Nua Aois 2014-5

Page 1

Nach leor reo na ndeor Nach leáfaidh teas na gréine fuaire?

nua-aois 2014-2015


1


Clár Na hÚdair

5

Brollach Gearóid Denvir

11

Focal ó na hEagarthóirí Éilis Nic Aodhagáin & John Woods

14

Critic agus Taighde Tsechobh, Túrgénebh agus Púiscín na Gaeilge: nótaí ar Mhaighréad Nic Mhaicín, aistritheoir Máirtín Coilféir

59

Céard is saoirse chollaí ann? Dearcadh éighnéasach ar Cúirt an Mheán-Oíche Lisa Saladin

107

‘[T]riall thar an chrích dofheicthe sin sa talamh’: An Scríbhneoir agus Íomhá na

2


Gaeltachta Ian Ó Caoimh

158

Is mó an tábhacht a bhaineann le ceist an léitheora ná ceist an údair don chritic liteartha John Woods

192

Foinsí

228

Filíocht Oidhreacht fé cheilt Stiofán Ó hIfearnáin

27

Geallta Ciara Ní Éanacháin

84

Leoró Eoin Mc Evoy

105

Gearrscéalaíocht Ionsaí Eoin Mc Evoy

16

3


Fáistine Mhacdara Majella Ní Dhomhnaill

28

An Cuairteoir Íde Ní Rodaigh

87

Stáitse na Mac Tíre Lisa Nic an Bhreithimh

103

Míorúilt Raghnallach Eoin P. Ó Murchú

128

El supermercado del sur Éilis Nic Aodhagáin

141

Aire an Díomhaointis Fiachra Ó Muircheartaigh

4

185


Na hÚdair Máirtín Coilféir Is as an Uaimh, Co. na Mí do Mháirtín Coilféir. Tá PhD aige ó Choláiste na Tríonóide agus is léachtóir é i Lárionad de Bhaldraithe, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá sé ina eagarthóir liteartha ar an iris Comhar freisin. Eoin Mc Evoy Teagascóir le Gaeilge sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath is ea Eoin agus é díreach fillte ó bhliain ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil Villanova in Philadelphia. Majella Ní Dhomhnaill Rinne Majella staidéar ar an achtúireacht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ó 2005 go 2009. Scríobh sí colún Gaeilge don University Observer le linn a tréimhse ar an ollscoil. Tá duaiseanna don ghearrscéalaíocht bainte amach aici

5


i gComórtais Liteartha an Oireachtais, Comórtas Liam Mhic Uistín agus The Lonely Voice (Áras na Scríbhneoirí). Ciara Ní Éanacháin Baile Átha Cliathach is ea Ciara a chumann filíocht ar a rothar, ina brionglóidí, agus amanna eile nach mbíonn peann ina lámh aici. Bhain sí a céim amach i gColáiste na Tríonóide, áit ar foilsíodh dánta dá cuid sna hirisí Tuathal agus Icarus. Bhunaigh sí an oíche filíochta mhíosúil Reic. Íde Ní Rodaigh Is mac léinn MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge í Íde sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Iarmhúinteoir meánscoile is ea í a chuireann suim faoi leith sa scríbhneoireacht chruthaitheach.

6


Éilis Nic Aodhagáin Is teagascóir Gaeilge í Éilis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar bhain sí céim agus máistreacht amach. Chaith sí bliain ag múineadh Gaeilge agus ceol Gaelach in Ollscoil Montana mar chuid den scoláireacht Fulbright. Tá spéis aici i litríocht Mheiriceá Theas. Foilsíodh gearrscéal amháin léi go dtí seo san iris Comhar. Lisa Nic an Bhreithimh Bhain Lisa máistreacht amach i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i 2012. Is í bainisteoir na ndámhachtainí le Coimisiún Fulbright in Éirinn í anois. Cuireann sí dhá chlár raidió Gaeilge i láthair freisin ar Raidió na Life agus ar FM104. Ian Ó Caoimh Tá Ian ag déanamh PhD ar shaothar Chiaráin Uí Nualláin i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta,

7


COBÁC. Tá sealanna caite aige mar aistritheoir i dTithe an Oireachtais, ar fhoireann eagarthóireachta an Ghúim agus mar iriseoir le Nuacht RTÉ. Is iareagarthóir ar an iris Comhar é agus tá sé ag obair faoi láthair mar eagarthóir taighde ar an tionscadal dúchas.ie, faoina bhfuil digitiú á dhéanamh ar ábhar as Cnuasach Bhéaloideas Éireann. Stiofáin Ó hIfearnáin Tá céim sa Stair agus sa Ghearmáinis idir lámha ag Stiofán sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Foilsíodh dánta leis sna hirisí Comhar agus Stinging Fly. Roghnaíodh é don tsraith Poetry Ireland Introductions mar chuid d’Fhéile Scríbhneoirí Átha Cliath in 2014. Fiachra Ó Muircheartaigh Is as Baile Átha Cliath d’Fhiachra. Rinne sé cúrsa an BA in Ollscoil Luimnigh. Thug bliain sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar ar bhain sé céim na máistreachta amach in 2014. Tá suim aige i nGaeilge

8


na Mumhan agus i litríocht Chorca Dhuibhne go háirithe. Eoin P. Ó Murchú Tá Eoin tugtha don scéalaíocht sa chiall is leithne ar fad den fhocal sin. Bíonn sé sásta gearrscéalta, drámaí agus ailt leis a fhoilsiú aon áit a nglacfar leo. Tá sé ag obair mar chúntóir parlaiminte ar chúrsaí sláinte faoi láthair. Lisa Saladin Is as Moscow, Idaho, i Stáit Aontaithe Mheiriceá í Lisa. Rinne sí a bunchéim ag Coláiste Smith i Northampton, Massachusetts, agus tháinig go dtí an COBÁC ar scoláireacht Fulbright. Tá sí ag scríobh tráchtais MA ar shaothar Biddy Jenkinson faoi láthair. John Woods Is as Co. Liatroma do John. Tá BA agus MA sa NuaGhaeilge bainte amach aige sa Choláiste Ollscoile,

9


Baile Átha Cliath, agus roinnt duaiseanna bronnta ar a chuid oibre sna cúrsaí sin, ina measc duais Ghaeilge na Undergraduate Awards. Tá sé ag obair faoi láthair mar theagascóir Gaeilge in Ollscoil Notre Dame faoi choimirce Choimisiún Fulbright.

10


Brollach Gearóid Denvir Trí Glúine Gaelscríbhneoireachta, ris a ráitear Glúin na hAthbheochana, Glúin an Chogaidh agus Glúin Innti. Chruthaigh an chéad ghlúin gurbh fhéidir, an dara glúin gurbh fhiú, agus an treas glúin, scaoileadar amach an bobailín. Ag sin an leagan amach clasaiceach, soiscéal na critice, freagra scrúdaithe an mhic léinn dhíograisigh maidir le foinse, foirm, forás agus feidhm Chreideamh an Fhocail in imeacht an 20ú haois. Bhí filí Innti glórach, glórmhar, greannmhar, gealgháireach.

Bhíodar

fuinniúil,

fuinte,

féinmhuiníneach, flasúil. Bhaineadar le spleodar, le réabhlóid, leis an gcuma liom sa deabhal seascadúil sin a chuir deireadh go brách le cruinneshamhail dhubh agus bán Éire na 1950í agus na tréimhse buanchoimeádaí roimhe sin. Bhaineadar leis an nglúin a dhearbhaigh a n-ardrí Mhichael Davitt a

11


chonaic ‘fis i naoi déag seasca trí’ agus a d’fhéach le ‘rithim a chur le brí’ agus ‘leabhróg le ceolántacht na hoíche’, ar fhaitíos ‘go leáfadh an teanga inár mbéal’. Ní raibh glúin Innti beo in impireacht neamhspleách ná ar oileán eile astu féin, áfach, agus ní i gCorcaigh amháin a bhuail na meanmnaí scríbhneoireachta an athghlúin i ndeireadh na 1960í. Bhí dronga eile ag teacht in inmhe le linn na haimsire céanna sin nár leáigh a dteanga ina mbéal ach an oiread, ach a chuaigh ann, a bhuachaill. Ghluaiseadar Ó Thuaidh! Chuadar a dh’ól! Chonaiceadar faobhar na faille céanna.

Léidear

an

leabhairín

beag

dearg.

D’éisteadar le Martin Luther King, leis na Beetles, leis na Stones, le lucht ceannairce na gluaiseachta folk. Chuadar go San Francisco le bláthanna ina gcuid gruaige, idir fhir agus mhná, iad feistithe i mbrístíní teanna corrógacha agus i mionsciortaí beiltfhada.

Mhairseáileadar

ar

agóidí

ceannairceacha, cúisiúla ar son na saoirse, picéad i leathláimh agus dán sa leathláimh eile.

12


Agus ba ann do Nua-Aois i mbliain sin ár dTiarna 1969 in Ardán Phort an Iarla, agus do Lug i mbábhún Tríonóideach Mhahaffy agus Uí Chadhain, agus do An Scáthán ar chúl na mballaí Pádraigiúla i dtuaisceart na príomhchathrach, agus do Macalla i gCathair na dTreabh thiar. Agus do phromhadar a gcid peann, agus do chomhlíonadar a gcuid macghníomhartha liteartha, agus do rinneadar leas. Agus ba ann don Fhocal i gcónaí. Liosta le háireamh anois i measc éigeas agus saoithe na Gaeilge chéadghlúin sin Nua-Aois – filí, gearrscéalaithe, drámadóirí, criticeoirí, aisteoirí, drong líonmhar a rinne éachtaí nach beag. Bhí glór acu agus b’fhiú éisteacht leis. Údar bróid agus cúis cheiliúrtha do sheanridire an gháire go maireann an glór sin beo i gcónaí idir na clúdaigh seo. Tá an aois nua linn i gcónaí, athleagan den seanscéal á reic, agus fiúntas na miontas laethúil á ríomh ag fiagaithe nua focal, ag nuacheoltóirí teanga.

13


Focal ó na hEagarthóirí Éilis Nic Aodhagáin agus John Woods Is é cothú scríbhneoirí óga príomhchúram Nua-Aois ó bunaíodh an iris. Is ábhar ceiliúrtha dúinn go bhfuil an cothú sin tugtha céim eile ar aghaidh de bharr fhoilsiú an eagráin úir seo. Admhaíonn muid gur toradh ar an dua atá caite ag daoine faoi leith leis an gcothú céanna atá in Nua-Aois 2014-15. Is éard is mian linn a dhéanamh anseo ár mórbhuíochas as a ucht sin a chur in iúl thar ceann choiste Nua-Aois. Tá muid fíorbhuíoch de na scríbhneoirí a rinne ábhar a

sholáthar

dúinn

agus

muid

i

mbun

eagarthóireachta. D’fhéach muid i gcaitheamh an ama le teacht ar chumasc meáite de shaothar ó scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn i láthair na huaire agus ó údair níos aithnidiúla. Bhain an-stró le roghnú an ábhair, agus iarrann muid orthu siúd a chuir saothar ar fáil an babhta seo an deis a thapú an athuair

14


nuair a bheifear ar thóir scríbhinní don chéad eagrán eile. Thug céadghlúin Nua-Aois ugach ní hamháin do scríbhneoirí óga a linne, ach do na glúinte a tháinig ina ndiaidh aniar, agus dúinne atá anois i gceann na hirise. Is mór an onóir dúinn go bhfuil brollach curtha leis an eagrán seo ag an Ollamh Gearóid Denvir. Cuireann an léiriú glé atá déanta aige ar stair na hirise barr smaise ar eagrán na bliana seo. Toradh ar an oiliúint fhial spreagúil a chuirtear ar mhic léinn Nua-Ghaeilge an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, is ea an dream céanna a dhul i mbun pinn go muiníneach. D’fhoireann teagaisc na Nua-Ghaeilge san ollscoil is mó atá creidiúint ag gabháil as an réimse allabhrach, ilghnéitheach scríbhinní atá tiomsaithe in Nua-Aois 2014-15.

15


Ionsaí Eoin Mc Evoy Shleamhnaíodar isteach sa teach go ciúin agus í fós ina codladh. Dorchadas na cistine mar fhallaing orthu agus iad ag dul thart ar an seanbhord, ar an mbabhla aonair a sheas air réidh dá bricfeasta an mhaidin dár gcionn, ar an gcupán leis an scoilteán a thug a hiníon di dá breithlá anuraidh agus í cúig bliana is seachtó d’aois. Leanadar orthu isteach sa seomra suí gan ghíog astu, ag blaiseadh an aeir sheanbhlastúil, ag gluaiseacht thar an gcairpéad caite mar a rachadh cáithníní thar chraiceann, is ar aghaidh leo fós chomh fada le tairseach a seomra codlata. Stopadar. Torathair ghránna, súile gan radharc acu agus adharca uafásacha. Iad taobh amuigh dá doras. Ag éisteacht, ag braistint, ag fanacht. Nuair a dhúisigh Maimeó Mamagán ag a seacht ar an bpointe mar ba ghnách léi, thuig sí láithreach go raibh rud éigin as a riocht sa teach. D’oscail sí súil

16


ghlas ghéar amháin, thug sracfhéachaint ar deis, ar clé, agus roll as an leaba go beo go ndeachaigh sí síos ar a seanghogaide taobh leis an leaba. Chuir sí a spéaclaí uirthi agus a seanchluasa ar leathadh. Bhí an teach ciúin ach bhí bogadach neamhghnách i ndeannach an aeir. Bhí fuinneamh éigin ann mar a bheadh duine éigin eile sa teach, ar an taobh eile dá doras. Sheas sí suas. Rug sí greim ar an dealbh de Mhuire ón gcófra tarraiceáin – chaithfeadh sí a bheith go tapa agus í a bhualadh síos ar cheann an ionróra sula bhfaigheadh seisean seans ar a gabháil. Thug sí léim chuig an tairseach, an dara léim tríd an doras agus an tríú léim suas san aer sular bhuail sí an dealbh go talamh, ina smidiríní ar fud an tseomra suí. Ní raibh éinne ann. “Nach aisteach?” arsa Maimeó Mamagán léi féin. D’fhéach sí timpeall an tseomra fholaimh agus ghlinnigh ar aghaidh tríd an doras oscailte a thug ar an gcistin. Bhí gach rud san áit cheart. “Aisteach. Anaisteach.” Chrom sí chun sligí na deilbhe a bhailiú

17


ina seanlámha críonna. “Gabh mo leithscéal, a Mhuire, ach tuigeann tú féin, ní féidir le bean a bheith róchúramach. Go deimhin, ní thuigeann aon bhean é sin níos fearr ná tusa.” Thóg sí an dealbh bhriste isteach sa chistin agus chaith sa bhruscar í. Bhí sí míshuaimhneach, faiteach, thuig sí go raibh sí i mbaol. Agus bhí ocras uirthi. Uibheagán deas. Dhéanfadh sé sin gach rud a leigheas. Bhain sí na huibheacha ón tseilf go cúramach mar a bheadh éanáin bheo ina gcodladh iontu agus chaith cúpla muisiriún as an gcuisneoir ar an mbord. D’ardaigh sí an friochtán ón raca silte lena dá seanlámh agus d’iompaigh é lena chur ar an ngasfháinne. Ach an gásfháinne níor shroich óir baineadh geit chomh mór aisti sa soicind sin gur léim a hanam as a cabhail agus an friochtán as a lámha. Bhí sí tar éis ceann de na torathair shamhnasacha a fheiceáil san fhriochtán. D’fhan sí ina staic, a croí ag preabadh, agus í ag stánadh le huafás ar ghlóthach a chraicinn, ar a adharca, ar a shúile dalla.

18


Bhí sluga san fhriochtán. Thiontaigh Maimeó Mamagán chuig an bhfón ar an mballa agus bhrúigh ar uimhir 2 ar feadh trí shoicind nó gur chuir sí glaoch ar a hiníon (ba í uimhir 1 an uimhir mheardhiailithe don Chinese ar an mbaile). Chuala sí guth tuirseach ar an taobh eile den líne ach níor chaill sí soicind gur scread: “Slugaí! Slugaí i mo theach, a Ruth! Bhí a fhios agam go raibh rud éigin as a riocht nuair a dhúisigh mé, ach é seo, bhuel! Slugaí i mo theach!... Sea... Sea... Tuigim go bhfuil sé go luath... Sea... Ach is cás práinne é seo… Níl an teach trí thine… Níl… Bhuel, no, níl sé sin ann ach an oiread. Ach cad a dhéanfaidh mé? D’athair a dhéanadh an stuif lofa seo i gcónaí...” D’fhéach sí ar ais ar an urlár. Bhí an sluga fós ina luí i lár an fhriochtáin, cuma Chaligula air. A leithéid d’éadan. “Tá an bastard ag stánadh orm anois, a Ruth! Cad a dhéanfaidh mé chun fáil réidh leis? Agus cad a dhéanfaidh mé má bhíonn clann aige agus iad i bhfolach sna potaí eile agam? … An t-idirlíon, a deir

19


tú ... Ó sea, sin an ríomhaire, nach ea? ... Ó sea. Cróm, a deir tú. Cróm, an ea? Bláth beag ar an scáileán? ... O right yeah. An-mhaith. Slán!” Chroch sí an fón ar ais ar an mballa agus sheas os comhair an tsluga, a cosa scartha, a lámha fillte lena hucht. “Anois, a bhastaird bhig.” Chrom sí uirthi agus ghlac hanla an fhriochtáin ina lámh go cúramach. Chúlaigh sí thar an líonóil dhearg i dtreo dhoras na cistine, gan a súil a bhaint riamh de Chaligula. Thaitin sé sin léi mar ainm. D’oscail sí an doras go mall agus thug crathadh tapa don fhriochtán le Caligula a chur ag eitilt as. “Amach!”, ar sise de scread, agus “Jaysus!” nuair a chonaic sí go raibh an sluga fós greamaithe ann. Rad sí an friochtán mar aon leis an sluga amach an doras agus dhún an doras láithreach, cáithníní ag dul ó chraiceann a cinn go bonn a cosa.

20


“An friochtán is fearr atá agam – an chéad taismeach. Anois...” D’fhéach sí timpeall na cistine agus thug faoi deara go raibh loinnir bhán ar chuid den urlár agus ar bhord na cistine. Rian sluga. In aice lena babhla bricfeasta fiú amháin! Thuig sí go raibh an áit dubh leo. “Tá do chlann anseo áit éigin fós, a Chaligulaín. Beidh aiféala orthu gur tháinig siad anseo, geallaim duit é. Cuirfidh mé an diabhal idir-ríomh seo ar siúl agus beidh siad i bponc. An gcloiseann sibh mé, a rógairí?!” Isteach léi de phreab chuig an seomra suí agus shuigh ag an Dell mór a cheannaigh a cliamhain dá fear céile. Deannach na mblianta air. Bhrúigh sí ar an gcnap chun an ríomhaire a chur ar siúl. D’fhéach sí síos ar an eochaircheap, na spéaclaí subhchrúsca ag sleamhnú go bun a sróin, na súile géara glasa ag lonnrú faoi sholas an scáileáin. Rinne an rud ar fad gíog guag di ach bhí eolas ag teastáil go práinneach.

21


Lean sí uirthi. Password. Céard a bhí ann arís? A hainm féin, bhí sí ag ceapadh. Sin a phioc Jimí nuair a chuir an cliamhain ceist air cén focal slándála a bhí uaidh. Rith deoir thirim léi. Chuir sí isteach a hainm go mall agus bhrúigh ar Enter. Tháinig rud eile ar an scáileán. Rud eile eile. An-chuid rudaí eile. Ach an bláth dathannach beag a bhí uaithi, thuig sí an méid sin. Cróm. Google Chrome. Chliceáil sí air. Scáileán bán anois. Bosca beag sa lár. Dheaschliceáil sí sa bhosca chun scríobh. Cad é sin anois, Undo, Redo, Cut, Copy, Paste, Paste as plain text, Delete, Spellcheck options... ní raibh sí ag súil leis sin. Ní raibh sí ach ag iarraidh scríobh. Chléchliceáil sí. Ó, iontach. Sin é. Bhí líne ag eitilt go héadrom sa bhosca anois. An-mhaith. D’fhéach sí síos ar an eochaircheap, chuir a dá lámh air agus shocraigh é beagán. Chuardaigh sí an chéad litir agus tháinig uirthi idir A agus D. Cén fáth go raibh S idir A agus D? Chroith sí a ceann agus leag méar cham díreach i lár na heochrach. D’fhéach sí ar an scáileán arís. Bhí an S ann sa bhosca. Rinne sí meangadh gáire. D’fhéach sí

22


síos arís: L. Aníos: L. Síos: U. G. A. Í. Aníos: an focal ann ina iomláine. Chuardaigh sí an luchóg arís lena lámh. Search nó Feeling lucky? “Feeling lucky?”, a dúirt sí os ard. Cérbh é sin sa diabhal? Amhrán uafásach le Linda Martin, bhí sí ag ceapadh, ach ní raibh sí cinnte. Ach cén fáth go mbeadh an t-amhrán sin ar fáil ar Google? Nó ar nasc do Ú Tiúb é? Bheartaigh sí cliceáil ar Search agus shuigh sí siar. Slugaí marfacha agus coimhthígh eile an chéad alt a fuair sí. “Go bhfóire Dia orainn. Slugaí marfacha? Sceimhlitheoirí cearta!” D’oscail sí an t-alt le cliceáil ach d’imigh an scáth uafáis óna haghaidh láithreach. “Ó... leathanach de chuid an Aontais Eorpaigh atá ann. Agus mise ag ceapadh gur bhain sé le hÉirinn." Chliceáil sí ar back. "Nach uafásach an áit í an Eoraip.” Chuimhnigh sí ar an mBéarla atá ar shlugaí. Bheadh treoir d’Éireannaigh i mBéarla, cinnte. Chuir sí K I L L S L U G S isteach agus tháinig díreach ar an rud a bhí uaithi: 5 ways to get rid of slugs. Ní raibh Béarla Mhaimeó Mamagán thar mholadh beirte ach

23


lean sí uirthi agus bhrúigh ar an alt. Cornflour. Níor thuig sí sin. Ammonia. Níor thuig sí é sin ach an oiread. Beer. Bhí sí ag ceapadh gur beoir a bhí ansin ach ní raibh aon bheoir sa teach aici ó tharla tórramh Jimí. Salt. Salann. Bhí salann aici ceart go leor. Sheas Maimeó Mamagán suas agus diabhlaíocht ina súile. Amach léi chuig an gcistin agus rug ar an salann ón gcófra agus ar spúnóg mhór ón tseilf. Seána Codlata an Bháis a bhí inti anois agus na huirlisí marfacha seo ina lámha aici. Bheadh na slugaí scantraithe ceart roimpi. Chuaigh sí ar a dtóir, ag sracadh dhoirse na gcófraí ar oscailt is ag bogadh oirnimintí, í ag caitheamh an tsalainn ar fud na háite gan féachaint ar dtús fiú an raibh slugaí ann nó nach raibh. Ar aghaidh léi ar an gcaoi sin nó gur bhain sí an seomra folctha amach. Bhí sliocht Chaligula go léir cruinnithe ann. Na céadta acu. Agus iad thar a bheith

sásta

leo

féin,

de

réir

dealraimh.

Sceimhlitheoirí i Márta a trí ag ligint a scíth ina

24


folcadán. Bhuel, ba bheag nár réab Maimeó Mamagán an díon ón seomra leis an mbúir a lig sí aisti. Shrac sí an barr ón salann agus d’imigh sí as a crann cumhachta á chrathadh orthu, ar na slugaí beaga agus na slugaí móra, ar na cinn dhonna agus na cinn dhubha, ar na Lashkarí agus ar na Taiba, go dtí nach raibh fágtha ach manglam bréan putóga i mbun an fholcadáin. Sheas Maimeó Mamagán siar ón bhfolcadán agus thug féachaint ar an ár a bhí déanta aici. “An-jab,” ar sise léi féin agus d’fhill ar an gcistin chun an tuibheagán deas a bhí uaithi a dhéanamh. Fuair sí friochtán nua as an gcófra, chaith an salann amach as agus chuir ar an ngasfháinne é. “Ar ais ar mo sháimhín só, a Mhuire,” ar sise leis an mbosca bruscair, “beidh a ndiabhal anamacha agat thuas sul i bhfad.” Chaith sí na huibheacha isteach san fhriochtán agus ghearr na muisiriúin agus chuaigh ag dord timpeall na cistine le seanéadach ina seanlámh ag glanadh rian na dtorathar ón saol. É sin déanta,

25


d’iompaigh sí an friochtán agus lig don uibheagán titim as ar a pláta. Shuigh sí ag an mbord agus d’fhéach thart timpeall ar an gcistin go sásta. Is sa soicind sin a thug sí an chéad téad damháin alla faoi deara.

26


Oidhreacht fé cheilt Stiofán Ó hIfearnáin Téann siad isteach i gciúnas an Domhnaigh, Le hairní na Samhna reoite sa bhfál. Chomh searbh leosan atá na cuimhní sin, Na gaolta dearmhadta: a n-oidhreacht fé cheilt. Scéalta a deireadh sa chistin le comhars’na, Pictiúirí éigin ar bhallaí na dtithe. Grúpa leaids óga: a soineantacht gafa, Mortuary cards in sna leabhair urnaithe.

27


Fáistine Mhacdara1 Majella McDonnell Mhéaraigh an tseanbhean an liathróid chriostail lena lámha cnámhacha. Bhí a droim chomh claonta le comhartha ceiste agus bhí corrfhiacail in easnamh aici. Chuir an bandána dearg a bhí thart ar a ceann, chomh maith leis na fáinní móra gairéadacha a bhí ar crochadh óna cluasa, cuma na giofóige uirthi. Caithfidh go raibh ochtó bliain slánaithe aici, ar a laghad. I mbeagán focal, bhí sí ar an tseanbhean ab aistí a bhí feicthe ag Macdara riamh. Nuair a labhair sí, bhí gráin le haireachtáil ar a guth íseal piachánach. Nó b’shin mar a samhlaíodh do Mhacdara é ach go háirithe. “Beidh tuilleadh áthais ar Mhacdara, ach tuilleadh

Ba cheart dom a chur in iúl go bhfuil creatlach an scéil seo bunaithe ar Macbeth le William Shakespeare. 1

28


bróin chomh maith. Beidh sé níos lú mar dhuine ach níos mó chomh maith!” Bhí an chailleach ag cur an dubh ina gheal air. Thosaigh sé ag bualadh na gcos go rithimeach ar an urlár chun a fhrustrachas a chur in iúl di. “An bhfuil aon rud eile i ndán dom?” Go mall réidh, dhírigh an tseanbhean suas ina cathaoir chomh maith agus ab fhéidir léi. Chúngaigh sí a súile go headarnaíoch air. “Rud amháin eile. Beidh maoin shaolta ag Macdara… cé go mbeidh sé chomh bocht leis an deoir!” Spriúch Macdara ansin. “Níor íoc mé cúig euro chun éisteacht lena leithéid de rámhaillíocht!”

