luach an ghrinn ina chuid scríbhneoireachta mar bhealach le teachtaireacht a chur in iúl don léitheoir gan stró agus é ag scríobh faoi ábhair ghoilliúnacha a bhí i mbéal an phobail nó a raibh tábhacht ar leith ag baint leo. Thug sé faoi ábhar léitheoireachta a sholáthar do phobal na Gaeilge chomh maith nuair a chuir sé peann le pár lena scéalta bleachtaireachta Oidhche i nGleann na nGealt (1939 [athchló 1941]) agus Eachtraí Pharthaláin Mhic Mhórna (1944 [athchló 1951]) a scríobh.

Ba eagarthóir agus ba iriseoir é mar sin a d’oibrigh go dúthrachtach díograiseach ar son iriseoireacht na Gaeilge. Anuas air sin, ba scríbhneoir é a d’oibrigh ar mhaithe leis na bearnaí i litríocht na Gaeilge a líonadh trí litríocht éadrom agus ábhar léitheoireachta pléisiúrtha a sholáthar don 69


phobal. Ba cheannródaí é ar mhórán bealaí. Ba é féin agus Proinsias Mac an Bheatha a bhunaigh an nuachtán Inniu agus d’oibrigh sé go dílis ar son an nuachtáin sin ar feadh daichead bliain.

Ba chineál ealaíontóra é a raibh fís láidir aige i leith na Gaeilge, a chruthaigh pictiúr nua di le dathanna saibhre, agus a bhronn doimhneacht nua uirthi trína chuid obair éachtach. Lena chois sin ar fad, ba mhúinteoir nádúrtha é freisin a chuir oiliúint ar iriseoirí óga a tháinig faoina anáil. Iad siúd nár bhuail leis riamh, is mó is féidir leo a fhoghlaim óna shleachta scríbhneoireachta ar chineál ‘preas-scéalta’ iad.

Ón méid thuasluaite, bheifeá ag súil go mbeadh aitheantas agus creidiúint cheart tugtha do Chiarán Ó Nualláin as an obair cheannródaíoch atá curtha i gcrích aige maidir le hiriseoireacht agus le scríbhneoireacht na Gaeilge. D’oibrigh sé go cróga ar feadh na mblianta chun nuachtán ar ardchaighdeán Gaeilge a sholáthar do mhuintir na tíre in ainneoin na gconstaicí agus na ndeacrachtaí a raibh air dul i ngleic leo ar an aistear. Faightear léargas ar na deacrachtaí seo ina fhógra báis san Irish Times:

Ciarán seemed deeply conscious of his historic role at a time when over 1,000 years of Irish literary achievement was being born into the brash world of modern journalism, at a time of rapid change in Ireland and in the Irish language itself, and with the serious disadvantage that this was taking place with 1 minimum assistance from Church, State or university.

Gan amhras, ba fhear é a raibh tionchar tábhachtach aige ar fhorbairt na hiriseoireachta Gaeilge. Tá sé ar intinn agam an t-aitheantas ceart agus an t-ómós atá tuillte aige a léiriú san aiste seo, agus a ról stairiúil in

Ó Gadhra, Nollaig 1983. ‘Ciarán Ó Nualláin. An Appreciation’ in The Irish Times, 2 Márta, 1983: 14. 1

70


iriseoireacht agus i scríbhneoireacht na Gaeilge a phlé. In ainneoin go raibh guth poiblí ag an Nuallánach mar iriseoir agus mar scríbhneoir, níor phearsa phoiblí é. Ba fhear ciúin modhúil umhal é. Ina fhógra báis dúradh: ‘Ciarán Ó Nualláin was [...] a gentle, sensitive and polite man, and a humble, far too humble perhaps, scholar.’2 Níor éiligh sé poiblíocht ar bith agus b’fhéidir gurb é sin an fáth nár tugadh an chreidiúint cheart dó as an obair éachtach a rinne sé. Tá níos mó aithne ar a dheartháir Brian Ó Nualláin (Myles na gCopaleen, Flann O’Brien) ná mar atá ar Chiarán féin. Ba é Brian Ó Nualláin a scríobh An Béal Bocht, cineál aoire ina ndéantar scigaithris ar ‘leabhair de chineál áirithe a bhí á scríobh go hiomadúil an tráth sin ag peannairí sna Gaeltachtaí.’3 Ba shaothar é ar phléigh Ciarán Ó Nualláin féin é ach níor aontaigh sé leis an tuairim gurbh aoir a bhí ann ós rud é nach raibh ach cuimhní taitneamhacha ag a dheartháir Brian ar laethanta a óige i nGaeltacht Dhún na nGall. Cáineann John Cronin tuairimí simplí an Nuallánaigh i leith shaothar a dhearthár ag rá: ‘This hardly argues any profound interpretation of the comic high jinks of “the brother’s” send-up of the Irish language revivalists, and serves merely to expose a certain literalness of response on Ciarán’s part.’4

Ba mhinic a cháintí scríbhneoireacht Chiaráin Uí Nualláin. Ní raibh na léirmheasanna a scríobhadh ar a shaothair litríochta rófhabhrach ná rófhlaithiúil.

Sa

léirmheas

a

scríobhadh

in

Comhar

ar

‘Eachtraí Pharthaláin Mhic Mhórna’, moladh Ciarán as ‘iarracht’ a dhéanamh ach dúradh chomh maith go raibh sé ‘ró-thromghluaiste 'na 2

Ó Gadhra, Nollaig 1983: 14. Ó Glaisne, Risteárd 1962. ‘Scríbhneoireacht Ghaeilge Myles na Gopaleen’ in Comhar, Aibreán 1962: 18. 4 Cronin, John 1999. ‘Brother of the More Famous Flann: Ciarán Ó Nualláin’ in New Hibernia Review / Iris Éireannach Nua. A Quarterly Record of Irish Studies, Vol. 3. No. 4. Minnesota, Center for Irish Studies University of St Thomas: 14. 3

71


mhachtnamh agus 'na mhínighthe.’5 Meastar go raibh an téarmaíocht ródheacair agus a stíl róchasta. A mhalairt de cháineadh a tugadh dó i leith a shaothair Óige an Dearthár, cuntas ar óige Bhriain ach ina bhfaightear an-chuid eolais i dtaobh óige Chiaráin chomh maith.

I léirmheas le hAlf Mac Lochlainn a scríobhadh i mí Eanáir 1974 dúradh go raibh a stíl scríbhneoireachta róshimplí. Sa léirmheas céanna tagraíonn sé do thuairim an Nuallánaigh maidir leis An Béal Bocht chomh maith agus é ar aon tuairim le John Cronin go raibh an Nuallánach róshimplí ina thuairim nach bhféadfadh aoir a bheith ann toisc ‘gur bhain sé taitneamh as a laethe saoire sa Ghaeltacht.’6 Luann sé an scríbhneoir Stephen Potter le cur lena argóint. ‘Nach léir gur mhór le Stephen Potter an saol Sasanach, cé gur aoir amach is amach ar nósanna na Sasanach a chuid scríbhneoireachta?’7

Mar scríbhneoir agus go háirithe mar iriseoir, bheifeá ag súil leis an moladh agus leis an gcáineadh, áfach, agus tú ag iarraidh díospóireacht a chothú agus mothúcháin láidre a mhúscailt i measc léitheoirí. Ach tugadh aitheantas dá shaothair níos déanaí nuair a d’áitigh Philip O’Leary gur shaothar ceannródaíoch a bhí in Oidhche i nGleann na nGealt:

The two most substantial Gaelic efforts in this direaction occured at the end of the period with Ciarán Ua Nualláin’s Oidche i nGleann na nGealt (A night in the Glen of the Madmen) (BÁC: OS, 1939), and Seoirse Mac Liam’s An Doras do Plabadh (The Door that was slammed) (BÁC: OS, 1940).8

M. 1945. ‘Eachtra Pharthaláin Mhic Mhórna’ in Comhar, Meitheamh 1945: 9. Mac Lochlainn, Alf 1974. ‘Léirmheas Óige an Dearthár’ in Comhar, Eanáir 1974: 17. 7 Mac Lochlainn, Alf 1974: 17. 8 O’Leary, Philip 2004. Gaelic Prose in the Irish Free State. Pennsylvania State University Press, Na Stáit Aontaithe: 197. 5 6

72


Thar aon ní eile, d’aithin an Nuallánach an gá le litríocht éadrom siamsúil a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge. Ba chóir aitheantas a thabhairt dó as an tuiscint a bhí aige ar riachtanais na scríbhneoireachta Gaeilge agus as an obair fhiúntach a rinne sé féin ar mhaithe leis na bearnaí a líonadh i litríocht na Gaeilge.

Cé gur cheannródaí é mar scríbhneoir, bhain sé barr feabhais amach mar iriseoir toisc nach raibh faitíos air a chuid tuairimí a chur in iúl ná conspóid a tharraingt. Is mar scríbhneoir an cholúin ‘Amaidí’ in Inniu is fearr atá aithne air mar iriseoir. Ba cholún é inar phléigh sé ábhair thábhachtacha ach bhain sé úsáid chliste as féith an ghrinn le teachtaireacht a chuid scéalta a chur in iúl don léitheoir. Ba chineál ‘preas-scéalta’ a bhí iontu agus dar le Regina Uí Chollatáin, a rinne scagadh ar Chiarán Ó Nualláin mar iriseoir agus mar scríbhneoir, ‘Clúdaíonn an rangú seo an scéal agus an fóram, an dá ghné is lárnaí san iriseoireacht chomhaimseartha.’9 Bhí deacrachtaí leis an rangú seo, áfach, toisc go ndeachaigh sé i gcoinne ‘our available ways of talking about literature’10, mar a luann Steven Young agus an colún Cruiskeen Lawn le Brian Ó Nualláin á phlé aige.

Tá cosúlachtaí le sonrú idir stíl scríbhneoireachta Chiaráin agus stíl scríbhneoireachta a dhearthár ina cholún Cruiskeen Lawn gan amhras. Mar atá luaite ag John Cronin, ‘These extracts from the Irish-language newspaper he edited for three decades show Ciarán as an able journalist, working in a whimsical manner that is sometimes reminiscent of his

Uí Chollatáin, Regina 2011. ‘Óige agus Aois an Dearthár Eile: Ciarán Ó Nualláin, Iriseoir agus Scríbhneoir Gaeilge’ in Comhar, Nollaig 2011: 16. 10 Young, Steven 1997. ‘Fact/Fiction: Cruiskeen Lawn, 1945-66’ in Clune, Anne & Hurson Tess (eag.), Conjuring Complexities, Essays on Flann O’Brien. Béal Feirste: The Institute of Irish Studies, The Queen’s University of Belfast: 117-118. 9

73


brother’s Cruiskeen Lawn pieces’.11 Tríd an gcolún ‘Amaidí’ léirigh an Nuallánach a chumas agus a scil áfach mar iriseoir cróga ealaíonta cruthaitheach a raibh a ghort féin á threabhadh aige. Iriseoir ba ea Ciarán Ó Nualláin a d’fhan dílis don Ghaeilge chomh maith nuair ba i mBéarla den chuid is mó a scríobh a dheartháir. Dar le roinnt criticeoirí - John Cronin ina measc - gur mhair Ciarán faoi scáth a dhearthár agus go raibh a cholún ‘Amaidí’ mar scáthántacht ar shleachta a dhearthár ina cholún Cruiskeen Lawn ach nach raibh an greann chomh suntasach céanna i scríbhneoireacht Chiaráin. De réir Cronin ‘he never quite reaches the comic heights of Myles na gCopaleen at his best’12 ach measaim gur imigh pointe tábhachtach amú ar Cronin sa ráiteas sin. Ba rud nuálach ar fad a bhí i gceist le sleachta Chiaráin toisc go raibh sé ag plé leis an ngreann trí Ghaeilge. Mar atá ráite ag Regina Uí Chollatáin, bhí tuiscint aige ar ‘oidhreacht na teanga dúchais mar uirlis chumarsáide, agus an gá le sícé an Ghaeil a thuiscint chun greann an Ghaeil a thabhairt leat.’13 Bhí gá mar sin le tuiscint dhomhain ar an nGaeilge le húsáid a bhaint as an gcineál grinn seo, ‘an reductio ad absurdum’ mar a thagraíonn Seán Mac Mathúna dó, ‘an cineál is deacra agus is uaisle ó thaobh na healaíne de i speictrim uile an ghrinn.’14

Is é sin an cineál grinn a chleacht an Nuallánach mar sin. Bhí sé ábalta ‘rud a thabhairt le cabhair na loighce thar chlaí na céille, is é sin, thar imeall an ghnáith’.15 Ábhar spreagúil siamsúil a bhí le fáil ina chuid sleachta iriseoireachta agus bhí an léitheoir ábalta teachtaireacht an scéil a aimsiú gan stró. Bhí an cineál stíle seo spreagúil go háirithe do 11 12 13 14 15

74

Cronin, John 1999: 10. Cronin, John 1999: 10. Uí Chollatáin, Regina 2011: 15. Mac Mathúna, Seán 1984. ‘Amaidí. Léirmheas’ in Comhar, Eanáir 1984: 37. Mac Mathúna, Seán 1984: 37.


phobal teanga mhionlaithe agus meastar gur chuir obair éachtach Chiaráin Uí Nualláin go mór le líon léitheoirí na Gaeilge sa tír. I bhfógra a bháis dúradh: If there are now more adults in Ireland than at any previous time in all history who are capable of reading a page of modern Irish hot from a teleprinter, or on a public notice-board, the greatest part of the credit must go to Inniu and the school system, for all its faults.16

Ina shleachta rinne sé rud osnádúrtha den ghnáthrud le greim tobann a fháil ar aird an léitheora. I measc na n-ábhar a phléigh sé ina cholún ‘Amaidí’ bhí litríocht na Gaeilge, gnáthchúrsaí an lae, an Ghaeilge agus córais éagsúla na tíre. Ba mhinic a phléigh sé litríocht na Gaeilge go háirithe toisc gur thuig sé an géarghá a bhí ann le nualitríocht a chruthú. Tá ‘Na Misneoirí Liteartha’ ar cheann de na hailt is greannmhaire dár scríobh sé ach tá ábhar tábhachtach á phlé aige ann chomh maith. Díríonn sé aird an léitheora ar staid na litríochta Gaeilge. Bhí leabhair á bhfoilsiú díreach ar mhaithe le leabhair Ghaeilge a sholáthar don phobal ach ní raibh fiúntas ar bith ag baint le han-chuid acu, dar leis. Pléann sé easpa léitheoirí litríocht na Gaeilge san alt seo agus é ag insint scéil faoi eagraíocht shamhlaíoch a bunaíodh le misneach a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge toisc nach léitear a gcuid leabhar. Tá an greann le brath go láidir sna línte seo: Chomh luath agus a fheiceann siad go bhfuil contúirt ann go néireoidh sé as an Ghaeilge glaonn siad ar oifig na Misneoirí Liteartha i Muileann na Mire. Taobh istigh de cheathrú uaire bíonn tús curtha le himeachtaí arb é a gcuspóir an t-údar éadóchasach a mhisniú.17

16 17

Ó Gadhra, Nollaig 1983: 14. Ó Nualláin, Ciarán 1983. ‘Na Misneoirí Liteartha’ in Amaidí, 1983: 30-33. 75


Pléann Uí Chollatáin cleas éifeachtach a úsáideann Ó Nualláin anseo, is é sin go gceanglaítear na heachtraí a ndéanann sé cur síos orthu ina cholún le háit shamhlaíoch ‘Muileann na Mire’. Is féidir leis an léitheoir mar sin ‘ionannú a dhéanamh idir é féin agus an suíomh nó an pobal a bhfuil sé mar bhall de é féin’ agus luann Uí Chollatáin gur cleas é seo ar baineadh úsáid as chomh maith i gceann de na saothair Ghaeilge is cáiliúla, is é sin, Cré na Cille.18 Is teist eile í seo ar ardchumas scríbhneoireachta an Nuallánaigh agus ar a ghéire intleachtúil. Tá a stíl dheisbhéalach, éadrom le brath chomh maith san alt ‘Leabhragáin Lána’, alt eile ina bpléitear easpa suime an phobail sa litríocht. Comhartha stádais atá sna leabhair agus bíonn na leabhragáin lán le leabhair nuair a bhíonn cuairteoirí sa teach ach nuair nach mbíonn, baintear úsáid as na leabhragáin mar tháblaí agus mar leapacha.19 Léiríonn sé i mbealach cliste nach bhfuil meas ag daoine ar an litríocht. Pléann sé athbheochan na Gaeilge chomh maith ina alt ‘Patrick Kavanagh Bocht’, alt ina ndéanann sé scigaithris ar alt eile a chuir Patrick Kavanagh é féin i gcló in The Bell i mí Eanáir 1948. De réir Patrick Kavanagh, ba chóir an Ghaeilge a mhúineadh do pháistí scoile ar feadh leathuair an chloig gach lá ionas go mbeadh siad ábalta an fhilíocht a aimsiú i logainmneacha na tíre. Dar leis, ‘This is as much as can be hoped for without injury to the cause of reality.’20 Cuireann an Nuallánach an cheist, ‘Cad é an rud “reality”?’ in alt ina shamhlaíonn sé sin-sinseanathair Patrick Kavanagh ag tabhairt chomhairle a leasa do Shasanach trí chéad bliain ó shin:

18

Uí Chollatáin, Regina 2011: 16. Ó Nualláin, Ciarán 1983. ‘Leabhragáin Lána’ in Amaidí, 1983: 34-37. 20 Ó Nualláin, Ciarán 1983. ‘Patrick Kavanagh bocht!’ in Amaidí, 1983: 112-3. 19

76


Nach millteanach na hamadáin sibh! Cad é an seans atá agaibh an Béarla a labhairt anseo? Tá dornán beag díbh istigh sna cathracha agus i gcúpla daingean tríd an tír agus an ghibiris seo á labhairt agaibh. Agus síleann sibh go n-éireoidh libh tabhairt ar mhuintir na tíre uilig í a labhairt in ionad a dteanga dílse féin! Bíodh ciall agaibh! Nach bhfeiceann sibh go bhfuil sibh ag cur i gcoinne an “reality”?21

Tá caighdeán ard grinn an Nuallánaigh ar thagair Seán Mac Mathúna dó ina léirmheas ar Amaidí in 1984 le brath go láidir sna línte seo, greann ealaíonta le teachtaireacht láidir taobh thiar de. Mar atá ráite ag Mac Mathúna, cuireann a chuid scríbhneoireachta go mór le léargas an duine ar an saol, ‘mar is é seo atá léite agam ar an Nuallánach: greann, tabhairt-faoi-deara, loime na stíle.’22