29


Mháirseáil sé amach as an bpuball agus faghairt sna súile aige. D’fhág páistí óga a bhealach de sciuird ar a fheiceáil dóibh go raibh sé le cuthach. A leithéid de mheilt airgid! Shiúil an fear ard dathúil suas agus síos ar phromanáid Bhré go dtí go raibh an fhearg maolaithe. D’fhanfadh sé nó go bhfeicfeadh sé folt rua a mhná céile, Liv, ag teacht amach as an sciamhlann lámh-mhaisithe agus d’inseodh sé di faoi fháistiní raiméiseacha na seanmhná. * An lá dar gcionn, chuir Macdara a ríomhaire ar siúl roimh éirí as an leaba dó. Bhí Liv imithe go dtí an oifig cheana féin, í ag obair mar chléireach bainc sna Clocha Liatha. B’fhuath léi leadrán an phoist sin thar aon ní eile - rud a deireadh sí le breis coilg arís is arís eile leis um thráthnóna. Dá mbeadh an rogha aici, d’éireodh sí as agus thabharfadh faoi ghairm bheatha mar stílí pearsanta.

30


Bhí morgáiste mór le híoc acu as ioncam a bhí ag éirí níos lú. Buiséad i ndiaidh buiséid mar gheall ar na pleidhcí sin sa rialtas, faraor. Chonacthas do Mhacdara go mbeadh sí ina cléireach bainc ar feadh tamaill mhaith eile. Thosaigh sé ag léamh na nuachta ar an idirlíon. Ní raibh aon ábhar inspéise ann inniu. Lean sé de bheith ag scagadh an tsuímh. Ní raibh deifir ar bith air dul chun na hoibre. Bhí post aige mar chuntasóir sóisearach i ngnó a athar, Donncha, os cionn cógaslainne ar phríomhshráid Bhré. Dar ndóigh, ní bheadh Donncha ródhian ar a mhac dá mbeadh moill cúpla nóiméad air. I dtús báire, ba é an t-aon fhostóir amháin a thabharfadh post dó tar éis gur theip air i ngach ceann de na scrúduithe cuntasóireachta san ollscoil. De réir a chuimhne, ní raibh sé dian air riamh. A mhalairt a bhí i gceist, bhí sé níos flaithiúla ná mar a bheadh fir eile lena gclann

31


mhac. Bhí Liv den bharúil gur mhill Donncha é toisc gur pháiste aonair é, is go raibh trua aige dó freisin toisc gur thréig máthair Mhacdara an teaghlach agus é fós an-óg.

Lig Macdara méanfach agus chliceáil isteach ar shuíomh gréasáin an bhainc. Ní raibh seiceáil déanta aige ar a chuntas le cúpla seachtain anuas agus ní raibh a athrach le déanamh anois aige. Chuir sé a phasfhocal isteach. Thosaigh ciorcal ag rothlú i lár an scáileáin fad is a bhí a chuid eolas pearsanta á bhailiú ó chomhad éigin a scamaill. Céard é sin, in ainm Dé? Léirigh an t-eolas ar an scáileán go raibh €5,001,791 ina chuntas bainc aige! Ní fhéadfadh sé sin a bheith fíor. Bhí sé ag súil le figiúr idir €500 agus €1,000! Chealaigh sé an leathanach idirlín agus rinne atriail air. Bhí an toradh ceannann céanna air. Thosaigh croí

32


Mhacdara ag bualadh chomh trom sin gurbh eagal leis go gcloisfeadh na comharsana é. D’fhill a chuid smaointe ar fháistiní na caillí aistí ar Chladach Bhré an lá roimhe sin. An bhféadfaí go raibh an tuar tagtha faoin tairngreacht ag an tseanbhean? Níor bhac Macdara le dul isteach chuig an oifig ina dhiaidh sin. Chuir sé scairt ghutháin ar a athair agus thug leithscéal dó a chum sé ar an bpointe faoi thinneas cinn a bheith air. Chuala sé osna íseal ar an taobh eile den líne agus, go gairid ina dhiaidh sin, guth mánla Dhonncha ag glacadh lena bhréag agus ag moladh dó a scíth a ligean ar feadh an lae. Shamhlaigh sé an seanfhear liath cromtha go foighneach thar a dheasc, carn mór comhad agus cáipéisí os a chomhair amach faoi seo. Bhraith sé arraing na ciontachta ina bholg, ach ba ghearr a mhair sí. D’imigh an t-am thart go mall go dtí gur fhill Liv abhaile. Toisc gur chléireach bainc í, bhí sé ar bior

33


lena tuairim phroifisiúnta a fháil. Bhreathnaigh sí go díchreidmheach ar an scáileán ar feadh cúpla meandar agus, ar deireadh thiar thall, thacaigh lena thuairim féin gur botún bainc a bhí ann. “Déanfaidh an banc teagmháil leat laistigh de chúpla lá, is dócha” a dúirt sí. “Ar chóir dom scairt ghutháin a chur orthu maidin amárach, mar sin?” a d’fhiafraigh Macdara di. Bhreathnaigh sí go searbh air. “Cén fáth a ndéanfá sin, in ainm Dé? Botún an bhainc a bhí ann - ní gá duitse aon rud a dhéanamh faoi. Fan go bhfeicimid cad a tharlóidh.” D’fhan Macdara go dtí deireadh na seachtaine - agus ansin, go dtí deireadh na seachtaine ina dhiaidh sin arís. Fós, ní raibh húm ná hám as an mbanc. Tar éis trí seachtaine, d’éirigh sé compordach leis an gcarn

34


mór airgid a bhí ag dul chun báine ina chuntas bainc. D’íoc sé gach bille a bhí fágtha acu agus chuir seachtain in Oileán Mhuirís in áirithe. Ar an Satharn, chuaigh Liv isteach go dtí an chathair agus cheannaigh lán vardrúis d’éadaí nua di féin. Seachtain ina dhiaidh sin arís, dhoirt sí gloine fíona dóibh beirt agus tharraing anuas smaoineamh “úrnua” a bhí aici le tamall anuas: a post sa bhanc a fhágáil agus clárú do chúrsa traenála mar stílí pearsanta. Bhí tuairim Mhacdara faoin bplean seo á lorg aici. “Bheadh sé sin togha liomsa, a stór. Tá go leor airgid againn chun go bhféadfaidh tú do rogha rud a dhéanamh!” Phóg sí le breis gairdis é agus thug fógra scoir don bhanc an lá arna mhárach.

35


Lean Macdara air ag obair do Dhonncha toisc go gcaithfeadh sé normáltacht de shaghas éigin a choimeád ina shaol agus, thairis sin, ní raibh sé ag iarraidh go mbeadh daoine á cheistiú an iomarca. Bhí go leor ceisteanna ciapacha le freagairt aige cheana fein ó chairde agus ó chomharsana maidir leis an saol bog a bhí acu anois. “Torthaí maithe ar an stocmhargadh,” a deireadh sé go minic leo. Ní raibh sé ag iarraidh go gceapfadh daoine gur éirigh leis sa Chrannchur Náisiúnta, nó aon rud dá shórt. Shílfeadh daoine nach raibh scil ar bith ag baint lena leithéid de bhua, agus ní bheadh meas madra ag an bpobal air mar thoradh air sin. Mar a tharla, glacadh lena bhréag go réidh agus ligeadh dó féin agus do Liv leanúint orthu leis an saol galánta a bhí anois acu agus gan éinne ag cur isteach orthu. *

36


Lá dá raibh Macdara ag teacht abhaile tar éis tréimhse a chaitheamh sa spórtlann, chuala sé guthanna bíogúla ag teacht ón gcistin. Liv agus a athair siúd, ba chosúil. Bhí sé de nós acu cuireadh a thabhairt do Dhonnacha béile a chaitheamh leo uair sa mhí. Chuaigh sé suas staighre chun a chuid éadaí spóirt a chur sa chiseán níocháin. Nuair a tháinig sé anuas, bhí Liv ag glacadh sosa ó scamhadh na bprátaí agus ag doirteadh uisce beirthe isteach i muga. “Mairteoil rósta inniu,” arsa sise tar éis barróg a bhreith air. “Dála an scéil, bhí d’athair ag cur comhairle orm ar ball beag faoinár dturas go dtí an India. Tá an chuma ar an scéal go ndearna seisean obair dheonach ansin nuair a bhí sé fiche éigin bliain d’aois.” “Iontach,” arsa Macdara, ach é ag mothú pas beag neamhchompordach ann féin.

37


“Tabharfaidh mé an muga tae seo isteach chuige.” Nuair a bhain sé an seomra suí amach, bhí dianstaidéar á dhéanamh ag a athair ar an Times – moll liath gruaige le feiceáil os cionn na bhfógraí ar an leathanach cúil. Leag Donncha an páipéar síos agus bhog a spéaclaí aníos ar a shrón. “Dia dhuit, a mhic. Tá súil agam go bhfuil tú láidir agus aclaí tar éis an tseisiúin fhada sin sa ghiomnáisiam!” “Táim, cinnte, a Dhaid!” Gháir Macdara go lách agus thairg an muga tae dá athair. Shuigh sé síos sa chathaoir uilleach os a chomhair amach agus thosaigh ag baint lán na súile as an bpictiúr ‘comhaimseartha’ a bhí ceannaithe ag Liv ag taispeántas i mBarra an Teampaill le deireanas. Meascán dothuigthe de chearnóga dearga

38


agus triantáin bhuí ar chúlra gorm a bhí ann. N’fheadar céard a thug ar Liv a leithéid d’fheic uafásach a thabhairt abhaile léi. “Deir Liv liom go bhfuil sibh ag smaoineamh ar sé mhí a chaitheamh san India an bhliain seo chugainn. Tar éis di an cúrsa traenála a chríochnú, is é sin le rá.” Bhí guth an tseanfhir bog, séimh agus stuama. Tháinig cathú leathshoicind ar Mhacdara an uile ní a mhíniú dó - ach ní fhéadfadh sé géilleadh anois. “Níl ann ach plean leathdhéanta go fóill, a Dhaid. Dá mbeimis cinnte faoi, bheadh sé ráite agam leat. Tá a fhios agam go gcaithfeása duine éigin a fháil isteach san oifig ar bhonn sealadach dá n-imeoinnse.” “Ná bí buartha faoi, a mhic.” Lig an seanfhear osna dhomhain. Bhain sé de a chuid spéaclaí le hiad a ghlanadh ar a mhuinchille.

39


“An bhfuil sibh cinnte go mbeidh sibh ceart go leor leis an morgáiste agus leis na billí eile, mura mbeidh aon teacht isteach agaibh ar feadh leathbhliana? Is é sin an t-aon chúis imní atá agamsa.” Chaith Macdara a chloigeann siar agus rinne sé gáire - ní raibh aon neart aige air. Chuaigh sé anonn chuig a athair agus bhuail bos ar shlinneán air. “Beimid togha, a Dhaid, ná bí buartha faoi! Tá neart airgid coigilte sa bhanc agam um an dtaca seo.” “Hmmm…” Tháinig cuma an amhrais ar a athair. Bhí aithne na mblianta fada aige ar a mhac, agus a fhios go rómhaith aige nár fheil an choigilt dó in aon chor. “Agus… agus, d’éirigh go breá liom ar an stocmhargadh roinnt seachtainí ó shin.”

40


“An stocmhargadh?” Bhí sceipteachas iomlán ar a athair anois. Chuala Macdara torann na bplátaí ag gligleáil ar an gcuntar ag an bpointe sin, áfach, agus chuir boladh breá na mairteola as an oigheann deireadh leis an gcomhrá eatarthu. Le cúnamh Dé, ní bheadh air tuilleadh ceisteanna a fhreagairt an tráthnóna sin. * Shleamhnaigh na seachtainí thart. Chaith Macdara lá i ndiaidh lae in oifig bheag a athar, ag seiceáil na gcuntas agus ag déanamh plámáis leis na cliaint ar an teileafón. Bhí sé bailithe den obair, díreach mar a bhíodh Liv den bhanc - ach ní raibh sé cáilithe le haghaidh aon cheo eile. Sa bhreis air sin, rachadh sé dian air teacht ar fhostóir eile a bheadh leath chomh deas agus chomh soghluaiste le Donncha.

41


Bhí ag éirí go maith le cúrsa stíleála Liv ag an am céanna, agus “súil” mhaith á forbairt aici maidir le blasanna costasúla. Gach uile dheireadh seachtaine, théidís beirt ag siopadóireacht in Brown Thomas agus in Debenhams, ag ceannach nithe deasa a bhí go hiomlán gan tairbhe. Seastáin le haghaidh leabhar cócaireachta, buidéil cheirmeacha fínéagair agus dealbha práis ina measc. Mar chúiteamh ar na huaireanta as éadan a bhí caite ag Macdara léi sna siopaí ilrannacha, tháinig Liv ina theannta chun comharba an Toyota Corolla a phiocadh amach. Tháinig meascán mearaí air le réimse ildaite na gcarranna a bhí páirceáilte srón le tóin lasmuigh den gharáiste, ach ní túisce a chonaic sé í ná gur léim a chroí le háthas agus le faoiseamh. B’shin í, ceart go leor: Mercedes-Benz S-Class a bhí tagtha go húr ón monarcha. Corp lonrach ar dhath an airgid a bhí aici; spéirbhean i measc na ngluaisteán. Ar an tslí abhaile, samhlaíodh do Mhacdara gur ag eitilt a bhí siad toisc míneacht

42


na taithí tiomána. Bhí na suíocháin dhubha leathair chomh hálainn agus chomh compordach sin gur leasc leo an Mercedes a fhágáil in aon chor. Ar an gcosán os comhair an tí, d’fhan siad laistigh den charr ar feadh uair an chloig eile – ag cabaireacht agus ag pógadh agus ag gáire. Dealraíodh dóibh go raibh an saol níos fearr agus níos flaithiúla ná mar a shamhlaigh ceachtar acu riamh roimhe sin. Ag an am céanna, bhí an chéad dinnéar eile acu le Donncha – dinnéar mhí na Samhna - ar ghort an bhaile. Bhí sé socraithe ag Liv casaról mairteola agus Guinness a dhéanamh de chionn go raibh mias chasaróil Le Creuset ceannaithe aici ar na mallaibh. Deis fhoirfe a bhí ann í a úsáid. Tráthnóna ciúin Luain a bhí roghnaithe don dinnéar, agus tháinig Donncha de shiúl na gcos toisc an aimsir a bheith tirim. Nuair a bhain sé an teach amach, chloígh an triúr acu leis an bpátrún a bhí forbartha thar na míonna: Liv ag réiteach an bhéile sa chistin

43


agus Macdara ag fanacht i gcomhluadar a athar sa seomra suí. Ar bharr na gaoithe a bhí Macdara um thráthnóna toisc gur iarr sé ar Liv é a phósadh an oíche roimh ré. Cé nach raibh fáinne roghnaithe acu go fóill, bhí ábhar mór ceiliúrtha acu. D’oscail Macdara buidéal fíona agus dhoirt amach gloine dó féin is do Dhonncha. Bhí an iarnóin ar fad caite ag Liv ag ól, agus b’éigean di sos a ghlacadh chun an dinnéar a ullmhú. D’ardaigh Macdara a ghloine chun cling a bhaint as gloine a athar. “Dom féin agus do Liv!” “Tú féin agus Liv, a mhic. Go raibh saol breá sona agaibh le chéile.” Bhí an seanfhear ag breathnú pas beag tuirseach inniu, bhí sprochaillí faoina shúile agus bhí sé liathbhán san éadan. Bhí súil ag Macdara go mbeadh áthas níos mó ar a athair faoin ngealltanas; ba chosúil go raibh sé faoi straidhn inniu. B’fheasach dá mhac

44


go raibh cúrsaí réasúnta gnóthach san oifig ach, de réir a chuimhne, níor éirigh cúrsaí oibre sa mhullach ar Dhonncha ariamh. Shuigh an triúr acu síos chun an béile blasta a bhí réitithe ag Liv a ithe. Ba mhíorúilt é gur éirigh chomh breá sin lena cuid cócaireachta ón uair go raibh sí chomh hardaigeanta sin um thráthnóna. Bhí an cúigiú gloine fíona á hól anois aici, agus ní fhéadfadh an tragóid ba throime an bonn a bhaint ón gcaint fhlúirseach a bhí ag stealladh uaithi. “Bhíomar ag smaoineamh ar choicís a chaitheamh in Barbados do mhí na meala – beidh sé chomh hálainn, na tránna ach go háirithe – agus, b’fhéidir, turas go Las Vegas agus go San Diego ina dhiaidh sin. Níl na dátaí socraithe againn go fóill, ar ndóigh, ach tá bróisiúir …” Stad sí agus thosaigh ag casacht go torannach – rud éigin slogtha siar go mícheart aici, ba chosúil. Chuir

45


Donncha a fhorc nua airgid síos ar an mbord agus d’iompaigh ar a mhac. “Níor inis tú dom faoin gcarr nua! Chonaic mé ar an mbealach isteach é.” “’Sea, a Dhaid,” arsa Macdara, a scornach ag teannadh agus rian na neirbhíse le haithint ar a ghlór. “D’éirigh go maith liom ar an stocmhargadh arís, agus shíl mé gur cheart an t-airgead a chaitheamh ar charr nua. Bhí an seancharr ag titim as a chéile ar aon chaoi.” “Hmm,” arsa Donncha, ar shlí a chuir a chuid díchreidimh in iúl go ríshoiléir. Bhí Liv díreach rite isteach sa chistin chun gloine uisce a fháil di féin. Réitigh Donncha a scornach agus bhreathnaigh go cliathánach ar Mhacdara.

46


“Cén bróicéir a úsáideann tú?” “Bróicéir? Ó, ‘sea – Davy, sílim.” “Agus céard iad na scaireanna atá i do phunann agat?” Á, damnú air! Bhí freagra cuimsitheach ar an gceist seo ullmhaithe aige, ach é díbeartha glan as a aigne ag cúpla gloine fíona. “Rún ceirde, a Dhaid! Ní fhéadfainn a rá.” Tharraing Donncha a bheola le chéile agus, le hamharc doléite, scaob suas roinnt de na glasraí ar a phláta lena fhorc. Bhí Liv tar éis filleadh ar an seomra suí, agus í ag tabhairt faoin dinnéar arís gan aird a thabhairt ar thost na bhfear. Shocraigh Macdara ar an gciúnas a bhriseadh sula gcuirfeadh Liv nath ann.

47


“Tá cúrsa stíleála Liv nach mór críochnaithe aici – nach bhfuil, a stór?” “Tá an chríoch i raon mo radhairc anois, go deimhin!” D’fhan Donncha ina shuí lena smig ar a lámha ar feadh achair bhig, é ag iarraidh teacht ar rud éigin le rá faoi chúrsaí faisin. B’éasca dó iarphost Liv a phlé. “An mbraitheann tú uait domhan na baincéireachta in aon chor, a Liv?” Rinne Liv sciotaíl ard tar éis bolgam eile fíona a ghlacadh. “An ag magadh atá tú, a Dhonncha? Fiú dá mbeinn ar an trá fholamh, ní bhraithfinn an banc uaim – ná baol air.” Ghlac sí sos drámata, sular lean sí ar aghaidh.

48


“A bhuí le dúire an bhainc chéanna, ar ndóigh, ní bheidh mé féin ná Macdara ar an trá fholamh arís go deo. Ní fhéadfainn ach bheith buíoch den bhanc as sin, an dtuigeann tú mé?” Lig Macdara cnead sochloiste as. Nuair a d’amharc sé ar a athair, bhí seisean ag breathnú ar ais air le súile pléascacha. “An bhfuil sé seo fíor, a mhic?” a d’iarr sé de chogar a ghearr an ciúnas ina shlisní. “Tá an saibhreas seo ar fad agaibh mar gheall ar bhotún an bhainc? Cé mhéad a bhí i gceist?” Bhí Macdara ina staic fhuar, gan tuairim aige conas an cheist a fhreagairt. Chuir Liv a lámh thar a béal le huafás - toirchim an óil á ghlanadh, agus tuiscint ar an rún a bhí scaoilte aici ag preabadh isteach ina

49


haigne. Sciuird sí isteach sa chistin chun éalú ón achrann a bhí tógtha aici. “Banc na Cathrach, an ea?” Chlaon Macdara a cheann go lag, a bheola ag crith. Sheas Donncha agus shiúil i dtreo na fuinneoige. Bhreathnaigh sé amach ar dhorchadas an tráthnóna go cromshlinneach, a lámha fáiscthe le chéile taobh thiar dá dhroim. Tar éis cúpla soicind ar gheall leis an tsíoraíocht ag Macdara iad, thiontaigh sé thart agus d’fhéach go sollúnta ar a mhac. “Caithfimid labhairt faoi seo, a mhic. Fuair sibh carn mór airgid trí thimpiste ón mbanc, an bhfuair? Is neamhghnách an rud é, cinnte, ach tarlaíonn sé. Ach céard atá le déanamh faoi? …”

50


Chrom sé ar smaoineamh; bhí a ghuth ag dul ó chlos agus na súile á gcaitheamh chun na bhflaitheas aige. Lig sé osna dhomhain faoi dheireadh. “Botún bainc, huth? Tuigim, bhur leithéidí de lánúin óg, go mbeadh cathú oraibh an t-airgead a choimeád. Níl sé ceart ná cóir, ámh, agus nílim ag iarraidh go mbeadh sibh i dtrioblóid leis an dlí dá bharr.” Chroith sé a cheann agus rinne a uisinní a chuimilt go mall. Bhí an chuma air sa solas fann go raibh an fhuil ar fad taosctha óna aghaidh. “Tá cara agam atá ina stiúrthóir ar an mbanc sin agus rinne mé gar dó cúpla mí ó shin. Sílim go gcabhróidh sé linn an t-airgead a bhogadh ar ais go ciúin, gan éinne a bheith ar an eolas faoi.” Thit croí Mhacdara go tóin poill. Rinne sé gáire teann lena athair agus leag a ghloine fíona anuas ar an mbord taobh leis.

51


“Beidh mé ar ais i gceann soicind, a Dhaid.” Shleamhnaigh sé amach go dtí an chistin chun réiteach Dhonncha a mhíniú do Liv, a chroí ag tuargaint a easnacha ar feadh an ama. “Céard atá i gceist agat, go bhfuil sé go léir thart?” arsa sise os íseal nuair a bhí deireadh lena chuid cainte, a folt rua trí thine ar aon dath lena súile. “Caithfidh mé dul ar ais chuig an mbanc? Beidh orainn an Mercedes a dhíol? An é sin atá i gceist agat?” Tharraing Macdara anáil chun freagra a thabhairt, ach tháinig Liv isteach roimhe. “An bhfuil tú ag rá liom nach mbeimid in ann dul go dtí an India an bhliain seo chugainn? Go mbeidh

52


orainn mí na meala a chaitheamh sa Spáinn seachas in Barbados? ” Bhí sí i bhfoisceacht dhá orlach de anois, agus boladh an fhíona le fáil go láidir ar a hanáil. Bhí na ribí gruaige

ar

chúl

mhuineál

Mhacdara

ina

gcolgsheasamh le hoiread an fhiántais a bhí ag radadh amach uaithi. “Éist liom, a Mhacdara – éist go géar. Má shíleann tú gur féidir leat iontais na cruinne a thabhairt dom agus, ansin, iad a bhaint díom i bpreabadh na súl – bhuel, tá dul amú ort. Má shíleann tú go bpósfaidh mé fear a dhéanfadh a leithéid orm, tá dul amú ort arís.” Leath na súile ar Mhacdara. “Ach Liv, a stór – nach rabhamar sásta le chéile sular tharla an méid seo ar fad?”

53


Gháir Liv go cadránta. “Sásta? An dall atá tú, i ndáiríre? Bhí gráin agam ar mo phost, bhí na billí ag carnadh suas gach uile mhí agus ní raibh mé in ann dul in aon áit seachas Loch Garman sa samhradh. Conas a shílfeá go raibh mé sásta?” Thosaigh Macdara ag siúl suas agus síos sa chistin, a intinn ag cur thar maoil le smaointe. An saol chomh galánta amach rompu deich nóiméad ó shin, ach an uile ní iompaithe bunoscionn anois. Conas? “Ní bheadh an fhadhb seo againn in aon chor, a Liv, dá mbeifeá in ann do chlab a choinneáil dúnta. Cén fáth, in ainm Dé, go ndúirt tú an méid sin le m’athair faoi dhúire an bhainc?” Thug Liv leiceadar géar san aghaidh dó.

54


“Ba chóir go mbeadh náire ort. Ag cur an mhilleáin ormsa … nach tusa a thug an iomarca le hól dom? Nach raibh mise spíonta amach as bheith ag cócaireacht do d’athair féin? Ar a laghad, táimse ag iarraidh teacht ar réiteach na faidhbe anois.” “Réiteach na faidhbe? Nach bhfuil an t-aon réiteach amháin díreach mínithe agam duit?” “Réiteach? Níl i gceist agatsa ach géilleadh. I dtosach báire, cén fáth nach labhrófá le d’athair?” “Labhairt leis? Cén chaoi a ndéanfainn sin?” “Céard a shíleann tú, a phleidhce? Áitigh air gan aon rud a rá lena chara sa bhanc. Ba chóir go mbeifeá in ann é sin a dhéanamh - is é do Dhaid é, in ainm Dé! Ceannaigh Mercedes nua dó, más gá.” Chuimil Macdara a shúile le droim a láimhe. Brat allais ar a éadan.