I measc na nuachtán agus na n-irisí eile ar scríobh an Nuallánach iontu bhí Scéala Éireann, The Irish Independent, Aiséirí, Comhar agus Hibernia. Chleacht sé stíl eile ina chuid iriseoireachta, stíl dhíreach atá le brath ina chuid scríbhneoireachta Béarla. Ina ailt a foilsíodh in The Irish Independent pléann sé an gá atá ann le litríocht nua a sholáthar chun daoine a spreagadh le leabhair Ghaeilge a léamh. Pléann sé na deacrachtaí a mhaireann do litríocht na Gaeilge i mbealach an-dáiríre: Tá muid ag iarraidh barraidheacht ar an ghnáthdhuine agus ag nochtadh nach bhfuil aithne ar dhúthchas an duine againn má iarrann muid air leabharthaí a cheannach agus a léigheadh siocair amháin gur leabharthaí Gaedhilge iad, gan a fhiafruighe dínn féin an léighfeadh sé iad dá mbeadh siad i mBéarla.23

Tá sé spéisiúil gur bhain sé úsáid as an ngreann agus é ag scríobh i nGaeilge amháin. B’fhéidir gurbh é greann an Ghaeil is fearr a thuig sé 21

Ó Nualláin, Ciarán 1983: 112-3. Mac Mathúna, Sean 1984: 36. 23 The Irish Independent, 6 Iúil 1937. 22

77


féin nó b’fhéidir gur cheap sé gurbh é sin an bealach ab fhearr a bhféadfadh sé cumarsáid a dhéanamh le lucht labhartha na Gaeilge. B’fhéidir gurbh fhearr a thuig sé síce an Ghaeil agus gur chinn sé ar chur chuige éagsúil a úsáid dá bharr agus é ag scríobh i mBéarla. Mar atá luaite ag Uí Chollatáin, ‘B’fhiú tuilleadh taighde a dhéanamh ar éagsúlacht an dá stíl seo i gcomhthéacs an phobail léitheoireachta a raibh na scríbhinní dírithe air.’24

Is léir ón méid thuasluaite go ndearna an Nuallánach obair fhiúntach agus obair éachtach mar iriseoir agus mar scríbhneoir Gaeilge, gur threoraigh agus gur thug sé tacaíocht don Ghaeilge agus í ag iarraidh a háit a aimsiú i ndomhan nua na hiriseoireachta comhaimseartha. Gan an obair cheannródaíoch a rinne sé agus é i mbun eagarthóireachta agus scríbhneoireachta don nuachtán Inniu le breis is daichead bliain ba bhoichte go mór iriseoireacht na Gaeilge inniu. D’fhág sé a rian ar iriseoireacht na Gaeilge agus d’fhág sé oidhreacht dhomhain ina dhiaidh ar chóir í a cheiliúradh. Níorbh fhear é a chuaigh sa tóir ar aitheantas ná ar bhuíochas as an am ná as an allas a chuir sé isteach san obair seo. D’oibrigh sé go príobháideach agus go discréideach, le crógacht agus le dínit, lena chuid a dhéanamh don Ghaeilge. Gan an obair éachtach seo a cuireadh i gcrích san fhichiú haois ní dóigh liom go bhféadfaí a rá go mbeadh an Ghaeilge chomh láidir agus atá sí i láthair na huaire san aonú haois is fiche.

Ba mhór an tacaíocht a bheadh ann don Ghaeilge inniu dá dtiocfadh a leithéid de scríbhneoir chun tosaigh a bheadh chomh cumasach agus chomh géarchúiseach céanna, duine nach mbeadh drogall air nó uirthi úsáid a bhaint as stíleanna nua scríbhneoireachta nó áit níos lárnaí a lorg 24

Uí Chollatáin, Regina 2011: 15.

78


don Ghaeilge san fhóram poiblí. Ba chóir go dtabharfadh an Nuallánach misneach dúinn agus muid ag tabhairt aghaidh ar thodhchaí iriseoireacht na Gaeilge agus muid ag iarraidh dul i ngleic leis na constaicí agus leis na deacrachtaí a bheidh le sárú amach anseo.

79


Leabharliosta Cronin, John 1999. ‘Brother of the More Famous Flann: Ciarán Ó Nualláin.’ In New Hibernia Review / Iris Éireannach Nua. A Quarterly Record of Irish Studies. Vol. 3. No. 4. Minnesota: Center for Irish Studies at the University of St Thomas. M. 1945. ‘Eachtra Pharthaláin Mhic Mhórna’ in Comhar, Meitheamh 1945. Mac Lochlainn, Alf 1974. ‘Léirmheas Óige an Dearthár’ in Comhar, Eanáir 1974. Mac Mathúna, Seán 1984. ‘Amaidí. Léirmheas’ in Comhar, Eanáir 1984. Ó Gadhra, Nollaig 1983. ‘Ciarán Ó Nualláin. An Appreciation’ in The Irish Times, 2 Márta 1983. Ó Glaisne, Risteárd 1962. ‘Scríbhneoireacht Ghaeilge Myles na Gopaleen’ in Comhar, Aibreán 1962.

O’Leary, Philip 2004. Gaelic Prose in the Irish Free State, 1922-1939. Na Stáit Aontaithe, Pennsylvania State University Press. Ó Nualláin, Ciarán 1983. ‘Patrick Kavanagh bocht!’ in Amaidí, 1983. Ó Nualláin, Ciarán 1983. ‘Na Misneoirí Liteartha’ in Amaidí, 1938. Ó Nualláin, Ciarán 1983. ‘Leabhragáin Lána,’ in Amaidí, 1983. The Irish Independent, 6 Iúil 1937. 80


Uí Chollatáin, Regina 2011 ‘Óige agus Aois an Dearthár Eile: Ciarán Ó Nualláin, Iriseoir agus Scríbhneoir Gaeilge’ in Comhar, Nollaig 2011. Young, Steven 1997. ‘Fact/Fiction: Cruiskeen Lawn, 1945-66’ in Clune, Anne & Hurson, Tess (eag.), Conjuring Complexities, Essays on Flann O’Brien. Béal Feirste: The Institute of Irish Studies, The Queen’s University of Belfast.

81


An Fidléir le hOisín Morrison

B

íonn an saol flaithiúil don cheoltóir, nó b’in a cheap Micil Thomáis. Bhí fuarcheo na Nollag ag titim anuas ar a shúile, súile a raibh deora i bhfolach iontu ag an dorchadas, ach níor cheil sé

an boladh lofa morgtha a bhí uaidh an oíche sin. Ghread Brídín léi timpeall an tseomra ag cinntiú nach raibh aon rud dearmadta aici sular fhág sí. Ba chiotach an radharc é. Eoghan agus Caitríona ina seasamh le hais an dorais, ag fuireacht lena máthair, ag ligean orthu nár thuigeadar a raibh ag tarlú. Níor réitigh na gasúir lena chéile ó thosaigh a n-athair ar an ól. Ba é Eoghan an t-aon duine amháin a chosain a athair nuair a d’ionsaigh an bheirt eile é. Bhíodh caidreamh eatarthu le blianta anuas nach gcuirfeadh tada isteach air. ‘Bhíodh idir cheol agus chaint eatarthu i gcónaí ach d’aimsigh an t-ól ansin é.’ B’in a deireadh Séamaisín Rua béal dorais fúthu, cuma ar bith.

Thagadh sé isteach oíche i ndiaidh oíche, caochta amach is amach, ag portaireacht go hard polltach, port éagsúil ar a theanga gach aon oíche. Is fada an lá ó bhí an fhidil ina lámh aige, áfach, agus b’fhada le hEoghan na laethanta a chaitheadh sé lena athair ag seinm, an bheirt acu chomh snasta binn le chéile, amhail is gur fidil amháin a bhíodh á seinm. Nuair a thosaigh an diúgaireacht, stop an ceol ach bhíodh a fhios ag Eoghan go raibh braoinín ólta aige nuair a chloiseadh sé an phortaireacht. Thiontaigh Brídín ar Mhicil, na deora i gceann a cuid súl. Bhí sí cráite aige, bhí an triúr cráite aige. Ba mhinic a bheadh aghaidh chrua uirthi, ar son na bpáistí dar ndóigh, ach theip uirthi an oíche sin. Bhí a dóthain fulaingthe aici. 82


‘Impím ort a stór, ná himigh,’ a chnead Micil. ‘B’in é an braon deireanach! Geallaim duit! An braon deireanach go lá mo bháis!’

D’iompaigh sí a droim air, shiúil i dtreo a páistí agus amach an doras léi. Lean Caitríona a máthair gan leisce dá laghad uirthi agus d’fhág sí Eoghan ina aonar lena athair.

Sciorr súile Mhicil thar shúile a mhic agus chonaic sé an brón iontu. Bhí croí Eoghain trom. Níor theastaigh uaidh imeacht, bhí an méid sin soiléir, ach cén rogha a bhí aige? Ar chloisteáil dó fuaim chrúba an chapaill lasmuigh, tháinig sé chuige féin arís. D’iompaigh sé ar a shála agus amach leis, an fhidil ina lámha aige. ~

Bhí an ceo fós trom timpeall an Chnoic Bhig ach ní raibh an fuacht ann an uair seo. Ní raibh le brath ag Micil ach an ghoin ocrais nach sásódh ach an buidéal í. Níorbh fhada go raibh sé ina shuí sa chathaoir cois tine le leathghloine os a chomhair aige ... leathghloine eile ... gloine iomlán ... gloine iomlán eile ... deireadh an bhuidéil. Scaoil Micil mallacht chiúin uaidh ach ba thapaidh a tháinig réiteach na faidhbe chuige: ‘Bíonn deabhuidéal i dteach Chóilín Bhig go minic,’ ar sé leis féin. Leis sin, sheas sé suas – ach bhí na cosa ag lúbadh faoi. Sciorr a shúile thar an seomra le go n-aimseodh sé a chuid ach ba ar a fhidil a thit a radharc - fós ina cás, clúdaithe le brat deannaigh. Bhraith sé an folús ina chroí. Bhí cruth an bhogha ar a lámh dheis agus cruth an mhéarchláir ar a lámh chlé. Bhí na cuimhní ar fad ag sileadh ar ais chuige ach níorbh fhada gur chas sé a dhroim orthu. Faoi dheireadh, d’aimsigh sé a hata agus a 83


chóta agus siar an bóithrín i dtreo Charraig na Glaise leis, an phortaireacht pholltach ar a bhéal aige. ~ Shiúil Micil isteach sa tábhairne. D’aithin sé na gnáthghealltóirí. Thug siadsan súil chiotach air. Is cosúil gur chuala siad gur fhág Brídín é, an bheirt ghasúr in éineacht léi. Bhí boladh crua dí ón aer ach i ndiaidh na mblianta, níor thug Micil aird ar bith air. Chonaic sé Cóilín, gloine ina lámh aige, é á thriomú go díograiseach don bhean a bhí ag labhairt leis ag an gcuntar. Bhí Micil feicthe aige sular scread sé aníos air. ‘Leathghloine ón ‘46 sin a Chóilín, led’ thoil.’ ‘Caithfidh mé chugat i gceann bomaite é, a Mhicil,’ arsa Cóilín.

Shiúil sé i dtreo a ghnáthshuíocháin ansin, ach thug sé faoi deara go raibh beirt ann roimhe. Ba chuma leis. Thóg sé an bord eile taobh leo, bord a bhí níos cóngaraí don tine. An teas a bhí de dhíth air oíche mar seo.

Bhí teas na tine ar a aghaidh agus ní fhéadfadh sé ach smaoineamh siar ar na hoícheanta fada sin agus Eoghan ina ghasúr óg, ag seinm na fidile, chomh binn, chomh ceolmhar, chomh ... ‘Seo dhuit do dheoch, a Mhicil,’ ar Chóilín. D’aimsigh Micil an t-airgead cuí, thug sé dó é agus ar ais le Cóilín chuig an gcuntar. Thosaigh Micil ar an bportaireacht arís, ach go deas bog dó féin an uair seo.

84


An port ab fhearr le hEoghan, an port ba mhinice a sheinneadh an bheirt acu le chéile. ‘An Coileach ag Fógairt an Lae, nach é?’ a d’fhiafraigh duine de na fir taobh leis, a dhroim casta fós ar Mhicil. Chas sé i dtreo na beirte de gheit. ‘Ó, ah, is é go díreach. Cén uirlis atá a’at féin? Agus do chara, an seinneann seisean chomh maith?’ Níor chas sé le mórán ceoltóirí i dTeach Chóilín, nó sa Chnoc Beag ach an oiread. É féin agus Eoghan amháin. Níor fhreagair siad a cheist. Ciúnas. ‘‘46 an ea? An-bhliain!’ arsa an fear eile, an bheirt acu fós lena n-aghaidheanna sa dorchadas. ‘Ar mhaith libh deoch eile, a chairde?’ Ciúnas. Ansin ar iompú boise, sheas an bheirt, agus shuíodar arís ag bord Mhicil. Bhí aghaidheanna míne ach crua ar an mbeirt acu, bhí siad óg ... bhuel, sean go leor ... óg ... nó an sean a bhí siad? Níorbh fhéidir leis a rá. Mhéadaigh ar an bhfiosracht i Micil.

Bhreathnaigh sé sall ar Chóilín le hordú a thabhairt dó. Bhí aghaidh seisean ar an triúr chomh maith. Chuir Micil dhá mhéar in airde agus sméid sé i dtreo na beirte. Thuig Cóilín. Dhá dheoch eile. ~ Ón uair a chuir Cóilín an dá leathghloine os comhair na beirte, tharla rudaí an oíche sin nach bhféadfadh sé a mhíniú. Ba chuma cé mhéad a d’ólfadh Micil, ní fhéadfadh sé an leathghloine a chríochnú. Dá 85


gcuirfeadh Micil ceist ar cheachtar den bheirt acu, d’fhreagrófaí í le ceist faoi féin. Ní fhéadfadh sé puinn eolais a fháil ón mbeirt in ainneoin a fhiosrachta. ‘Fidléir tú, nach ea, a chara?’ a d’fhiafraigh duine de. ‘B’fhidléir mé, tráth,’ a d’fhreagair Micil agus ba bheag nár thacht sé ar an bhfuisce a bhí leathbhealach síos a scornach. ‘Cén chaoi a mbeadh sé sin ar eolas acu,’ arsa Micil leis féin. Ní raibh tada ráite aige faoin gceol. ‘Ó, a dhiabhail,’ an phortaireacht, An Coileach ag Fógairt an Lae. Ba chuimhin leis ansin. Cén chaoi a ndéarfadh sé leo nár sheinn sé nóta ó thosaigh sé . . . bhuel. . . ó thosaigh sé ar an . . . . ‘Is mór an trua do cheoltóir an bóthar seo a thaisteal,’ arsa an fear nár labhair go dtí sin, é ag stánadh amach an fhuinneog. Bhí ionadh ar Mhicil bocht, an créatúr, agus mearbhall ina cheann. Cá bhfuair siad an diabhal eolais seo? Níor mhaith le Micil smaoineamh faoin gceol a thuilleadh. Ba dheireadh an cheoil é tús an . . . bhuel . . . tús na portaireachta sin. ‘Cén bóthar?’ arsa Micil. Mhothaigh sé borradh feirge ag teacht air. ‘Éist liom anois, sheinninn an fhidil, cinnte, ach ní le fada an lá anois. Sheinninn chuile lá blianta ó shin, sheinninn anseo! San áit seo! Sa suíochán seo! Thagadh mo dhaltaí chugam le poirt a fhoghlaim, d’imídís sásta. Sheinninn os comhair sluaite sa halla mór, thiar sa bhaile, d’imídís sásta. Is fada an lá ó shásaigh mé duine ar bith.’

Bhí an bheirt fhear fós ina suí. Ní raibh géag curtha as áit acu, súile na beirte fós dírithe amach an fhuinneog. ‘Agus Eoghan, gach aon lá a sheinn mé leis . . . gach aon lá . . . agus bhí cumas aige . . .’ 86


D’imigh an fhearg agus líon a chroí le cumha agus le haiféala. Bhreathnaigh sé ar an leathghloine a bhí ardaithe faoina shrón agus nach raibh críochnaithe aige fós. ‘Ba dheireadh an cheoil é tús an . . . tús an óil’. Thit deoir óna shúil. Leag sé lámh throm ar an leathghloine, d’ól sé siar gach uile bhraoinín a bhí inti, ach mar is gnáth, bhí sé lán nuair a bhuail an ghloine an bord. Arís, tharla an rud céanna ... arís ... arís ... agus arís ... imithe? Faoi dheireadh, bhí an deoch imithe.

‘Tar linn anois a Mhicil, tá do dhóthain ólta a’at an oíche seo, tabharfaimid abhaile thú’. Sheas an bheirt den tsioncrónacht chéanna is a shuigh siad, fuair siad greim bog ar lámh Mhicil agus tharraing siad aníos chun an dorais é. D’fhág duine de na fir cúpla bonn ar an gcuntar, áit a raibh Cóilín ag glanadh, agus amach an doras leis an triúr acu. Bhí fuacht géar ghathanna na gealaí ag sileadh anuas orthu, ach bhí teas na leathghloine i ngoile Mhicil agus níor thug sé mórán airde ar an bhfuacht, nó ar an mbeirt strainséirí a bhí ar a ghualainn.

~

Cén chaoi a raibh a fhios acu cá háit le dul? Ní raibh a fhios acu cá raibh cónaí air. Gan aon solas acu! An ghealach imithe faoi scáth na gcrann. ‘Is beirt aisteach iad seo,’ arsa Micil leis féin.

Níor stop an chaint seo in aigne Mhicil ó d’fhág siad an tábhairne ach nuair a d’aithin sé faoina chosa cloichíní an ghairdín ag tosach a thí, bhí a fhios aige go raibh an baile sroichte acu. D’oscail duine de na fir an doras agus thrasnaigh siad tairseach an tí. Ní raibh nóiméad caite acu sa 87


teach go dtí go raibh tine bhreá lasta. Chuireadar Micil ina shuí sa chathaoir cois tine. D’fhéach an fear a bhí ina sheasamh taobh leis sall ar chúinne an tseomra, áit ar luigh an fhidil. Shiúil sé go dtí an cúinne, phioc an cás, agus leag ar an mbord é. ‘Is fada an lá ó sheinn mé an diabhal ruda sin,’ arsa Micil leis. ‘Ba bhreá liom dá dtiocfadh an ceol ar ais chugam, agus dá dtiocfadh, d’fhillfeadh Eoghan … nach bhfillfeadh?

D’fhillfeadh

Caitríona.

D’fhillfeadh

Brídín.

Nach

bhfillfeadh? ‘Sí an fhidil an t-aon rud atá fágtha agam, agus ní féidir liom nóta a bhaint aisti fiú’.

Bhí an fhidil i lámha an fhir anois, fidléir ab ea é go cinnte, na méaracha ina suí ar an méarchlár chomh nádúrtha sin amhail is gur leis-sean an uirlis. Phioc sé an bogha leis an lámh eile agus bhain sé nóta fada as an bhfidil ... nóta eile ... ag sleamhnú go nóta eile ... gach nóta ar an bhfad céanna leis an gceann roimhe ... níos ísle agus níos isle ... d’éirigh an nóta ... suas agus anuas an méarchlár, a mhéaracha ag damhsa leis an gceol a bhí á chumadh acu. Bhí ceobhrán na dí imithe ó aigne Mhicil agus bhí sé ar a shuaimhneas, é faoi gheasa ag séis an fhir. Ó am go ham, cheap Micil go raibh línte ón bhfonn An Coileach ag Fógairt an Lae le cloisteáil, fite fuaite sa tséis aisteach seo, ach níorbh fhéidir leis a bheith cinnte. Nóta anseo is ansiúd a chuaigh i bhfeidhm ar a chuimhne, an tslí ar chas sé an ceol, díreach mar a sheinnfeadh Eoghan é. Lean an fear leis ag seinm, a ghluaiseachtaí láimhe chomh mín, chomh bog mar a bheadh ag na seanmháistrí, mar a bhíodh aigesean, tráth. Arís, an saghas gluaiseachta a bhíodh ag Eoghan, an ghluaiseacht chéanna nach bhfeicfeadh sé arís, an ceol céanna nach gcloisfeadh sé arís.

Díreach ag an nóiméad sin, las rud éigin ina ghoile. Leathghloine! Leathghloine! Ach níorbh é sin a bhraith sé, ach a mhalairt. Rud nár 88


bhraith sé le blianta. Bhí a mhéaracha ag preabadh ar lámha na cathaoireach, ag suí sna háiteanna a mbeadh na sreanganna ar an bhfidil. Ní fhéadfadh sé míniú a thabhairt air ach b’fhéidir gurbh é an tuirse ba chúis leis. Bhí na súile go trom air agus bhí nótaí na fidle ag éirí níos binne, níos moille, níos ísle. Ní raibh sa bheirt fhear ach scáileanna trína chaolshúile anois, agus níorbh fhada gur thit an codladh air. ~ Bhí cáithníní solais ag snámh isteach sa teach trí na scoilteanna adhmaid sa doras an mhaidin sin. Bhí boladh úr sa seomra, boladh drúchta na maidine. Mhothaigh Micil a mhéaracha ar lámha na cathaoireach, iad fós ag preabadh anuas air, amhail is go raibh sreanganna á mbogadh ón díon. Bhreathnaigh sé timpeall an tseomra, ag fanacht ar chruthanna na beirte, ach níor aimsigh a shúile iad. ‘Cá bhfuil siad imithe?’ arsa Micil leis féin. ‘Ó b’aisteach an comhluadar iad ... agus ... agus ... an ceol! An fonn sin! Cár fhoghlaim sé a leithéid d’fhonn?’

Sheas sé agus bhraith sé rud éigin ag titim go talamh. D’fhéach sé anuas air. An bogha a bhí ann, suite taobh lena chos. ‘Caithfidh gur fhág siad ar mo ghlúine é.’

Chrom sé síos le hé a phiocadh suas agus chomh luath is a rug sé air, las mothúchán ina ghoile. Chuimhnigh sé ansin gur tháinig an mothúchán céanna chuige agus é ag éisteacht leis an bhfidléir an oíche roimhe. Thosaigh a mhéaracha ag preabadh in aghaidh bhosa a lámh. Níorbh é an tuirse ba chúis leis ar chor ar bith! Shiúil sé chuig an mbord, áit a raibh an fhidil ina suí ann. Leag sé a lámh ar an méarchlár agus d’éirigh an lasair ina ghoile ina bolcán tine. Thóg sé an fhidil níos giorra dá aghaidh agus 89


díreach ag an bpointe sin thosaigh cuimhní agus íomhánna ag rith trína cheann mar shaighneáin solais, amhail is gur scáthán a bhí san fhidil. Cuimhní a chuir brón air, cuimhní a chuir sonas air, íomhánna a bhain deoir as agus íomhánna eile a bhain meangadh as. Ach ní raibh fágtha sa tobar aige ach na deora, ach níor leis-sean na deora sin. Chuir sé an fhidil faoina smig, ag ligean do na deora titim ó bhun a leicinn go ceann na fidile agus bhain sé port as, an t-aon phort amháin a bhí ar a mhéaracha.

D’imigh an lá, níor ól sé braon. D’imigh an dara ceann, níor ól sé braon. D’imigh an tríú agus an ceathrú ceann agus fós gan bhraon ólta aige. Ní raibh an deoch ag teacht salach air a thuilleadh agus in ionad phortaireacht an bhraoin á cloisteáil ó theach Mhicil Thomáis, fidléir, thagadh an port céanna uaidh gach aon lá, ag súil an lae … ag fógairt an lae.

90


Suantraí Mara le Róisín Ní Earcáin

Tá an taoide ag trá Na tonnta ag luascadh An fharraige mar chliabhán Máthair an ghrá.

Tusa an fheamainn An sáile dod mhuirniú An gaineamh dod ghoradh Feoithne dod shlánú.

Seoithne suantraí Ag crónán go ciúin Siosarnach séimh Codladh síoraí.

Tá an taoide ag trá Ag slogadh cuimhní is grá Á gcur i dtaisce Ar ghrinneall na farraige.

91


Taisc, a aoir: mionanailís ar an dán ‘Taiscidh a chlocha’1 le hEoin Mac Aodha Bhuí

I

s ionsaí nimhneach iarbháis ar charachtar an Choirnéil Séamas Dawson atá san aoir ‘Taiscidh a Chlocha’, a chum an file Seán Clárach Mac Domhnaill sa bhliain 1737. Pléifear an aoir sin

go mion san aiste seo. Sa chéad chuid den aiste déanfar cur síos ar chúlra stairiúil agus cultúrtha na haoire: cérbh é an file; céard a bhí ag titim amach in Éirinn ag an am seo; cé air ar chum an file an aoir; agus cén tábhacht a bhain leis an aorthóireacht sa tsochaí. Sa dara cuid den aiste, déanfar mionscrúdú ar an aoir féin: pléifear na téamaí agus na híomhánna athfhillteacha a thagann chun solais san aoir; rianófar struchtúr na haoire agus an ghluaiseacht ó rann go rann; agus scrúdófar na tagairtí a dhéantar do dhaoine agus d’áiteanna. Cúlra Ceist na hÚdarachta. I dtús báire ní miste aird a tharraingt ar cheist údaracht na haoire seo. De réir an traidisiúin,

ba é Seán Clárach Mac Domhnaill a chum

‘Taiscidh a chloca’. Ardaíonn Prút ceist faoi seo, áfach, agus maíonn gurbh é Liam Dall Ó hIfearnáin a chum í.2 Tógann sé fianaise inmheánach ó ‘Taiscidh a chloca’ agus cuireann sé í i gcomparáid le fianaise ó phrintíseacht Liam Dhaill. Is ar an tslí seo a dhéanann sé iarracht a chruthú go raibh an file seo oilte i gceird na haorthóireachta 1

Bhí an aiste seo mar chuid de chnuasach aistí acadúla, scríofa ag Eoin Mac Aodha Bhuí, a bhuaigh Bonn ‘Uan Uladh’ sa bhliain 2013. 2 Prút, Liam 1986. ‘An Aoir: Ar Bhás Dawson’ in Prút, Liam (eag.) 1990. Dúchas 19861989. Baile Átha Cliath, Coiscéim: 19. 92


agus gur dócha gurbh é a chum an aoir ar bhás Dawson. Deir sé ‘[nach] leor [dó] a leithéid d’fhianaise i saothar Sheáin Chláraigh ar phrintíseacht na haorthóireachta’ agus ‘[gur] mó a bhain Dawson le dúthaigh Uí Ifearnáin ná dúthaigh Sheán Chláraigh’ pé scéal é.3 Mhair an bheirt fhilí sa tréimhse chéanna agus bhí baint ag an mbeirt acu le Dawson. Rugadh Seán Clárach sa bhliain 1691 agus Liam Dall sa bhliain 1720. Fuair Dawson bás sa bhliain 1737. Ciallaíonn sé seo nach raibh Liam Dall ach 17 mbliana d’aois nuair a chum sé an aoir – má chum. Ní bheadh sé seo dodhéanta, ar ndóigh, ach de réir gach dealraimh ba é an file sinsearach an t-údar. Ós rud é go luaitear ainm Sheáin Chláraigh Mhic Dhomhnaill leis an aoir sna duanairí filíochta go léir, áfach, glacfar leis san aiste ghairid seo gurbh eisean a chum í. Is féidir argóintí Phrúit ar son Uí Ifearnáin a leanúint in Dúchas 1986-1989. Cúlra Stairiúil na hAoire Scríobhadh an aoir seo i dtréimhse chorraitheach i stair na hÉireann agus léiríonn sí an cineál coimhlinte a bhí ag borradh in Éirinn idir an Chinsealacht Phrotastúnach agus na Caitlicigh Ghaelacha. Faoi mar a thuigimid ó fhilíocht na tréimhse, fágadh na Caitlicigh gan talamh, gan chearta, taobh amuigh de chóras polaitiúil na hÉireann i ndiaidh shíniú Chonradh Luimnigh (1691). Chuir an conradh seo deireadh le Cogadh an Dá Rí agus chomharthaigh sé turnamh na nGael agus deireadh an chórais Ghaelaigh. Theith cuid mhaith de na saighdiúirí Gaelacha chun na hEorpa i ndiaidh shíniú an chonartha sin (‘Teitheadh na nGéanna Fiáine’ a tugadh ar an eachtra seo) agus fágadh na Gaeil gan treoir. Cuireadh na Péindlíthe i bhfeidhm sa bhliain 1695 agus chuir siad seo bac ar dhul chun cinn na nÉireannach ina dtír féin. Dhá bhliain ní ba dhéanaí, cuireadh cosc ar easpaig agus ar chléir na hEaglaise Caitlicí a ngairm 3

Prút, Liam 1986: 19. 93


a chleachtadh. Bhí greim ní ba dhaingne ná riamh beirthe ag an gCinsealacht Phrotastúnach ar chúrsaí na hÉireann. Nuair a cumadh ‘Taiscidh a chlocha’ sna 1730idí, bhí rath ar na coilínigh agus saibhreas nach beag acu agus bhí muintir dhúchais na hÉireann curtha faoi chois acu. Bhain an Coirnéil Séamas Dawson leis an gCinsealacht agus ba thiarna talún dian gan trócaire é más fíor na rudaí a chum Seán Clárach Mac Domhnaill faoi ina aoir. Labhraíonn an file mar urlabhra an phobail dhíshealbhaithe Ghaelaigh agus léiríonn sé míshástacht an phobail le Dawson agus an ghráin a bhí ag an bpobal sin air. Féachaimis anois ar shaol agus ar phearsa an fhile féin. An File Rugadh Séan Clárach Mac Domhnaill i bparóiste Bhrú Thuinne gar don Ráth, Co. Chorcaí, i mbliain shíniú Chonradh Luimnigh, díreach nuair a bhí deireadh tagtha leis an gcóras Gaelach. Dá bhrí sin, ní raibh patrúnacht aige riamh mar fhile, ach lean sé le traidisiún na bhfilí mar ‘a man of great erudition, and a profound Irish antiquarian, and poet [...]’4 B’fhile Muimhneach é Seán Clárach Mac Domhnaill agus luaitear a ainm agus a shaothar i bhformhór na nduanairí filíochta. Bhí muileann agus feirm ag a theaghlach agus cuireadh oideachas air sa Laidin, sa Ghréigis agus sa Bhéarla. D’oibrigh sé mar mhúinteoir i scoileanna éigse agus bhí sé i gceannas ar chúirt filíochta sa Ráth agus i mBrú Rí.5 Tábhacht na hAorthóireachta sa tSochaí Is éard atá in aoir ná caitheamh anuas ar dhuine a chuir míshásamh ar an bhfile. San aoir, déanann an file lochtanna an duine sin a liostáil agus cuireann sé mallacht air. Sa tréimhse Chlasaiceach, ‘The wound from 4 5

Aimsithe ar www.ainm.ie, 24 Iúil 2013. Aimsithe ar www.ainm.ie, 24 Iúil 2013.

94


satire or lampoon was not only sore and rankling to the over-sensitive pride of an Irish nobleman, but, according to popular belief, it might even prove mortal.’6 I measc an phobail mhair an faitíos seo roimh aortha na bhfilí Gaelacha i ndiaidh na tréimhse Clasaicí agus tá fianaise ann gur thuig an Chinsealacht fiú amháin an baol a bhí ag baint le haortha. Dar leis an gcuntas a thugtar i dtaobh Shéain Chláraigh Mhic Dhomhnaill ar ainm.ie, ‘Chuaigh [an file] ar a choimeád toisc muintir Dawson a bheith ar a thóir.’ Más fíor, léiríonn sé seo gur thuig muintir Dawson tábhacht na haorthóireachta. Bhí a fhios acu go ndéanfadh an aoir dochar as cuimse d’oineach an choirnéil agus d’íomhá a mhic in aigne an phobail go ceann i bhfad. Luaitear an mac, Seán Dawson, san ochtú rann, áit a dtugtar ‘an spreas’ air. Bhí Seán Dawson fós beo nuair a cumadh an aoir. Go deimhin, sa lá atá inniu ann, is beag eolas atá ar fáil ar James Dawson taobh amuigh den aoir seo agus is í an íomhá de atá ann inniu ná íomhá an ‘f[h]eallaire fola’ (l.2). Taispeánann eiseamláir an dáin seo tábhacht na filíochta sa chultúr Gaelach chomh maith. Agus Séan Clárach Mac Domhnaill ag cumadh aoire ar Dawson, bhí sé ag comhlíonadh a róil mar urlabhra an phobail. Tá an ráiteas seo a leanas ó Shéan Ó Tuama oiriúnach go leor nuair atáthar ag trácht ar an bhfeidhm a bhí ag an aoir seo ag Mac Domhnaill: A great deal of [Irish poetry] is political poetry or a response to social [...] injustice. The purely personal lyric voice is rarely heard, [...] but there is no mistaking the strong personal feeling that attaches itself to public issues. And it is a kind of poetry that demands a listening rather than a reading audience.7

Mar aon leis seo, chomhlíon an file a ról mar chaomhnóir na staire leis an

6

Knott, Eleanor 1960. Irish Classical Poetry. Filíocht na Sgol. Corcaigh, Mercier Press: 68. O’Donnell, Katherine 2009. Edmund Burke’s Political Poetics. Na Ríocht Aontaithe, Cambridge Scholars Publishing: 2. 7

95


aoir. Rinne an aoir taifead ar an eachtra stairiúil a bhí san aighneas idir Dawson agus na Gaeil agus chaomhnaigh sí an eachtra i gcuimhne an chine Ghaelaigh. Faoi mar a mhíníonn an dán seo ón 13ú haois: Dá mbáití an dán, a dhaoine, gan seanchas, gan seanlaoidhe, go bráth, acht athair gach fhir, rachaidh cách gan a chluinsin.8

Síoraíonn an dán daoine agus eachtraí. Is é seo atá i gceist le ‘Taiscidh a chlocha’: bhí Dawson á shíorú ag Mac Domhnaill mar ’chamshliteoir’ (l.39) olc gránna.

Mionanailís ar an Aoir Struchtúr na hAoire agus Gluaiseacht na dTéamaí ó Rann go Rann Tá 11 rann de cheithre líne sa dán seo, le cúig bhéim i ngach líne. Cáintear san aoir agus cuirtear mallachtaí. Tosaíonn an dán le himpí an fhile go gcoinneoidh na clocha ar uaigh Dawson corp an fhir mhairbh istigh faoin talamh agus cáintear an coirnéal de bharr a easpa gaisce agus de bharr a chaithimh mhídhaonnachtúil le daoine bochta. Sa dara agus sa tríú rann, cuirtear saibhreas Dawson i gcodarsnacht le bochtanas na ndaoine sin agus maíonn an file gurb é Dawson is cúis leis an ndrochstaid ina bhfuil na daoine bochta – ‘[...] cheangal [Dawson] an ghorta den phobal dá gcur fá riail’ (l.8). Taispeántar íomhánna de na daoine bochta ag lorg brosna agus den tiarna talún mailíseach ag baint ‘na srothanna fola as a slinneáin thiar’ (l.12). Is íomhá é seo de Dawson ar dhroim capaill agus é ar leibhéal níos airde ná na Gaeil agus é ag déanamh Ó Cuív, Brian 1973. The Irish Bardic Duanaire or “Poem Book”. Baile Átha Cliath The Malton Press: 6. 8

96


dochair dóibh ón airde sin. Tá an lámh in uachtar ag Dawson, go meafarach agus go liteartha, agus tá na Gaeil faoi chois. Ba théama coitianta an chodarsnacht idir saibhreas na Cinsealachta agus bochtanas na nGael i bhfilíocht an 18ú agus an 19ú haois. Cáineadh an Chinsealacht de bharr a cuid saibhris. Féach an cuntas a thugann Máire Bhuí Ní Laoghaire ar na Protastúnaigh in ‘Cath Chéim an Fhia’: Is acu atá an tslat, is olc í a riail, I gcóistibh greannta is maith é a ngléas, Gach sórt le caitheamh – fleádh agus féasta – Ag béaraibh ar bord, Gurb é a deir gach údar cruinn liom sara gcríocha siad deireadh an Fhómhair, Ins an leabhar so Pastorina go ndíolfad as an bpóit. (ll.35-40)

Go deimhin, ní raibh fadhb ag Seán Clárach Mac Domhnaill le Protastúnaigh: deirtear gur phós sé bean Phrotastúnach darbh ainm Agnes White.9 Bhí deacracht aige leis an bProtastúnach áirithe James Dawson áfach agus ghoill cliseadh chóras na nGael, a tharla de bharr an choilíneachais, go mór air faoi mar a fheictear ina aisling ‘Ar Maidin Inné’. Rud suntastach faoi dhánta na tréimhse seo ná neas-suíomh an choilínigh agus an taoisigh Ghaelaigh. Cuireadh an coilíneach agus an taoiseach Gaelach i láthair mar fhrithphéire a raibh a dtréithe go hiomlán in aghaidh a chéile. Moladh flaithiúlacht agus gaisce na dtaoiseach sa chéad chás de. Féach an rann seo sa dán ‘Créachta Crích Fódla’ le hAogán Ó Rathaille: Do chailleamar préimhshliocht Néill is síol Eoghain ‘s na feara-choin tréana, laochra ríocht Bóirmhe; den Charathfhuil fhéil, mo léan! níl puinn beo againn ná ‘ mhaithibh na nGréag dob éachtach gníomh. (ll.13-16) 9

Ardaíonn Úna Nic Einrí ceist faoin bpósadh seo ina halt ‘Seán Clárach Mac Domhnaill sa