55


“Má shíleann tú go nglacfaidh sé le breab nó go ligfidh sé an méid seo i ndearmad, ní maith an aithne atá agat ar m’athair. Níl duine níos macánta ná eisean ar chlár na cruinne. Ní choimeádfaidh sé rún mar sin dúinn ar feadh níos mó ná seachtain - creid uaimse é. Níl an dara rogha againn. Caithfimid an t-airgead a thabhairt ar ais.” “Nach bhfuil an dara rogha againn?” a d’fhiafraigh Liv den scread ba chiúine agus ba scéiniúla dá raibh cloiste ag Macdara riamh. B’fhacthas dó go raibh a súile dírithe aici ar chuntar na cistine. Lean a shúile féin súile Liv go dtí go raibh radharc aige ar an mbloc sceana. Bhreathnaigh Liv ar ais ar Mhacdara, ceist ina hamharc. Baineadh geit as. “Tá tú ag iarraidh go … ba mhaith leat …tá …”

56


Ghlac Liv céim chun tosaigh agus leag a bos go ceansaitheach ar a lámh féin. Bhí a méara chomh fuar le leac oighir. “Beidh sé éasca, a Mhacdara. Tráthnóna ciúin atá ann – Lá Saoire Bainc – agus níl a fhios ag éinne go bhfuil sé anseo.” “Ach … is é m’athair é! Tá an smaoineamh seo thar fóir ar fad, a Liv.” Tháinig cruas i súile Liv an athuair. “An bhfuil tú ag iarraidh mé féin agus an t-airgead a chailliúint?” “Níl,” a d’fhreagair Macdara de ghuth íseal. “Bhuel, tá sé socraithe mar sin. Fág fúmsa é.”

57


Stán an bheirt acu ar a chéile ar feadh tamaill fhada gan labhairt. Lasmuigh den fhuinneog, bhí brat na hoíche tite ina dtimpeall.

58


Tsechobh, Túrgénebh agus Púiscín na Gaeilge: nótaí ar Mhaighréad Nic Mhaicín, aistritheoir Máirtín Coilféir Ba mhaith leis an ógbhean uasail seo labhairt leat i dtaobh gnó aistriucháin. Maighread Níc Mhaicin a hainm. Eoin Mac Néill a dubhairt léi teacht. An Seabhac 1/2/32 * 3 giotaí tugtha dhi agam. SmacL 2/2/32

Siúd é an chéad spléachadh a fhaigheann muid in annála an Ghúim ar Mhaighréad ‘Daisy’ Nic Mhaicín, duine de na haistritheoirí is suntasaí i stair nualitríocht na Gaeilge. Is beag duine anois a aithníonn a hainm, is dóigh. Ach an oiread leis na céadta eile a d’oibrigh faoi scéim aistriúcháin an Ghúim ó 1929 i leith, ní bhfuair sí aon aitheantas mór ó lucht critice nuair a bhí sí thuas ná, go deimhin, ó

59


shin i leith. Ach is leis ‘an ógbhean uasail seo’ cuid de na saothair is ealaíonta agus is dúshlánaí a cuireadh amach agus is í, thar dhuine ar bith eile, is fearr a léiríonn an bhisiúlacht, an uaillmhian, agus an éagsúlacht chultúrtha a bhí sa scéim chéanna, an tráth is fearr dá raibh sí. Nic Mhaicín a d’aistrigh The Cherry Orchard le Chekhov agus gearrscéalta le Turgenev agus Pushkin ón Rúisis; ise a d’aistrigh Le Juif Polonais agus La Douce France ón bhFraincis; ise freisin a thiontaigh go Gaeilge scéalta clúiteacha Patricia Lynch don aos óg (The Turf-Cutter’s Donkey agus a chomharbaí) ón mBéarla. Chaith sí seal ag obair, ní hamháin i nGúm na hÉireann, ach i ‘nGúm’ an Aontais Shóivéadaigh nuair a bhí eachtrannaigh eile (a fear ina measc, sa deireadh) á ngabháil ag údaráis na Rúise go rábach. Aistritheoir déanta ba ea í ar leithne go mór a cuid eolais ar theangacha agus ar thíortha iasachta ná an chuid is mó a chuir peann le pár lena linn. Is mó an feall, dá réir sin, a laghad atá scríofa uirthi agus ar a cuid oibre go n-uige seo. Iarracht ar chuid den fheall sin a chur ina cheart atá

60


anseo trí chuntas a thabhairt ar sciar áirithe dá saol agus dá saothar – an sciar sin a bhaineann lena caidreamh ríchorraitheach leis an Rúis. Is rómhaith is eol dom go bhfuil i bhfad níos mó dlite do Nic Mhaicín, áfach, agus más sceach i mbéal bearna an méid seo a leanas, cuid mhaith, bíodh sé freisin ina ghairm chun tuilleadh taighde a dhéanamh ar churadh litríochta agus léinn. Na ‘3 giotaí’ sin a thug Seán Mac Lellan, Oifigeach Foillsiúcháin an Ghúim, ‘dhi’, ba thástáil iad. Is léir ó chomhaid an Ghúim sa gCartlann Náisiúnta go mbíodh daoine go leor ag cuartú oibre faoin scéim, ag seoladh iarratas agus samplaí isteach chuig Mac Lellan, agus ní hannamh a diúltaíodh lámhscríbhinn as donacht an aistriúcháin nó ciotaíl teanga a bheith inti. Faoi bhlianta tosaigh na scéime ba é an Seabhac – ainm cleite Phádraig Uí Shiochfhradha, as Baile an Ghóilín i gCiarraí – ba é ba mhó a scrúdaíodh obair na n-aistritheoirí. Caighdeán ard a d’éilíodh sé i

61


gcónaí, agus cé go raibh amhras air faoi leanúnachas canúna, thug Nic Mhaicín na cosa léi: Má tá leabhar simplidhe mar an píosa so atá aistrithe aici ann ní miste é thabhairt di le déanamh. Bíodh go bhfuil na cúigí meascaithe aici ‘na cuid Gaedhilge tá nós deas aici agus má gheibheann sí leabhar de chineál an tsampla d’fhéadfadh

é

dhéanamh

más

sampla

fíreannach ar a cumas féin an iarracht so. An Seabhac 11/4/32

Nóta inmheánach é sin nach bhfaca Nic Mhaicín ariamh ach ní haon ionadh go raibh sí in ann ag scrúdú an Ghúim: is í a bhí cleachtach ar scrúduithe cheana. Ar an gClochán Liath a rugadh í i 1899 agus ó fuair sí áit i Meánscoil na Siúracha Doimineacha ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste ba léir an cumas acadúil a bhí inti. De réir chuntas Barry McLoughlin uirthi in Left to the Wolves: Irish Victims of Stalinist Terror (2007), bhaineadh sí duaiseanna airgid ó

62


Bhord Oideachais na hÉireann rialta go leor. In aois a seacht mbliana déag di bronnadh scoláireacht trí bliana uirthi le freastal ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, áit a ndearna sí staidéar ar an bhFraincis agus ar an nGaeilge. Céadonóracha a fuair sí faoi dheireadh na céime nó gur bronnadh scoláireacht eile uirthi, an iarraidh seo go dtí an Sorbonne, le bliain a thabhairt ag plé le focleolaíocht na Fraincise agus na dTeangacha Ceilteacha. Is le linn di bheith sa bhFrainc a thosaigh sí ag foghlaim na Rúisise agus faoin am a chuir Eoghan Mac Néill in aithne don Seabhac í leis an litir aitheantais thuas, bhí eolas aici ar an nGearmáinis freisin agus MA i dTeangacha Ceilteacha bainte amach aici ó Ollscoil na Banríona. Ar éigean a bhí aistritheoir eile sa nGúm a raibh an oiread sin staidéir fhoirmiúil déanta aige ar nuatheangacha is a bhí aici sin, agus má mhol an Seabhac ‘leabhar simplidhe’ a thabhairt di ar dtús ní mar sin go baileach a tharla.

63


Scríobh Seán Mac Lellan ar ais chuig Nic Mhaicín ar an ‘22 Abrán 1932’ ag iarraidh ‘go mbuailfeá isteach chun cainnte liom’. Ag breathnú dúinn ar na nótaí lámhscríofa sa gCartlann tá an chosúlacht ar an scéal go raibh an ‘leabhar simplidhe’ ceart aimsithe aige – Bevis le Richard Jeffries (1882) – ach cibé cén tiomrall a bhí ann cuireadh an scéal sin do pháistí ar liosta na leabhar ‘ar fionraí’ ar ball. Bevis ann nó as, níor chuir sé sin isteach ná amach ar Nic Mhaicín ar aon chaoi mar bhí sise bailithe go dtí an Rúis le seal a thabhairt ag aistriú leis an International Agrarian Institute, eagras smaointeoireachta a d’oibrigh ar son na híosaicme ann. Thóg sé dhá mhí agus tuilleadh ar litir Mac Lellan port a bhaint amach i Moscó agus níl againn faoin scéal uaithi ach nóta gairid a scríobh sí ar an gcéad lá de mhí Iúil: A chara, Your note of the 22nd April has just been forwarded to me. Could you let me know if the Department has decided to give me translation

64


work? I am doing similar work here at present, but shall probably return to Dublin before the end of the year. Mise, Maighread Nic Mhaicín

Socraíodh ar chuile shórt a chur siar go bhfillfeadh Nic Mhaicín ar Éirinn, rud a rinne sí i nDeireadh Fómhair na bliana 1932. Níl an comhfhreagras féin ar fáil sa gCartlann ach faoi Nollaig na bliana sin bhí teagmháil déanta aici leis an nGúm arís agus sliocht as an dráma Vishnevyi sad nó The Cherry Orchard le Chekhov seolta isteach aici mar iarratas ar obair. Cuireadh an sampla faoi bhráid Dhomhnaill Mhic Ghrianna as Rann na Feirste, eagarthóir a bhíodh ag plé le haistritheoirí Ultacha go háirithe, agus ar nós an tSeabhaic roimhe b’éigean dó tuairisc a scríobh do Sheán Mac Lellan mar gheall air: Tá Gaedhilg mhaith ag an chailín seo agus cuma uirthe go bhfuil tuigbheáil mhaith aici ar an dóigh

65


le aistriúchán a dhéanamh fosta. Molaim cúram an dráma seo do chur uirthe. Tá cupla rud ag baint le litriú agus le heagar na hoibre i gcoitchinne agus ba mhaith liom caint a dhéanamh léithe fútha. B’fhéidir gur bh’fhearr iarraidh uirthe bualadh isteach annseo lá éigin gan mhoill sul a dtosnuighe sí ar an obair. Seo chugat an sampla thar n-ais. DMacG 16.XII.32

Is fiú a lua nár shonraigh Mac Grianna, cainteoir dúchais, aon mheascadh canúna ar shliocht Nic Mhaicín agus ba é tuairim a bhí ag Griannach eile, Séamus – nach raibh cáil an phlámáis air ariamh – go raibh Nic Mhaicín ar na foghlaimeoirí Gaeilge is fearr dár casadh air. Bhí an Gúm sásta leis an obair agus d’iarr Mac Lellan cead speisialta ar an Aire Oideachais, Tomás Ó Deirg, an t-aistriúchán ar Vishnevyi sad a choimisiúnú. Faoi 22 Nollaig bhí nóta faighte aige á rá go raibh ‘an t-Aire sásta’. Ní sástacht ar fad a bhí i ndán d’fhoireann an Ghúim 66


féin, áfach, mar ba ghairid a thuig siad go raibh castacht sa mbreis i gceist le saothar Rúisise a chur amach. Cúrsaí teanga as an áireamh, ní raibh duine ar bith cinnte cén chaoi ar sheas cúrsaí cóipchirt le litríocht na Rúisise, tharla nach raibh an tír sin ina ball d’Aontas an Chóipchirt ag an am. Ní raibh ach ‘informal opinion’ ag an gCeannasaí ar an Oifig Chlárathachta Mhaoine Tionnscail agus Tráchtála, agus mhol sé do Mac Lellan dul i dteagmháil leis an Ard-Aighne faoin gceist. Is cosúil gur scaoil an tOifigeach Foillsiúcháin an chomhairle sin thairis agus ar 9 Eanáir 1933 d’iarr sé ar Mhaighréad Nic Mhaicín an dráma a bheith críochnaithe aici faoi Lá Bealtaine. Bhí sise tar éis casadh le Domhnall Mac Grianna idir an dá linn leis an ‘cupla rud’ a phlé agus bhí an saothar uile déanta aici faoi 2 Márta, trí mhí roimh an sprioc.

67


Ansin bhí cúrsaí íocaíochta ann, a shocraítí de réir líon na bhfocal sa mbunleagan. Bhí Nic Mhaicín tar éis meastachán a chur isteach leis an lámhscríbhinn ach níor shásaigh sé sin an Gúm – theastaigh uathu a bheith cinnte go raibh an uimhríocht i gceart aici. Léiriú spéisiúil ar oibríochtaí na heagraíochta a fhaigheann muid sa siar is aniar faoi sin: Seán Mac Lellan ag iarraidh go ndéanfadh duine na focail Rúisise a chuntas sa mbunleagan (‘tá cóip ag an Eagarthóir, sílim’); agus freagra cúramach an státseirbhísigh curtha ar an leathanach céanna: ‘Nar mhaith an rud é a iarraidh ar an aistritheoir cúnntas a chur chugainn? Níl aoinne annso a thuigeann an Rúisis agus ní bheimis cinnte go raibh an ceart againn.’ Rinne sé athmhachnamh ar an scéal ina dhiaidh sin agus breacadh nóta idir lúibíní do Mac Lellan ar eagla, b’fhéidir, go gceapfaí go raibh obair á seachaint: ‘(Tig linn, ar ndó, meastachán a dhéanamh amach a bheadh comhgarach a dhóthain, is dócha, don bhfírinne.)’

68


Dá neafaisí na nótaí seo le breathnú, taispeánann siad go binn an chuid is measa den Ghúm agus iad ag déileáil le hobair Nic Mhaicín: dá sciobtha í ag soláthar na lámhscríbhinní, bhíodh moill éigin i gcónaí ar an leabhar a réiteach don chló agus a fhoilsiú. I gcás An Silín-Ghort, mar a thug sí ar a leagan de dhráma Chekhov, bhí 1935 ann sula raibh fáil air sna siopaí. Go deimhin, an té a bhreathnódh ar na blianta a foilsíodh na leabhair Rúisise eile a d’aistrigh Nic Mhaicín, ba shaofa an tuiscint a thabharfadh sé leis faoin uair a rinneadh iad. Tháinig Gearr-Scéalta (Cuid 1) le Chekhov amach i 1939, Scéalta Sealgaire le Turgenev i 1954, agus Scéalta ón Rúisis, ar aistrigh sí leath de na scéalta ann, i 1955. Ach is é an chaoi go raibh an chéad phéire acu seo críochnaithe ag Nic Mhaicín go gairid i ndiaidh An Silín-Ghort féin. I dtaca le Scéalta Sealgaire, bhí iomlán

fiche

bliain

d’fheitheamh

ann

ó

lámhscríbhinn go leabhar. Agus fiú i gcás Gearrscéalta Chekhov, faoin am a tháinig sé sin amach i

69


1939 bhí saol Nic Mhaicín tiontaithe bun os cionn ar fad. Bhí sé sin uile roimpi amach faoi na tríochaidí luatha, áfach. I bhFeabhra na bliana 1933, nuair a bhí sí fós ag obair ar An Silín-Ghort, chuir Nic Mhaicín litir chuig an Rúnaí ar Choiste na bhFoillsiúchán ag rá gur mhian léi ‘aistriú a dhéanamh ar chuid de ghearrscéalta Tsechobh, ón Rúisis bhunaidh … cineál de “livre de la pitié,” mar a deirtheá, a bheadh ins an chnuasacht ar fad’. Bhí spéis ag an nGúm sa togra ón tús ach, taca an ama chéanna, d’iarr siad uirthi breathnú ar Zapiski Ohotnika nó A Sportsman’s Sketches le Turgenev freisin. Ba é an tAire Oideachais féin a mhol an leabhar sin don scéim; bhí an obair Rúisise ag teacht isteach go tiubh agus gach duine ar aon fhocal ‘gur ceart na sgéalta so d’aistriú do’n choitiantacht,’ mar a dúirt léitheoir seachtrach i litir chuig Mac Lellan. Rud is tábhachtaí fós, bhí an t-eagarthóir sásta go raibh aistritheoir a ndiongbhála

70


faighte acu nuair a bhreathnaigh sé ar an gcéad sampla a chuir Nic Mhaicín isteach: Tá na scéalta seo léite agam agus, de réir chosamhlachta, tá an t-aistriúchán seo déanta go maith agus go cruinn. Le linn a chur i gcomparáid leis an aistriúchán Béarla, is léir nár leig Iníon Nic Mhaicín ar ceal an stíl nó an t-atmosphéar a bhaineas leis na scéalta seo ó nádúir. Ach tá beagán beag de na cora cainnte a chuir sí i n-úsáid thall a’s i bhfus, agus d’fhéadfaidhe athrú beag ar fheabhas a dhéanamh ortha. Mar sin féin, níl oiread de’n chineál sin ann agus bhainfeadh moill ar bith a b’fhiú as an té a bhéadh ag cur eagair ar an láimhscríbhinn le haghaidh an chlódóra. Tá a cuid oibre déanta go slachtmhar aici agus molaim glacadh leis. Seo chugat an láimhscríbhinn agus an leagan Béarla. DMacG 5 Lúnasa, 1933.

71


Chrom Nic Mhaicín ar na saothair a aistriú ceann i ndiaidh a chéile. Faoi 8 Lúnasa bhí nóta curtha amach ag Mac Lellan ag iarraidh ar an Aire Oideachais cnuasach de scéalta le Chekhov a fhaomhadh go hoifigiúil agus idir an dá linn shocraigh seisean agus Mac Grianna an t-aistritheoir a íoc ar an ráta is airde pá (20 scilling in aghaidh an mhíle focal) as an gcumas teanga a theastaigh lena leithéid de shaothar a aistriú. Ba thráthúil é mar, an lá ina dhiaidh sin, tháinig an chéad sciar ceart de scéalta Chekhov isteach uaithi. B’éigean di an chuid dheireanach a chur ar an méar fhada mar ‘go raibh tinneas ar dhuine mhuinteardha damh atá sa teach annseo agam,’ ach faoi mhí Dheireadh Fómhair bhí an t-ábhar ar fad istigh. Ní fios céard a rinne an Gúm leis an lámhscríbhinn sin ar feadh i bhfad – is é an t-aon cháipéis a bhaineann léi idir 1933 agus 1938 ná nóta gairid a cuireadh amach chuig Nic Mhaicín i 1934, ag fiafraí di cé acu an cló Gaelach nó an cló Rómhánach ab

72


fhearr léi a bheith sa leabhar. Roghnaigh sí an cló Gaelach ach faoin am sin bhí sí ar a bionda an 106,000 focal a bhí i scéalta Turgenev a aistriú a thúisce ab fhéidir. Ní raibh aon phost buan aici agus bhí sí ag brath ar airgead an Ghúim: chríochnaigh sí Scéalta Sealgaire faoi dheifir agus chuir isteach é i dtús na Samhna, á rá, ‘Ba mhaith liom go ndíolfaí an t-airgead liom chomh luath agus is féidir, óir tá mé ina mhuinín faoi láthair’. Ní i ngan fhios don Ghriannach a chuaigh an fuadar mar ní raibh sé sásta leis an bpeannaireacht: ‘Tá an scríbhneoireacht go dona,’ a scríobh sé ina thuairisc ar 28 Samhain 1934. ‘Caithfear an t-iomlán a chur á chlóscríobhadh’. Rinneadh pé méid eagarthóireachta a theastaigh ach tar éis di scéalta ‘Túrgénebh,’ mar a thug sí air, a chríochnú, bhí taithí eile ar fad leis an Rúis i ndán di. I gcodarsnacht leis an easpa fostaíochta a bhí ar Éirinn i lár na dtríochaidí, bhí obair lánaimseartha ar fáil i Moscó do dhaoine as tír isteach. Bhí Nic Mhaicín sásta leabhar amháin eile a aistriú don

73


Ghúm – The Wee Men of Ballywooden le Arthur Mason – ach faoi 1936 bhí a dóthain aici agus chroch sí seolta go Moscó arís. Bhí post faighte aici le Izdatel'stvo Tovarishchestva Inostrannyk Rabochikh, an

Comhaontas

Foilsitheoireachta

d’Oibrithe

Eachtrannacha agus, ach an oiread leis an nGúm abhus, bhí sé de chúram ar an gComhaontas obair aistriúcháin a dhéanamh. Ba é an jab a tugadh do Chomrádaí Nic Mhaicín ná saothair Fhraincise agus Rúisise a thiontú go Béarla. Deir McLoughlin gur ábhar polaitiúil agus sóisialta is mó a bhí le haistriú aici agus gur oibrigh sí ar Life of Lenin le Pavel Kerzhentsev agus ar chuntais taistil chuig an Artach (2007: 63). Tá na comhaid uile a bhaineann le haistriúcháin Nic Mhaicín i gcartlann sa Rúis agus is beag eile atá ar eolas fúthu. Ní lena cuid oibre a bhain an t-athrú is mó le linn di a bheith thar sáile, áfach, ach lena saol pearsanta. I Lúnasa 1936 casadh uirthi Éireannach eile, Patrick Breslin, a bhí ag cur faoi agus ag obair sa Rúis. Trí

74


mhí dá éis sin bhí an bheirt pósta. Ach bhí Breslin pósta ar Rúiseach mná roimhe sin agus bhí sé de mhíádh air gur thug sé suas saorántacht na hÉireann nuair a bhí sé lena chéad bhean. Faoi Lúnasa 1937 bhí údaráis na Rúise ag éirí thar a bheith amhrasach faoi thionchar na n-eachtrannach sa tír agus tosaíodh ar dhaoine a ghabháil as éadan: rugadh ar 1.34 milliún duine agus lámhachadh 700,000 idir 1937 agus 1938, de réir chuntas McLoughlin (2007: 67). Faoi Shamhain 1937 bhí Nic Mhaicín ag iompar clainne agus shocraigh sí filleadh ar Éirinn lena páiste a thabhairt ar an saol ar an bhfód dúchais, le súil is go leanfadh Breslin í tar éis dó cúrsaí saoránachta a shocrú. Bhí dóchas ina gcroí go dtiocfadh sé slán agus scríobh Nic Mhaicín litreacha chuig a fear agus chuig údaráis na hÉireann agus Shasana araon, ag iarraidh bealach abhaile a aimsiú dó. Níor tháinig siad ar aon réiteach in am: gabhadh Breslin, cuireadh i gcampa príosúin é i 1940 agus bhásaigh sé den eitinn i 1942 in aois a chúig bliana is tríocha. Ní bhfuair Nic Mhaicín amach riamh céard a

75


bhain dó; ní raibh ann ach gur stop na litreacha ag teacht uaidh agus, tar éis tamaill eile, go seoltaí a cuid litreacha sise ar ais go hÉirinn. Rugadh a hiníon, Mairéad, i Meitheamh 1938 nuair a bhí an Gúm ag réiteach scéalta Chekhov don chló faoi dheireadh. Dá dhonacht is a bhí cúrsaí roimh di imeacht go dtí an Rúis dhá bhliain roimhe sin, caithfidh go raibh an saol níos dúshlánaí fós nuair a tháinig sí abhaile go 59 Sráid Grafton. Deir an cuntas beathaisnéise a scríobh Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú ar ainm.ie gur chaith sí seal ‘ag ceartú páipéar scrúdaithe agus ag tabhairt ceachtanna príobháideacha’ ach choinnigh sí uirthi leis an aistriúchán freisin. Go dtí go bhfuair sí post páirtaimseartha ag múineadh Rúisise i gColáiste na Tríonóide, áfach, is saothair Bhéarla a d’aistrigh sí don Ghúm: The Turf-Cutter’s Donkey, The TurfCutter’s Donkey Goes Visiting agus King of the Tinkers le Patricia Lynch, agus The Bishop’s Candlesticks le Norman McKinnell.

76


Is iad na saothair dheireanacha a d’aistrigh Nic Mhaicín don Ghúm ná na cinn a bailíodh in Scéalta ón Rúisis. Tá cuid den chomhfhreagras ar iarraidh ach is cinnte gur chuir sí aistriúchán ar ‘Pikovaya dama’ nó ‘The Queen of Spades’ le Pushkin isteach chuig an nGúm i Márta 1948 agus gur lorg Mac Lellan cead ón Roinn Airgeadais ráta ‘i bhfad níos aoirde ná an gná-ráta,’ £2 in aghaidh an mhíle focal, a íoc léi air. Bhí súil aige le cnuasach 70,000 focal a chur amach agus b’shiúd é a thús. Bhí drogall ar lucht an sparáin an oiread sin airgid a thabhairt uathu agus, cé gur throid Mac Lellan ar a son, socraíodh faoi dheireadh go ndíolfaí punt agus cúig scilling déag léi in aghaidh an mhíle focal. Ní ag brath ar an nGúm ar fad a bhí Nic Mhaicín an iarraidh seo, áfach, agus thiocfadh cúrsaí airgid ar ais sa meá ar ball. Rud eile a chaithfidh muid a chur san áireamh anseo, sílim, ná go raibh Domhnall Mac Grianna imithe ón nGúm agus Tomás Ó hEighneacháin ag obair mar

77


eagarthóir anois ann. Bhí seisean sásta leis an dara scéal ó Nic Mhaicín, ‘Cnag… Cnag… Cnag’ le Turgenev, faoi dheireadh Aibreán 1949 ach i mí Iúil na bliana sin bhí fadhb ann. Bhí aistriúchán déanta ag Nic Mhaicín ar scéal le Nikolai Leskov, ‘The Toupee Artist,’ ach mhol Ó hEighneacháin gan glacadh leis. Tá a thuairisc féin ar iarraidh ach nuair a cuireadh an scéal faoi bhráid Mac Lellan thacaigh sé lena eagarthóir: Táim tar éis féachaint tríd an aistriú seo, agus aontaím leis an bPríomh-Eagarthóir nach mbeadh sé oiriúnach i gcóir foilsiúcháin fén nGúm, cé gur scéal an-shuimiúil ann féin é. ’Sé donas an scéil ná nach féidir linn an bunabhar a léamh sar a gcromann an t-aistritheóir ar an leagan Gaeilge. SmacL 29/7/’49

78


Scríobhadh nóta ar an leathanach céanna ag iarraidh tuilleadh eolais: ‘Ba mhaith liom dá bhféadfaí a rá cé na leathanaigh a léiríonn nach mbeadh an scéal seo feiliúnach’. An iarraidh seo, ba é Seán Mac Maoláin a thug tuairisc uaidh agus é ag míniú bhreith an Eagarthóra: Do réir mar is cuimhin liom, ní mar gheall ar phíosaí faoi leith a mheas an Príomh-Eagarthóir nárbh fheiliúnach an scéal é seo. Séard a thuig mé uaidh gur neamhfheiliúnach leis theme an scéil, .i. grádh a gcroidhe tugtha ag cailín agus ag buachaill dá chéile agus, san am céanna sin, iarla cumhachtach á ordú don chailín bheith ina leannán luí aige féin. (Féach – ar lthch a 9 – an mhír ar tús di ‘Cé gur plásánta an tabhartas iad…’) B’é an mian sin an iarla ba chúis lena lán de na heachtraí atá i ndlúth agus in inneach an scéil. SMacM., 5/viii/49

79


Tá íoróin an-dorcha ag roinnt le státseirbhísigh an Ghúim ag rá le Maighréad Nic Mhaicín nach feiliúnach a bheith ag scríobh faoi bhocanna móra na Rúise a scriosann caidreamh idir buachaill agus cailín. Chloígh Mac Lellan lena chéad tuairim ach is ar ábhar eile a lochtaigh seisean an scéal: Mar deireann Seán Mac Maoláin is in motif an scéil seo atá an ghránnacht; ar an abhar sin ní dóigh liom go bhfanfadh sé saor ó locht ón bpobal Gaedhealach. Tá tagairtí do shagart (lch. 23 et seq), ‘sinn a chur i bhfolach sa chomhra ina mbíodh éideadh an Aifrinn

(lch.

24);

do

‘aithne

na

geanmnaidheachta’ (lch. 7); agus do’n sagart ‘ag gearradh comhartha na croise air féin agus é san am chéadna ag síneadh a mhéir thar a ghualainn chlé’ B’fhearrde don Roinn gan chúis ghearáin a thabhairt do dhaoine milleánach. SmacL 9/8/49

80


Bhí deireadh déanta. De réir nóta a bhreac Ó hEighneacháin, tháinig Nic Mhaicín isteach chun cainte leis agus ‘dhá scéal marcáilte aici: Chekhov – “The Encased Man” agus Garshin – “The Signal”,’ ach tá an chosúlacht ar an scéal nach ndearna sí ariamh iad. Bhí 1951 ann sula ndeachaigh an Gúm i dteagmháil léi arís, ag fiafraí di ‘an bhfuil beartaithe agat leanacht leis an obair sin agus, má tá, cathain a d’fhéadfá a thuilleadh aistriúchán a chur isteach’. D’fhéadfadh comhaid a bheith ar iarraidh ach níl freagra Nic Mhaicín sa gCartlann, má d’fhreagair sí ar chor ar bith. Chuir an Gúm nótaí chuici i bhFeabhra agus i mBealtaine 1954 ag iarraidh tuilleadh scéalta ach bhuail sí isteach chuig Mac Lellan le diúltú dó tar éis an dara litir sin. ‘Tháinig Iníon Nic Mhaicín isteach indiu,’ a scríobh sé. ‘Níl sí i bhfonn scéal eile d’aistriú dhúinn ón Ruisís thárla (1) nach fiú léi an obair do dhéanamh ar 35/= an 1000 focal agus (2) nár ghlac an Roinn leis an aistriú a dhein sí ar “The Toupet Artist” i 1949.’ D’fhéadfadh an Gúm a bheith i bponc ansin agus gan ach dhá scéal

81


acu don leabhar, ach i 1954 chuir an tAthair Gearóid Ó Nualláin isteach péire scéalta Rúisise a d’aistrigh seisean, ceann le Tolstoy agus ceann le Pushkin. Beartaíodh ar an dá phéire a chur in éineacht agus, tar éis cuid mhaith achrainn leis na profaí, foilsíodh Scéalta ón Rúisis i 1955. Má bhí aon bhaint ag Nic Mhaicín leis an nGúm ina dhiaidh sin níl aon taifead de sa gCartlann Náisiúnta. Bhí sí ag obair i gColáiste na Tríonóide le níos mó ná deich mbliana faoin tráth sin; rinneadh post buan den cheann páirtaimseartha a bhí aici agus is ann a d’fhan sí go ndeachaigh sí ar scor i 1969. D’éag sí Lá Caille 1983 agus d’fhág ina diaidh aon leabhar déag atá ar an gcuid is luachmhaire dár chuir an Gúm amach le linn a scéime.

82


Leabhareolas Tá an t-ábhar cartlainne ar fad a luaitear thuas ar fáil sa gCartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8. Breathnach, D. agus Ní Mhurchú, M. (2015) Nic Mhaicín, Maighréad (1899-1983). Ar fáil ag: http://ainm.ie/Bio.aspx?ID=450 [faighte 10 Feabhra 2015]. McLoughlin, B. (2007) Left to the Wolves: Irish Victims of Stalinist Terror. Baile Átha Cliath: Irish Academic Press.

83


Geallta Ciara Ní Éanacháin ‘Is deas liom a fheiceáil go bhfuil tú geallta’ a thosaím ag scríobh chuig cara liom ach stopaim. Geallta. Deas liom, an ea? Is deas liom a fheiceáil go bhfuil lámh agus focal eadraibh go bhfuil sibh anois chun an t-aitheantas sin a fháil ar bhur gcaidreamh. Gur féidir libh an t-aitheantas sin a fháil ar bhur gcaidreamh. Nach deas dóibh agus a bhfocal agus lámh nuair nach féidir liomsa siúl síos an tsráid le cailín, lámh i lámh, gan daoine a bheith ag stánadh nó ag rá rudaí gránna? Déanaim leithscéalta ar a shon.

84


Deirim, nuair a nocht sé dom nach raibh sé ar son an reifrinn i dteach tábhairne go mall oíche amháin Deirim nár thuig sé go raibh sé i mo choinne glan Deirim nár thuig sé go raibh mé i bpian, go raibh sé tar éis mo chroí a stróiceadh as mo chliabh agus mo thodhchaí á scriosadh aige lena vóta níl. Níor dhúirt mé tada leis. Gan a bheith ag iarraidh argóint a thosnú. Gan a bheith ag iarraidh mo thuairimí a bhrú air. Níor dhúirt mé tada leis. Ach i mo chiúnas chuala mé na blianta d’fhéinfhuath ionam. Chuimnigh mé ar an dua a chaith mé d’iarraidh an ruaig a chur ar chuid díom d’iarraidh rud atá i mo chuid fola a chur i bhfolach.

85


Chonaic mé mé fhéin mar chailín trí bliana déag, cailín a bhíodh cromtha taobh leapa, ag rá paidreacha chuile oíche, go n-athródh sí. Cailín trí bliana déag, ag caoineadh, ag guí, d'iarraidh cosc a chur ar an gcollaíocht cholach a mhothaigh sí. Agus fós cromtha, lúbtha, camtha, níor dhúirt mé tada. Gan a bheith ag iarraidh mo mhianta lochtacha a nochtadh dó. Nach deas dó go bhfuil a chaidreamh níos fearr ná nuair a bhíonn bean le bean nó fear le fear? Nach deas dó nach mbeidh air dul thar lear mar theifeach le pósadh. Nach deas dó nach raibh air suí ag éisteacht le cara dá chuid ag rá nach leor a chineál grá? Nach deas dó a bheith geallta.

86


An Cuairteoir Íde Ní Rodaigh Strapaire fionn, caol ard, gléasta i gculaith rothaí. Sin a chonaic Éabha nuair a bhog sí an cuirtín giota beag chun amharc amach ar an té a bhí ar an taobh eile den doras. Shíl sí gur mhaith an rud go ndearna sí dearmad cuirtíní an phasáiste a oscailt ar maidin. Níor ghnách le héinne a raibh aithne acu uirthi teacht chuig doras tosaigh an tí. Bhí a fhios aici mar sin gur strainséir a bhí ann. Ach cén saghas strainséara? Duine caillte ag lorg treoracha, ba chosúil. Ní ghlacfadh sé ach soicind. Labhair sí isteach sa teileafón, ag cur isteach ar shruth cainte a deirféar. “Nóiméad amháin a Mhuireann. Tá fear ag an doras.” Leag sí gléas an fhóin síos ar an mbord sa halla. * Uair a chloig ina dhiaidh sin bhí sí féin agus an

87


Gearmánach ina suí taobh le taobh ar an deic amuigh, mar a bheadh máthair is mac ann, ag ithe pláta pasta is sailéid le chéile. Bhí an bia á alpadh aige agus é a rá nár ith sé a leithéid le breis agus mí. Bia gasta as siopaí a bheathaigh é agus é ag rothaíocht ón nGearmáin go hÉirinn, a dúirt sé. “Rothaigh tú an bealach ar fad ón nGearmáin?” Ba bheag nár tachtadh Éabha ag an mám sailéid a bhí ina béal. Conas a dhéanfadh éinne a leithéid? Níor bhean mhór taistil í ach an cúpla uair a chuaigh sí thar lear chuir sé an oiread sin struis uirthi dul chomh fada leis an aerfort gur chinn sí ar deireadh éirí as na turais sin agus fanacht in Éirinn. Ach mheall an ceap nua seo í gur féidir rothaíocht go tír i gcéin. “Caithfidh tú an tslí ar tháinig tú a thaispeáint dom.” Isteach léi sa seomra suite gur tháinig sí ar léarscáil na hEorpa. Shín Peter a mhéar ar an leathanach ag

88


léiriú di an t-aistear a rinne sé ó iarthar na Gearmáine, tríd an mBeilg, an bhFrainc, trí Shasana agus tríd an mBreatain Bheag gur shroich sé An Ros Láir i Loch Garman. Bhí sé an-tógtha leis, agus é ag míniú di faoi na difríochtaí a thug sé faoi deara a fhad is a bhí sé ag dul ó thír go chéile. Meabhraíodh di, ar feadh soicind, gur Cian a bhí ann, agus an bealach a rachadh sé timpeall na hAstráile cúpla bliain roimhe sin á thaispeáint aige. “Bhuel. Cad é do bharúil faoin tír seo?” “Níl mé anseo ceithre huaire is fiche go fóill.” “Ach caithfidh go ndeachaigh rud éigin i gcion ort, nó an síleann tú Sasana, an Bhreatain Bheag agus Éire a bheith an-chosúil le chéile?” Chuir trup an fhóin phóca isteach orthu. Deasún a bhí ann. Bhí sé de nós aige glaoch a chur uirthi i dtrátha an ama seo aon trathnóna a bheadh sé déanach. Bhí

89


ionadh uirthi mar b’fhuath leis an fón gluaiste a úsáid. Ghabh sí a leithscéal le Peter. D’fhreagair sí, ag siúl isteach arís chuig an seomra suite is ag dúnadh na ndoirse gloine ina diaidh. “Ní raibh mé in ann fáil tríd ar an bhfón. An bhfuil an líne síos nó...” Smaoinigh Éabha láithreach ar cad a bhí contráilte. Níor chuir sí an gléas ar ais ó bhí sí ag caint lena deirfiúr agus níor mhínigh di cad é a tharla. Dia ár sábháil! Bheadh Muireann ar buile léi. “Níl. Ná bac leis. Dearmad déanta agam é a chur ar ais. Bhuel? Aon scéal?” An t-am ar fad a bhí sí ag caint leis bhí sí ag iarraidh a mheas an inseodh sí dó faoin nGearmánach. Dé hAoine a bhí ann. Bheadh tuirse air. Cén dochar gan focal a rá?

90


“Tá go maith. Timpeall a naoi mar sin. Ní raibh. Bhí pasta agam. Tá pizza sa reoiteoir má bhíonn ocras ort. Slán.Tar díreach abhaile. Ná buail isteach aon áit ar an mbealach. Slán.” Mhúch sí an fón gluaiste láithreach. Amach léi sa halla. Phioc sí suas an gléas fóin eile agus sháigh ar ais sa chró é. Muireann bhocht. D’fhág sí an doras ar oscailt agus chuir a fáinne pósta ar an méar chontráilte chun meabhrú di glaoch ar ais ar Mhuireann chomh luath is a bheadh seans aici. * Amuigh sa chúlghairdín bhí Peter ag réiteach an phubaill is ag crochadh éadaí fliucha ar an líne, cé gur bheag triomaithe a bheadh ann anois. Bhí an tráthnóna ag éirí giota beag fuar. Bhí na laethanta ag giorrú cheana féin is corrdhuilleog ag titim de na crainn. Ach bheadh sé ina earrach san Astráil.

91


Ag doirteadh amach an tae dóibh, cheistigh sí é faoin bhfáth a raibh sé tagtha go hÉirinn. Dúirt sé go raibh sé ag glacadh bliain saor ón gcoláiste sula gcríochnódh sé céim san fhealsúnacht. Ábhar iontach a bhí san fhealsúnacht, a dúirt sí. Seanaimseartha ach ilaoiseach ag an am céanna. Bhí suim aici féin ann tráth den saol ach ní raibh sé de dhánacht aici an mhian a leanúint. “Aoibhinn beatha an scoláire. Tá deiseanna staidéir agus taistil agaibh nach raibh ag aon ghlúin roimhe seo. Níl a fhios agam an dtuigeann sibh é sin.” D’aontaigh sé gurbh amhlaidh a bhí ach go raibh sé i bhfad níos deacra mar gheall air sin socrú síos agus a bheith sásta leis an saol a bhí agat: “Tá an oiread sin gur féidir leat a bheith ag déanamh. Tá an domhan ag éirí níos cúinge agus níos leithne in aon am amháin. Uaireanta bíonn cineál mearbhaill orm ag iarraidh cinneadh a dhéanamh.”

92


“Is glas iad na cnoic i bhfad uainn,” arsa Éabha ag síneadh láimhe i dtreo na sléibhte ar íor na spéire. Díreach ansin bhuail an fón sa halla. “Gabh mo leithscéal arís,” arsa Éabha agus isteach léi. Muireann ar ndóigh. “Shíl mé gur marbh a bhí tú. Bomaite amháin ag caint le fear ag an doras agus ansin tada. Tost. Ní raibh mé in ann fáil tríd ná tú a fháil ar an bhfón gluaiste fiú. Cad atá ar siúl agat ansin chor ar bith?” “Tá brón orm. Rinne mé dearmad glan go raibh tú... Bhí mé amuigh sa ghairdín. Tá an scéal casta. Tá an Gearmánach ag fanacht.” “Cén Gearmánach? Níor inis tú dom faoi aon...” “An fear óg a tháinig. Ní raibh sé caillte. D’iarr sé cead campála sa pháirc orm. Agus threoraigh mé go cúl an tí é agus bhí mé ag teacht ar ais chun cainte leat nuair a rith sé liom go raibh na capaill ann. Nuair

93


a chuaigh mé amach arís bhí na láir ina thimpeall agus dath an bháis ar a aghaidh le heagla. Mar sin tá an puball curtha suas sa ghairdín aige agus rinne mé pasta dó agus...” “Haigh. Stad bomaite. Inis seo dom. An bhfuil Deasún sa bhaile?” “Tá. Bhuel, níl. Ní go fóill. Ach tá sé ag teacht. Tá moill air...” “Mar sin tá tusa sa teach i d’aonar le fear...” “Le fear óg, buachaill le fírinne.” “Le fear óg a chnag ar an doras. Duine nach bhfuil a fhios agat ó thalamh an domhain cé hé féin. In ainm Dé, a Éabha, an bhfuil tú as do mheabhair? Faigh réidh leis láithreach.” “Ní thuigeann tú. Níl aon dochar ann. Agus níl sé sa

94


teach. Tá sé amuigh ar an deic. Agus beidh Deasún sa bhaile sar i bhfad. Ní gá duit bheith buartha. Fealsúnaí atá ann. Tá go maith? Ní mór dom...” “Cuir glaoch ar ais orm nuair a thiocfaidh Deasún. Ní hea. Ná déan. Glaofaidh mise ort i gceann leathuaire nó seolfaidh mé téacs. Cuir an diabhal fón póca sin ar siúl arís.” * Ag filleadh d’Éabha ar an deic, chonaic sí go raibh Peter ag scríobh i leabhar beag nótaí. Dúirt sí leis teacht isteach chuig an seomra suite mar bhí sé ag dul ó sholas. Bhraith sí rud beag difriúil agus iad beirt sa teach. Lasmuigh, bhí an gairdín, na páirceanna is na sléibhte máguaird mar bhraillín cosanta umpu, ag ligint dóibh bheith le chéile mar a bhíonn beirt phaisinéirí ar thraein, cóngarach, cairdiúil ach a fhios acu go mbeidh siad ag scarúint go luath, ag ligint dóibh rúin a scaoileadh lena chéile. Ach anois bhí an

95


spás eatarthu cúngaithe agus leathnaithe ag an am céanna. Bean tí mheánaosta a bhí in Éabha. Fear óg scafánta a bhí in Peter. Bhí an tost míshuaimhneach. Ar an dea-uair bhí léarscáileanna na hEorpa ina láimh aici. D’oscail sí é ar léarscáil na hÉireann thar dhá leathanach agus thaispeáin dó é. Thóg seisean amach léarscáil bheag a bhí fillte ina phóca aige nach raibh an baile a bhí cúig mhíle i gcongar dóibh fiú marcáilte ann. Gháir siad beirt. “An bhfuil plean taistil agat?” Dúirt sé nach raibh sé cinnte arbh fhearr dó dul siar nó ó thuaidh ar dtús ach go mba mhaith leis cloí leis na bealaí ba lú trácht. D’inis Éabha dó gach a raibh ar eolas aici i leith iarthar is thuaisceart na tíre is thaispeáin sí na bóithre ab fheiliúnaí dó. Mhol sí dó aghaidh a thabhairt ar na háiteanna ab ansa léi féin, na tránna is na tithe ósta is na láithreacha campála ba dheise. Shíl sí go mb’fhéidir go raibh dul amú air i leith sheanaimsearthacht na hÉireann, gur cheap sé

96


an tír is a muintir a bheith mar a chuirtear síos orthu amanna in altanna turasóireachta, nó mar a léirítear iad i scannáin áiféiseacha. Níl gach tír mar a tuairisc. Smaoinigh sí ar líon na n-imirceach óg Éireannach ag dul go dtí an domhan úr agus iad dall ar fad ar an dúshlán a bheadh rompu agus ar na sluaite a tháinig anseo aimsir an Tíogair Cheiltigh. “Ní thiocfaidh tú ar aon leipreachán, tá a fhios agat,” a thug sí mar rabhadh dó. “Bí chomh cúramach anseo is a bheifeá sa bhaile.” Gheall sé go mbeadh. Bhí sé breá cleachtaithe ar an taisteal, a dúirt sé. Ag druidim an leabhair di, thit leathanach ar an urlár. Léarscáil na hAstráile a bhí ann, breac le nótaí. Chuir sí ar ais sa chlúdach go cúramach é. Ar an bhomaite chuala sí eochair sa doras agus coischéimeanna Dheasúin sa halla.

97


“Tá m’fhear céile tagtha. Beidh ionadh air tusa a bheith anseo. Agus áthas, déarfainn. Is breá leis comhluadar.” * Fad is a bhí Deasún agus Peter ag cur aithne ar a chéile agus ag breathnú ar chluiche sacair ag an am céanna, chuir Éabha téacs chuig a deirfiúr ag cinntiú di nach raibh aon chúis amhrais ann. Ansin chuir sí bríste géine uirthi, péire nua a cheannaigh sí le déanaí. Bhí sé socraithe go rachaidís triúr síos chuig an teach tábhairne. Ní fhéadfadh Gearmánach a chéad oíche a chaitheamh in Éirinn gan a bhéal a fhliuchadh. Nó sin a dúirt Deasún léi. Leithscéal a bhí ann dul amach é féin ar ndóigh. Ach níor mhiste léi. Bheadh sé go deas am a chaitheamh i dteannta a chéile. Bheadh an oiread sin comhairle is scéalta ag Deasún don Ghearmánach nach bhfaigheadh an strainséir deis focal a chur isteach. Cúpla deoch agus

98


abhaile arís. Bhí sé ráite ag Peter gur mhaith leis éirí go luath ar maidin agus cur chun bóthair. * Ag teacht abhaile sa charr dóibh ní fhéadfadh Éabha gan an cheist a chuir sí air níos luaithe a chur arís. “Bhuel, Peter. Cad é do bharúil dínn in Éirinn anois?” Bhí siad ar an gcúlbhóthar cúng polltach ón sráidbhaile go dtí an teach. Bhí sé ina ghealach úr agus an dúiche ar fad faoi loinnir bhánsolais. “Tá an bheoir níos fearr, nach bhfuil?” arsa Deasún. “Lig dó,” arsa Éabha, ag tabhairt buille uillinne dá fear. I ndiaidh cúpla bomaite labhair sé. “Braithim ait é an dóigh a gcónaíonn daoine anseo.

99


Tá tithe scaipthe gach aon áit. Is breá liom é. Nuair a bhí mé ag rothaíocht inniu níor bhraith mé uaigneach ná aonaránach mar bhí tithe ar thaobh an bhóthair; sa Ghearmáin cuireann daoine fúthu i sráidbhaile nó i mbaile, fiú más feirmeoirí iad agus talamh acu faoin tuath.” “Is dócha go bhfuil sé níos feiliúnaí mar sin ó thaobh seirbhísí de,” a d’fhreagair Deasún. “Bheadh an phleanáil níos fusa. Ní hamhlaidh anseo é, áfach. Tógadh uainn an talamh uair. Ní ligfimid dó tarlú arís. Sin is cúis leis na tithe i ngach aon áit. Táimid gafa le húinéireacht talún ó shin. An bealach is fearr le greim dhaingean a choinneáil uirthi ná teach a thógáil ar na hacraí agus cur fút ann.” “An bhfuil feirm agaibhse anseo?” “Nócha acra,” a d’fhreagair Éabha, “ach tá siad ar cíos ó d’imigh Cian, mac linn, chun na hAstráile

100


cúpla bliain ó shin. Níl a fhios againn, bhuel tá súil againn go...” Thiomáin sí isteach geataí an chlóis. Chuaigh Deasún roimpi sa chaint. “Tiocfaidh Cian ar ais ina am féin. Mura dtiocfaidh, níl leigheas againn air.” Thiontaigh sé i dtreo an Ghearmánaigh. “Anois, níl tusa ag dul ag luí amuigh san igloo sin ag bun an ghairdín anocht. Tá leaba bhreá cóirithe i seomra Chian, nach bhfuil a Éabha?” * Chuaigh Deasún a chodladh láithreach, mar a rinne i gcónaí i ndiaidh cúpla pionta. Ach d’fhan Éabha ina suí tamall ag éisteacht leis na mionfhuaimeanna a bhí ag teacht ó sheomra leapa Chian – an útamáil, na cláir urláir ag gíoscadh, an lampa ag dul as. Ar deireadh thit a codladh uirthi ach dhúisigh sí arís am éigin i nduibheagán na hoíche agus chuala trup sa phasáiste. Gheit sí. Bhí duine éigin sa teach. Bhí sí ar tí sonc a thabhairt sna heasnacha dá fear céile, a bhí

101


ag srannadh taobh léi, nuair a d’aithin sí buillí na gcoiscéimeanna. Cian a bhí ann, tagtha isteach mall agus é ag dul chuig an leithreas. Leath meangadh beag gáire ar a béal. Chuala sí doras an tseomra á dhúnadh arís. Shamhlaigh sí go raibh sé craptha suas te teolaí sa leaba, an chuilt tarraingthe anuas thar a chloigeann aige agus é faoi shuan. D’iompaigh sí í féin agus shín a cosa i dtreo bhun na leapa. Codladh sámh a bhí ag Éabha ina dhiaidh sin, suan sásta gan bhuaireamh.

102


Stáitse na Mac Tíre Lisa Nic an Bhreithimh Sheas sé ar an stáitse dorcha, an beat ard ina chluasa, an ceol ina cholainn mar a bheadh fuil ann. Bhí a cholainn ar crith. Chuala sé na mílte ag screadaíl a ainm, iad ag iarraidh stiall dá chneas a ithe… Mic tíre a bhí iontu, ocras millteanach orthu… iad stiúgtha leis. Feoiliteoirí iad a léimfeadh air mura mbeadh an bhacainn ansin ag bun an stáitse. Lig sé anáil chreathach as a bhéal agus lasadh na soilse móra sa chaoi go raibh sé dall ar an slua. Bhí sé buíoch as na soilse sin. Rug sé greim ar an mic agus chan sé óna chroí is óna cholainn amach. Chan sé chun a shaol a shábháil.

103


* Dhúisigh sé agus tinneas cinn air, an phian ag preabadh trína cheann is tinneas ina bholg. Tharraing sé colainneacha na mban tanaí fionn óna cholainn féin agus d’éirigh sé den leaba. Bhreathnaigh sé ar na mná. Níor aithin sé anois iad… ach níorbh aon scéal nua aige é sin. Bhí an cócaon scaipthe ar fud bhord sheomra an óstáin, buidéil alcóil ar an urlár, agus fuaimeanna na mac tíre fós le cloisteáil ina chluasa.

104


Leoró Eoin Mc Evoy

Nach leor reo na ndeor nach leáfaidh teas na gréine fuaire?

Cuimhním

Cuimhním

Nach leor cuimhne do chraicinn óir nach ndófaidh lasair na seirce úire?

Cuimhním

Caoinim 105


Nach leor macalla lag do ghlóir a bholgann seolta m’aigne duairce?