Chúirt’, 2001. Luaite ar www.ainm.ie. 97


Os a choinne sin, cáineadh neamhcharthanacht agus meatacht leithéidí Dawson. Féach an cur síos ar Dawson in ‘Taiscidh a chlocha’: déantar tagairtí dá chuid neamhcharthanachta sna línte ‘ba dhaingean a dhoras ‘s an doicheall istigh fán ‘iadh’ (l.6), ‘ba mhuar do rachmas seal sa tsaolsa beo, / ba chruaidh do bhreath ar lagaibh bhíodh gan treoir’ (ll.25-26) agus sa líne ‘Cé go rabhais-se mustarach iomarcach santach riamh’ (l.41). Caitear anuas ar a fhearúlacht sa líne ‘a ghaisce níor cloiseadh riamh i gcogadh ná i gcath lá glia’ (l.3). Cuireann an file sraith mallachtaí ar Dawson i ndiaidh dó aird a tharraingt ar a chuid lochtanna. Tá an file ag iarraidh nach mbeidh faoiseamh ag a chorp ná ag a anam choíche. Sa chéad chás de guíonn sé go mbeidh corp Dawson ‘sáite go brách’ (l.20) faoin talamh, á phiocadh ag cruimhe (l.43) agus os a choinne sin impíonn sé faoi dhó ar ‘gach madra fola’ (l.15) an corp a aimsiú agus é a thochailt amach as an gcré (ll.15-16 agus 32). Maidir le hanam Dawson, tá súil ag Seán Clárach go mbeidh sé ‘ag fiuchadh [i] gcoire’ an ifrinn (l.44) agus ‘ag síorfháil pian’ (l.14). Baineann

an

file

úsáid

as

íomhánna

traidisiúnta

an

ifrinn

ina chuid mallachtaí: an tine (l.20), an phian (l.14), deamhain (l.35), agus ’fuacht is tart is teas is tinte’ (l.28), gnéithe iad ar fad a shamhlaítear le hifreann. Tá lorg láidir an chreidimh le tabhairt faoi deara in áiteanna eile san aoir freisin: ‘mo shailmse ar sodar gan dochar gan diombá id dhiaidh’ (l.13); agus ‘Eaglais Dé gan traochadh dá síorcháible; / is Flaithis na naomh ar Shéamas ‘na dheargfhásach.’ (ll.23-24). Feictear traidisiún na hEaglaise agus traidisiún na págántachta taobh le taobh sa dán. Tá eiseamláir den neas-suíomh seo le fáil i líne 13: ‘mo shailmse ar sodar gan dochar gan diombá id dhiaidh’. Feicimid anseo go n-úsáidtear iomann Críostaí (an tsailm) chun rud págánta (mallacht) a chur ar dhuine. 98


Tá an file ag iarraidh an mhallacht seo a chur ar Dawson ionas nach dtiocfadh aon olcas ar ais ar a cheann féin. Léiríonn an líne seo tuiscint phiseogach an fhile i dtaobh na mallachtaí. Ní ar an mbéaloideas amháin a bhí tuiscint ag Mac Domhnaill áfach: tugann sé le fios a thuiscint ar théarmaíocht dlí Shasana freisin. Ceanglaítear rann 6, rann 7 agus rann 9 le chéile le téarmaíocht an dlí. Deir an file gur réab Dawson ‘reachta’ an tsaoil (l.21); gur ceapadh ‘acht’ dó thíos in ifreann (l.27) agus gurb é an toradh a bheidh ar an ‘decree’ (l.36) seo ná go gceanglófar le gaid é agus go gcuirfear saighid trína chorp. Tagairtí d’ainmneacha daoine agus tagairtí topagrafacha Ar fud na haoire, déanann an file tagairt do dhaoine agus d’áiteanna ar leith. Tá na tagairtí do Dhosán/Dawson agus do Shéan, a mhac, mínithe cheana féin ach míneofar na tagairtí eile anois. Is í an áit atá i gceist i líne 7 – ‘in Eatharlaigh osaidh in oscaill idir dhá shliabh’ – ná Gleann Eatharlaí i ndeisceart Thiobraid Árann. Níl Eatharlach i bhfad ó áit dhúchais Sheáin Chláraigh Mhic Dhomhnaill agus bhí teach mór ag Dawson in Eatharlach, faoi mar a thugann an dán le fios. Ar na tagairtí níos doiléire sa dán, tá an tagairt don fhear darbh ainm Brian a raibh baint aige le hEatharlach i líne 5: ‘Dob fhairsing a chostas i solasbhrugh cheannard Bhriain’. Is é Brian Bóramha atá i gceist

anseo.

Tugtar

eolas

i

dtaobh

Bhriain

Eatharlaigh

i

Leabhar Mór na nGenelach: ‘Brian (dá ngoirthear Brían Boruimhe, righ Ereann) mac Cennédigh, se mec aireaghda les .i. triar diobh forfhagaibh síol .i. Tadhg, Donnchadh (ó fhuilid Uí Donnchadha, frisa raitear

99


Clann Briain Atharrlaigh an tan so), agus Domhnaill [...].’10 Tá tagairt don fhear céanna le fáil sna taifid scanáilte a ghabhann leis an iontráil faoi Eatharlach/Aherlow ar an suíomh www.logainm.ie freisin (foinse sa leabharliosta).

Bhí

Eatharlach

suite

sa

cheantar

ar

a

dtugtaí

Thuadhmhuamhain agus bhí an Dál gCais, treibh Bhriain Bhóramha, i gceannas ar an gceantar sin. Agus Brian Bóramha á lua aige, tá an file ag tagairt d’oidhreacht na tíre, agus nuair a deirtear go bhfuil cónaí ar Dawson i gceantar ar le hArd-Rí na hÉireann é fadó, feictear do léitheoir/d’éisteoir an dáin nár cheart do Dawson bheith san áit sin. Tagairt eile sa dán atá le míniú ná Cocytus: ‘ar leacaibh ‘od loscadh i gCocytus ag síorfháil pian’ (l.14). Is é ‘Cocytus’ an leagan traslitrithe den fhocal Sean-Ghréigise ‘Κωκυτος’, abhainn mhiotaseolaíoch an chaointe a ghabh isteach san Acheron, abhainn an domhain thíos i miotaseolaíocht na Gréige. Mallacht eile ar Dawson atá sa líne seo. Leis an tagairt do ‘gach madra fola ó Chorcaigh go Baile Áth’ Cliath’ (l.15), athraíonn an file suíomh an dáin ó Eatharlach go bonn níos leithne. Oireann na logainmneacha seo don mheadaracht chomh maith. An Mheadaracht Ós rud é gur scríobhadh an aoir seo san 18ú haois, ní raibh sé chomh srianta ó thaobh rialacha dochta meadarachta de agus a bhíodh filíocht Chlasaiceach na mbard11. É sin ráite, áfach, bhí rialacha áirithe le leanúint fós agus ba í riail na meadarachta an riail ba thábhachtaí san fhilíocht seo. San aoir seo, leanann na ranna an patrún meadarachta seo a leanas:

Ó Muraíle, Nollaig (eag.), 2003. ‘Leabhar Mór na nGenelach. The Great Book of Irish Genealogies’ in Imleabhar II. De Búrca, Baile Átha Cliath: 606. 11 Rialacha fhilíocht na tréimhse Clasaicí (1200-1600) ar fáil in Knott, 1974: 1-20. 10

100


Línte

Meadaracht

1-16

a o o á ia

17-20

x á á a í

21-24

a é é x á

25-28

ua a a í

ó

29-32

x a a í ó

33-36

í a a a ú

37-40

ú a a [au] ó

41-44

x x i x ia

D’athraigh an file cruth an fhocail go hiondúil ionas go n-oirfeadh sé don mheadaracht: rinneadh ‘Dosán’ as ‘Dawson’ (l.2) agus fuaimníodh ‘thionscnais’ mar ‘thīonscnais’ (l.31) agus ‘saigheadtar’ mar ‘saīgheadtar’ (l.35). Uaim Bhí an uaim thar a bheith tábhachtach i bhfilíocht na mbard agus bhí rialacha dochta ag baint léi. Ní raibh rialacha soiléire ag baint leis an uaim

i

bhfilíocht

na

tréimhse

iar-Chlasaicí,

áfach.

San

aoir

‘Taiscidh a chlocha’, tá neart samplaí d’uaim ar fáil ach tá línte ann chomh maith nach bhfuil aon uaim le cloisteáil iontu. Tógaimis an chéad rann mar eiseamláir de rann a bhfuil neart uamanna ann:

101


Taiscidh a chlocha fá choigilt i gcoimeád criadh an feallaire fola ‘s an stollaire, Dosán liath; a ghaisce níor cloiseadh i gcogadh ná i gcath lá glia12, ach ag creachadh is ag crochadh is ag coscairt na mbochtán riamh. Níl comhardadh sa dán, murab ionann agus an dán díreach na tréimhse Clasaicí.

Conclúid Tugann aoir Sheáin Chláraigh Mhic Dhomhnaill ar James Dawson léargas domhain ar shaol an 18ú haois. Frithchaitear cúrsaí polaitiúla na tréimhse sa choimhlint idir Dawson agus na daoine bochta ina cheantar agus taispeántar bochtanas na nGael agus saibhreas na Cinsealachta ag an am. Léirítear cumas an fhile féin san aorthóireacht agus an t-oideachas agus an tuiscint a bhí aige ní hamháin ar an bhfilíocht ach ar stair na hÉireann, ar dhlí Shasana agus ar an miotaseolaíocht Ghréigeach araon. Is aoir í a mhair ó dháta a cumtha sa bhliain 1737 agus a dhéanfaidh cáineadh síoraí ar Dawson arís eile amach anseo.

12

De réir chóras na mbard, níor chuir uruithe nó séimhithe isteach ar uaim. Mar sin, bhí uaim idir c, ch agus gc. Feicimid é seo san eiseamláir a tugadh thuas. Dá léifí an dán os ard, rud a dhéantaí, bheadh fuaim uama idir gcath, gcogadh agus glia chomh maith, faoi mar a tharlaíonn sé. 102


Leabharliosta Caerwyn Williams, J.E. & Ní Mhuiríosa, Máirín 1979. Traidisiún Liteartha na nGael. Baile Átha Cliath, An Clóchomhar. Knott, Eleanor 1960. Irish Classical Poetry. Filíocht na Sgol (An dara heagrán) Corcaigh, Mercier Press. Knott, Eleanor 1974. An Introduction to Irish Syllabic Poetry of the Perdiod 1200-1600 (An dara heagrán) Baile Átha Cliath, Dublin Institute for Advanced Studies. McKibben, Sarah E. 2010. ‘Bardic Poetry, Masculinity and the Politics of Male Homosociality’ in Wright, Julia M. 2010. A Companion to Irish Literature. Imleabhar 1. Sussex, Wiley-Blackwell: 59-75. Ó Cuív, Brian 1973. The Irish Bardic Duanaire or “Poem Book”: The R.I. Best Memorial Lecture delivered by Professor Brian Ó Cuív to The National Library of Ireland Society in the National Gallery of Ireland on 10th May, 1973. Baile Átha Cliath, The Malton Press. O’Donnell, Katharine 2009. Edmund Burke’s Political Poetics. An Ríocht Aontaithe, Cambridge Scholars Publishing. Ó Muirí, Damien 1988. ‘An Aoir san Fhilíocht’ in Ó Fionnachta, Pádraig (eag.) Léachtaí Cholm Cille XVIII. Maigh Nuad: An Sagart: 39-60. Ó Muraíle, Nollaig (eag.), 2003. Leabhar Mór na nGenelach. The Great Book of Irish Genealogies. Compiled by Dubhaltach Mac Fhirbhisigh. Imleabhar II. Baile Átha Cliath: De Búrca. Prút, Liam 1986. ‘An Aoir: Ar Bhás Dawson’ in Prút, Liam (eag.) Dúchas 1986-1989. Baile Átha Cliath: Coiscéim:16-19. 103


Foinsí Eile Ainm.ie / Fiontar, 2011. Mac Domhnaill, Seán Clárach (1691-1754). [ar líne] Ar fáil ag: http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1354. (Aimsithe: 24/07/12) Logainm.ie, 2008-2012. Eatharlach/Aherlow, Tiobraid Árann. Ar Líne: http://logainm.ie/Viewer.aspx?text=Aherlow&streets=yes. (Aimsithe: 24/07/12)

104


Sáinn Seirce le Cormac Breathnach

T

huig Danny go raibh sé i dtrioblóid mhór. Bhraith sé luas a chroí ag bualadh, é ar tí pléascadh. Bhí sé ag análú go trom agus bhí braon allais ar a éadan. Bhreathnaigh sé i dtreo na fuinneoige ag

iarraidh bealach éalaithe a aimsiú. Thuig sé gur smaoineamh in aisce a bhí ann, ní fhéadfadh éinne na barraí iarainn ar thaobh eile na fuinneoige a shárú. Chuimil sé braon allais dá éadan. B’amscaí an gníomh é sin mar gheall ar na glais lámh a bhí fáiscthe go docht air. Bhí an miotal fuar agus teann ar a chuisle. Bhí seantaithí ag Danny ar an seomra seo, cé nár shíl sé riamh go mbeadh sé ar an taobh seo den bhord agallaimh. Ó thosaigh Danny ag siúl bhí fís amháin aige: theastaigh uaidh bheith ina phóilín san fhórsa NYPD. D’fheiceadh sé a athair ag fágáil an tí gach maidin, suaitheantas na cathrach ag lonrú ar a chliabh, a hata agus a chulaith feistithe go slachtmhar air. Nuair a d’fhág Danny an scoil chuaigh sé isteach san Acadamh Oiliúna in Queen’s NY. Bhain sé ríthaitneamh as na trí bliana san áit sin, agus ba é an duine ab fhearr sa rang é nuair a bhain sé an chéim amach ar deireadh. Dúradh gurbh é an mac léinn ab fhearr san Acadamh le os cionn daichead bliain é, ó aimsir a athar. Lá mór ba ea an lá ar bronnadh an suaitheantas air go hoifigiúil. Chonaic sé a thuismitheoirí sa slua, iad ag amharc ar ais air le ríméad agus le mórtas. Níor chreid sé riamh go gcasfadh an saol mar seo air. Tar éis dó ceithre bliana den scoth a chaitheamh leis an bhfórsa ab fhearr i Meiriceá, agus dhá ardú céime gnóthaithe aige le linn na tréimhse sin, seo é anois ina shuí sa seomra agallaimh, glais lámh air, ag feitheamh le sáirsint de chuid 105


an fhórsa. Smaoinigh sé ar a athair. Nár mhór an náire é seo dó. Ní fheadair Danny ar chuala sé go fóill. Taistealaíonn nuacht tríd an bhfórsa go tapa. Níorbh fhada ar na deora teacht chuig a shúile. Níor thug sé faoi deara iad fiú. Thosaigh sé ag crith. Bhí sceimhle an domhain air. Nuair a bhain Danny áit amach i bhfórsa an NYPD, bhí na barúin drugaí i mbarr a réime i Nua-Eabhrac. An bhliain 2005 a bhí ann agus bhí cuid mhór den chathair in umar na haimléise, í breac le dúnmharuithe agus le hionsaithe, agus na céadta cineál druga ag léirscrios na sráideanna. Leoga, bhí áiteanna faoi leith sa chathair, timpeall ar an mBronx, a raibh smacht iomlán ag na barúin drugaí orthu. Ba dhána agus b’amaideach an póilín a rachadh i ngiorracht do na háiteanna sin. Bhí buairt as cuimse ar ghnáthmhuintir na cathrach, agus ar an NYPD féin, mar gheall ar na háiteanna ainrialta seo, ar an gcontúirt a bhain leo agus ar chomh tapa is a bhí siad ag titim chun raice. Dar ndóigh, bhí muintir na cathrach fós ag déileáil le huafás 9/11. Mar thoradh ar an mbuairt seo, cuireadh brainse speisialta den NYPD ar bun chun dul i ngleic leis na háiteanna brocacha suaracha seo, agus le hollfhadhb na ndrugaí a réiteach sa chathair ar an iomlán. Is sa bhrainse seo den fhórsa a cuireadh Danny ag obair ar a chéad lá. Níor mhinic a cuireadh núíosaigh isteach sna brainsí móra, na brainsí a bhain le drugaí ach go háirithe, ach bhí dea-cháil ar Danny ón Acadamh Oiliúna agus bheartaigh na ceannairí dul sa seans. Cé go raibh sé an-neirbhíseach ag tosú amach, níorbh fhada gur chruthaigh Danny a chás. Ba léir ón tús gur phóilín den scoth é. Bhí sé cróga díograiseach éirimiúil, ach thar aon ní eile, bhí sé macánta. Tréith í an mhacántacht a bhí ag dul in éag san fhórsa. Bunchloch an fhórsa ba ea é, tráth dá raibh, ach ba mhinic do Danny scéalta a chloisteáil faoi phóilíní cama ag glacadh le breabanna ó choirpigh. Chuireadh a leithéid de scéalta alltacht agus fearg air. 106