Caoinim

Caoinim

106


Céard is saoirse chollaí ann? Dearcadh éighnéasach ar Cúirt an Mheán-Oíche Lisa Saladin Is iomaí comhthéacs anailíse a d’fhéadfadh duine a úsáid mar mhodh léirmheastóireachta ar Cúirt an Mheán-Oíche [CMO feasta] le Brian Merriman – cuir i gcás ceist an tseánra, an tábhacht stáiriúil a bhaineann leis an téacs, agus seachadadh an téacs sna lámhscríbhinní. Is éard a chuirim romham san aiste seo ná anailís a dhéanamh ar CMO ar bhonn téamúil. Is é téama lárnach an téacs ná córas an phósta agus na collaíochta in Éirinn san ochtú céad déag, mar is léir ó chúraimí na bpearsan féin. Is cinnte go bhfuil bríonna eile ceangailte leis an téama seo – téama an fhlaithis, mar shampla. Ach má dhíríonn muid go díreach ar chóras an phósta, éiríonn an-chuid smaointe suimiúla as anailís den sórt seo, ní hamháin maidir leis an gcóras féin, ach maidir le féidearthachtaí agus fadhbanna a bhaineann le reabhlóidí sa struchtúr sóisialta, agus maidir le brí na

107


saoirse i gcomhthéacs na collaíochta. San aiste seo beifear ag cur smaointe maidir leis na gnéithe seo den téacs ar fáil trí pheirspictíocht úr na héighnéasachta (asexuality). Is léir ón téacs nach bhfuil aon duine sa Chúirt sásta leis an gcóras mar atá. Ar thaobh amháin, tá na mná ionphósta: Na sluaite imíos gan chríoch gan chaomhnadh Ar fuaid an tsaoil seo d’fhíorscoth béithe Ina gcailleacha dubha gan cumhdach céile Caite gan clú gan cionta claoinbhirt (Ó Murchú 1982: ll. 177-180).

Le linn na tréimhse staire inar cumadh CMO bhí an pósadh tábhachtach do mhná ní hamháin mar shlí chun clann agus sásamh collaí a bheith acu, ach chun stádas socair eacnamaíoch agus sóisialta a bhaint amach freisin. Cé gurbh fhéidir le bean gnó nó eastát a fháil le hoidhreacht óna hathair (Connolly 1991:

108


283), ní rómhinic a tharlódh a leithéid, go háirithe sa chás go mbeadh deartháireacha aici. Tugann an bhean óg ‘cumhdach céile’ ar an bpósadh, (Ó Murchú 1982: ll. 179) agus go deimhin, ba chumhdach é an t-am sin ón mbochtanas agus ón bhforéigean, ón uaigneas agus ó easpa measa i súile an phobail, ón mbás aonair, fiú: ‘Táim in achrann daingean na mblianta/ Ag tarraingt go tréan ar laethaibh liatha,/ Is eagal liom éag gan éinne ‘om iarraidh’ (ibid.: ll. 310-12). Ach mar is léir ó phríomhchás na Cúirte, agus ó fhianaise an bháille, coinníonn an córas céanna go leor ban ón bpósadh. Mar a deir sí le Brian, ‘Is nár bhur n-iomad gan siorraigh gan síolrach/ Is mná ina muirear ar muir is ar tíorthaibh’ (ibid.: ll. 103-4). Ní oibríonn an córas seo, mar sin, do mhná. B’fhéidir gurb iad an gheanmnaíocht, an cogadh, agus laige na bhfear is cúis leis sin, mar a deirtear sa téacs, nó b’fhéidir gur fadhb eacnamaíoch í, ach is léir go bhfuil fadhb ann. Dar leis an seanfhear nach bhfuil na fir sásta le córas

109


an phósta ach oiread, mar ní bhíonn na mná dílis. Is náire shóisialta é seo, mar baineann sé de chumas fireann an fhir. Cé nach n-insíonn an seanfhear dúinn é, is cinnte go mbaineann impleachtaí lena éagumas collaí mar ní féidir leis a bhean chéile a shásamh - is é sin is mó atá taobh thiar dá náire. Seo chugainn an bhean óg mar ghuth an phobail: ‘Nách furas don lobhar so labhairt ar mhná/ Is gan fuinneamh ’na chom ná cabhair na chnámha./ Má d’imigh an mhodhamhail bhí trom ’na gá’ (ibid.: ll. 719-21). Is é sin le rá go raibh cúis mhaith le mídhílseacht na mná, .i. go bhfuil a fear céile faoi éagumas collaí. Braitheann an fear céanna gur ‘géibheann’ atá sa phósadh mí-oiriúnach seo (ibid.: l. 588). Go deimhin, i measc na gcineálacha lánúineacha a gcuirtear síos orthu sa dán is cosúil nach bhfuil éinne sásta le ‘cuing na cléire’ (ibid.: l. 587). Mothaíonn an bhean óg gurb iad na fir atá pósta cheana atá mealltach: ‘Buaite ceannaithe ceangailte póst/ Ag fuaid, ag cailligh, ag aimid, nó ag óinmhid’ (ibid.: ll. 217-18). Is deacair a

110


shamhlú, mar sin, gur féidir leis an bpósadh a bheith mar chuid dhearfach de shaol an duine. Sa téacs, moltar dhá réiteach maidir leis an bhfadhb seo: an pósadh a athrú ina riachtanas; nó é a scriosadh go hiomlán. Breathnóimid ar dtús ar an gceann a roghnaítear sa Chúirt, is é sin an pósadh riachtanach. Tá athruithe eile ag baint leis an rogha seo. Is ceadmhach leannáin a bheith ag mná óga atá pósta le seanfhir. Is fíor go dtabharfadh an réiteach seo sábháilteacht do mhná agus dá gcuid páistí. Dar le Declan Kiberd, ‘the verdict is pragmatic in that it allows young people to fulfil their desires within the current social system’ (2000: 197). Ach ní haon saoirse reabhlóideach an córas nua seo, níl ann ach leathréiteach ar a gcás siúd atá pósta le céile míoiriúnach. Fiú dá bhféadfaidís a mianta collaí a shásamh taobh amuigh den phósadh, chaithfidís maireachtáil i gcuideachta a chéile. Agus céard faoin té nach mian leis pósadh ar chor ar bith? Mar a scríobhann Máire Ní Annracháin, ‘Sa méid gur

111


dualgas é le píonós don té a dhéanann faillí ann, ar éigean is saoirse chor ar bith é, go háirithe don té nach bhfaigheann aon phléisiúr as an tsaoirse chéanna’ (2009: 104). Ní foláir réiteach níos radacaí a aimsiú chun fíorshaoirse a bhaint amach. Is é an rogha radacach ná scriosadh iomlán an phósta. Molann an seanfhear ‘saorthoil siolraigh’ do chách mar, dar leis, ‘Is furas an tír d’athlíonadh ’o laochaibh / D’uireasa a nguí gan bhrí gan éifeacht’ (Ó Murchú 1982: ll. 636, 591-92). In ainneoin na saoirse pearsanta a bhaineann leis an rogha seo, ní fiú le hAoibheall é agus ní luann sí é ina breithiúnas. Go deimhin, is é a dheargmhalairt a roghnaíonn sí: Achtaimid mar dhlí do bhéithe An seacht fó thrí gan cuibhreach céile Tharraingt ar cheann go teann gan trua Is a cheangal don chrann seo i dteannta an tuama. Bainigí lom de a chabhail ‘s a chóta

112


Is feannaigí a dhrom ‘s a chom le corda (ibid.: ll. 871-76).

Ní mór a cheistiú cén fáth a n-iompaítear ar an bhforéigean chun daoine a chur faoi smacht, gan smaoineamh fiú faoin rogha eile, scriosadh an phósta? Go bunúsach, tá an moladh sin róradacach— fiú do chúirt sí, fiú i mbrionglóid (nó i dtromluí). Ní in aghaidh na hEaglaise amháin atá sé, ach in aghaidh beagnach gach cuid de chóras sóisialta agus eacnamaíoch na sochaí. Cuimhnítear go raibh an pósadh mar chuid thábhachtach de shábháilteacht na mban ón bhforéigean, ón mbochtanas, ón gcáineadh poiblí agus ó dhiúltú os comhair an phobail. Níos práinní fós, chun an pósadh a scriosadh, b’éigean an geilleagar a athbheochan, an córas a athrú ó bhonn agus níos mó deiseanna a thabhairt do mhná. Tá daoine ann a throideann fós ar son na cúise céanna sa lá atá inniu ann, go háirithe gníomhaithe ar son cearta do lucht LADT2, mar chuid de ‘working against 2

Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach

113


power structures that privilege some identities and practices over others’ (Chu 2014: 84). Níl sé éasca an tsochaí a athrú ó bhonn. Is féidir, mar sin, breathnú ar CMO mar thromluí na réabhlóide leathdhéanta.3 Fiú más athionramháil é an téacs ar théamaí as ‘pota stóir dúchais’ (Ní Úrdail 2008: 175), is féidir dearcadh faoi leith a chur ag obair air. Measaim go mbeadh sé úsáideach anseo peirspictíocht éighnéasach a chur i bhfeidhm. I gcomhthéacs an ghnéaschlaonta, cuireann an focal ‘éighnéasach’ síos orthu siúd ‘who lack sexual attraction to others’ (Bogaert 2006: 241). Ach mar an gcéanna

le

cineálacha

eile

collaíochta,

neamhchollaíochta, is féidir an éighnéasacht a úsáid mar choincheap níos leithne ar bhunús teoiriciúil, rud a dhéanfaidh mé sa pháipéar seo. Tá go leor fáthanna leis an gcinneadh seo. I dtús báire, tá diúltaithe ag

Nílim ag rá gurbh é sprioc Merriman é, ach ní hé brí bheartaithe aon téacs an t-aon rud le léamh ann. 3

114


reacaire CMO dá dhualgas pósta, agus cuirtear píonós air dá réir ag deireadh an dáin: Is coir mós díreach, suíte an t-éadan, Deich fó thrí gan cuibhreach céile. […] Is sómpla sámh é, a mhná na muirne, Gearraigí doimhin, níor thuill sé fábhair, Bainigí an leadbh ó rinn go sáil de (Ó Murchú 1982: ll. 993-4, 1010-12).

Dar le Máire Ní Annracháin gur ‘frithlaoch íorónta’ é pearsa an fhile sa dán, ‘Spreasaire…nach raibh sé de mhisneach aige pósadh’ (2009: 112). Tá sí den tuairim go bhfuil an ‘easpa paisiúin’ seo mar chuid den imní a leirítear roimh athchóiriú sóisialta sa téacs (ibid.:113). Ach d’fhéadfaimis an diúltú seo a shamhlú mar iarracht ar shaghas eile saoirse collaí, ‘turning away from… societal responsibilities of reproduction’ (Flore 2014: 27). Ní féidir a shéanadh gur tasc oibre í an chollaíocht i 115


bhfearann an téacs seo. D’fhéadfá í a shamhlú mar ‘intimacy labor’ (Kipnis 2000: 11, in Owen 2014: 129), nó mar obair atá riachtanach de réir ídéeolaíocht an líonra sóisialta (Sinwell 2014: 186), ach ar aon chaoi, ní foláir don duine tabhairt fúithi. Fiú taobh amuigh de léamh Marxach, a chuirfeadh béim ar an obair féin, tá an fhlaithiúlacht chollaí curtha i láthair sa Chúirt mar chuid de dhualgais shóisialta an uile duine, agus bunús a sheasaimh sa phobal. Déanann an bhean óg na sagairt a rangú i gcatagóirí agus a mheas de réir a ‘bhféile’ chollaí thar aon ní eile: Cuid acu bíodh gur ríocaigh riamh iad Is cuid acu bhíos gan ríomh gan riail leo, Cinntigh chrua gan trua gan tréithe, Fíochmhar fuar is fuath dho bhéithe. Tuilleadh acu tá níos fearr ná a chéile Tuilte le grá is le grásta féile (Ó Murchú 1982: ll. 789-94).

116


Filltear ar an bhfocal sin ‘féile’ arís is arís eile chun cur síos ar an gcollaíocht (.i. na fir a thugann sásamh do bhéithe). Agus i ndeireadh an dáin, is é an easpa féile an locht is mó a chuirtear i leith Bhriain: ‘Cá bhfuil do shaothar saor le suíochant?/ Cá bhfuil na béithe baoch ded ghníomhartha?’ (ll. 965-66). Sa Chúirt, ní hé an pósadh amháin atá ina dhualgas, ach an ‘féile’ collaí go ginearálta. Mar sin, is féidir diúltú an reacaire don phósadh agus don chollaíocht araon a léamh mar iarracht i dtreo na saoirse pearsanta, agus mar rogha ar son an indibhidiúlachais. Tá fáthanna idé-eolaíocha ann a bhfuil sé níos éasca an tsaoirse a léamh i dtéarmaí ghlacadh na collaíochta, seachas a diúltú. Tá an claonadh sin le feiceáil i sciar leathan den léirmheastóireacht ar CMO. Mar shampla, measann Géaróid Ó Crualaoich go bhfuil an téacs i bhfábhar ‘a civil and psychological liberation of the individual, at the carnal level first’ (1983: 99). Ach arís, ba dhóigh le duine go bhfuil an tsaoirse níos casta ná sin. Sa lá atá

117


inniu ann is é dearcadh na coitiantachta ná ‘every attempt at personal freedom or political liberation must fixate on sexuality as both an end and a means’, agus breathnaítear ar aon rian de neamhshuim sa chollaíocht mar ‘an aescetic’s retreat’ (Grossman 2014: 199). B’fhéidir gurb é sin an fáth a dtugann Máire Ní Annracháin ‘cainteoir meata an dáin’ ar Bhrian (2009: 112). I saol na bhfear ach go háirithe, is éard a bhíonn i gceist leis an gcollaíocht ná ‘requirement to demonstrate proficiency in one’s role’ (Apfelbaum 1984). Is duine é reacaire na Cúirte nach bhfuil ag iarraidh an riachtanas sin a chomhlíonadh, agus is cinnte go bhfuil daoine eile nach gcloistear sa dán a mhothódh mar an gcéanna leis. Ach gearrann Aoibheall, an báille, agus na mná araon, píonós ar Bhriain i ndíol ar a neamhshuim sa chollaíocht, mar ina dtuairim siúd, mar a fheictear go forleathan i ndioscúrsaí an ghnéis, ‘Asexuals then are perceived as embodying a failure to experience or perform sexuality “appropriately”’ (Flore 2014: 24). Cuirtear dioscúrsa nádúrtha agus reiligiúnda i

118


bhfeidhm ar son an dearcaidh seo – mar a deir an báille, ‘Ainmhí ‘od shórt níor ordaigh an Tiarna| Geanmnaí fós i gcóngar liaithe’ (Ó Murchú 1982: ll. 989-90). Ó thaobh iompair normataigh de, tá daoine ionphósta/ éighnéasacha scoite amach ar imeall na sochaí seo cheana féin mar gheall ar iad a chúbadh siar óna gcuid ‘social responsibilities’ (Flore 2014: 27). Ón bpeirspictíocht sin, ní hé an t-athrú sóisialta féin

atá

scanrúil,

ach

an

bhréagshaoirse

a

d’fhéadfadh eascairt as. Chomh maith leis sin, is féidir riail gheanmaíochta na cléire agus riachtanais sásaimh na mban ionphósta a imscrúdú faoi sholas na héighnéasachta. Is iad na rialacha sóisialta a dhéanann na mianta collaí a ‘bhrú siar’ seachas aon fheiniméan síceolaíoch Freudach (Ní Annracháin 2009: 104). Cé gur minic an éighnéasacht á samhlú le mianta atá brúite faoi chois, tá sé tábhachtach an scoilt a aithint idir easpa deiseanna agus neamhshuim. Sa léamh seo, tá sé soiléir nach saoirse iomlán atá i gceist leis an gcóras

119


nua, ach norm úr a dhéanann imeallú orthu siúd nach cás leo pósadh. Déantar é seo mar ní féidir a ndearcadh a thuiscint: We are disposed to deal with absences of any kind by installing content in them to recuperate them as presences—a process that makes asexuality difficult to articulate and, conversely, the only process by which it can be articulated. Given our current set of theoretical frameworks, asexuality is demarcated only negatively—and often not at all—when sexuality is deployed as discourse (Hanson 2014: 344).

Ní hé sin le rá nach féidir le haon rud a bheith i gceilt taobh thiar de neamhshuim fhollasach sa chollaíocht, ach nach é an freagra is simplí ná nach bhfuil aon rud ann?

Mar shampla, cé go mbraitheann Ní

Annracháin go bhfuil ‘an-chuid collaíochta’ i bhfís phearsa an dáin, is é an t-aon ghné de seo atá le feiceáil go soiléir ná meas ar áilleacht. Nuair a dhéantar comparáid idir cur síos an reacaire ar an

120


mbean óg agus an cur síos a dhéanann sise uirthi féin, is léir gur uaithi sin, seachas ón reacaire, a eascraíonn collaíocht an radhairc. Labhraíonn an reacaire faoi chuma álainn na hógmhná: ‘Chonairc mé spéirbhean mhaorga mhallroisc/ Mhilis bhog bhéaltais mhéarlag mhealltach,/ Thaitneamhach shásta tháclach fhionn’ (Ó Murchú 1982: ll. 149-51). Ach breathnaímis ar fhriotal na mná féin: ‘Seo toll is cosa agus colann nách nár liom/ Is an togha go socair fá cover ná tráchtaim’ (CMO ll. 239-40). Cé go bhfuil an difríocht soiléir, is deacair smaoineamh faoin neamhláithreacht mar neamhláithreacht4, taobh amuigh den téacs nó neachtar acu sa téacs féin. Bítear i gcónaí ag iarraidh rud éigin a aimsiú ‘fá cover’, rún cosúil leis an ‘ngrís is gága’ a ‘cheileann’ laimhainní an ógmhná, dar leis an seanfhear (ibid.: 398). Ach teipeann ar struchtúr na reacaireachta atá bunaithe ar thóraíocht an rúin seo, mura bhfuil aon rud le fáil amach i ndáiríre. Bainim úsáid anseo as ‘neamhláithreacht’ chun impleachtaí morálta na bhfocal ‘easpa’ nó ‘easnamh’ a sheachaint. 4

121


Tagaim anois chuig teoiric na reacaireachta éighnéasaí, atá leagtha síos i dtosach báire ag Elizabeth Hanna Hanson. Dar léi ‘The asexual possibility […] introduces the threat that the secret is that there is no secret, that there is nothing to be found out, that the story may well lead nowhere’ (Hanson 2014: 349-50). Sa chuid is mó de theoiricí reacaireachta, tá an dúil mar chuid lárnach de struchtúr an téacs (ibid.: 348). Is dúil san eolais é seo, le fáil amach céard é an chéad rud eile a tharlóidh, agus cén chúis atá, nó cén deireadh a bheidh, le himeachtaí an scéil. Ach sa lá atá inniú ann is deacair an dúil sin a scárúint ó mhianta collaí: ‘…in a postFreudian context, a non-sexual model of desire seems untenable, because a sexual model is in fact an accurate account of modern subject formation’ (ibid.: 348). B’fhéidir gur locht é seo ar an tslí ina léitear téacsanna níos ársa – samhlaítear go gcaithfidh dúil de shaghas éigin a bheith ann, dúil sa chollaíocht mar an gcéanna le dúil san eolas. Ach an bhfuil sé riachtanach go dtarlóidh imeacht éigin, go mbeidh

122


cúis (nó mian) faoi leith le fáil amach? Mura bhfuil, osclaíonn an tuiscint sin réimse nua féidearthachtaí do scríobh agus léamh téacsanna liteartha. Mar sin, déanaimis léamh ar CMO i bhfianaise na tuisceana nach gá don téacs aon sprioc a bheith aige. Titeann aicsean CMO amach taobh istigh de bhrionglóid – is cuid é sin dá stádas mar aisling. Ach más brionglóid (nó tromluí) é, ar tharla aon rud i ndáiríre? Fiú taobh istigh den fhís, measann go leor criticeoirí nach bhfuil aon chonclúid sásúil ann – ‘something went wrong’, a scríobh Frank O’Connor (1945: 10, in Kiberd 2000: 197). Is cuid d’ábhar spéise an téacs, áfach, an neamhchinnteacht idir brí litriúil agus brí mheafarach na síogaí, agus mar sin, an neamhchinnteacht faoin gceist ‘ar tharla aon rud?’ Mar a deir Ní Annracháin ‘ní thugann an bhrionglóid per se le fios go bhfuil sí [Aoibheall] le tuiscint mar mheafar’ (2009: 112). Arís, is féidir ceangal a dhéanamh idir ‘undecidability’ agus an ‘asexual possibility’ sa reacaireacht, mar tá easpa clabhsúir,

123


fiú

easpa

dúile

sa

chlabhsúr,

ag baint

le

neamhchinnteacht (Hanson 2014: 364). Nuair a phreabann

Brian

‘do

léim,

ón

bpéin

[ina]

dhúiseacht’, is cosúil go bhfuil sé ar ais san áit chéanna ar thit sé ina chodladh ann (Ó Murchú 1982: l. 1026). B’fhéidir, mar sin, gur struchtúr é an fhoirm aislingeach a bhaineann sa téacs áirithe seo le heaspa cinnteachta faoin gcaoi ar féidir leasú a dhéanamh ar an gcóras pósta. Is fíor, ar a laghad, go bhfuil ‘dream vision’ ar an liosta seanraí a mbeadh ‘The asexual possibility… less at odds’ lena ‘narrative structures’ (Hanson 2014: iarnóta 11). Agus, mar gheall ar go dtagann téamaí na Cúirte as an ‘pota stór dúchais’ sin (Ní Úrdail 2008: 175) a luadh cheana, níl aon rud ‘nua’ anseo. Ach fós, tá an aisling iompaithe ag Merriman i dtreo na neamhchinnteachta – tá a tábhacht

féin

chomh

neamhchinnte

leis

an

teachtaireacht is ceart a thógáil aisti. Mar a luaitear thuas, cuireann CMO síos ar chóras briste an phósta nach bhfónann d’éinne. Is léir ón

124


téacs go bhfuil géarghá le hathrú sóisialta, ach tá sé níos deacra oibriú amach céard ba cheart a dhéanamh. Mar a insíonn Ní Annracháin dúinn, ‘ní léir don léitheoir cén phearsa ar chóir creidiúnas a thabhairt dá peirspictíocht’, an bhean óg nó an seanfhear (2009: 103). Tá an débhríochas seo thar a bheith follasach nuair a chuireann an dá phearsa síos ar a réitigh dhifriúla ar fhadhb an phósta agus iad taobh leis an bhfoclóir chéanna: impíonn an seanduine ar Aoibheall gan ligean do ‘riail gan éifeacht’ an phósta an aois óg a mheilt, agus labhraíonn an bhean óg faoin gcléir ‘Ar chailleamar riamh le riail gan éifeacht’ na geanmnaíochta (Ó Murchú 1982: ll. 630, 808). Ní féidir a rá le haon chinnteacht, mar sin, cén phearsa a dtaobhaíonn Merriman nó an téacs léi. Tá dearcadh amháin ann, áfach, nach mbreathnaítear air go minic ach chun é a cháineadh, .i. peirspictíocht an reacaire féin. Má léitear an téacs gan na neamhláithreachtaí agus na tostanna a líonadh chun

125


iad a ‘recuperate… as presences’, is féidir an dearcadh

seo

a

léamh

mar

pheirspictíocht

éighnéasach (Hanson 2014: 344). Osclaíonn an léamh seo féidireachtaí éagsúla, idir théamúil agus theicniúil. Ina measc siúd, tá slí nua le smaoineamh faoin reabhlóid agus faoin tsaoirse chollaí – má táimid chun ‘polymorphous’ a chur ar na pléisiúir a thiocfadh as ceann de na leasuithe a d’fhéadfaí a shamhlú le CMO, b’fhéidir gur ceart a chur i gcuimhne dúinn féin go dtagraíonn an frása ‘polymorphous perversity’ do phléisiúr nach bhfuil teoranta don heitrighnéasacht ghiniúna, saghas pleisiúir nach n-airítear sa Chúirt (Kiberd 2000: 202). Ní aithnítear go minic doimhne an chlaonta seo i gcoinne na saoirse, ach tá sé mar chuid lárnach den téacs os ár gcomhair, chomh maith le bheith mar chuid lárnach dár sochaí, tríd síos. Éilíonn an tsaoirse chollaí i bhfad níos mó ná briseadh síos theorann an adhaltranais. I gcás daoine ar nós reacaire an dáin, d’fhéadfadh breithiúnas na cúirte a bheith níos measa ná an tsochaí mar atá – ‘the rhetoric of sexual

126


liberation risks becoming indistinguishable from “compulsory”

cites

of

sexual

rehabilitation’

(Barounis 2014: 179, ag tagairt do Jagose 2012). Faoi dheireadh, caithfear dul i ngleic le teicniúlacht na reacaireachta féin. Maidir leis an úrscéalaíocht, creidtear gur chóir go mbeadh rún nó cúis éigin le fáil i ngach téacs, agus go réiteofaí gach údar aon débhrí roimh chríoch na hinsinte. Ní hé seo an t-aon slí chun téacs liteartha a struchtúrú, áfach, mar a léiríonn Hanson (2014) ina halt ‘Toward an Asexual Narrative

Structure.’

Tugann

féidireacht

na

héighnéasachta deis dúinn an tuiscint atá againn ar dhúil an duine san eolas a cheistiú ó bhonn, agus osclaíonn an neamhchinnteacht radacach sin réimse féidireachtaí atá thar a bheith suimiúil don aois seo, chomh maith le haois Merriman.