Bhuaileadh spadhar é ag smaoineamh ar na caimiléirí, agus é féin ag déanamh a mhíle dícheall ar son an fhórsa, faoi mar a rinne a athair roimhe. Cheistigh Danny an t-iompar cam seo nuair nach raibh ach dhá mhí caite aige san fhórsa. Rinne sé iarracht dul i ngleic le bleachtaire a bhí ag glacadh le breabanna airgid ó fhir ghnó. Bhí idir ionadh agus déistin ar Danny nuair a cuireadh ar fionraí ar feadh lae é as maorgacht an fhórsa a cheistiú. Thuig sé ina dhiaidh sin gurbh fhearr i bhfad dó a bhéal a choinneáil ina thost agus luí isteach ar a chuid oibre. D’oibrigh sé go fiáin, amhail is go raibh an diabhal féin ann. Bhíodh sé istigh roimh a seacht ar maidin agus d’fhágadh sé ag a naoi istoíche. Leag sé dea-shampla don fhoireann uile, agus ní dheachaigh a scileanna ceannaireachta amú ar thaoisigh an fhórsa. Tugadh ardú céime dó taobh istigh de bhliain amháin agus ceann eile dó tar éis trí bliana. Ag an am céanna le dul chun cinn Danny san fhórsa, bhí feabhas ag teacht diaidh ar ndiaidh ar chruachás na sráideanna i Nua-Eabhrac. Lá tirim geal duilleogach a bhí ann i lár an earraigh 2008 agus bhí rian den samhradh le brath san aer. Bhí Danny ag bogadh isteach ina oifig nua. Ceapadh ina bhleachtaire é an tseachtain roimhe sin - ardú céime ollmhór do dhuine chomh hóg. Agus an post nua seo aige, bhí sé suite de go n-éireodh leis ollfhadhb na ndrugaí sa chathair a chur ina ceart. Bhí níos mó cumhachta aige anois agus bhí sé daingean diongbháilte faoi na spriocanna a theastaigh uaidh a bhaint amach. Ar an lá seo, agus Danny ag dul siar is aniar lena chuid giuirléidí, d’fhreagair sé glaoch ar a ghuthán nua. Cé sa diabhal a bheadh ann, a smaoinigh sé leis féin, níl an uimhir in úsáid agam ach le dhá uair an chloig. Ba dheacair dó an té ar an líne a chloisteáil ach d’éirigh leis cuid den teachtaireacht a thuiscint sular 107


chroch sé an guthán: ‘... cócaon ... ionad stórála ... milliún ... seachadadh ... Cuan Nua-Eabhrac ... Cé na Saoirse ... anocht.’ ‘Anocht!’ arsa Danny leis féin. ‘Mo chéad lá i mo bhleachtaire agus an deis seo tar éis titim sa bhaclainn agam.’ Cé gur thuig sé go raibh seans mór ann nach dtarlódh aon rud, bhí iomas Danny á bhrú i dtreo an Chuain. Chinn sé go rachadh sé go dtí an Cuan tar éis na hoibre chun an glaoch a fhiosrú, ach nach gcuirfeadh sé iachall ar éinne teacht in éineacht leis. D’imigh an lá thairis go mall, amhail is go raibh gach clog san áit ag bogadh ar leathluas. Rinne Danny iarracht díriú ar an bpáipéarachas ach bhí a aigne ar fán. Ní raibh sé iomlán socraithe. Ag a naoi a chlog, d’aimsigh Danny eochair a thaisceadáin sa tarraiceán. D’oscail sé é agus thóg amach a dhá ghunna láimhe. Chuir sé a chrios air, an sprae, na glais lámh, a bhata agus gunna amháin crochta air. D’fháisc sé an dara gunna dá chos. Má bhí ceacht amháin foghlamtha aige le ceithre bliana anuas, b’in nárbh fhéidir bheith róchúramach. Dhún sé an taisceadán arís, chuir an eochair ar ais ina tharraiceán agus bhuail amach an doras. D’fhág sé slán ag an mbeirt a bhí fós san oifig agus isteach leis sa charr. Bhí an trácht éadrom go leor agus níorbh fhada air an ché a bhaint amach. Bhí Barack Obama, an tUachtarán nuathofa, ar cuairt i Nua-Eabhrac agus ba chosúil go raibh gach duine sa chathair bailithe chun éisteacht leis. Mhúch sé an t-inneall agus d’fhág ag geata an ionaid tráchtála é. Cé go raibh sé sách déanach, bhí oibrithe fós ag treabhadh leo ag baint earraí ó na báid. Bhí an áit torannach go maith. Bhí boladh na mara measctha le deatach na mbád. In ainneoin an teannais a bhí á chrá i rith an lae, mhothaigh Danny an-séimh ann féin. Bua é sin a bhí aige, go raibh sé in ann a chuid mothúchán a scaradh ón suíomh ina raibh sé. Bhí sé de 108


chumas ann bheith oibiachtúil agus proifisiúnta i láthair fadhbanna. B’in a cheap sé ar aon chuma. Thosaigh sé ag spaisteoireacht timpeall na háite, é ag stopadh ag corrbhád, ag breathnú anuas uirthi, is ag bogadh ar aghaidh. Níor theastaigh uaidh aon aird a tharraingt air féin agus níor theastaigh uaidh aon rud a chailliúint. Bhí lapadaíl an uisce, idir na báid agus balla an chuain, an-suaimhneach. Shroich Danny bun na cé gan aon rud as an ngnách a thabhairt faoi deara. D’iompaigh sé agus thosaigh sé ag siúl ar ais i dtreo an chairr. ‘Glaoch amaideach eile, ag cur mo chuid ama amú,’ a smaoinigh sé leis féin. Bhí sé sásta nár iarr sé ar éinne eile teacht in éineacht leis. Agus é leath bealaigh idir bun na cé agus a charr, thug sé faoi deara go raibh solas tóirse ag taitneamh ón ionad stórála trasna an chlóis ó na báid. B’ait an rud é, mar bhí na príomhshoilse ar fad múchta. Ba léir nach raibh gnáthchúraimí tráchtála ar siúl istigh ann. Cheap Danny gur fhear slándála é, ach bheartaigh sé seiceáil a dhéanamh ar eagla go raibh rud éigin amú. Ní dheachaigh sé go dtí an doras, ar eagla na heagla. Ina ionad sin, chuaigh sé timpeall go dtí cúl an fhoirgnimh. Bhí fuinneoga thart ar dheich dtroithe in airde ar an mballa. D’aimsigh Danny carn cairtchláir agus thosaigh á dhreapadh. Chonaic sé duine amháin ag obair leis istigh, ag líonadh cairr le boscaí beaga, a bhí á dtógáil aige ó phailléad ar an talamh, agus duine eile ag láimhseáil an tóirse. Ní raibh aon amhras ar Danny ach gur bhoscaí cócaoin iad. D’aithin sé méid na mboscaí agus na marcanna dubha is dearga orthu. D’éirigh leis an bhfórsa pailléad de na boscaí seo a ghabháil coicís roimhe sin ar chúl leoraí i lár na cathrach. Bhí luach $100,000 ar gach uile bhosca acu. Ba léir go raibh siad ag druidim le deireadh na hoibre seo, gan ach dornán beag de bhoscaí fágtha ar an bpailléad. 109


Léim Danny anuas den chairtchlár. Bhí fonn troda air anois. Chuaigh sé timpeall go taobh an fhoirgnimh agus d’aimsigh sé an doras. Chas sé an hanla. ‘Mo chac air,’ a chogair sé faoina anáil nuair a thuig sé go raibh glas air. Ar aghaidh leis timpeall an fhoirgnimh ag cuardach dorais eile. D’aimsigh sé ceann eile chun tosaigh, ceann a bhí ar oscailt, agus d’éirigh leis dul isteach gan aon aird a tharraingt air féin. Mhúch sé a raidió agus chuir sé a ghuthán ar mhód ciúnais. Bhog sé go mall is go ciúin tríd an bpasáiste dorcha thar dhoirse na n-oifigí. Thuig sé go mbeadh an halla mór ag bun an phasáiste seo. Anois, bhí a chroí ag bualadh. Bhain sé bun an phasáiste amach agus d’oscail an doras. Bhí allas ar a lámha, rud a chuir isteach air agus é ag iarraidh an hanla sféarúil a chasadh. Scaoil an doras ga solais ón halla mór amach. Chuala sé glór an chairr a bhí ina stad istigh. Ba léir go raibh an bheirt críochnaithe agus réidh le bóthar a bhualadh. Sular bhog sé níos faide chuala sé glór an chairr ag méadú. Bhí siad ag bogadh! Shleamhnaigh Danny isteach agus lig sé don doras dúnadh taobh thiar de. Thaistil sé trí phasáiste amháin, é timpeallaithe le seilfeanna arda pailléad den iliomad bianna. Thaistil sé go bog, ag iarraidh fuaim a chos a choinneáil faoi cheilt. Ag bun an phasáiste chas sé ar dheis, fós ag bogadh i dtreo na fuaime. Halla ollmhór a bhí ann, agus cé go raibh Danny an-aclaí, bhí sé ag análú go trom. Bhí sé gar go leor anois go raibh sé in ann an bheirt a chloisteáil ag caint. ‘Rachaidh mise ar aghaidh. Tusa, dún an doras agus faigh tacsaí abhaile. Níor chóir don bheirt againn taisteal le chéile. Slán,’ arsa duine amháin acu. Fear a bhí ann, meánaosta i dtuairim Danny agus blas deisceartach ar a ghlór. ‘Bí cúramach, Mike,’ arsa an duine eile agus gabhadh eall Danny nuair a thuig sé gur bean a bhí sa duine eile. ‘Feicfidh mé amárach thú,’ arsa Mike, agus ar aghaidh leis sa charr, amach an doras mór a bhí oscailte ag an mbean. ‘CHT – 9032,’ arsa Danny leis féin agus é ag 110


breathnú ar phláta clárúcháin an chairr. Bua beag amháin. Bhí Danny in ann an bhean a fheiceáil ag dúnadh an dorais mhóir i ndiaidh an fhir. Thuig sé nárbh fhiú iarracht a dhéanamh an fear a leanúint. B’fhusa díriú ar an mbean agus í a úsáid níos déanaí chun teacht ar an bhfear. Bhain Danny an gunna den chrios agus d’ardaigh os a chomhair amach é. ‘Ar an talamh anois,’ a dúirt sé go fórsúil, muiníneach, agus é ag siúl timpeall an chúinne. Bhain sé geit as an mbean agus scaoil sí an tóirse a bhí ina lámh go talamh. Ba léir gur tháinig sé go hiomlán aniar aduaidh uirthi. D’ardaigh sí a lámha agus chas go mall i dtreo Danny. ‘Ar an talamh a dúirt mé, anois,’ arsa Danny de ghuth níos airde an babhta seo. ‘Coinnigh do lámha ar do cheann agus síos leat ar an talamh,’ ar seisean arís. Lean sí uirthi ag casadh go dtí go raibh sí ag breathnú díreach idir an dá shúil air. Baineadh geit as. Bhí aithne aige ar na súile sin. -Lisa? Lisa? An tusa atá ann? -Danny! Baineadh geit aisti féin. -Lisa, cad atá ar bun agat? D’ísligh Danny an gunna. - Danny tá brón orm, tá brón orm, Danny! Danny ná bíodh fearg ort, tá brón orm, táim ag éirí as, Danny, le do thoil, le do thoil. -Ach Lisa ... Rinne aigne Danny iarracht an scéal a chur le chéile. Cad a bhí ar siúl aici anseo? Ní raibh sé ag smaoineamh i gceart. Labhair sé go lag: -Cheap mé go ndeachaigh tú go dtí an Astráil? 111


-Chuaigh. Ach d’fhill mé ocht mí ó shin. Tá mo mham tinn. Táim ag tabhairt aire di. Danny tá brón orm, tá ... -Ní thuigim ... Chuala mé go raibh post mór agat mar bhleachtaire in Adelaide? -Bhí, Danny, agus bhí ag éirí go maith liom, ach tá mo mham breoite, bhí orm filleadh. D’fhág m’athair agus ... -Cad atá ar siúl agat anseo? Bhí misneach Danny ag filleadh air. D’ardaigh sé an gunna arís. -Danny no! Tá an t-airgead ag teastáil uaim. Caithfidh mé seo a dhéanamh ar feadh cúpla mí. Danny le do thoil ná déan seo, le do thoil, impím ort. -Síos leat ar an talamh Lisa, tá mo dhóthain cloiste agam, cuir do lámha taobh thiar díot. Líon súile gorma Lisa le deora. Ba chuma le Danny. B’éigean dó an rud ceart a dhéanamh. Chuir sé a lámha faoi ghlas agus chabhraigh sé léi seasamh. Shiúil siad amach as an halla stórála go ciúin. Ní raibh le cloisteáil ach a mbróga ar an urlár suimint agus gol ciúin Lisa. Níor theastaigh ó Danny caint léi. Bhí fearg ag éirí ann anois. Amach leo tríd an ngeata go dtí an carr. Chuir Danny i gcúl an chairr í agus dhún an doras go trom ina diaidh, róthrom b’fhéidir. Stad sé taobh amuigh den charr ag iarraidh a smaointe a bhailiú. Las sé toitín agus luigh sé ar bhúit an chairr. Shúigh sé go domhain ar an toitín, ag líonadh a scamhóg le blas bréan an nicitín. Smaoinigh sé go míchompordach ar Lisa le meascán d’fhearg, de thrua agus de chion. Agus é ar ardscoil ní raibh ag Danny ach searc amháin. Ba í Lisa Olsson 112


an cailín ba dhathúla sa scoil. Lena gruaig fhionn agus a súile gorma ba rogha páirtí na bhfear uile í. Ní raibh súile aici féin ach do dhuine amháin áfach. Chaith Danny agus Lisa dhá bhliain le chéile agus iad ar scoil. Ba léir do gach duine go raibh an bheirt acu sáite i ngrá lena chéile. Níor mhinic d’éinne duine amháin a fheiceáil in éagmais an duine eile. Chuimhnigh Danny ar na laethanta leisciúla samhraidh a chaithidís i dteannta a chéile: ina suí amuigh faoin ngrian, ag siúl as lámha a chéile cois trá, nó faoi shuan séimh faoin gcrann mór darach taobh thiar den scoil. Buille tubaisteach do Danny a bhí ann nuair a d’fhoghlaim sé go raibh athair Lisa á seoladh go dtí an Astráil chun a cuid traenála mar phóilín a chur i gcrích. Ag an aerfort gheall siad dá chéile go mbuailfidís le chéile arís uair éigin sa todhchaí. Bhí an bheirt acu suite de go mbeidís pósta lá níos faide anonn. De réir mar a d’imigh na blianta thart, smaoinigh Danny níos lú agus níos lú ar an spéirbhean a bhíodh aige ar scoil. Leoga, b’annamh dó bheith ag smaoineamh uirthi in aon chor le bliain anuas. Bhí mearbhall anois air. Bhí sé idir sé chomhairle. Chaith sé cúpla toitín eile agus rinne sé iarracht an grá a bhí ag fás ann a chur faoi chois. Bhí air bheith proifisiúnta agus cliniciúil. Chuaigh sé timpeall go dtí a dhoras-san agus d’oscail é. Ní raibh a fhios aige cá fhad a chaith sé taobh amuigh den charr. Chuir sé an carr ar siúl agus chúlaigh sé as an áit. Bhí Lisa fós ag gol go ciúin. Bhain a caint geit as Danny: -Danny, le do thoil, tuigim go ndearna mé botún ach bhí mé chun éirí as. Tá ‘fhios agam nach bhfuil sé ceart. Tabhair seans dom Danny, le do thoil. Chas Danny an scáthán siar ar fán, ionas nach mbeadh Lisa in ann teagmháil súl a dhéanamh leis. Níor theastaigh uaidh go bhfeicfeadh sí 113


aon bhá ina shúile. Níor fhreagair sé í go ceann tamaill. -Cad chuige nár chuir tú glaoch orm nuair a d’fhill tú? Bheinn in ann cabhrú leat. Tá tú anseo le hocht mí anuas agus níor rith sé leat gur cheart duit glaoch a chur orm? Theip ar Danny an fhearg agus an frustrachas a bhí air a choinneáil faoi cheilt. Bhí sé ar crith. -Smaoinigh mé ort, Danny, dáiríre, smaoinigh, ach ... ach bhí náire orm. Bhí ag éirí chomh maith sin leatsa, agus bhí mise beo bocht. Ní raibh mé in ann casadh ort. Danny, tá brón orm. Thiomáin Danny ar aghaidh ar feadh deich nóiméad eile. Bhí marbhchiúnas an chairr ag goilleadh ar an mbeirt acu. Níor theastaigh ó cheachtar acu é a bhriseadh. Go tobann, bhrúigh Danny go trom ar an gcoscán. A raibh ar siúl aige ní raibh a fhios aige féin ach bhí cinneadh déanta aige. D’éirigh sé den charr agus d’oscail doras Lisa. Níor labhair sé léi. Bhain sé na glais lámh di. Bhí sé in ann an t-ionadh a fheiceáil i súile Lisa. Gach seans gur aithin sí an rud céanna ina shúile féin. ‘Imigh leat, Lisa, ní theastaíonn uaim thú a fheiceáil arís. Fág Nua-Eabhrac anocht is ná tar ar ais.’ Bhí deora ag sleamhnú go flúirseach thar leicne dearga Lisa faoin stad seo. Thug sí barróg do Danny. ‘Go raibh míle maith agat Danny, ní dhéanfaidh mé dearmad air seo riamh.’ Níor labhair sé léi. Shiúil sé ar ais i dtreo an chairr gan breathnú taobh thiar de. Shuigh sé isteach agus thiomáin ar aghaidh. Cheartaigh sé an scáthán agus bhreathnaigh isteach ann. Bhí Lisa imithe. An mhaidin dár gcionn bhí tuirse ar Danny agus é ag dul isteach chun na hoifige. Ní bhfuair sé pioc codlata an oíche sin agus é ag smaoineamh ar Lisa. Nach mór an t-ionadh a bhí air nuair a shiúil sé isteach sa stáisiún 114


agus nuair a chonaic sé Lisa os a chomhair amach, í ina suí go ciúin agus a lámha taobh thiar di. Tháinig líonrith air. Gabhadh í! Lig sé air nach bhfaca sé í agus d’imigh leis isteach san oifig. Ní raibh tairseach an dorais trasnaithe aige nuair a tháinig beirt bhleachtairí isteach ina dhiaidh. ‘Danny, is trua liom a rá leat go bhfuil tú anois faoi choimeád as príosúnach a scaoileadh go mídhleathach. Tar linn go ciúin le do thoil agus ní bheidh aon raic ann.’

115


Ó UCG go UCD - Ó Fhás go hAois le Seán Ó Raghallaigh

A

bhean a chonaic an fógra: cúrsa i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge á reáchtáil sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ar scor dó óna sheanmheánscoil ar mhúin sé inti, ba é an flosc

chun foghlama a bhí ina chroí ba chúis leis an iarratas a chur isteach. Cúis eile ná go mba mhian leis feabhas a chur ar a chuid Gaeilge.

Ní raibh sé cinnte an nglacfaí leis toisc nach raibh ach pas sa bhunchéim aige. Mar sin féin bhí cúig bliana is tríocha caite aige ag múineadh na Gaeilge. Bhí roinnt mhaith de na blianta sin caite aige i mbun ceartúchán don Ardteistiméireacht. Tuairim is fiche bliain ina scrúdaitheoir cainte. Ar leor sin uile le go nglacfaí le ‘seanfhear’?

Chuaigh faoi agallamh. Thairg an stiúrthóir áit dó don chúrsa M.A.

Bhí an-áthas air. Anois agus é sáite sa chúrsa níor tháinig aon laghdú ar an áthas sin. An-chúrsa is ea é. Tagann fuinneamh ann agus é ag staidéar. Ionadh air faoi na ranganna beaga: triúr i rang amháin, seisear sa cheann eile. Deacair dó ar dtús an chéad ainm a thabhairt ar na léachtóirí agus é á gceistiú nó ag labhairt leo. Agus an leabharlann! An spás mór inti. Cairdeas na leabharlannaithe. An chabhair a thugann siad dó.