127


Míorúilt Raghnallach Eoin P. Ó Murchú Tháinig Daithí beag abhaile lena athair tar éis iomána lá agus é ag caoineadh. Cliot cleataráil isteach san fhorsheomra, na buataisí faoi chlabar, stoca amháin in airde, an ceann eile thíos go rúitín, clogad is camán is málaí scoile is málaí spóirt ag gobadh amach ag uillinneacha éagsúla. Mar a bheadh mionghliaire ann cheap Lucinda, trodaí beag. Níor thuig sí go dtí níos déanaí a oiread den fhírinne a bhí sa smaoineamh fáin sin. Daithí deich mbliana d’aois. Bhain sí de na coisbhearta salacha, thóg suas chun a sheomra é, ghlan an chréacht ar a ghlúin is shuaimhnigh é. Bhí sé ag snagaíl leis, rúitín leonta ina láimh aige. Chuir sí cúpla ceist air; conas mar a bhí, raibh gach rud ceart is mar sin de. Tuirseach a dúirt sé, sea, tuirseach agus lag. Bhain sí a gheansaí de, is thug faoi deara go raibh a chraiceann teann isteach ar a easnacha, meáchan éigin caillte aige. Cheap sí sin ar aon nós, ach nach

128


mbíonn buachaillí ar an aois seo an-seang, gan pioc saille orthu? Caithfidh nár aithin sí é ó bhí sí gafa leis an útamáil thart le Sorcha, ach bhí cuma thinn air san aghaidh mhílítheach, rud éigin as alt, é rud beag róthanaí. Thógfadh sí Daithí chun an dochtúra amárach, fiabhras na bhfaireog air nó rud éigin ar an gcaoi sin? Bhí de cheart aici aithint roimhe. Bhí glaoch faighte ag Lucinda ó Scoil Thír na nÓg ag tús na seachtaine. An chéad rud maidin Dé Luain: “Tá fadhb leis an gclárú a Bhean Uí Bhriain. Teastaíonn uainn go dtiocfaidh tú isteach.” Chuir sin an-bhuairt uirthi, áit Shorcha i mbaol ba chosúil, agus isteach léi. Bhagair sí orthu agus d’agair sí orthu ach bhí fuar aici, ní raibh an áit ar fáil. Dúirt sí go rachadh a fear céile isteach. Agus chuaigh. Abhcóide sinsir, ní raibh duine ar bith chun bac a chur sa chosán ar Tom, agus níor chuir. Bhí clárú Shorcha dearbhaithe deimhnithe faoin gCéadaoin. Ba mhór an faoiseamh do Lucinda é, Lucinda a raibh cónaí uirthi ar Ascaill shócúil Belmont. Éirithe as a post seachas

129


corrmhaidin in oifig i sráidbhaile Raghnallach. Orduithe a ghlacadh, ríomhphoist a léamh agus an fón a fhreagairt. Thaitin sé léi an teach a fhágáil is a cuidse a thuilleamh. Níor mhothaigh sí go dona faoin airgead a thuill sí ann a chaitheamh. Ba léi é. Murab ionann agus airgead a fir, nach raibh teorainn leis, ba chosúil nach ngoillfeadh sé uirthi é a chaitheamh ar rudaí a bhain léi féin amháin. Déardaoin agus Dé hAoine, 11 go 3 san oifig is ansin Daithí agus Sorcha a bhailiú ón bhfeighlí. Dinnéar a réiteach ó bhonn, nó cúpla béile réamhullmhaithe a fháil ó Donnybrook Fair, nós a bhí ag éirí beagán níos coitianta le déanaí. Ach anois Daithí. Ba é an Dochtúir Ó Súilleabháin, Corcaíoch, an dochtúir teaghlaigh ag bun na sráide a chuir eagla uirthi ar dtús. Thuig sé go raibh rud éigin as alt. Dúirt léi faoi thástáil fola. Sheachain sé a súile is chas uaithi ansin, a rá nach raibh ann ach cinntiú. Níor mhínigh sé an cineál cinntithe.

130


“Ní féidir a bheith cinnte go dtí go mbeidh toradh againn.” Tháinig toradh. “Ní féidir a bheith cinnte go rachaidh sibh go speisialtóir.” “An bhfuil sé tromchúiseach?” “Níl ‘fhios agam, is féidir go mbeidh ach arís eile is gá fanacht ar an dara tuairim.” Turas eile chuig dochtúir eile agus deireadh an domhain acu. Rinne sí staidéar air ar an idirlíon go dtí go raibh an lámh dheis tuirseach den chliceáil ar “leoicéime páistí” is go raibh sí reoite ar an luchóigín. Abairtín uafáis. D’imigh mí. An chéad mhothúchán eile a mhothaigh sí ná fearg. Caogadú breithlá ag comharsa béal dorais léi a chuir as di. Tháinig sí abhaile ón tsiopadóireacht agus í ag

131


iompar na málaí páipéir isteach ón X5 nuair a chonaic sí go raibh muintir Harrison ag réiteach an ghairdín. Aisteach, a cheap sí, mar gur leasc leo sin aon obair chrua a dhéanamh. Bheannaigh siad di, is chuir sí beagán cainte ar an bhfear (níor thairg sé aon chabhair di leis na málaí, bíodh a fhios agat, chuimhneodh sí air sin), fear díreach ard faoi chulaith ghalánta ag rácáil a ghairdín. B’ait an feic é ó nach bhfaca Lucinda é ag déanamh puinn oibre sa ghairdín tosaigh ó bhog siad isteach. An t-ollphobal a chuir le ceangail ar fad í. Dúirt duine de na comharsana léi is í amuigh ag siúl an oíche ina dhiaidh sin. “Ó sin dá breithlá, bhfuil tú ag dul?” “Bhfuil mé ag dul? Bhuel, níor chuala mé aon cheo faoi go dtí díreach anois, mar sin, is cosúil nach mbeadh aon mhórfháilte romham,” agus sháigh sí na cluasáin isteach ina cluasa is d’imigh léi faoi fhuadar. Agus ainneoin gach “Táim cinnte nach raibh ann ach nár theastaigh uathu cur isteach oraibh…” ina dhiaidh sin, ní raibh seans dá laghad go rachadh sí. Dhiúltódh sí dóibh ar aon nós, fiú dá dtiocfaidís anall anocht, nó oíche na

132


cóisire a rá, “Mo mhórleithscéal Lucinda, rinneamar dearmad glan, bhfuil tú ag teacht chun na cóisire, nó bhfuil aon rud eile gur féidir linn a dhéanamh daoibh?” Níor tháinig an cnag sin ar an doras agus ba chuma sa foc léi. “Bíodh an diabhal acu!” a dúirt sí le Tom. Ghoill an balún go mór uirthi. Balún airgeadúil ar chruth caoga ar sciob an ghaoth léi é ó theach na gcomharsan thar sconsa isteach. É fostaithe thuas sa chrann is airde ina garraí féin. Ar nós gur tháinig na bastaird isteach le linn na hoíche is gur chuir dréimire le crann is cheangail ann é. Bheadh orthu bheith gangaideach lena leithéid a dhéanamh. Fós. Thaitin sé léi nuair a tolladh an diabhal rud, é crochta ina shliobarna thuas ann. Chuir sé as di é a bheith ann fós, ach balún ar sliobarna, céard eile a bhí ann ach magadh, magadh faoin bhfear. Cá bhfios. Nach raibh an scéal amuigh air, is gan aon pháistí acu, is gan aon súil acu leo. Balún ar sliobarna caite de thruaill thuas sa chrann, céard ab fhearr mar oidhre ar an mbastard

133


brocach nach dtabharfadh lámh chúnta di ná cuireadh chun cóisire ná gal a mhúin féin. Bastard brocach a thug sí air agus í ag cúlú amach sa jíp cúpla lá ina dhiaidh sin, a súile á ghrinniú sa scáthán siar. Iad i dteach chomh mór sin leo féin, ní raibh aon ghá leis, gan aon pháistí acu fiú. Tá an tír millte ag a leithéid. Millte, millte, millte. Ní raibh aon fhearg dá mhéad í a chiúnódh an scanradh inti, thuig sí gur seafóid a bhí san fhearg ach tháinig sí dá hainneoin. Chúb an galar isteach ar a haonmhac agus thit sé faoin ualach is d’imigh as. Dhóigh a coinneal féin a buaiceas is fágadh í sa dorchadas gan ghrinneall. Sochraid. Ithir. Agus é ag dul síos i mbosca bán, bhí an bréagfhéar ar an gcarn ithreach ar thaobh na huaighe agus a feairín beag istigh. Róbheag is róbhog. Laethanta brionglóidí is tromluithe gan stad. Tom tostach. Níor cheart dóibh bán a roghnú, cuma

134


an bhochtanais air nó rud éigin, smaoineamh fáin nach n-imeodh. D’fhuaraigh leaba Lucinda agus a fir. Chodail sí i seomra na n-aíonna. Seomra deas, leaba dheáchóirithe is na lampaí beaga taobh leapan is na cuirtíní ar fad ag teacht lena chéile. Ní raibh pearsantacht ann; gan leabhair, gan phictiúir phearsanta, gan bhrí. Teach lóistín a shamhlófá leis, ach thaitin sé léi é a bheith mar sin. Chaith sí amach blaincéid na mbláthanna beaga sochraidiúla is chuir bán is dúghorm ina n-áit. Fíorbhán geal. Chaith binsín bláthanna an tseomra amach an fhuinneog lá, maille lena bprochóg; nascadh bláthanna le bás ag an tsochraid. Bláthanna áille cumhra a d’fhág anois nach bhfaigheadh sí ach boladh an bháis orthu. Boladh a líon a saol. Ní fheadar conas mar a rith an smaoineamh léi ar dtús. An caoineadh faoi dear é, ní foláir. Dhúisíodh sí nó d’éiríodh sí ar maidin is bheadh cuid den leaba -

135


braillín, an tocht fiú - fliuch. Leis an ngol. Súile ar sileadh síoraí agus gan ach é ar láimh. Buidéal de chógas éigin a bhí seasta, ar éigean, i seomra Lucinda. Chaoin sí uisce a cinn agus bhailigh sa bhuidéal a deora. Nuair a thriomaigh sí d’aithin sí na deora bailithe ag bun an bhuidéil, is mhachnaigh sí. Bhí an buidéal te ina láimh. Na deora a bhí á dtéamh agus iad fáiscthe go daingean ina deasóg. Tá beatha iontu sin fós. Is thug sí gráin dá broinn is chaoin arís. Ansin gach oíche agus an dorchadas ag cúbadh isteach orthu, nó aon am eile a mbuaileadh an fhoilmhe sin sa bholg í, sa chroí is sa chliabhrach istigh, d’fhaigheadh sí an buidéal is chuireadh sí le súil is le súil eile é de réir a chéile, ag bailiú na ndeor go cáiréiseach, deoch a beatha. Choinnigh sí ar an gcaoi sin ar feadh seachtainí, á mbailiú, is d’éirigh a súile pianmhar, fuildearg ag an síorchaoineadh is barr an bhuidéil crua leo. Lean an buidéal leis ag líonadh, is screamh shalannach ag fás timpeall an chlaibín. Thit toirchim suain uirthi oíche agus í ag gabháil don

136


ghnó laethúil agus nuair a dhúisigh, bhí cuid de na deora doirte aici. Paiste tais, dúghorm ar ghorm, ag scaipeadh ar an mbraillín, ach bhí an buidéal fáiscthe i mbos a láimhe aici. Níor scaoil sí leis ainneoin codlata. Thóg sé dhá mhí eile uirthi an buidéal a líonadh, rinne sí dearmad ar gach cúram eile sa saol. Thaitníodh sé léi ar bhealach, cé nach n-admhódh sí sin le duine ar bith, ní luafadh sí an gníomh féin, bheadh náire uirthi. Nuair a bhí an buidéal líonta aici dhún sí an claibín air is d’fhág le taobh a leapa é. Bhí leathdhearmad á dhéanamh aici ar Shorcha agus d'imigh Tom as a mheabhair leis an obair agus cúram breise a iníne. Go mall mall, céim ar chéim, thosaigh sí ag filleadh ar ról na máthar. Thosaigh sí ag dul chun na hoifige arís, í féin a d’iarr orthu. Nuair a thagadh sí abhaile, áfach, agus an buidéal sin suite os a comhair. Ní raibh tuairim aici céard ba chóir di a dhéanamh. Ní raibh slí ann do thuilleadh deora. Sa

137


deireadh, bheartaigh sí é ar a chur di. Ní fhéadfadh sí breathnú ar an mbuidéal. Bhí cuma shuarach air anois; aisteach, i bhfírinne. Níor fhéad sí é a fhágáil ann. Tháinig sí ar ais ón obair tráthnóna Céadaoin is thug an buidéal léi isteach sa ghairdín cúil. Siar léi ar chúl ar fad, gairdín mór, faiche fhada, gur tháinig chuig an gcrann ba mhó de chrainn uile an ghairdín: dair. D’fhéach sí síos ar a bróga ísle corcra, an dath dorcha ag an bhfliuchras ar an bhféar a bhí gan ghearradh le cúpla mí anois, is shrac duilleog de bhróg. Chrom sí, scríob lena ciotóg i measc na bhfréamhacha, is dhoirt an buidéal, síos leis isteach san ithir. Tar éis tamaill ar a gogaide is na deora slogtha ag an ithir d’éirigh sí is lasc an buidéal folamh isteach sna sceacha ag an gcúlbhalla. Bhuail an buidéal an balla le torann domhain toll ach níor chosúil gur bhris sé. Ba mhaith sin, cheap sí, ní raibh aon ghnó aici é a chaitheamh ar an gcéad dul síos. Bhraith sí cúrsaí beagán níos boige tar éis sin, éirí ar maidin, cith a ghlacadh, smideadh a chur uirthi féin,

138


thagadh aoibh an taitnimh uirthi uair nó dhó sa tseachtain anois. Bhí deireadh leis na deora, cé is moite de chorruair: breathnú ar an bhféilire agus a bhreithlá marcáilte go ciotach aige; camán a shleamhnaigh síos taobh thiar den doras nuair a phlab sí dúnta é is a scread “Cuimhnigh orm, cuimhnigh orm” de ghlór callánach a líon an forhalla. Chuir sé iontas uirthi nuair a chonaic sí an meall ag fás ag bun an chrainn. Ba chosúil le hailse sa chrann é, bolgán ag fás amach as. Chuir sin as di, ach go háirithe nuair a d’éirigh sé níos mó agus níos mó fós. Chaitheadh sí na huaireanta cloig ag breathnú air sa ghairdín. Sheasadh sí san fhuacht nó sa bhrádán ann, ag gliúcaíocht, is ní dhéanfadh sé aon mhaith a rá léi éirí as. Lá dá raibh, phléasc an meall agus tháinig Daithí as, Daithí bídeach clúmhach. Bhí eití fada maorga air seo is bhí sé smeartha le fuil is smionagar de rúsc an chrainn. D’fháisc Lucinda lena cléibh é, is thosaigh

139


sé ag bualadh a sciathán go hanbhách. Lig sí leis. D’eitil timpeall an ghairdín go mánla, is lean sí é, is ansin rith go dtí an garáiste tí, suas ar bhoscaí bruscair is ansin ar an díon. É ag eitilt timpeall an cheantair; Ráth Garbh, Cluain Sceach agus amach go Baile an Bhóthair. Chaill sí radharc air timpeall ar an gCarraig Dhubh ach lean sé leis go Dún Laoghaire is níos faide síos feadh an chósta ar shéideáin gaoithe. Níor chreid éinne í nuair a d’inis sí a scéal.

140


El supermercado del sur in ómós do Julio Cortázar

Éilis Nic Aodhagáin Thóig an bhean ghalánta a guthán póca amach as a mála láimhe dearthóra, í ag osnaíl is ag eascainí faoina hanáil. “Haigh Derek, ní chreidfidh tú é seo – chuaigh mé isteach go Tesco i nDún Droma ar an mbealach abhaile chun rud éicint a cheannach don dinnéar, agus anois táim faoi ghlas ann...’Sea, tá glas ar na doirse uilig… Tá’s a’am... Níl a fhios a’am cén t-am a bheas an dinnéar réidh agam duit, beidh ort fanacht… Níl a fhios a’am Derek. Cuirfidh mé glaoch ort agus mé ar an mbealach abhaile…Slán.” Chuir sí an guthán ar ais ina mála agus lig osna eile uaithi.

141


Bhreathnaigh ógfhear a raibh culaith dhubh air ar a uaireadóir. Thóig sé amach a ríomhaire glúine agus shuigh síos ar a mhála cáipéisí. Bhí ualach oibre le déanamh aige an oíche sin agus ní fhéadfadh sé nóiméad a chur amú. Chuir sé a chluasáin air agus le ceol The Rolling Stones ag búireadh ina chluasa, rinne sé dearmad gur in ollmhargadh a bhí sé seachas san oifig nó ina sheomra suí sa mbaile. Shiúil an tseanlánúin phósta anonn chuig seastán na nuachtán.

Thóig

an

tseanbhean

The

Irish

Independent anuas ón tseilf agus thug sí cóip den iris The Irish Garden dá fear céile. Shuigh siad síos go sona sásta ar bhinse in aice an tseastáin. “Nach bhfuil sé seo exciting a Sheáin?” “Hea?” “Beidh scéal le ninseacht anois agam nuair a bhuailfeas mé le mo chairde Dé hAoine.” “Beidh.” “Meas tú an bhfuil muid á gcur ar fuascailt acu?” “Bíodh ciall agat, a Bhríd.” “Ní bheadh a fhios a’at. D’fhéadfadh rud ar bith a tharlú sa gcathair seo. B’fhéidir go bhfuil leithéidí Nidge agus Fran taobh thiar de.” “Cuir srian

142


ar do shamhlaíocht a bhean. Nach dtuigeann tú gur cumadóireacht atá sa diabhal Love/Hate sin.” “Bhuel tuige a bhfuil muid faoi ghlas i dTesco’s mar sin, hea?” “Dheamhan a fhios agam. Fadhbanna teicniúla leis an gcórás slándála, b’fhéidir. Beidh sé deisithe acu sul i bhfad, fan go bhfeice tú.” Chaolaigh beirt ghasúr scoile isteach i dtaobhroinn na milseán. Nuair a bhí siad cinnte nach raibh duine ar bith ag breathnú orthu, sciob siad cúpla paicéad milseán agus barra seacláide. Shleamhnaigh amach arís, cuma na soineantachta orthu. “Cuir i do mhála scoile iad,” arsa an buachaill lena dheirfiúr, “ní thiúrfaidh éinne faoi deara é – tá siad uilig sáite ina gcúrsaí féin.” Tharraing lapadán linbh ar mhuinchille a mháthar. “Caithfidh mé mo phí-pí a dhéanamh!” “Tuigim duit a stóirín, ach ní féidir é a dhéanamh anseo san ollmhargadh. Beidh ort fanacht cúpla nóiméad eile. Ceart go leor?”

143


Bhuail guthán na mná galánta arís. “Táim fós anseo, Derek. Faigh take-away nó rud éicint… Is cuma… Is cosúil go mbeidh mé anseo ar feadh scaithimh… Slán go fóill.” Bhreathnaigh sí ar fhear an ríomhaire. “Cén fáth nár thug mé an iPad liom inniu?” Bhí leisce uirthi an tidirlíon a úsáid ar a guthán mar bhí an ceallra beagnach as lucht agus theastaigh uaithi é a choinneáil chun glaoch a chur ar a páirtí agus í ar an mbealach abhaile. “B’fhéidir go bhfuil leabhar éicint ar fáil anseo a d’fhéadfainn a léamh.” Ar aghaidh léi chun an scéal a fhiosrú – Cheryl: My Story… Girl with the Dragon Tattoo… Jamie’s 15-Minute Meals... (chuir sé sin i gcuimhne di go raibh ocras uirthi)… The Stranger’s Child… The Impossible Dead. Níor chuir sí spéis i gceann ar bith acu siúd. Is ansin a tháinig Fifty Shades of Grey faoina súil. Bhí fonn uirthi an leabhar sin a léamh ó foilsíodh é, ach bhíodh Derek ag caitheamh anuas air. Mar sin níor

144


léigh. Ní raibh aithne aici ar aon duine san ollmhargadh, áfach – d’fhéadfadh sí tús a chur leis i ngan fhios do Derek. D’oscail sí an chéad leathanach. Bhí sí gafa i ngreim aige láithreach. “Táim ag pléascadh, a Mhama! Ní féidir liom é a choinneáil istigh níos mó! Caithfidh mé mo phí-pí a dhéanamh ANOIS!” “Tá’s a’am go bhfuil leatra ort a stóirín. Fan go bhfeice muid an bhfuil an leithreas foirne ar oscailt.” Ní raibh. Ní raibh an dara rogha ag an máthair bhocht – thóig sí amach an t-áraisín fuail ó bhun an bhugaí, agus chuir ar an urlár é. Tharraing an leaidín óg anuas a threabhsar agus rinne a mhún i lár Tesco. “An bhfaca tú é sin a Sheáin? Lig an ógbhean ghránna sin dá mac a fhual a dhéanamh i lár an ollmhargaidh.” “Hea?” “Nach bhfaca tú é?” “Ní

145


fhaca.” “Níl meas ná béasacht ag aos óg an lae inniu.” “Céard ba cheart di a dhéanamh?” “Níl a fhios a’am, ach d’fhéadfadh sí a bheith discréideach faoi ar a laghad. Cuireann sé sin déistin orm, a Sheáin. An bhfuil tú ag éisteacht liom?” “Tá.” “Cuireann sé sin uafás agus déistin orm. Níl meas ná béasacht ag an aos óg, adeirim!” D’imigh an t-am go mall. B’ionann nóiméad laistigh de Tesco agus uair an chloig lasmuigh. Ní raibh tásc ná tuairisc ar na fir shlándála. D’éirigh na príosúnaigh mífhoighdeach. Chuir siad fios ar na Gardaí agus dúirt siad go dtiocfaidís ar ball. Ach níor tháinig. Thit an oíche, agus thit na geimhligh ina gcodladh léi – ina nduine is ina nduine – nó go raibh ógfhear na culaithe duibhe fágtha ina aonar. D’aimsigh sé lasca na soilse agus mhúch iad. Bhí an t-ollmhargadh dubh dorcha. Las sé solas amháin – dhéanfadh sé sin cúis. Thóig sé bacóg cótaí ón taobhroinn éadaigh, chuartaigh coirnéal ciúin dó féin, agus thit a chodladh air i measc na gcótaí.

146


Dhúisigh sé de phreab i lár na hoíche. D’airigh sé duine taobh leis. Lig sé béic as. “Cé atá ann?” ar sé go fuascrach, ach leagadh méar ar a bheola a chuir stad lena chuid cainte. An bhean ghalánta a bhí ann. “Fuist, ná bíodh imní ort. An féidir liom codladh anseo taobh leat? Bhí tromluí agam, agus anois tá an áit seo ag cur faitís orm.” Mhothaigh an t-ógfhear trua don bhean ghalánta agus lig sé di luí in aici leis. “Tá go maith. Luigh siar ansin agus ná bíodh eagla ort.” Chuir sé a lámh faoina coim agus thit a codladh uirthi ar nós linbh i mbaclainn a mháthar. Nuair a dhúisigh gach duine ar maidin, bhí doirse an ollmhargaidh fós faoi ghlas. Bheartaigh an mháthair óg an grúpa a bhailiú le chéile chun cúrsaí a phlé. “A chairde, is cosúil nach bhfuil a fhios ag éinne tuige a bhfuil muid gafa anseo, ach má oibríonn muid

147


le chéile, féadfaidh muid uilig teacht slán as an bhfoirgneamh seo roimh thitim na hoíche. An ritheann smaoineamh le héinne agaibh?” An tseanbhean a labhair i dtosach. “Ar chuir duine ar bith fios ar na seirbhísí éigeandála?” “Chuir,” arsa an t-ógfhear, “agus dúirt siad go raibh siad ag déanamh a seacht ndícheall an fhadhb a réiteach.” “Níl rud ar bith le déanamh, mar sin, ach fanacht orthu,” arsa an seanfhear. “Nach bhféadfadh muid fuinneog a bhriseadh?” arsa an bhean ghalánta. “Tá siad ró-ard…agus níl dréimire againn,” arsa an t-ógfhear. “Tá mé stiúgtha leis an ocras,” arsa gadaí na milseán.

148


“Tá ocras orainn uilig,” arsa an bhean ghalánta, “agus níor cheart go mbeadh – nach in ollmhargadh atá muid? Tá bia thart timpeall orainn.” “Bíodh bricfeasta againn más ea,” arsa an mháthair óg, “agus mothóidh muid níos fearr ina dhiaidh.” Chaith an grúpa an lá ag cur aithne ar a chéile. Níor tarrtháladh ón ollmhargadh iad, ach bhí siad ar aon intinn go bhféadfaí an scéal a bheith ní ba mheasa. Ar a laghad, bhí neart bia agus dí acu agus ní raibh an áit rófhuar. Ach nuair a thit an oíche arís, thosaigh an cailín scoile ag gol. “Airím uaim mo mháthair,” a chaoin sí, “níl uaim ach barróg.” Chuir a deartháir lámh ar a gualainn. “Rachaidh muid abhaile amárach, ach caithfidh muid fanacht anseo oíche amháin eile.”

149


Chuala an mháthair óg comhrá na ngasúr agus chuaigh sí sall chucu. “Gabh i leith, a stór,” ar sí leis an gcailín liobarnach, “fan linn anocht agus tabharfaidh mé aire daoibh. Ar mhaith leat scéilín a chloisteáil?” Thriomaigh an cailín na deora óna súile agus óna smig le muinchille a geansaí scoile, agus sméid sí a ceann ar an máthair óg. “Bhí fear ann fadó agus bhí capall aige. Théadh sé isteach chuig an mbaile mór gach uile Aoine chun tobac a cheannach. Lá amháin agus é ag gabháil siar an bóthar chun an bhaile, tháinig sé ar bhuachaill óg cosnocht…” Bhí clann nua na máthar óige ina hucht aici, agus iad faoi dhraíocht ag an scéal láithreach. Bhí a mac féin ina chodladh go sámh sa mbugaí cheana.

150


Ní go sámh a chodail an tseanbhean an oíche sin, áfach. “Tá mo dhroim tinn, a Sheáin. Tá an t-urlár seo róchrua. Tá mé róshean don tseafóid seo.” “Caithfidh tú cur suas leis, a Bhríd. Níl aon dul as.” “Ó níl a fhios a’am cén fáth ar oscail mé mo bhéal ar chor ar bith – ní bhíonn trua agat riamh dom.” Bhí Fifty Shades of Grey críochnaithe ag an mbean ghalánta faoin am seo, agus mhothaigh ina bean fhuascailte. Thaitin gráín na hoíche roimh ré léi, ach níor leor sin di. “B’fhéidir go bhfaighidh mé bás i dTesco agus nach mbeidh deis agam luí le fear riamh arís,” an rud a rith léi. “Caithfidh mé luí le hógfhear na culaithe duibhe. Bheadh Derek tuisceanach…” D’fhan sí gur múchadh na soilse. Shleamhnaigh isteach sa gcarn cótaí leis an ógfhear. Phóg sí é.