An seanfhear duine nuair a shroicheann sé aois a seasca a cúig? Más ea, is seanfhear é. An bhféadfadh seanfhear – abraimis ‘aostach’ – bheith óg? D’fhéadfadh. Braitheann sé ar an bhfear, dar ndóigh. Tá daoine ann agus faigheann siad bás cheal oibre, cheal suime i gcúrsaí an tsaoil, de 116


bharr uaignis, nó imní, nó tinnis. Nó toisc nach bhfuil siad ag obair a thuilleadh. Ní mar sin don scoláire ollscoile seo ar chuir mé agallamh air le déanaí. Lán de bhrí a bhí sé. Duine óg cinnte. Duine féinmhuiníneach é a bhaineann taitneamh agus tairbhe agus sólás as an saol seo a bhronn Dia air.

A leithéid d’fhear atá i gceist agam san alt seo. É féin a d’inis an scéal dom nuair a chas mé air agus é i mbun a chuid oibre. An cuntas seo a thug sé dom faoina shaol, tá sé cruinn beacht, measaim. Ní dóigh liom gur chuir sé leis nó nár bhain sé de. Bhí ionadh an domhain air go mba mhaith liom alt faoi a scríobh d’iris ollscoile. ‘Iris ollscoile! Fúmsa, cén fáth fúmsa?’ a dúirt sé. Mhínigh mé dó go mba bhreá le daoine a fháil amach an difear idir inné agus inniu ina shaol féin.

Seo a scéal.

Bunscolaíocht agus Meánscolaíocht D’éirigh go maith leis sa bhunscoil. ‘Is cuimhin liom go maith mo chéad lá ar scoil. Grásta ó Dhia ar a anam uasal, ba é m’athair a thóg sinn chun na scoile an chéad lá, mo dheartháir ar chúl an rothair agus mise ar an mbarra.’ D’éirigh go maith leis ar scoil cé go raibh deacrachtaí aige ó am go chéile. Is cuimhin leis maidin Nollag amháin bheith ag caint lena athair agus an bheirt acu ina n-aonar sa chistin. I rang a trí nó i rang a ceathair a bhí sé ag an am. ‘Ag fadú na tine a bhí m’athair. Ag folmhú na himní ó mo chroí a bhí mise i dtaobh na huimhríochta de. Chuir sé ar mo shuaimhneas mé pé scéal é.’

Roimh dhul chuig an meánscoil dó rinne sé scrúdú i gcomhair 117


scoláireachta. ‘An cheist mhatamaitice a chuir as dom’, a deir sé, ‘ní raibh mé go rímhaith riamh ag an uimhríocht.’ Bronnadh leathscoláireacht air. Chuir sé a chroí isteach san obair mheánscoile. I gcónaí ba mhaith leis bheith ar an dalta ab fhearr i measc a chomhscoláirí. Níorbh aon dochar é sin, dar leis, ach amháin gur dhuine faiteach goilliúnach é. Cad ba chúis leis an bhfaitíos agus leis an ngoilliúnacht seo? ‘Bhí mé ag súgradh le cairde lá. Thart faoi sheacht mbliana d’aois a bhí mé. De theip labhair duine de na gasúir agus dúirt: ‘Ná bí ag déanamh mórtais!’ D’fhág an ráiteas sin a rian air ar feadh a shaoil, dar leis.

UCG

De bharr a dhíograise mar fhoghlaimeoir, ghnóthaigh sé scoláireacht ón gComhairle Contae ag deireadh a chuid meánscolaíochta. Shocraigh sé ar staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge agus ar an Matamaitic i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. Roghnaigh sé an mhatamaitic mar go raibh sármhúinteoir aige sa mheánscoil, duine óg tuisceanach a mhúin óna chroí. Bhí an tsuim ann féin i gcónaí sa Ghaeilge. Bhronn a aintín Foclóir an Duinnínigh air nuair nach raibh sé ach ina pháiste.

Bhí sé seacht mbliana déag go leith d’aois nuair a d’fhreastail sé ar an gColáiste sa bhliain 1964. Na scoláirí eile, bhí siad cairdiúil ach duine aonarach ab ea é féin. An t-am sin ní raibh fóin phóca tagtha ar an saol. Chuir a mháthair iachall air scríobh chuici gach seachtain! Thagadh sé abhaile uair nó dhó i rith an téarma. ‘Bhí mé i bhfad ró-óg. B’fhéidir go raibh mé saghas cliste ar scoil, scoil a raibh thart faoi 90 dalta inti ag an am. Níorbh fhada go raibh a fhios agam go raibh na mic léinn sa Choláiste i bhfad chun tosaigh orm.’ Bhí sé dian 118


air na cúrsaí a leanúint. Ag deireadh na bliana d’éirigh sé tinn. Cliseadh néarach a bhain dó. Thóg sé bliain amach. In 1968, bronnadh an chéim air. (Dar leis, bhí daoine ag guí air.) Ghnóthaigh sé céim pas. Thosaigh ag múineadh i ngairmscoil ar dtús. Trí bliana ina dhiaidh sin, d’aistrigh go meánscoil agus is inti a d’fhan sé don chuid eile dá shaol múinteoireachta.

Sa bhliain 1971, bronnadh an tArd-Dioplóma san Oideachas air i Má Nuad agus an chéim M.Ed air i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1981. D’éirigh sé as an múinteoireacht sa bhliain 2005.

Chuaigh sé ar

luathscor. Ina Oifigeach Cúnta Gaeilge a bhí sé le comhairle contae ar feadh dhá bhliain. Ansin, anuraidh, chonaic a bhean chéile an fógra in FOINSE.

UCD

An chéad rud a chuir saghas ionaidh air ná cairdeas na ndaoine. Ar uairibh, mheas sé go raibh siad ag géilleadh urraime dó. B’fhéidir é, ach níl sé sách cinnte faoi sin. Bhíodh líon mór daoine óga i ngach áit – iad gealgháireach, croíúil, misniúil, féinmhuiníneach. ‘Ní haon ionadh gur maith le daltaí scoile dul chuig coláiste,’ deir sé.

An tarna rud ná gur thug sé an chéad ainm ar na léachtóirí agus é ag caint leo ó thús. Nuair a bhí sé in UCG ba mhór an urraim agus an t-ómós a bhí aige dóibh. B’acusan a bhí an t-eolas. Ba é a gceart mar sin meas an scoláire a bheith orthu, dar leis. Is cuimhin leis cé chomh deacair is a bhí sé a ainm a rá le hollamh uair cé go ndúirt an t-ollamh céanna beannú dó as a ainm. In UCD bhraith sé go raibh suim nach beag ag léachtóirí na Gaeilge ann mar ba léir dóibh ‘go raibh mé ann chun foghlama.’ B’ábhar 119


iontais dó fosta an dua a chuir rúnaithe na scoile orthu féin chun cabhrú leis.

An tríú rud, an spás mór sa leabharlann agus áiteanna inti chun do ríomhaire glúine a phlugáil isteach. ‘Dáiríre píre, bhí ríomhairí i ngach áit in Áras Newman. Ní hamháin sin ach b’aoibhinn liom cé chomh cuiditheach is a bhí na mic léinn óga chun úsáid na ríomhairí a thaispeáint dom. Deascanna eolais sa leabharlann dá mbeadh fadhb ar bith ag duine leabhar a aimsiú. Na leabharlannaithe féin, chuaigh siad as a mbealach chun leabhair a aimsiú dom.’

Focal Scoir IS Ó AOIS GO BÁS . . .

Ba mhór idir UCG agus UCD. Ina mhac léinn dó na blianta fada ó shin, is ar éigean a thuig sé a raibh á rá ag na léachtóirí Gaeilge. Níorbh amhlaidh anois agus é i bhfad níos sine. Thuig sé a raibh á rá acu, den chuid is mó. Níor leasc leis labhairt leo. B’in an phríomhdhifríocht idir an dá choláiste, difríocht a chuir ar a shuaimhneas é agus é anois ag foghlaim ar son na foghlama.

120


Saothrú na Litríochta Gaeilge i gCeanada: Iniúchadh ar shaothar Phádraig Uí Shiadhail le Marc Ó Fearáin

T

á teacht ar an nGaeilge ar fud an domhain sa lá atá inniu ann. Tá rian na Gaeilge le feiceáil in áiteanna inar lonnaigh na hÉireannaigh a chuaigh ar imirce na cianta ó shin sa tóir ar shaol

níos fearr dóibh féin. Tá na hÉireannaigh i ndiaidh a lorg a fhágáil ar Cheanada ach go háirithe, agus tá sé seo le feiceáil sa tslí ina gcuireann an-chuid daoine i gCeanada spéis ina n-oidhreacht Éireannach. Tá an Ghaeilge beo i gCeanada sa lá atá inniu ann, cinnte, agus is ag dul ó neart go neart atá staid na Gaeilge thall le tamall beag anuas.

Is iomaí duine, eagraíocht agus ollscoil a chuidigh le neartú theanga na Gaeilge i gCeanada le tríocha bliain anuas, ach is féidir a mhaíomh go raibh ról ar leith ag Pádraig Ó Siadhail i saothrú na Gaeilge ann, mar mhórúdar litríochta agus mar scoláire acadúil. Pléifear saol agus saothar Uí Shiadhail san alt seo agus déanfar iarracht ról Uí Shiadhail i gcur chun cinn na Gaeilge i gCeanada a thabhairt chun solais. Ina theannta sin, déanfar scagadh ar thuairimí pearsanta Uí Shiadhail i leith staid agus thodhchaí na Gaeilge i gCeanada.

Eolas beathaisnéise ar Phádraig Ó Siadhail

Ollamh in Ollscoil Mhuire Naofa in Halifax na hAlban Nua is ea Pádraig Ó Siadhail. Múineann sé modúil Ghaeilge ann, agus tá an Béaloideas agus litríocht na Gaeilge mar chuid dá chúraimí freisin. Rugadh Pádraig Ó Siadhail i nDoire Cholm Cille i dtuaisceart na hÉireann. Bhí Gaeilge ag 121


a athair ach ba é Béarla teanga an teaghlaigh. Mhúin athair Uí Shiadhail an-chuid Gaeilge dó agus é ina ghasúr agus bhí bunchomhrá agus léamh na Gaeilge go cumas measartha aige ón mbaile. Chuaigh Ó Siadhail i mbun na Gaeilge mar ghairm bheatha dó féin. Rinne sé Gaeilge mar chuid dá bhunchéim, bhain sé céim dhochtúireachta sa Ghaeilge amach i gColáiste na Tríonóide agus bhí teagasc ar siúl aige trí mheán na Gaeilge sular thóg sé post thall i gCeanada.

Tá neart saothar scríofa ag Ó Siadhail, roinnt úrscéalta ina measc, agus tá an-obair déanta aige ar chnuasaigh a chur in eagar agus ar dhrámaíocht na Gaeilge, ach go háirithe. Bhí Ó Siadhail ina uachtarán ar The Canadian Association for Irish Studies – L’Association Canadienne d’Études Irlandaises ó 2009-2012. Tá taighde faoi leith déanta aige ar litríocht na Gaeilge agus ar dhrámaíocht na Gaeilge san fhichiú haois, mar aon le taighde ar shaothar Phiarais Béaslaí. Foilsíodh an beathaisnéis a scríobh Ó Siadhail ar Bhéaslaí sa bhliain 2007 faoin teideal An Béaslaíoch: Beatha agus Saothar Phiarais Béaslaí 1881-1965. B’as Learpholl don Bhéaslaíoch agus d’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge thall ansin sula ndeachaigh sé chun cónaithe in Éirinn nuair a bhí sé ceithre bliana is fiche d’aois. Tagraíonn Ó Siadhail do Bhéaslaí in Scairt an Dúchais, chomh maith le tagairt do Katherine Hughes, bean Cheanadach, agus do James Mooney, fear béaloidis agus saineolaí ar threibheanna Indiacha Mheiriceá Thuaidh. Bhí baint ag an triúr acu le cultúr agus le stair na hÉireann, bíodh is gur rugadh agus gur tógadh i dtír eile iad.

Saothar Uí Shiadhail Tá ceithre úrscéal Gaeilge foilsithe ag Ó Siadhail le Cló Iar-Chonnacht in Indreabhán, Contae na Gaillimhe. Is suntasach gur foilsíodh a chuid 122


saothar ar fad in Éirinn cé go bhfuil Ó Siadhail ag cur faoi i gCeanada. Sa bhliain 1991, scríobh Ó Siadhail Parthas na gCleas, saothar próis neamhghnách le híomhá ghruama den chaidreamh daonna. Chuir sé Éagnairc chun cinn in 1994, úrscéal a bhuaigh an phríomhdhuais ag Oireachtas Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1993. Tá an scéal seo suite i nDoire sa bhliain 1972, an áit ar rugadh Ó Siadhail, agus tá doirteadh fola na dTrioblóidí fite fuaite sa scéal. Foilsíodh Peaca an tSinsir ansin sa bhliain 1996, úrscéal atá suite i gCeanada.

Toisc beathaisnéis Bhéaslaí a bheith idir lámha ag Ó Siadhail, bhí bearna fhada ann go dtí gur foilsíodh an chéad úrscéal eile dá chuid, Beirt Bhan Mhisniúla, sa bhliain 2011. Is scéal é seo atá bunaithe ar bheirt bhan i saol an Chonairigh, Katherine Hughes agus Mary Morrison. Gluaiseann an scéal ó Mheiriceá Thuaidh go Sasana go hÉirinn, le linn tréimhse cúig bliana déag idir 1913-28. Léirítear an Conaireach mar fhealltóir grá sa scéal seo, sa chaoi is go raibh sé mar leannán ag Katherine Hughes fad is a bhí sé ag siúl amach lena cara, Mary Morrison. Tá sé i gceist ag Pádraig Ó Siadhail beathaisnéis a fhoilsiú ar dhuine de na carachtair in Beirt Bhan Mhisniúla, Katherine Hughes, bean a rugadh agus a tógadh ar Oileán Phrionsa Éadbhard. Sa bhliain 2001, chuir Ó Siadhail cnuasach de thrí ghearrscéal déag le chéile, Na Seacht gCineál Meisce agus Finscéalta eile (Cló Iar-Chonnacht). Téann an léitheoir ar camchuairt ar fud na cruinne i scéalta an chnuasaigh seo, le gach cineál pearsan curtha i láthair ar an mbealach agus seanchas na Gaeilge mar fhréamh ag na scéalta ar fad.

Chuir Ó Siadhail an cnuasach drámaíochta Stair Dhrámaíocht na Gaeilge: 1900-1970 (Cló Iar-Chonnacht) le chéile sa bhliain 1993. Tá mórán leabhar curtha in eagar aige chomh maith. Sa bhliain 1989, chuir 123


sé an leabhar Pádraic Ó Conaire: Bairbre Rua agus Drámaí Eile in eagar. Leabhar é atá bunaithe ar dhrámaí Phádraic Uí Chonaire, laoch liteartha dá chuid féin. In 1991, chuir Ó Siadhail dhá leabhar eile in eagar bunaithe ar shaothar Phiarais Béaslaí; Astronár (An Gúm) agus Bealtaine 1916 agus Dánta Eile (Coiscéim). In 1992, le cabhair ó Margaret Harry agus an Dr Cyril J. Byrne, an fear a bhunaigh Cathaoir D’Arcy McGee don Léann Éireannach in Ollscoil Mhuire Naofa in Halifax, chuir Pádraig Ó Siadhail Celtic Languages and Celtic Peoples: Proceedings of the Second North American Congress of Celtic Studies in eagar faoi choimirce Chathaoirleachta do Léann na Gaeilge in Halifax na hAlban Nua. Sa bhliain 1993, chuir Ó Siadhail cnuasach scéalta le chéile de chuid Pheadair Uí Choncheannainn dar teideal Inis Meáin: Seanchas agus Scéalta (An Gúm) agus sa bhliain 2000, chuir Ó Siadhail an cnuasach drámaíochta Gearrdhrámaí an Chéid (Cló Iar-Chonnacht) i gcló freisin. Bhí Ó Siadhail mar aoi-eagarthóir ar Taighde agus Teagasc, Imleabhar 2 de chuid Choláiste Ollscoile Naomh Mhuire i mBéal Feirste sa bhliain 2002.

Tuairimíocht Uí Shiadhail i leith shaothrú na litríochta Gaeilge Tá tuairimíocht phearsanta Uí Shiadhail i leith shaothrú na litríochta Gaeilge thar a bheith spéisiúil nuair a chuirtear san áireamh gur scríbhneoir Gaeilge é féin atá ag saothrú i mionteanga tír amháin agus é ag cur faoi i dtír eile i bhfad ón mbaile. San aiste Idir Dhá Thír: Sceitsí ó Cheanada, a d’fhoilsigh Lagan Press sa bhliain 2005, déanann sé cur síos ar a shaol mar dhuine a thagann ó thír amháin, Éire, ach atá mar lonnaitheoir fadtéarmach agus é ina chónaí i gCeanada le cúig bliana is fiche anuas. Dealraíonn Ó Siadhail san aiste seo gur sórt ‘No Mans Land’1 1

Ó Siadhail, Padráig 2005. Idir Dhá Thír: Sceitsí ó Cheanada. Derry, Lagan Press.