151


Níor dhiúltaigh sé di. Bhain sí di a cuid éadaí agus rinne siad an gníomh go ciúin. Ar maidin lá arna mhárnach, níor lig na leannáin orthu go raibh rud ar bith as an ngnáth. Bhí siad i bhfad ní ba dhearfaí faoin habal an lá sin ná mar a bhí aon duine eile, áfach. D’imigh seachtain agus níor osclaíodh doirse an ollmhargaidh. Tar éis coicíse, bhí cúrsaí gaibhte in anaiste. Bhí an fheoil, an t-iasc, an bainne, na glasraí agus an bia úr ar fad imithe ó mhaith, agus boladh géar ag teacht uathu. Anuas air sin, níor aimsíodh réiteach ar fhadhb an leithris, agus bhí múch ag teacht as na hárthaí a bhí lán le fearadh. Cé gur réitigh baill an ghrúpa go maith lena chéile i dtosach, d’fhás teannas eatarthu de réir a chéile. Ar

152


an gcéad dul síos, d’éirigh siad dúichíoch. Ghabh an tseanlánúin seilbh ar an gcoirnéal in aice leis an seastán nuachtáin, agus níor lig siad do dhuine ar bith eile dul isteach ann. Ghabh an bhean ghalánta agus ógfhear na culaithe duibhe, a bhí fós ag luí lena chéile istoíche, seilbh ar an gcoirnéal in aice leis an taobhroinn éadaí. Fágadh an mháthair óg, a mac agus an bheirt ghasúr scoile sa gcoirnéal a raibh na deochanna meisciúla ar fáil ann. Ní raibh an mháthair óg róshásta faoi, ach b’fhearr sin ná a bheith in aice na gcuisneoirí agus na reoiteoirí. Úsáideadh an ceathrú coirnéal mar leithreas. Tar éis míosa, bhí an boladh san ollmhargadh dofhulaingthe. Ba í an bhean ghalánta an chéad duine a cheangail scairf thar a béal agus a srón, ach níorbh fhada go ndearna gach duine aithris uirthi. Bhí neart bia inite ar fáil san ollmhargadh fós, ach bhí an tuisce ag éirí gann. D’éirigh daoine mímhuiníneach as a chéile, agus bhí cúis mhaith leis – bhí an tseanbhean ag goid buidéal uisce istoíche agus á gcur

153


i bhfolach. Thóig sé tamall ar na daoine eile é seo a thabhairt faoi deara, ach nuair a thuig siad a raibh ag tarlú, thug siad aghaidh uirthi. “Tá triúr gasúr agam anseo. Má bhíonn an t-uisce gann, is dóibhsean ba cheart dúinn é a thabhairt,” arsa an mháthair óg. “An ceart ar fad aici,” arsa an t-ógfhear. “Tabhair an t-uisce uilig do na páistí,” arsa an bhean ghalánta, “agus féadfaidh na daoine fásta na deochanna súilíneacha a ól.” “Ba cheart dúinn pionós éicint a ghearradh ar an tseanbhean seo ionas nach ndéanfaidh sí iarracht rudaí a ghoid uainn aríst,” arsa an t-ógfhear. “An-smaoineamh,” arsa an bhean ghalánta. “Lá amháin gan bhia,” a mhol an t-ógfhear, “an bhfuil muid ar aon intinn faoi sin?”

154


“Tá,” arsa gach duine le chéile. Gach duine seachas an seanfhear. Bhí a fhios aige gur cheart dó a bhean a chosaint, ach ní raibh dóthain fuinnimh aige. Gearradh an pionós ar an tseanbhean an lá dár gcionn. An oíche sin, cailleadh í. Ghéaraigh ar an teannas. Mhothaigh an seanfhear, an t-ógfhear, an bhean ghalánta agus an mháthair óg ciontach faoi bhás na seanmhná – ach bhí sé ródheireanach dó sin. D’imigh trí lá eile. D’éirigh na gasúir cantalach. Ní raibh siad in ann an braighdeanas a sheasamh a thuilleadh, agus chaith

155


siad an t-am uilig ag caoineadh nó ag troid lena chéile. Ní raibh an mháthair bhocht in ann aon rud a dhéanamh chun iad a chur ar a suaimhneas arís. Chuir troideanna na ngasúr isteach go mór ar an mbeirt leannán, ach bhí uirlis éalaithe acu. Luigh siad lena chéile istoíche agus i rith an lae, gan aon iarracht é a cheilt. Rinne an seanfhear agus an mháthair óg gearán leo, ach ba chuma leis na leannáin. Rinne siad neamhaird ar an gcasaoid. D’éirigh boladh an chamrais agus an bhia lofa ní ba bhoirbe. Thosaigh marbhán na seanmhná ag ligint boladh bréan an bháis uaidh. Rinneadh ainmhithe fiáine de na daoine. Ag an nóiméad sin nuair a cheap siad go bpléascfaidís

leis

an

bhfearg

ngoraíocht…

156

agus

leis

an


osclaĂ­odh doirse Tesco.

157


‘[T]riall thar an chrích dofheicthe sin sa talamh’: An Scríbhneoir Gaeilge agus Íomhá na Gaeltachta Ian Ó Caoimh Ceann de phríomh-mhóitífeanna an scríbhneora Ghaeilge is ea an teagmháil, an chéad teagmháil go minic, leis an nGaeltacht. Is iomaí crot a chuireann údair

éagsúla

ar

an

gcoincheap

gcomhthéacsanna éagsúla, agus

is

seo

i

ar roinnt

leaganacha díobh a bhreathnófar san aiste seo. D’fhéach príomh-ionadaithe ghlúin Innti (iadsan nárbh as an nGaeltacht dóibh), lena léargas nua ar shaol na Gaeltachta a cheangal leis na múnlaí nua foirme a bhí siad a shaothrú ina gcuid filíochta. Más mar úire a nochtar acmhainn na Gaeltachta do Liam Ó Muirthile agus Michael Davitt sa luathfhilíocht acu, is gearr go n-iompaíonn siad ar chuntas ón taobh istigh, nó geall leis, a ríomh sa saothar a bhaineann le Gaeltacht Chorca Dhuibhne nó a shuitear sa

158


dúthaigh sin. Is é an dán ‘Ar Fhilleadh Abhaile ó Dhún Chaoin’ an ceathrú dán sa chéad chnuasach le Michael Davitt, Gleann ar Ghleann (1981). Mar a bheadh

tuiscint

ar

an

scitsifréine

an

ilphearsantacht ann, feictear don bhfile nach bhfuil an aithne nua ‘dhúnchaoineach’ atá anois aige air féin ag teacht lena dhúchas cathrach (Davitt 1981: 14). As sin amach go deireadh an chnuasaigh, samhlaítear an chathair don gcuid is mó mar rogha dhiúltach nach mbíonn aon dul aisti uaireanta, nó mar phionós dosheachanta a thagann idir an cainteoir agus an Ghaeltacht: ‘ná déantar praiseach ionam/ de shaol éisc is aitinn’ a impítear ‘i gCearnóg Choláiste Ollscoile Chorcaí’ (ibid.: 25); dolúbthacht a chaithfear a cheansú is ea an chathair féin in ‘Luimneach’ (ibid.: 34-5); díol iontais do reacaire ‘Ciorrú Bóthair’ is ea Gaeilge agus taithí Ghaeltachta a bheith ag fear cathrach eile a chastar air, arb ionann seal a chaitheamh i mBaile Átha Cliath dó agus ‘an caolú [...] an géilleadh’ (ibid.: 53-5).

159


Is í an fhorbairt a dhéantar ar an gcoimhlint sin sa dara cnuasach ag Davitt, Bligeard Sráide (1983), go bhfuil ar a chumas anois labhairt go muiníneach agus cur síos a dhéanamh go searbhasach ar na cuairteoirí chun na Gaeltachta. Ní sa Ghaeltacht féin a shuitear an dán ina ndéantar amhlaidh, áfach, ‘Aonach na Súl’, ach i mbaile an Daingin. Má choisceann galldacht bhaile Chill Airne air gan ach Killarney a thabhairt ar an mbaile sin sa dán ‘Aonach faoi Cheilt’ (Davitt 1983: 39-40), tá tábhacht shiombalach ag baint leis an Daingean a roghnú mar láthair don dán eile seo. Is ionann cás do reacaire an dáin agus don Daingean féin: leathchois (nó níos lú, dá bhféadfaí sin) sa Ghaeltacht, agus leathchois sa Ghalltacht. Braithimid go bhfuil níos mó ar bun sa tras-scríobh a chuirtear i mbéal an turasóra atá ag ceannach uachtar reoite ná an fhoghraíocht a sheachadadh go dílis: ‘Bhan bheanaíle aghscraoim plíos. / Sainc iú.’ (ibid.: 35-8). Más amhlaidh atá, ní mór mar sin an tslat tomhais chéanna a chur i bhfeidhm ar an gcaoi a dtarraingítear aird ortagrafaíoch ar Bhéarla an

160


chainteora Ghaeltachta agus é ag glaoch ar mhadra: ‘Thiar, thiar, goid diogaí.’ D’fhéadfadh sé, áfach, gur d’aonghnó a chuirtear toradh machnaimh insteoir an dáin i láthair ar an gcaoi seo, agus nach bhfuil an túdar féin i bhfách lena léamh leithleach seisean ar an suíomh. ‘Táimid ag glinniúint/ trí spéaclaí 3D’ a deirtear i dtús chuid II den dán: cén t-iontas mar sin má chuireann éifeacht aibhsithe na spéaclaí speisialta an radharc as a riocht? Anuas air sin, cén dara duine atá i gceist sa Táimid sin: cén duine atá i bpáirt leis i ngníomh na féachana – páirtí Gaeltachta na príomhphearsan sa dán, nó an léitheoir?5 Is mó béim a chuireann Liam Ó Muirthile ar athshealbhú an dúchais ina chaidreamh siúd leis an nGaeltacht, fiú muna gcuirtear an aidhm sin i gcrích go hiomlán. Pé acu an d’aonghnó nó mar chomhtharlú is ann don éiginnteacht i ndán Davitt, níl

aon amhras

faoin easpa suiteachta san

Pléann Mac Giolla Leith (1989) téamaí an déachais, na féiniúlachta agus na peirspictíochta sna dánta seo. 5

161


fhéinscrúdú céannachta atá ar siúl ag Ó Muirthile ina dhán ‘Sa Daingean’ (Ó Muirthile 2013: 494). Dála inseoir ‘Aonach na Súl’, déanann an reacaire anseo iontas den tóir atá ag cuairteoirí eachtrannacha ar an mbaile, agus dá n-ilchineál. Murab ionann agus an chodarsnacht shearbhasach atá in ‘Aonach na Súl’, áfach, is lú an bhearna a fheiceann seisean idir é agus na turasóirí eile, bíodh gur Éireannach agus Gaeilgeoir é: ina ‘chuairteoir aimnéiseach aonlae’ a dhearmadann ‘cad as mé leathshoicind’. In ainneoin an fhiosraithe ar stair a ghinealaigh, a leathann siar amach ón seomra cathrach in ‘An Parlús’ (ibid.: 5168) i dtreo Chontae Chorcaí agus siar uaidh sin arís i dtreo na Gaeltachta, ní dhéanann Ó Muirthile talamh slán den dúchas a bhfuil sé ar a thóir in ‘Sa Daingean’. Cé go mbraitear go bhfuil an nasc a bhfuiltear a thoraíocht in-athcheangailte, ní hé sin le rá go gcuirtear an tóraíocht i gcrích go héasca. I bhfianaise na béime a leagann Davitt, Ó Muirthile agus scríbhneoirí eile ar an gcaoi a dtáinig an

162


Ghaeltacht faoina mbráid agus a ndeachaigh sí i bhfeidhm orthu, d’fhéadfaí a rá nach aon díol suntais go bhfaightear cuntais i saothar na beirte ar an gcéad chuairt, nó na chéad chuairteanna, a thugann siad ar cheantar Gaeltachta. ‘Aisling ag Casadh na Gráige’ (Davitt 1981: 11) a ríomhtar sa chéad dán i gcnuasach tionscantach Davitt, bíodh gur aisling í ar an uaigneas, an eagla agus an bás, agus í luaite leis an gcéad áit a bhfaightear radharc ar Dhún Chaoin agus duine ag tógáil an bhóthair siar ó Bhaile an Fheirtéaraigh.

Draíocht

chlaochlaitheach

a

bhraitheann Ó Muirthile nuair a leagann seisean súil ar Dhún Chaoin sa dán arb é an logainm is teideal dó (Ó Muirthile 2013: 482): Casadh na Cille a chur díom agam agus ABRAKADABRA táim timpeall arís.

Ach níl an t-áthas gan blas amhrais ina cheann. Go hobann, ar nós taibhrimh, spreagann an radharc tíre

163


eagla san fhile, mar a bheadh leathbhádóir diúltach aisling Davitt ann. Tá débhríochas sa chur síos ar na fir áitiúla a aithníonn sé ar an mbóthar roimhe, agus a ndéantar ‘taibhsí’ daoibh ag solas a ‘mhótair’ (an focal a d’úsáidfeadh muintir na háite: bheith istigh an fhile á taispeáint), mar a bheidís ag teitheadh uaidh. É sin nó nach n-íocann siad ar ais leis comhar na haithne atá aige siúd orthusan (‘Gerry, Seán is Danny’) ar chaoi aineoil éigin. Mar sin, más ar bís atá an file sa chéad líne agus faoi iontas sa dara líne, ní fada a mhaireann cinnteacht an cheiliúrtha a thosaítear ar bhaint amach Dhún Chaoin dó. Tá an chastacht chaolchúiseach a chuirtear i láthair in ‘Dún Chaoin’ ag teacht le cuntas eile a thugann Ó Muirthile ar an tréimhse as ar eascair an dán. San aiste ‘1968’ a foilsíodh ar Innti sa bhliain 1990, meabhraíonn sé go raibh an t-idéalachas i réim ag an am sa Fhrainc agus in Éirinn, agus míníonn sé go ndeachaigh an aeráid sin i gcion air féin, go háirithe tar éis dó seal a chaitheamh i bPáras. Ag an am

164


céanna bhí Scoil Dhún Chaoin i mbaol a dúnta ag an rialtas, agus feachtas ar bun ag gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta í a choinneáil ar oscailt: Is cuimhin liom ag an am bheith ag bailiú airgid i gcathair Chorcaí don nGaeltacht – An Ghaeltacht – a bhí scríte ar na boscaí. Chuas isteach go dtí tigh tábhairne sa Linn Dubh, agus ghaibh fear a bhí ina chónaí sna fleaiteanna sa Ghleann a leithscéal liom mar ná raibh aon airgead aige le tabhairt dom. Ach ar seisean an raibh aon tseans ann go gcabhróimisne – mic léinn, leo – i bhfeachtas cíosa i gcoinnibh an Bhardais. Bhí náire shaolta orm, nár thuigeas cad a bhí ar bun im chathair féin agus go rabhas ag imeacht timpeall ag bailiú don nóisean nach mór teibí seo – an Ghaeltacht (Ó Muirthile 1960: 66).

Muran foláir a choinneáil i gcuimhne nach féidir ceann críonna a chur ar cholainn óg, ní mór aitheantas

a

thabhairt

165

freisin

don

fhírinne


chúlbhreathnaitheach, don deis athmhachnaimh, atá sa chuntas seo. Tá a leithéid chéanna de choigeartú macánta ag Ciarán Ó Nualláin ina leabhar beathaisnéiseach Óige an Dearthár (1973). Is é Brian Ó Nualláin (Myles na gCopaleen/ Flann O’Brien) an deartháir atá i gceist. Cuireann Ciarán síos ar na turais a thugadh an bheirt acu agus deartháir eile leo, Gearóid, chomh maith le cairde dá gcuid ar Ghaeltacht Thír Chonaill nuair a bhí siad fós ar an meánscoil i mBaile Átha Cliath sna 1930í. Tá léargas le fáil ar an gclaonadh a bhraitheann an gaeilgeoir óg chun idéalú a imirt ar an nGaeltacht, agus ar an raon níos leithne a thig as an tsúil siar, ach breathnú ar dtús ní ar an méid a deir Ciarán féin, ach ar an úsáid a baineadh as a thuairisc. Úsáideann Anthony Cronin Óige an Dearthár mar fhoinse dá bheathaisnéis ar Bhrian Ó Nualláin, No Laughing Matter: The Life and Times of Flann O’Brien (1998). Seo mar a chuireann sé críoch leis an gcaibidil ina bpléitear na cúrsaí seo:

166


Ciarán’s account of their arrival in the Gaeltacht tells us something of his almost mystical attitude to the Irish language: ‘At that time when I would be approaching the Gaeltacht,’ he says, ‘my heart would rise and I would be looking around me, grinning foolishly and trying to guess was I in the Gaeltacht yet, where the women would be more comely, the men more manly, the houses more beautiful, the apples redder and the countryside nicer than the countryside in any other place’ (1998: 39).

Tá difríocht shuntasach idir an leagan sin agus an méid atá sa bhunleabhar, áfach. Is é atá ag an Nuallánach: An uair sin nuair a bhínnse ag teacht ar chríocha na Gaeltachta d’éiríodh mo chroí agus bhínn ag féachaint timpeall go grinnshúileach ag iarraidh a chinntiú an sa Ghaeltacht a bhí mé go fóill, ionann agus gur chóir go mbeadh na mná níos áille, na fir níos fearúla, tithe níos gleoite, úlla

167


níos deirge agus bánta níos glaise sa tír sin ná in aon áit eile (Ó Nualláin 1973: 78).

Má bhí an fear óg ar tinneall le hidéalachas agus é ag ceapadh go n-aithneodh sé an Ghaeltacht thar an nGalltacht ar an bpointe boise, is léir anois d’údar na gcuimhní cinn gur ag súil leis an iomarca a bhí sé an uair sin, breis is tríocha bliain roimhe sin. Ní amháin go gcuireann Cronin focail i mbéal Chiaráin de dheasca drochaistriúcháin (‘grinning’, ‘foolishly’), ach ligeann sé ar lár go ciúin an cáilitheoir caolchúiseach atá ag Ó Nualláin, ‘ionann agus gur chóir go mbeadh’. Más cosúil sa chéad abairt eile ag Ciarán, áfach, go ngéilleann sé fós don idéalachas, léiríonn sé ina dhiaidh sin arís nach gcealaíonn ciall cheannaithe an duine fhásta saoldearcadh dóchasach na hóige amach is amach: Tá súil agam go dtiocfadh iarracht den mhothú sin orm go fóill; agus duine ar bith atá ábalta triall thar an chrích dofheicthe sin sa talamh chomh

168


réchúiseach agus a thrasnódh sé an líne deighilte idir dhá chontae, ní mór mo mheas air. Ach i ndeireadh na dála níl dóigh ar bith le bheith cinnte gur sa Ghaeltacht atá tú ach forrán a chur ar dhuine éigin sa ghort nó cois bóthair (Ó Nualláin 1973: 78).

Má chuireann an chéad abairt ansin amhras ar an léitheoir, amhras nach réitítear é go dtí an abairt ina diaidh, is léiriú é ar a bheoga agus a fhadsaolaí mar fhoinse fhéidearthachta atá an nóisean seo den idéalachas i leith na Gaeltachta. Nuair a bhí Ciarán Ó Nualláin mar eagarthóir liteartha ar Inniu thairg sé colún seachtainiúil d’Eoghan Ó Tuairisc (Nic Eoin 1998: 343-4). Foilsíodh ‘Mo Chéad Chuairt Ar An Ghaeltacht’ mar chuid de shraith colún, an 25 Deireadh Fómhair 1974. Tá sé snoite, caolchúiseach mar phíosa scríbhneoireachta. Éiríonn le Ó Tuairisc áthas an ógánaigh a chur in iúl ag an gcor nua ina shaol agus

169


mar a thonnann mothú rómánsach aníos ann faoin teanga agus faoin timpeallacht, ach ní ligtear don mborradh sin imeacht ó smacht. Is rud é an taithí nua seo a bhaineann leis an gcroí amháin seachas leis an mbreithiúnas tomhaiste, dar leis: ‘Níl scríobh ná léamh ná insint loighiciúil ar eachtra úd na Gaeltachta’ (1974: 6). Ráiteas íorónta reitriciúil é sin gan amhras mar nárbh ann don gcolún dá mb’fhíor é. Úsáideann sé ceist reitriciúil de shaghas anuas air sin. Bheadh an chuma ar an gcuid seo den sliocht, ina leagtar tréithe teanga ar ghnéithe aiceanta agus fisiciúla na Gaeltachta, go bhfuil an t-idéalachas agus an rómánsachas ar tí cur thar bhruach, ach amháin go ndéantar an cur síos sin a fhrámú le ceist nach néilíonn freagra, ‘Cad is féidir dom a rá... ?’ Fágann sin go scaoiltear leis an rómánsú – más faoi smacht féin é – sa mhionsonrú a dhéantar ar an mborradh a thagann faoi na céadfaithe, gan géilleadh don mborradh céanna ina dhiaidh sin is uile:

170


Cad is féidir dom a rá go raibh [...] blas an ghoirteamais ar an aer, gurbh ionann an blas sin agus blas na Gaeilge? Gurbh as Gaeilge a labhair na bristeacha móra bána le linn gáilige, as Gaeilge don lingeán uisce ag caismirneach leis thar an scainneagán, as Gaeilge d’fhuinneog an tseomra codlata ag cliotaráil nuair a shéid an oíche le clagarnach agus gaoth? [...] go fiú cearca Neilí ba trí Ghaeilge a chuaigh siad ar faradh sa chró agus an lá mór liath ag gabháil ó sholas (ibid.: 6).

Ar nós shaothar dírbheathaisnéiseach Uí Nualláin ina bpléitear óige an údair, is admháil é seo gurbh iad seo na smaointe a rith leis an ógánach nuair a bhlais sé de shaol na Gaeltachta den chéad uair, gan droim láimhe a thabhairt dóibh ar fad, anois go bhfuil ciall tagtha le haois chuig fear scríofa an cholúin nuachtáin. Baineann colún Uí Thuairisc macalla téamúil as an ‘aithne dhúnchaoineach’ a chuireann Michael Davitt air féin sa dán a phléitear thuas, agus an chaoi a

171


scoiltear an file ina dhá leath, an té a bhreathnóidh air féin feasta i bhfianaise na Gaeltachta, agus an leagan de féin a d’fhan ag baile i gcathair Chorcaí, mar a bheadh dopplegänger aineolach ann, nó a bhí i nDún Chaoin freisin ar feadh an ama i ngan fhios don té atá ag caint, b’fhéidir. Labhraíonn Ó Tuairisc mar gheall air féin sa tríú pearsa, agus tugann ‘pearsantacht’ ar an leagan seo de féin. Scaradh leis an seansaol Gallda is ea an t-athbhaisteadh Gaelach a dhéantar air sa Ghaeltacht, agus ábhar léitheoireachta Gaeilge á chur i leaba na leabhar Béarla: Bhí moll mór leabhar léite ag Eugene Watters sa bhaile – Treasure Island, Dombey and Son, The Hunchback of Notre Dame – cad ab fhiú an méid sin uile? bhí [sic] Eoghan Ó Fuaruisge ag breathnú den chéad uair ar Íosagán agus Scéalta Eile (ibid.: 6).

Ag breathnú, is é sin le rá, ar shaothar a tharraing idir chlú agus chonspóid as an léiriú idéalach,

172


maoithneach a rinneadh ann ar shaol na Gaeltachta. Ná ní haon chomhtharlú ach oiread gur mar ‘aisling’ a chuirtear síos ar an seal sa Ghaeltacht in alt clabhsúrach an cholúin. Breathnaítear ar an bhfilleadh abhaile chun na Galltachta i dtéarmaí na síce scoilte, an chéannacht nua Ghaelach ag dul as agus ag géilleadh do cheannas na bunphearsantachta, de réir mar a théann an Ghaeltacht i ndoiléire taobh thiar dó, agus an salachar ceo mar a bheadh teorainn mheafarach ann. Is beag nach ndeirtear gur ceantar samhalta, arb ann dó sa saol eile nó ar phlána osréalaíoch amháin, atá sa tearmann sin atá ag imeacht as radharc agus raon an chainteora: Deireadh aislinge. [...] Mullaigh na gcnoc as amharc faoi cheobarnach cháidheach. [...] Doicheall na gcarráistí ag tarraingt as alt a chéile, rithim na rothaí ag tuar go raibh an phearsa beag Ó Fuaruisge ar an dé deiridh ... An tSráid faoi thitim oíche, marbhloinnir na lampaí gáis ar phábháil an bhóthair. Bolscaire an Bhaile síos suas ag baint binbe as a chloigín is é ag canadh in

173


ard a chinn: ‘Town Hall Tonight! The Hunchback of Notre Dame! Don’t Miss this Great Picture!’ Níor chaill. Bhí an chéad phearsa in uachtar athuair (ibid.: 6).

Seans gurbh í an tsuim a bhí ag Ó Tuairisc i saothar T.S. Eliot a mheabhraigh an tsolaid den déachas phearsantachta dó, an ‘you and I’ in éineacht sa chomhfhios céanna mar atá in ‘The Love Song of J. Alfred Prufrock,’ mar shampla. Fiú dá mba í, is líofa an gaisneas a bhaineann sé as sa dréacht gearr seo trí mheán neamhbhuan an cholúin nuachtáin chun intinn an scríbhneora dhátheangaigh (agus cás cuid mhaith gnáthÉireannach, b’fhéidir) a rianadh siar agus a chur in iúl.6 Ar an mbonn gur tógadh Ciarán Ó Nualláin le Gaeilge (Thír Chonaill) lasmuigh den Chomh maith leis an leagan Gaeilge dá ainm a luaitear anseo, liostaíonn Nic Eoin suas le seacht leagan eile sa dá theanga den sloinne, an ‘ghné choimhthíoch eile dá phearsantacht [...] a scar óna mhuintir féin é’ (Nic Eoin 1988: 45). Foilsíodh aistriúchán Béarla ar cholún seo Uí Thuairisc faoin teideal ‘My First Visit to the Gaeltacht’ agus ar thrí phíosa eile dá chuid ar an iris Irish Pages (Ó Tuairisc 2002/2003). 25 Samhain (recte 25 Deireadh Fómhair) atá luaite leis. 6

174


Ghaeltacht, d’fhéadfaí a chur i gcás gur fhág sin níos gaire don Ghaeltacht é ar bhealach, ná leithéidí Uí Mhuirthile, Davitt agus Uí Thuairisc/ Watters, a raibh orthu triall ar an nGaeltacht chun barr maise a chur ar a gcuid Gaeilge féin. Ní miste anois sracfhéachaint a thabhairt ar dhearcadh an scríbhneora Ghaeltachta féin ar théama na Gaeltachta. Nuair a cailleadh Máirtín Ó Direáin sa bhliain 1988, craoladh clár speisialta beo ar RTÉ Raidió 1. Agus coincheap na himeachta i bhfilíocht Uí Dhireáin á phlé ag na rannpháirtithe, chomh maith le tuiscint an fhile ar an áit a d’fhág sé ina dhiaidh, is é a bhí le rá ag Máire Mhac an tSaoi, comhaimsireach leis an Direánach agus file a fuair tógáil Ghaeltachta méid áirithe í féin: ‘You can never go back.’ Is cosúil gur thuig an Direánach óg an méid sin de réir an chur síos a dhéanann sé ar an uair a fuair sé scéala faoi phost a bheith faighte aige i nGaillimh. Bheadh air an baile a fhágáil ar an Satharn le tosú sa phost nua ar an Luan:

175


Chuaigh mé suas ar na creaga tráthnóna Dé hAoine agus bhuail sprocht de chineál eile mé. Chonaic mé an raithneach mar bheadh féasóg rua ar éadan lom na gcreaga. [...] D’fhág mé slán ag raithneach is ag dúnta, ag creaga is ag buailte. Ní fheicfinn go deo arís iad, ach ar feadh cúpla seachtain den bhliain. Bhíos ag dul i ngleic leis an saol dáiríre an babhta seo (Ó Direáin 1961: 34).