124


atá i gceist lena thaithí phearsanta féin, ní hamháin ón taobh liteartha de, ach ó thaobh na Gaeilge de freisin. Scríobhann sé féin i nGaeilge ach tuigtear ón aiste gur beag duine a thugann suntas dó, is cuma cén taobh den Atlantach ar a bhfuil siad, in Éirinn nó i gCeanada.2

Rinne Pádraig Ó Siadhail agallamh leis an nuachtán seachtainiúil Gaelscéal i mí Mheán Fómhair 2011, díreach roimh sheoladh oifigiúil a úrscéil is déanaí Beirt Bhan Mhisniúla. Labhair Meadhbh Ní Eadhra ó Gaelscéal le hÓ Siadhail faoin úrscéal nua agus faoin dúil atá aige sa scríbhneoireacht i gcoitinne. Dealraíonn sé san agallamh nach raibh suim faoi leith ag Ó Siadhail sa scríbhneoireacht sular bhog sé go Ceanada sa bhliain 1987. Maíonn sé sa ráiteas seo go raibh níos mó spéise aige sa léitheoireacht ag an am:

Bhí dúil níos mó agam sa léitheoireacht ná sa scríbhneoireacht, déarfainn. Níor luigh mé isteach ar an scríbhneoireacht go dtí gur thosaigh mé ar staidéar iarchéime [...] Tar éis dom imeacht go Ceanada, áis a bhí sa scríbhneoireacht chruthaitheach chun na hoícheanta fada geimhridh a chur isteach. Nós é ó shin.3

Is mórúdar de chuid nua-litríocht na Gaeilge é Pádraig Ó Siadhail, agus tá an-éileamh ar a thuairimí dá bharr. Ceistíodh é san agallamh le Gaelscéal faoi na gnéithe den scríbhneoireacht a thaitníonn leis féin: Uaireanta, bíonn tú ag streachailt le gné éigin den scéal ar feadh i bhfad ... cor sa phlota nó an charachtracht. Gan choinne, tagann tú ar fhuascailt na faidhbe. Is doiligh sin a shárú ... go dtí gurb ann don chéad ghéarchéim reacaireachta eile.4

2

Agallamh ríomhaire le Pádraig Ó Siadhail, 11 Deireadh Fómhair 2012. Ráiteas ó Phádraig Ó Siadhail, in Ní Eadhra, Meadhbh 2011. ‘Síolta na samhlaíochta curtha ag Ó Siadhail ina úrscéal nua’ in Gaelscéal. 23 Meán Fómhair 2011: 19. 4 Ó Siadhail, Pádraig, in Ní Eadhra, Meadhbh 2011: 19. 3

125


Ina theannta sin, iarradh air an t-aitheantas a fhaigheann sé as a shaothar i gCeanada agus in Éirinn a mheas. Maidir le haitheantas a chuid saothar i measc mhuintir Cheanada, d’admhaigh Ó Siadhail go mbeadh cur amach ag roinnt daoine le Gaeilge i gCeanada ar a chuid oibre ach nach dtugtar mórán aitheantais dá shaothar acadúil nó liteartha den chuid is mó. Deir sé: Thuigfeadh daoine áirithe i gCeanada a bhfuil Gaeilge acu gurb ann do mo shaothar i nGaeilge. Maidir le hÉirinn, bheadh cur amach de chineál éigin ag pobal acadúil is pobal litríochta na Gaeilge ar mo shaothar acadúil is liteartha. Tá corrleabhar liom tar éis a bheith ar chúrsaí ollscoile.5

Tuairimíocht Uí Shiadhail i dtaobh staid reatha na Gaeilge i gCeanada Chuir Ó Siadhail a chuid tuairimí i leith staid reatha na Gaeilge i gCeanada in iúl in agallamh ríomhaire a rinneadh mar chuid den tionscadal taighde seo. Mar léachtóir in Ollscoil Mhuire Naofa in Halifax, tá léargas faighte ag Ó Siadhail ar shaothrú na Gaeilge sa suíomh acadúil ach go háirithe. Bíodh is gur thug Ó Siadhail aitheantas san agallamh ríomhaire don obair ar fad atá déanta ag eagraíochtaí cosúil le Ireland Canada University Foundation (ICUF) i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge de i measc na n-ollscoileanna éagsúla i gCeanada, tá tuairim aige nach n-éireoidh ach le corrmhac léinn cumas maith a bhaint amach sa teanga: Mar gheall ar scéim an ICUF (maoinithe ag Rialtas na hÉireann agus ag na hollscoileanna), [tá] 100+ mac léinn ollscoile ag gabháil do chúrsaí Gaeilge (bunchúrsaí a bhformhór) in ollscoileanna éagsúla in aghaidh na bliana — ach gan ach 1% acu siúd a bhainfeadh líofacht d’aon chineál amach.6

5 6

Agallamh ríomhaire le Pádraig Ó Siadhail, 11 Deireadh Fómhair 2012. Agallamh ríomhaire le Pádraig Ó Siadhail, 11 Deireadh Fómhair 2012.

126


Dar le hÓ Siadhail, níl seasamh láidir ag pobal na Gaeilge i gCeanada agus níl pobal Gaeilge fíoraithe ann, fiú:

Seo mar atá: corrdhuine (Éireannaigh ó dhúchais a bhformhór) a bhfuil Gaeilge aige/aici ag leibhéal ard; roinnt gréasán trasna na tíre; roinnt bunranganna/ranganna comhrá don phobal.7

Sna freagraí a thug Pádraig Ó Siadhail ar na ceisteanna uile don agallamh seo, níor léiríodh íomhá ródhóchasach don Ghaeilge i gCeanada i láthair na huaire. Ag deireadh an agallaimh, thug Ó Siadhail cur síos ar a smaointe féin i dtaobh thodhchaí na Gaeilge i gCeanada: ‘Corrdhuine a mbeidh an teanga ag leibhéal measartha ard aige/aici; dream eile a mbeidh cúpla focal acu. Sin a mbeidh ann.’8

Tá sé le sonrú ón agallamh nach maireann an Ghaeilge i gCeanada ach ag an tríú leibhéal mar mhódúil ollscoile agus i measc roinnt daoine de dhúchas Éireannach. Tháinig na téamaí céanna chun cinn san agallamh a rinne sé le Meadhbh Ní Eadhra don nuachtán Gaelscéal sular seoladh Beirt Bhan Mhisniúla. Ceistíodh é faoina thuairimí i dtaobh thodhchaí na teanga i gCeanada. Cé gur admhaigh Ó Siadhail go raibh baint aige leis an nGaeilge i gcónaí, rinne sé iarracht ceist na Gaeilge a fhágáil i lámha daoine eile toisc ‘nach fear mór físe, nó cúise, nó straitéise, nó plean’9 é, dar leis féin: B’fhéidir gur duine leithleasach mé ach is fearr liom an obair sin a fhágáil faoi dhaoine eile. Ar ndóigh, tá daoine ann a dtaitníonn an ealaín sin leo! Agus mé thar lear, tá an t-ádh orm agus tá an tsaoirse agam a bheith ag plé leis an Ghaeilge i mo shlí féin – ach gan a bheith buartha mórán faoi chúis na Gaeilge agus faoi cheist

7 8 9

Agallamh ríomhaire le Pádraig Ó Siadhail, 11 Deireadh Fómhair 2012. Agallamh ríomhaire le Pádraig Ó Siadhail, 11 Deireadh Fómhair 2012. Agallamh ríomhaire le Pádraig Ó Siadhail, 11 Deireadh Fómhair 2012. 127


na teanga sa bhaile. 10

Conclúid Tá Pádraig Ó Siadhail ag cur faoi in Halifax na hAlban Nua le cúig bliana is fiche anois agus tá an t-uafás bainte amach aige i dtaobh shaothrú na Gaeilge le linn an ama sin. Tá mórán teagaisc déanta aige in Ollscoil Mhuire Naofa in Halifax agus bhí ról gníomhach aige i gcur chun cinn na Gaeilge mar mhódúl ollscoile ann. Tá neart saothar scríofa aige, idir shaothar cruthaitheach agus saothar acadúil, agus tá stádas mar mhórúdar na Gaeilge bainte amach aige agus é ina chónaí thar lear. Tá leithéidí Uí Shiadhail freagrach as an tsuim a léirítear sa Ghaeilge i gCeanada anois, agus cé nach bhfuil sé dírithe ar dhul chun cinn na Gaeilge sa tslí chéanna is atá Arailt Mac Ghiolla Chainnigh, mar shampla, tá baint ag Ó Siadhail le heagraíochtaí Gaeilge eile, tríd an litríocht ach go háirithe. Áirítear Pádraig Ó Siadhail mar shaineolaí ar staid na Gaeilge i gCeanada anois. Is cruthúnas é a chás féin (mar mhúinteoir agus mar scríbhneoir Gaeilge i gCeanada) ar an gcaoi a n-éiríonn leis an nGaeilge teorainneacha fisiciúla agus cultúrtha a thrasnú.

10

Ó Siadhail, Pádraig, in Ní Eadhra, Meadhbh 2011: 19.

128


Leabharliosta Ní Eadhra, Meadhbh 2011. ‘Síolta na samhlaíochta curtha ag Ó Siadhail ina úrscéal nua’ in Gaelscéal. 23 Meán Fómhair 2011.

Ó Siadhail, Pádraig 1991. Parthas na gCleas. Indreabhán: Cló IarChonnacht.

Ó Siadhail, Pádraig 1994. Éagnairc. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Siadhail, Pádraig 1996. Peaca an tSinsir. Indreabhán: Cló IarChonnacht.

Ó Siadhail, Pádraig 2001. Na Seacht gCineál Meisce agus Finscéalta Eile. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Siadhail, Pádraig (eag.) 2002. Taighde agus Teagasc, Imleabhar 2. Béal Feirste: Coláiste Ollscoile Naomh Muire.

Ó Siadhail, Pádraig 2011. Beirt Bhan Mhisniúla. Indreabhán: Cló IarChonnacht.

129


Na Crainn le hAoife Uí Fhaoláin I am at peace.

Tá síocháin i mo chloigeann, Síocháin i mo ghéaga, Síocháin i m’anam.

B’fhéidir go gcabhraíonn an yoga liom. B’fhéidir go dtugann sé sólás dom. B’fhéidir nárbh aon dochar dom sos a ghlacadh ón saol mór, ón mbrú oibre, ón taighdeoir.

Is maith an rud é gur luigh mé siar ag breathnú amach an fhuinneog ar na crainn, ár gcrainn, ar chúl ár dtí, iad á n-athrú anois ag fórsaí cumhachtacha an fhómhair.

Tá síocháin ionam ag an tráth seo den bhliain.

Yes, I am at peace.

130


Tobar Chroim le hOisín Ó Doinn

A

n bhliain 1845 a bhí ann agus bhí an Gorta Mór faoi lánseol in Éirinn. Bhí an tír ina cíor thuathail. Iad siúd nach raibh sé d’achmainn acu a mbealach a íoc leis an domhan nua a bhaint

amach, ní raibh mórán i ndán dóibh seachas teach na mbocht nó an bás. Bhí muintir na hÉireann á scaipeadh go dtí ceithre hairde an domhain. Tháinig claochlú ar an gcine Gaelach. Ba cháithleach iad anois. Cáithleach a bhí caillte de dheasca ghluaiseacht ghaoth an tsaoil. Mí-ádh na nÉireannach. Cé go raibh rudaí chomh dona agus a bhí, ní raibh cúrsaí mar sin do chách.

Ba sheanfheirmeoir é Peadar Mac Giolla Phádraig a raibh cónaí air i ndúiche chúlráideach in iarthar an oileáin. Bhí roic dhoimhne ar a aghaidh agus ar a shúile dorcha a bhí ina gcomharthaí cuimhne ar chruachásanna an tsaoil. Bhí splanc an dóchais iontu fós cé go ráibh sé ag casadh ar a sheascadú bliain. Ba é sin a mheas sé féin. Ní raibh a aois bheacht ar eolas aige agus ba chuma leis i ndáiríre. Níor éascaigh an teolas sin cúrsaí, bealach ar bith. Duine praiticiúil ba ea Peadar. Bhí a shaol caite aige ag obair ar an talamh. Mhúnlaigh an obair seo corp Pheadair. Nuair a bhí sé óg bhíodh sé láidir téagartha, ach bhí meath ag teacht air faoi am an scéil seo. Is namhaid gan macasamhail ar bith é an tam. Bhí athrú ag teacht ar a fhráma righin de réir a chéile tar éis na mblianta fada ar an bhfeirm. Bhí an aois ag teacht air, agus mar aon leis na saileacha le hais na habhann, bhí sé féin ag lúbadh.

131


Dhúisigh Peadar go luath maidin amháin, mar ba ghnách dó, agus rinne machnamh ar an méid a bhí le déanamh aige an lá sin. Bhí air beithigh an tiarna a bhleán agus iad a thabhairt go dtí an machaire leathan. ‘Cad eile, cad eile...’ a d’fhiafraigh sé de féin. ‘Is ea, aoileach bó a scaipeadh ar ghairdín glasraí an tiarna . . . an bastard!’ Amach leis as an leaba. Dhoirt sé uisce ar a aghaidh, thóg slog as an mbuicéad céanna agus chuaigh go scioból na bólachta a bhí gar dá theach. Ní raibh sé ina lá fós nuair a d’fhág sé an teach. Bhí ceo na hoíche ina luí go héadrom ar na páirceanna.

Chomhlíon Peadar a chuid cúraimí maidir leis an mbólacht agus chuaigh sé go dtí teach mór an tiarna talún ina dhiaidh sin. Síos an bóthar leis i dtreo an tí. Agus é ar an mbóthar, míle nó mar sin ó theach an tiarna talún, bhain sé mullach amach. Bhí an ghrian ag lonrú sa spéir faoin am sin. Ní raibh néal ar bith le feiceáil. Stad sé ar bharr an mhullaigh agus chas sé a shúile i dtreo a thí féin le taitneamh a bhaint as an radharc.

Bhí cónaí air i dtighín beag aon seomra a bhí suite ar ghabháltas beag pioctha. Sraitheanna prátaí chomh díreach le gathanna na gréine agus ithir mhín éadrom gan cloch ná púróg ar bith inti. Ní raibh smál dhúchan na bprátaí le haireachtáil ar a fheirm. Píosa Ghairdín Éidin. Teach seascair te a bhí ann. Bhí díon tuí air agus ballaí aoldaite. Teach breá a bhí ann le spás a dhóthain d’ochtar ar a laghad, cé nach raibh ach é féin amháin ina chónaí ann. Ní hé go mbíodh cúrsaí mar seo i gcónaí, áfach. Bhíodh bean chéile agus beirt pháistí aige tráth dá shaol. Cailleadh iad den eitinn scór bliain ó shin. Níor phós sé arís ar mhaithe le saol a mhná agus a pháistí a chomóradh, ach is scéal eile é sin.

D’iompaigh sé ar a thuras arís agus port á sheinm aige. Fad is a bhí sé ar 132


an mbóthar, d’airigh sé boladh urchóideach san aer. D’aithin sé an fhoinse. Corpán duine bhoicht nach raibh de chumas aige é féin a chothabháil. Bhíodh corpáin na mbocht ar thaobh an bhóthair feicthe aige go minic roimhe seo ach ní raibh siad feicthe aige le tamall maith anois. Bhí laghdú tagtha ar dhaonra na háite. Ní raibh an corpán le feiceáil. Stad sé den phort. Choisric sé é féin.

Thuig Peadar na deacrachtaí a bhain leis an tír, ach níor thuig sé cén fáth nár tháinig dúchan na bprátaí chomh fada le tairseach a gheata féin. Níor cheistigh sé an scéal seo ach ghabh buíochas le Dia, agus lean sé ar aghaidh le cúraimí an lae.

Ní hé nár bhain dúshlán ar bith le saol Pheadair. Nach raibh a dhiabhal pearsanta féin aige i bhfoirm a thiarna talún? An Tiarna Campbell. B’oiriúnach an t-ainm sin dó toisc nach bhféadfadh Peadar a bheith muiníneach as briathar dá laghad a thiocfadh as béal cam an tiarna. Shaothraigh Peadar airgead don chíos tí trí aire a thabhairt do bhólacht an tiarna agus tascanna eile a dhéanamh dó ar a thalamh.

Bhain Peadar teach Campbell amach ní ba dhéanaí an mhaidin sin. Ba theach gan a mhacashamail sa dúiche sin é. Trí urlár ann, díon déanta de scláta, fuinneoga ollmhóra ar gach seomra, agus dar ndóigh leaca sleamhna ar an taobh istigh. Ní raibh an taobh istigh de dhoras an tí mhóir feicthe ag Peadar riamh agus rith sé leis nach bhfeicfeadh. Chnag sé ar an doras mór maisithe agus d’fhan sé le freagra. D’oscail an tiarna féin an doras, rud nach raibh Peadar ag súil leis. Bheannaigh dó. ‘Peter, excellent, the manure is there and I want you to....’. Thosaigh Campbell ag spalpadh sa Sacs-Bhéarla ansin.

133


Níor thuig Peadar gach uile fhocal a bhí á rá ach thuig sé cad a bhí i gceist aige. Tar éis tamaill, thóg sé Peadar go dtí a ghairdín glasraí. ‘I want that finished today!’ a dúirt Campbell agus leis sin d’fhág Peadar. Chuir sé tús leis an obair.

B’obair shalach í ach bhí sí furasta go leor don té a raibh taithí aige ar shluasaid a úsáid. Chaith Peadar an lá ar fad nach mór ag scaipeadh an aoiligh sa ghairdín. Nuair a chríochnaigh sé, d’fhill sé ar theach an tiarna lena chuid íocaíochta a fháil. Chnag sé ar dhoras an tí agus d’fhan. Sheas sé ansin ar feadh cúig nóiméad, deich nóiméad. Faic. Ní raibh freagra ann. Thug sé faoi deara ansin go raibh bearna idir comhla an dorais agus a fhráma. Ní raibh fonn foighneach air toisc go raibh sé tuirseach tar éis na hoibre. Bhrúigh sé ar oscailt é agus ghob a cheann isteach sa teach. ‘Lord Campbell, sor....?’ a dúirt Peadar le focail aduaine Bhéarla a shníomh as a bhéal. An t-aon fhreagra a fuair sé ná an ciúnas. Shiúil sé isteach i halla an tí agus ghlaoigh sé ar an tiarna arís.

D’fhéach sé timpeall an halla. Bhí sé chomh mór lena theach féin agus maisithe go ríoga ag an tiarna. Bhí boladh feola agus glasraí cócaráilte san aer. Pictiúir ar fud na háite. Rudaí nach raibh feicthe ag Peadar cheana. Cairpéad ar an urlár agus lampaí ola ag caitheamh solas tláith ar an áit. Sheas sé ansin agus iontas air. Tar éis tamaill, thug sé faoi deara pictiúr ollmhór a bhí ar crochadh ar an mballa. Pictiúr d’fhear uasal gléasta in éadaí dubha catha. Chaith sé nóiméad ag stánadh air. Tháinig corrabhuais ar Pheadar. Bhí olcas éigin i súile an fhir seo. Chrith sé.

Go tobann chuala sé coischéimeanna taobh thiar de. D’iompaigh sé. An tiarna a bhí ann. Thosaigh Campbell ag eascainí is ag béiceadh. Dhruid sé 134


le Peadar agus é ar steillmhire. Chéimnigh Peadar siar i dtreo an dorais ag iarraidh éalú ón teach. Dhírigh Campbell a chorrmhéar air agus i dtreo an urláir agus é ag béiceadh. Chonaic Peadar ansin go raibh paiste aoiligh fágtha ag a chuid bróg ar chairpéad an halla. Ní raibh sé de nós aige a chuid bróg a glanadh sula dtéadh sé isteach i dteach. B’ionann an t-aoileach agus urlár a thí féin. Bhain sé imeall an dorais oscailte amach. ‘If only Cromwell had driven you stupid Irish into the ocean and not just to Connacht,’ a dúirt Campbell leis. Bhain Peadar a chaipín de mar chomhartha leithscéil. Tháinig laghdú feirge ar Campbell. ‘Tomorrow. Nasheeah Well, needs to be covered. Shilling then!’ agus leis sin dhún sé an doras.

D’iompaigh Peadar ar a bhealach abhaile. Rinne sé machnamh ar an méid a tharla sa teach. ‘Nasheeah Well’ a dúirt sé leis féin. ‘Céard sa diabhal é sin?’ Ansin thuig sé gurbh é Tobar na Síthe a bhí i gceist ag an tiarna. Ní fheadar cad a theastaíonn uaidh a dhéanamh leis, smaoinigh sé. Níor rith sé le Peadar nár smaoineamh maith é bheith ag cur isteach ar mhaoin na Síthe. Lean Peadar ag caint leis féin. ‘Luaigh sé ainm agus é ag eascainí, cad é an t-ainm sin? Is ea, Croim Bhuel.’ Thuig Peadar go raibh tábhacht éigin ag baint leis an ainm sin ach níor thuig sé go díreach go dtí gur bhain sé geata a ghabháltais féin amach. ‘Más buan mo bhéaloideas ba é an duine a léirscrios an t-oileán seo in aimsir mo shin-sin-seanmhuintir é.’ Chuir sé grainc ina éadan ansin agus rith sé leis gurbh fhéidir gurbh é an fear sa phictiúr an diabhal Croim Bhuel sin. ‘Déarfainn go bhfuil gaol aige le Campbell.’ Chaith sé seile ar an talamh.

135


Bhain sé doras an tí amach, ach sula ndeachaigh sé isteach, stad sé. Fuair sé an boladh bréan a d’airigh sé ar maidin. Bhí sé ní ba láidre agus ní b’urchóidí. Chas sé timpeall agus chaith sé súil ar fud na háite. Ní raibh údar an bholaidh le feiceáil. Bhí an ghrian imithe in éag agus bhí marbhsholas ann. Agus i bhfad óna theach ar bharr an mhullaigh, chonaic sé spéir breac le héin. Preacháin ba dhóigh leis. Éin an bháis. ‘Tá rud aisteach faoi bhun anocht agus ní thuigim cad is cúis leis.’ Chuaigh sé isteach ina theach, dhún an doras agus chuir bolta air. Las sé tine agus réitigh sé é féin don leaba. Bhí an oíche ag teacht.

An oíche sin ní raibh fonn codlata ar Pheadar. Mhachnaigh sé ar an méid a thit amach an lá sin. Ní raibh a fhios aige cén fáth ar thrasnaigh sé imeall dhoras an tí nó cén fáth ar chúb sé os comhair an tiarna. Níorbh iad siúd na rudaí ba mhó a chuir as dá chodladh áfach ach an boladh bréan sin. Níor thuig sé cén fáth.

Nuair a thit sé ina chodladh ar deireadh, bhí a bhrionglóidí lán le dorchadas. Argóintí leis an tiarna. An tiarna ag cur an ruaig air as a theach. Súile an fhir sa phictiúr. Ba é an tromchodladh ba scanrúla a bhí aige ná slua meatachán á leanacht trasna na bpáirceanna ag iarraidh plaiceanna a bhaint as.

Dhúisigh Peadar de phreab agus é báite le hallas. Bhraith sé go raibh rud éigin mícheart sa saol agus go raibh olcas éigin tagtha air. Níor chuala sé tada agus ní fhaca sé dada ach oiread. Bhí an tine tar éis iompú ina haibhleoga dearga. Solas tláith á shíolú uaithi. Ansin sa dorchadas chuala sé scríobóga beaga tobanna ar an doras. D’éirigh sé as a leaba agus chuir sé a chóta air. Bhraith sé go raibh an teach ní b’fhuaire ná riamh. Shiúil sé 136


chomh fada leis an doras agus rinne sé iarracht éisteacht le cad ba chúis leis an bhfuaim. Stop sí. ‘Céard atá ag tarlú?’ a dúirt sé go hard leis féin. Thosaigh an scríobóg arís. Tháinig imní ar Pheadar ansin. Las sé lampa ola le cúnamh ó na haibhleoga. Caitheadh solas lag ar an seomra. Thug sé sómas agus misneach dó.

Bhain sé an bolta den doras, agus leis sin, brúdh isteach é. Chéimnigh Peadar siar agus d’fhéach sé isteach i mbearna an dorais. Bhuail an boladh uafásach sin a shrón arís a bholaigh sé ní ba luaithe an lá sin. Thóg sé nóimeád ar shúile Pheadair dul i dtaithí ar an dorchadas agus ansin ba léir dó go raibh figiúr duine ann ina sheasamh ar a thairseach. Bhí sé díreach lasmuigh de réimse sholas an lampa. Bhí an figiúr úd ag stánadh air. Faoi sholas na gealaí, chonaic Peadar go raibh cuma mheata ar an duine seo. Cheap Peadar gur dhuine de na daoine a bhí thíos leis an ngorta é. ‘Cad atá uait?’ a d’fhiafraigh Peadar de. ‘Cé tú féin? Ambaiste, scanraigh tú mé. An é go bhfuil bia ag teastáil uait?’

Shiúil an figiúr isteach ina theach agus bhuail solas an lampa i gceart é den chéad uair. Tháinig anfa ar Pheadar. Níor chreid sé a bhfaca sé. Corpán a bhí ann ach corpán a bhí ina sheasamh, corpán neamh-mharbh. Bhí éadaigh shíonbhuailte shlaimiceacha air. Súile gan bheatha ann agus bréantas as cuimse ag teacht uaidh. Chroch craiceann an chorpáin go bog ar a éadan creatach. Shín an neamh-marbh lámh mheata theasctha i dtreo Pheadair. Scaoil éagaoin uaidh agus d’ionsaigh é. D’fhógair Peadar ‘Fan amach uaim nó déanfaidh mé dochar duit!’ ach níor stad an t-ionsaí. Bhí an neamh-mharbh ag iarraidh greim a bhreith 137


air. Sheas Peadar siar cúpla céim le bearna a chruthú eatarthu ach thruipeáil sé. Leaindeáil an neamh-mharbh air. Tháinig aghaidh an neamh-mhairbh cóngarach d’aghaidh Pheadair. Bhí a bhéal ag snapadh agus bhí cúr ag titim de. Chuir Peadar ceann dá lámha ar mhuineál an neamh-mhairbh chun é a bhrú uaidh. Scrabh lámha saora an neamhmhairbh aghaidh Pheadair. Rinne sé iarracht breith ar lámha an neamhmhairbh. Le linn na húnfairte, d’éirigh le Peadar lámh a chur ar fhearsaid éigin agus bhuail sé ceann an chréatúir. Thit sé ina phleist ar Pheadar agus chuir sé an corp ar leataobh. D’fhéach Peadar ar a raibh ina lámh aige. A shluasaid a bhí ann.

Sheas Peadar. Mhothaigh sé go raibh bodhrán á sheinm ina bhrollach agus go raibh siabhrán air. Bhí análacha troma á dtarraingt aige. D’fhéach sé ar an gcorpán. ‘Cén draíocht é seo?’ a dúirt sé le huaibhéaltacht. Bhí sé ar steillchrith go dtí gur airigh sé an brothall. Briseadh an lampa ola le linn na troda. Bhí na bladhmanna tar éis an díon tuí a aimsiú.

Thréig Peadar an teach ansin in éineacht lena shluasaid. Rith sé amach sa ghairdín tosaigh agus baineadh geit as. Faoi sholas na gealaí deircí, chonaic sé imlínte figiúirí, chuala sé an éagaoin agus bholaigh sé bréantas na neamh-mharbh. Thuig sé go raibh meitheal díobh tagtha ar a ghabháltas agus go raibh air éalú nó mharóidís é.

Thíos leis i dtreo an gheata. Tháing neamh-mhairbh as an dorchadas agus sheas siad ina bhealach. Rinne siad iarracht lámha a chur ar Pheadar ach bhrúigh sé uaidh iad le fearsaid na sluaiste. Lean sé ag rith. Ní fhéadfadh sé titim nó bheadh meitheal díobh air. Ba mheatacháin iad agus b’éasca dó iad a bhrú uaidh. Amach an geata leis agus rinne sé bogshodar síos an bóthar. Éidreoir air agus é ag tarraingt anála go trom. Chaith sé súil ar ais 138


i dtreo a thí. Bhí sé ar fad faoi thine faoin tráth seo. Bladhmanna móra á gcur suas san aer agus ansin chonaic sé iad i solas na tine. Slua mór díobh á leanúint. Mheas sé go raibh scór díobh ann ar a laghad.

Léim sé thar bhalla páirce agus rith sé uathu. Ba léir dó nach raibh bua aclaíochta acu agus theastaigh ó Pheadar an méid ba mhó constaicí a chruthú idir é féin agus iad. Tar éis dó an ceathrú páirc a thrasnú agus an cúigiú balla a dhreapadh, chas sé timpeall le feiceáil an raibh siad fós á leanacht.

Bhí sé tréithlag, fliuch leis an allas agus le drúcht an fhéir. Bhí pian nimhneach ina chosa agus go háirithe ina aghaidh. Bhí allas a éadain ag cur as do na scrabhanna a rinne an neamh-mharbh. ‘Mo mhallacht ar m’aois!’ a dúirt sé.

Chaith sé súil trasna na bpáirceanna. Ní raibh scéal díobh le feiceáil faoi sholas tláith na gealaí ach bhí iarsma den bhréantas fós le bolú san aer. Chas sé agus thosaigh sé ar an mbogshodar arís. Thóg sé trí chéim sa treo eile go dtí gur aimsigh a chos bearna. Thit sé, agus le linn na titime, thuig cad a bhí déanta aige. Bhuail sé an talamh go trom agus níor airigh sé mórán go ceann tamaill eile. Bhí sé tar éis titim isteach i dTobar na Síthe.

Nuair a dhúisigh sé níor chuimhnigh sé mórán agus ní raibh sé in ann mórán a fheiceáil ach oiread. Mhothaigh sé pian ollmhór ina cheann agus ina chorp. Bhí míobhán air. Sheas sé agus d’fhéach sé timpeall na háite ina raibh sé. Chuaigh a shúile i dtaití ar an dorchadas de réir a chéile. De réir dealraimh, bhí sé ina sheasamh i bpluais mhór ag bun an tobair. Bhí na ballaí déanta de chlocha ildathacha agus shoilsigh crithloinnir uathu. ‘Cá bhfuilim?’ a dúirt sé leis féin os ard. Tháinig imeachtaí na hoíche ar 139


ais chuige. Thuig sé cá raibh sé. ‘Dia dár sábháil! Conas a éalóidh mé as an áit íochtarach seo?’

D’ardaigh sé a shúile agus d’fhéach sé ar bhéal an tobair lasnairde. Chonaic sé an ghealach ag lonrú agus drithliú na réaltaí. Rinne sé machnamh ar a chás agus lena linn chuala sé corraí neach éigin thíos sa phluais leis. Baineadh bíogadh as. D’iniúch sé an áit go mion ach ní raibh sé in ann radharc a fháil ar údar na fuaime. Ansin chuala sé dordghuth uafásach údarásach a chuir eagla air. ‘Cé atá i m’fhosú? Cé a chuireann isteach ar choladh Chrom Cruach?’ a dúirt an guth. D’iompaigh Peadar timpeall agus é ar steillchrith leis an eagla. Bhuail radharc iontach a shúile. Bhí fear ann sa phluais leis nach raibh ann nóiméad ó shin. D’aithin Peadar aghaidh an fhir. Díreach os a chomhair sheas an fear céanna a chonaic sé ní ba luaithe an lá sin sa phictiúr i dteach mór an tiarna talún. Ba é féin ina steillbheatha é, Cromwell, ach bhain rud ait lena chuid súl. Easpa beochta iontu agus draíocht de chineál éigin. Eisileadh dubhchumhachta. Labhair Peadar leis go mall. ‘Dia dhuit, a dhuine uasail... is... is mise Peadar agus táim tar éis titim isteach i do phluais trí thimpiste. Mo leithscéal, ach cé tú féin? Crom Cruach an ea nó Croim Bhuel?’

Go tobann dhruid Crom leis. Bhí a aghaidh orlach ó aghaidh Pheadair féin. D’fhreagair sé é. ‘Is mise Crom Cruach, seandia na híobartha de chuid na gCeilteach. Mo ghráin ort is ar do mhuintir a thréig mé tar éis theacht Phádraig.’ Bhí nimh ina ghuth agus lean sé ar aghaidh ag labhairt. ‘Is mise Cromwell, Strongbow, cúis theacht na Lochlannach agus gach léin eile a raibh na hÉireannaigh thíos leo ón am a d’iompaigh sibh ar an 140


gCríostaíocht!’ Chaith sé seile tar éis an focal deireanach a rá.

Bhí sceon ar Pheadar faoin am seo agus thosaigh sé ag cuardach bealaigh chun éalaithe. Ní raibh bealach ann. Shocraigh sé a fhód a sheasamh ansin agus bhí sé de dhánacht ann ceist eile a chur ar Chrom. ‘An tusa is cúis leis na neamh-mhairbh mhínádúrtha úd thuas?’ Stán Crom ar Pheadar. Chéimigh sé siar beagán agus fuath ina shúile ‘Is mé araon leis an ngorta is cúis leo. Ní cuimhin libh na seanbhealaí, go bhfuil gá le híobairt, go bhfuil gá ómós a léiriú ar mhaithe leis an bhfómhar.’ Lean sé leis an gcaint, é ag eascainí agus ag tabhairt íde béil. Le linn na cainte d’airigh Peadar an bréantas athuair, agus i lár óráid Chroim, thosaigh neamh-mhairbh ag titim isteach sa tobar idir Peadar agus Crom. Bhí sé aimsithe acu.

Chuimnigh Peadar ar an tsluasaid agus phioc suas í. Chúliompaigh sé agus chuir sé a dhroim i gcoinne an bhalla. Thosaigh Crom ag gáire agus líon a ghuth an phluais. Míbhinneas oilc. Thuig Peadar go raibh a chosa nite. Líon na neamh-mhairbh an phluais de réir a chéile agus sula i bhfad bhí an áit ag cur thar maoil leo. Ní raibh aon éalú uathu. Bhí se timpeallaithe.

Rinne siad ionsaí air, iad ag iarraidh mantanna a bhaint as. Bhrúigh sé uaidh iad lena shluasaid. Ní bheadh mórán faidhbe aige iad a choinneáil amach uaidh de ghnáth ach bhí tuirse air anois. Ba dheacair dó é féin a chosaint. Ní raibh deireadh lena gcuid ionsaithe.

Le linn na troda bhuail sluasaid Pheadair balla na pluaise agus thit cloch mhór den díon. Chuir sé seo ionadh air. Rith smaoineamh leis ansin go 141


bhféadfadh an lámh in uachtar a bheith aige sa deireadh agus buntáiste a bhreith ar Chrom. Smiot sé a shluasaid i gcoinne an bhalla arís d’aon ghnó agus thit dhá chloch eile anuas den díon. D’imphléascfadh sé an phluais.

D’iompaigh sé a dhroim ar shlua na neamh-mharbh ansin agus rinne sé ionsaí fíochmhar ar na ballaí leis an tsluasaid. Rith sé anonn is anall ag bualadh na mballaí. Smiot sé iad is scor sé iad. Ghreasáil sé iad le lann na sluaiste. Rug duine de na neamh-mhairbh ar a ghualainn agus bhain sé plaic as. Scread Peadar agus chaith sé a uileann ar ais in aghaidh an chréatúir ach ní raibh sé in ann éalú uaidh. Rug cinn eile air. Bhain siad mantanna as agus d’fhág siad marcanna ina chraiceann. Shocraigh sé a intinn agus lean sé lena thasc. Rith ó bhalla go balla á mbualadh fós. Cheap sé go raibh sé fuar aige tabhairt faoi go dtí gur thosaigh píosaí beaga ag titim den díon. De réir a chéile, d’éirigh siad ní ba mhó agus ní ba mhó. Níor thuig Crom cad a bhí i gceist aige go dtí go raibh leaca móra cloiche ag titim anuas gan cabhair Pheadair. Stad a gháire agus scaoil Crom uallfairt mhillteanach. Rinne sé iarracht Peadar a bhaint amach le stop a chur leis ach ní raibh sé in ann de dheasca shlua na neamh-mharbh. Bhí an iomarca díobh eatarthu. Tháinig stainc ar aghaidh Pheadair sular líonadh an phluais agus maraíodh a raibh ann. Ba é smaoineamh deireanach Pheadair ná aghaidheanna a mhná agus a pháistí. ‘Feicfidh mé sibh ar ball,’ a dúirt sé leis féin.

142


Na hÚdair Mac léinn ar an MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge is ea Eoin Mac Aodha Bhuí. Bhuaigh sé Bonn ‘Uan Uladh’ in 2013.

Is teagascóir i gCOBÁC é Gearóid Ó Conchubhair. Bhain sé MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge amach i mbliana.

File í Róisín Ní Earcáin a bhain MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge amach in 2013.

Rinne Eoin Ó Cróinín staidéar ar an nGaeilge i gCOBÁC idir 20092013. Tá sé ag múineadh Béarla sa Fhrainc anois.

Bhain Róisín Ní Mhaolchallann MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge amach in 2013. Is ag obair mar ateangaire agus mar aistritheoir atá sí i láthair na huaire.

Is ag múineadh Gaeilge in Ollscoil Connecticut ar scoláireacht Fulbright atá Gearóid Mac Suibhne.

Teagascóir Gaeilge agus iníon léinn máistreachta i gCOBÁC is ea Eilís Nic Aodhagáin.

Iníon léinn dochtúireachta agus léachtóir i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, COBÁC is ea Aoife Uí Fhaoláin.

Tá intéirneacht sa mháinliacht in Ospidéal Thamhlachta idir lámha ag Eoin P. Ó Murchú i mbliana. Bhain sé céim amach sa Leigheas in 2013.

143


Bhain Oisín Morrison MA sa Nua-Ghaeilge amach in 2013. Tá sé ag teagasc i gCOBÁC faoi láthair.

Bhain Cormac Breathnach MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge amach in 2013. Is ag obair le Foras na Gaeilge ar an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge atá sé anois.

Mac léinn MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge is ea Seán Ó Raghallaigh. Iar-mhúinteoir é a bhfuil taithí na mblianta aige ag teagasc na Gaeilge agus na Matamaitice.

Mac Léinn ar an MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge ba ea Marc Ó Fearáin ó 2011-2012. Tá sé lonnaithe san Astráil anois.

Saoraistritheoir is ea Oisín Ó Doinn. Bhain sé MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge amach in 2013.

144


145


12xxx_BNG A5 STUDENT services ad.qxp_Layout 1 10/04/2014 09:59 Page 1

Seirbhísí Bhord na Gaeilge UCD

Bord na Gaeilge UCD 2014/2015

Seirbhísí •

Cúrsaí Teanga ag 5 Léibhéal

Scéim Chónaithe Ghaeilge (24 Scoláire)

Modúl Horizons do Mhic Léinn Scoláireachta

Imeachtaí Cultúrtha agus Spóirt

Cúrsaí Gaeltachta

Seirbhís Aistriúcháin

Tacaíocht do Chumainn agus do Chlubanna

Gradaim Bhord na Gaeilge

Foilseacháin

U CD

naGaeilge d r o B / m o .c k www.faceboo

www.ucd.ie/bnag


MA/Dioplóma Iarchéime: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge

Lárionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath



Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.