Ach cuimhneamh ar an athúsáid a bhain Ó Direáin as trí théarma atá sa sliocht seo, ‘dún’, ‘creag’ agus ‘gleic’, ina chuid filíochta i ndiaidh an phointe ama atá i gceist anseo aige, meabhraítear dúinn a lárnaí a bheadh tírdhreach an oileáin san fhilíocht a bhí fós le scríobh aige. Má bhí seisean sásta céim ar aghaidh a thógáil sa saol agus an t-oileán dúchais a fhágáil, áfach, b’ionann dó aon athrú a theacht ar shaol Árann agus meath nó truailliú: go mbeadh ag teip ar mhuintir an oileáin fanacht glan ar shíothlú na luachanna traidisiúnta a bhí sa treis ar an mórthír,

176


agus ar mhórthír na hEorpa. Sa tsamhlaíocht amháin a thabharfaí cuairt feasta ar an leagan seo d’oileán na hóige. (Bogann an iarracht den phaindiachas aige an suíomh rud beag i dtreo na filíochta Rómansaí, fiú.) Nó mar a deir Máirín Nic Eoin faoin sliocht seo thuas as aiste Uí Dhireáin in Feamainn Bhealtaine: Feictear gur mar fhoinse tinfidh agus mar íomhá fhileata a fheidhmeoidh an t-oileán as sin amach, mar bhunchloch samhlaíochta ag duine arb iad a éirim agus a intleacht a thabharfadh slán trí ghuaiseanna na mblianta é. Bheadh dlús á chur as sin amach aige leis an aeistéitiú ar shaol agus ar thimpeallacht na hóige... (Nic Eoin 2014: 208)

Is leis an alt céanna a chuireann Ó Direáin clabhsúr le ‘Súil Thar Muir’, an dara dréacht is faide a cnuasaíodh in Feamainn Bhealtaine, agus is lonnú struchtúrtha

é

sin

a

threisíonn

an

teilgean

clabhsúrach. Ní hí líne dhofheicthe Chiaráin Uí Nualláin atá á trasnú ag Ó Direáin sa scenario seo,

177


ach tá líne á tarraingt i ngaineamh na trá aige agus an Ghaeltacht á fágáil ina dhiaidh aige. San áit gurbh í sroichint na Gaeltachta, nó seal a chaitheamh inti fiú, a mhúsclaíonn an claonadh chun idéalachais i scríbhneoirí de bhunadh na Galltachta, tá baint ag fágáil na Gaeltachta leis an dearcadh seo a theacht chun cinn mar shraith i measc na sraitheanna i ndéantús a chuid filíochta i ndiaidh an phointe chinniúnaigh sin. Scríbhneoir Gaeltachta eile a d’fhág an baile ba ea Séamus Ó Grianna. Chuir sé straitéis shuaithinseach i

bhfeidhm

ar

a

chuid

scríbhneoireachta

iarGhaeltachta áfach a chuir ar a chumas dhá thrá ama a fhreastal: Nuair a d’fhág Máire an Ghaeltacht agus saol na Gaeltachta ina dhiaidh i dTír Chonaill le cónaí a dhéanamh i mBaile Átha Cliath, ní dhearna sé dearmad de na seanfhóid ná níor chaill sé a dháimh leo ach an oiread. A mhalairt ar fad a

178


tharla. D’fhéadfaí a rá beagnach go dtug sé an saol sin leis go Baile Átha Cliath ach ní saol réadúil na Gaeltachta san fhichiú haois a thug sé leis gona thruailliú teanga agus cultúir – ní hea, ach staid idéalach de shaol na Gaeltachta nuair a bhí sí i mbarr a maitheasa. [...] ní dhéanann sé aon scagadh

réadúil

ar

shaol

na

Gaeltachta

comhaimseartha (Mac Congáil 1983: 113-4).

Pé foras a bhí le seiftiúlacht scríbhneoireachta Mháire, is minic a chuirtear i gcodarsnacht í le forásacht a dhearthár Seosamh Mac Grianna sa chaoi nua-aoiseach

ar

dhéileáil

seisean

le

téamaí

Gaeltachta, Galltachta, agus eachtracha, fiú má bhí sé sásta eisceacht a dhéanamh maidir le feabhas an Ghaelachais san áit dhúchais.7 Tá na Griannaigh agus Féach de Brún, i gcomhthéacs an exceptionalism, i.e. ‘an nós atá ag lucht na staire áitiúla eisceacht a dhéanamh dá bparóiste féin, ag rá, mar shampla, go bhfuil tréithe aici a sháraíonn áit ar bith eile sa tír. “An baile is Gaelaí in Éirinn” a thugann Seosamh Mac Grianna ar Rann na Feirste in Mo Bhealach Féin (65) agus is beag idir sin agus an t-ómós a léiríonn ‘Máire’ don bhaile go háirithe in Rann na Feirste (1942)’ (de Brún, 22). 7

179


Gaeltacht

Thír

Chonaill

mar

chúlbhrat

le

dírbheathaisnéis Liam Carson, Call Mother a Lonely Field (2010). Feictear sa leabhar mar ar imir na scríbhneoirí Gaeltachta sin tionchar timthriallach ar chodanna éagsúla de phobal na Gaeilge, ní amháin ina ré féin lena linn, ach i gcaitheamh an ama ó shin, agus mar a fhilleann snáth ceangail amháin ar ais ar an bhfoinse as ar eascair. Ríomhann Carson an tslí a ngríostar a athair chun an Ghaeilge a fhoghlaim i mBéal Feirste sna 1930í. Cuidíonn caidreamh le cainteoirí dúchais Conallacha leis sin, agus nuair a thugann sé faoi scrúdú an Fháinne is é Domhnall Ó Grianna, deartháir na n-údar mór, atá roimhe ina scrúdaitheoir (Carson 2010: 16). Ar nós na Nuallánach, tosaíonn Liam Mac Carráin ag triall ar Ghaeltacht Dhún na nGall thart ar an am seo, agus feictear dá mhac gur cinneadh é sin a bheadh ag teacht le haisling Sheosaimh Mhic Grianna: In his visits to Donegal, he was fulfilling a dream of the great writer Seosamh Mac Grianna – who

180


welcomed an injection of new life into the Donegal Gaeltacht by urban lovers of Irish from Belfast. Mac Grianna despised the in-between world of the small town, which he believed all too easily succumbed to the tide of English (ibid.:27).

Le linn na gcuairteanna seo, bíonn athair an údair ag cur faoi i dteach dheartháir Néill Uí Dhónaill, eagarthóir Foclóir Gaeilge-Béarla an Ghúim, agus téann sé ag airneáil i dteach Mhicí Sheáin Néill Uí Bhaoill, an scéalaí clúiteach (ibid.: 26). Sa mhéid sin, ar nós na gcuairteoirí Gaeltachta eile atá pléite againn, d’fhéadfaí Liam Mac Carráin a aicmiú mar dhuine de na ‘Irish speakers or students of the language who would come and stay in the ordinary houses of the people for the purpose of improving their Irish and with whom the native population built up a steady bond of friendship’ (Nic Eoin 2003: 166). Dá réir sin, is mó an suntas a bhaineann leis an gcumarsáid idir é agus duine de mhuintir na

181


Gaeltachta ar ócáid amháin, leathchéad bliain nó mar sin tar éis dó tosú ag triall ar Thír Chonaill: He was telling me how upset he’d been by a recent trip to the Donegal Gaeltacht. He was with some pals [...]. They got lost looking for a friend’s house, and stopped to ask directions. My Da approached a house, where he knocked on the door. As the fear an tí came out, the Da heard him talking to his wife in Irish. Naturally the Da addressed him in Irish, but got an answer in impolite English. My father was mortified, and switched to English himself. ‘Seeing your English is so good, you’ll know what I mean when I say fuck off’ (ibid.: 110).

Ní mar gheall ar easpa taithí ná dearcadh idéalach i leith na Gaeltachta a tharlaíonn an méid sin, agus fiú más mar tharlachtaint atá eisceachtúil seachas ionadaíoch a chuirtear i láthair é, taispeánann sé cé chomh mionchasta is féidir leis an gcaidreamh seo a bheith, cuma cé chomh forbartha a bhíonn cumas

182


labhartha an chuairteora nó an tuiscint ar mhodhanna iompair. Agus mar a thugann an sliocht le tuiscint, scéal eile ar fad is ea insint an scríbhneora Ghaeltachta ar an teagmháil shochtheangeolaíoch seo. Scrúdaíonn Nic Eoin (2003) dearcadh roinnt scríbhneoirí Gaeltachta i leith na gcineálacha éagsúla cuairteoirí a thagann go dtí a gceantair dhúchais. Is é a deir sise faoin dea-chaidreamh le beirt as Baile Átha Cliath a gcuireann Seán Ó Criomhthain síos air ina shaothar dírbheathaisnéiseach féin, Lá dár Saol (1969): If this is a clear example of the kind of mutually satisfactory relationship which may develop between urban Irish speakers and their Gaeltacht hosts, it is not the only one represented in the book (Nic Eoin 2003: 165).

183


Tá tuilleadh fiosraithe le déanamh ar an ngné seo den gcaidreamh, rud a thabharfadh tuiscint níos iomláine dúinn ar an scríbhneoireacht Ghaeltachta trí chéile, ón taobh istigh agus ón taobh amuigh. Ní mór an dá thaobh, agus an t-iltaobhachas is dual don réaladh aeistéitiúil ar an taithí saoil, a chur san áireamh in aon scagadh a dhéantar thart ar an ‘chrích dofheicthe sin sa talamh’.

184


Aire an Díomhaointis Fiachra Ó Muircheartaigh Thit néal beag ar an taoiseach agus é tar éis éirí tuirseach den obair chiotach a bhí idir lámha aige. “Tá slaghdán ag teacht orm,” a dúirt an taoiseach. “Tá mise á thuar sin le fada,” a dúirt Tarlach leis. “Beireann an tseanaois greim orainn uile de réir a chéile. Nach tú atá crosta agus gan chéill agus rudaí á ndéanamh agat nach féidir duit a dhéanamh. Níl tú i do chroíán a thuilleadh, a bhuachaill”, ar seisean.

Bhí maith na bliana thart ó thaobh aimsire de agus deora fearthana ag titim anuas ó na flaithis ar Lios an Leifteanantchoirnéil. Bhí an aimsir idir chith, is dhealán, is fhearthain, is ghrian, ag teacht go tiubh i ndiaidh a chéile. Bhí scata beag de na comharsana bailithe le chéile lasmuigh de shiopa Brocky nuair a thug siad faoi deara go raibh Méara an bhaile mhóir ag triall ar an siopa agus é chomh dearg le rós, le fuil, agus leis an tine ag an am gcéanna. Blindeog amach

185


is amach ab ea é. Bhí an dearg-ghráin aige ar na comharsana riamh. Chaith sé seal ina mhúinteoir scoile tráth agus mar sin ba dheacair do na comharsana gach a ndéarfadh sé a thuiscint ar uairibh. Ní raibh sé doirte don bhaile mór ach an oiread. Bhraith sé i lúb na gcoimhthíoch i gcónaí agus é i gcuideachta na gcomharsan.

“Tá mé i ndeireadh na péice den anró a chím gach aon lá sa bhaile mór seo agus mé ag féachaint amach fuinneog m’oifige. Díomhaointeas thall is abhus. Níl toil agaibh don obair. Callán is mó a chloistear ó dhubh go dubh,” a dúirt an Méara. “Beidh Aire an Díomhaointis

ag

triall

ar

Lios

an

Leifteanantchoirnéil amárach agus is é a bhí caithréimeach ag muintir Chonamara agus é ag maireachtáil sa cheantar úd leis na blianta fada. Is é a bhí gradamach acu. Tá sé tábhachtach mar sin urraim agus ómós a thabhairt dó agus é sa bhaile mór. Rachaidh an obair deacair oraibh de dhíobháil cleachta ach bímid uile garbh ar uairibh. Tabharfar 186


clúdach litreach donn dom… ní hea, déanfar caighdeán maireachtála an phobail a fheabhsú, gabh mo leithscéal, más deimhin leis an Aire go bhfuil cuidiú, infheistíocht agus cúnamh tuillte ag an mbaile mór seo. Bogaigí libh, cuirigí deil ar an mbaile mór, ná bígí i mbun na gcannaí anocht agus thar rud ar bith eile, bígí gnóthach agus cúramach le linn don Aire a bheith anseo!” Ansin d’ardaigh sé a mhála agus d’imigh leis faoi dheifir. Tháinig aoibh as cuimse ar na comharsana.

Uair an chloig ina dhiaidh sin, tháinig mótar timpeall an chúinne agus chonaic na comharsana cloigeann an Aire agus é ag beannú don phobal. Thug Pingin Rua faoi deara go raibh dlaoi mhór thiubh féasóige ar a aghaidh aige agus folt breá gruaige ar a chloigeann. Bhí sé dálta leis na bligeaird úd a chráigh na comharsana an tseachtain roimis sin. Bhí beirt ghardaí ina theannta agus gluaisrothair á dtiomáint acu, garda amháin taobh thiar den mhótar, an fear beilte eile ag bagairt os a chomhair. Fear maith láidir 187


a bhí san Aire. Chuir sé duine d’Aingil an Ifrinn i gcuimhne do na comharsana. Bhí sé chomh mealltach leis an diabhal agus é ag déanamh plámáis is tréan plámáis leis na daoine. Bhainfeadh sé an tamharc den tsúil agat é a fheiscint, bhí cuma chomh garbh sin air.

Stad an chairt ag bun an bhóthair agus d’oscail an tiománaí an doras don Aire. Chuaigh na Gardaí ina araicis óir bhí sé ag bárcadh allais; bhí sé anonn go maith san aois is bhí an pobal tar éis barraíocht a thabhairt dó ó thaobh mianta agus croitheadh láimhe de. Tháinig anchuma ar an Aire nuair a chonaic sé na comharsana go léir ag gabháil don obair. Thug sé spléachadh thart ar an áit agus thug faoi deara go raibh obair de chineál éigin á déanamh ag gach duine de na comharsana. Bhí Pingin Rua gnóthach ag scuabadh na sráideanna, bhí Tarlach ag glanadh fhuinneoga an tsiopa, bhí an taoiseach ag bun an bhóthair ag plé leis na linntreoga, Leadhbán ag díol torthaí leis an bpobal, Buiríos Mór Osraí agus a 188


mhac, Buiríos Beag Osraí, ag múineadh an Bhéarla do na Meiriceánaigh bhochta a raibh deacrachtaí acu blas na nUltach a thuiscint, an madra curtha sa tóir ar na caoirigh ag an aoire, an bhean rialta ag guí go dúthrachtach agus an tónacánaí ag baint an fhéir.

Rinneadh stangaire den Aire nuair a chonaic sé an méid a bhí ar siúl ag na comharsana agus fágadh gan focal é le tréan iontais. Bhainfeadh sifín cocháin braon fola as, bhí sé chomh dearg sin san aghaidh. Rinne sé béic mhór gharbh; bhí sé san fhaopach anois ambaiste. Tháinig ionsar an taoiseach. “A thaoisigh,” ar seisean agus gob iontach géar air. “Is beag a shíl mé go bhfeicfinn muintir na háite seo i mbun oibre inniu. Cá bhfuil na daoine sin a bhíonn le feiscint lasmuigh den siopa gach lá agus gan faic na ngrást ar siúl acu?” “Sin iad ansin iad,” a d’fhreagair an Taoiseach “Leoga, ní thuirseoidís choíche den obair”. “Is fíor duit” a dúirt an tAire. “Tá

189


speabhraídí orm. Dúradh liom go mbíonn an díomhaointeas in uachtar sa bhaile mór seo agus nach bhfuil a mhacasamhail le fáil in aon áit eile fud fad na hÉireann. Go deimhin, sheol an Méara tuairiscí chugam a chuireann síos go beacht ar an méid seo.”

Thóg sé amach as póca a chasóige na tuairiscí a chuir an Méara faoina bhráid agus rinne sé giota den mhéid a bhí scríofa ag an Méara a léamh amach don taoiseach:

“Glincín breá ólta acu agus braon faoin bhfiacail acu, leis, ar béal maidine, amach sa tráthnóna agus roimh am luí. Tugann siad an t-am ag gabháil thart gan lí na léithe á déanamh acu... cuma lagbhríoch orthu... iad leamh agus gan spiorad i gcónaí ... go leor leor laethanta faoin dtor… dream nach gcuireann an intinn leis an obair riamh... is mar an gcéanna iad lá oibre sa cheantar neamhthorthúil seo agus Lá Philib an Chleite!

190


“Is éachtach an méid a d’éirigh libh gan a dhéanamh i gcaitheamh an achair seo. Go deimhin, d’fhágfadh obair de shaghas ar bith smál ar bhur gclú mar mhagarláin gan mhaith. Chuaigh an fhalsacht agus an spadántacht seo chomh mór sin i gcion orm gur shocraigh mé, mar Aire an Díomhaointis, teacht anseo inniu chun an gaisce atá déanta agaibh mar phobal falsa spadánta a thréaslú libh. Bhí sé beartaithe agam an liúntas díomhaointis a ardú ach, ar an drochuair, tá galar na hoibre tar éis an lámh in uachtar a fháil ar an díomhaointeas.” Thosaigh na deora ag titim leis an Aire. Ní shásódh an diabhal é. Tháinig an mótar timpeall an chúinne leis an Aire a bhailiú. D’éirigh sé as a chúram mar Aire an Díomhaointis go gairid ina dhiaidh.

191


Is mó an tábhacht a bhaineann le ceist an léitheora ná ceist an údair don chritic liteartha John Woods 1. Réamhrá; 2. An Nua-Chritic; 3. Teacht chun cinn cheist an léitheora; 4. An Chritic Shíocanailíseach; 5.

An

Chritic

Fheimineach;

6.

An

Chritic

Iarchoilíneach ; 7. Ceangal agus Conclúid. 1. Réamhrá ‘Understanding a work may be quite different from understanding what the author intended by it’ (1986: 567), a deir na criticeoirí Catherine Elgin agus Nelson Goodman san alt ‘Interpretation and Identity: Can the Work Survive the World?’ (1986). Cuirtear in iúl san alt céanna gur mó ná rún aonbhríoch údair atá de bhrabach ar thogra na critice: ‘multiplicity of meaning […] is frequently a positive and vital feature of literary discourse’ (ibid.: 93). Ní foláir nó go bhfuil luí ag cuid léargas na beirte seo le tuairim na

192


coitiantachta i measc aos critice a linne. Is éard a theastaíonn má táthar le freagra críochnúil a thabhairt ar théis na haiste seo míniú meáite ar an gcaoi a ráiníonn an tuairim chéanna a bheith ann. Is seasamh idé-eolaíoch a dtángthas ina chleithiúnas in imeacht an fichiú haois atá sa téis gur mó an tábhacht a bhaineann le ceist an léitheora ná ceist an údair don chritic liteartha. Míníonn Eagleton: One might very roughly periodize the history of modern literary theory in three stages: a preoccupation with the author (Romanticism and the nineteenth century); an exclusive concern with the text (New Criticism); and a marked shift of attention to the reader over recent years (1983: 84).

Oidhrí ar na blianta beaga deireanacha sin is ea Goodman agus Elgin, ach is mór idir a ngaois siúd agus tóraíocht na Nua-Chriticeoirí – T.S. Eliot (1932), mar shampla, agus W.K. Wimsatt i bpáirt le Monroe Beardsey (1946) – ar an téacs mar ghléas atá 193


iomlán ann féin. Sonrófar san aiste seo go ndeachaigh an tuiscint sin i ndísc sa dara leath den fhichiú haois mar gheall ar theacht chun cinn an iarstruchtúrachais. Bhí seo le rá ag an gcriticeoir John Harker sa mbliain 1988: Gone is the security of the New Criticism which dominated critical thought for three decades. This security was based upon an unshakable belief in the authority of the text as the sole source of meaning and a corresponding disbelief in both authorial intent and reader response as legitimate considerations in determining meaning (1988: 5).

Sainchomhartha de chuid an iar-struchtúrachais is ea treascairt na siúráile sin. D’fhógair Roland Barthes bás an údair san aiste iomráiteach ‘La mort de l’auteur’ (1968) agus chloígh an nóisean go bhfuil cinnteacht aonbhríoch ag baint le saothair litríochta. Is é an t-athrú poirt seo, gur glacadh leis ‘[that] to give a text an author is to impose a limit on that text, to furnish it with a final signified, to close the 194


writing’ (1968: 171), a stiúir an chritic i dtreo an ilbhríochais a luann Elgin agus Goodman. Ó thángthas faoi lé an iar-struchtúrachais, agus thuairim Barthes ‘only language acts’ (1968: 168), creidtear nach tearmann seachdhomhanda í an litríocht agus go n-iompraítear fórsaí sóisialta i dteanga saothar litríochta fearacht na teanga sa saol iarbhír. Deir Eagleton ‘[that] language is a field of social forces which shape us to our roots and it is an academicist delusion to see the literary work as an arena of infinite possibility which escapes it’ (1983: 87-88). Is ar eolas an duine ar an saol tadhaill, agus an trealamh léirmheastóireachta a sholáthraíonn an teolas sin don léitheoir, atá seasamh na critice liteartha. Brainsí eolais den tsórt sin is ea an tsíocanailís,

an

feimineachas

agus

an

t-

iarchoilíneachas. Cuirfear gach ceann díobh sin trí chéile níos faide anonn san aiste seo. Is éard a chuirfear ar fáil de thairbhe an phlé seo ar fad foilsiú gléineach ar an léitheoir a theacht i gceannas mar chrann seasta na critice liteartha, tuiscint ghrinn ar a

195


bhfuil de chumhacht agus d’fhreagracht aige, agus cuntas beacht ar chrosadh na cumhachta agus na freagrachta céanna ar an údar. Sníofar samplaí cuí ó litríocht na Gaeilge, idir chruthaitheach agus chriticiúil, tríd an bplé ar feadh an achair. 2. An Nua-Chritic San aiste ‘Tradition and the Individual Talent’ (1932) tuairimíonn T.S. Eliot gur minic mar mholadh ar fhile go bhfuil a shaothar seisean ar leithrigh ó shaothar filí nach é: ‘In these aspects or parts of his work we pretend to find what is individual, what is the peculiar essence of the man’ (Eliot 1932: 14). Os a choinne sin, deir Eliot gurb í an bhaint atá ag dán le traidisiún fileata an tslat tomhais cheart d’fhiúntas fileata. Mheabhródh duine ina thaobh sin an cáineadh míchlúiteach a rinne Máire Mhac an tSaoi ar Eireaball Spideoige (1952) Sheáin Uí Ríordáin, is é sin gur ‘comharthaí nach féidir a léamh gan eochair’ (Mhac an tSaoi 1955: 86) a bhí aige de bharr a

196


shaothair mar gur imir sé ‘dánaíocht thar meon’ ar an nGaeilge. Dar le Eliot nach mór d’fhile a choinneáil i gcuimhne ‘that the mind of Europe – the mind of his own country [...] is a mind which changes, and that this change is a development which abandons nothing en route’ (Eliot 1932: 16). Is í an fhilíocht, agus ní lucht a ceaptha, is ábhar anailíse don NuaChritic.

Glactar

leis

réir

go

slogann

buanchontanam na filíochta ar cumadh de dhánta riamh. Tráchtann Eliot thar ‘the conception of poetry as a living whole of all the poetry that has ever been written’ (1932: 17), ráiteas a mbaineann Máirtín Ó Direáin macalla as nuair a deir ‘cuireann filíocht cor nua di agus níl aon chiall leis an téarma nuafhilíocht’ (1961: 20). Is mór an bhéim síos a dhéanann W.K. Wimsatt agus Monroe Beardsley ar thábhacht an údair don chritc liteartha san aiste ‘The Intentional Fallacy’ (1946). Áitíonn siad gur bhreallach an mhaise do chriticeoir aon tóir a bheith aige ar chora intinne údair: ‘to insist on the designing intellect as a cause of a poem is not to grant the design or intention

197


as a standard by which the critic is to judge the worth of the poet’s performance’ (1946: 81). Dar leo nach féidir agus nár mhaith go dtuigfí do chriticeoir a bhfuil beartaithe ag údar: ‘the design or intention of the author is neither available nor desirable’ (1946: 82). Dealaíonn siad dhá chineál fianaise a úsáidtear i dtaca le hobair léirmheastóireachta ar deighilt ghlan óna chéile: There is a difference between internal and external evidence for the meaning of a poem. And the paradox is only verbal and superficial that what is (1) internal is also public: it is discovered through the semantics and syntax of a poem, through our habitual knowledge of

the

language, through grammars, dictionaries, and all the literature which is the source of dictionaries, in general through all that makes a language and culture; while what is (2) external is private or idiosyncratic; not a part of the work as a linguistic fact: it consists of revelations in journals, for example, or letters or reported conversations a

198


about how or why the poet wrote the poem – to what lady, while sitting on what lawn, or at the death of what friend or brother (ibid.: 82).

Is é an tátal atá le baint as seo gur ar chostas na critice a théann lucht na fianaise seachtraí ar seachrán ón saothar féin: ‘the fault of writing the personal as if it were poetic’ (ibid.: 82). Is é gnó an chriticeora a chuireann ceist an údair ar neamhní ar fad agus a théann in iontaoibh an téacs ann féin, mar a deir Frank O’Brien sa leabhar Filíocht Ghaeilge na Linne Seo (1968), ‘mionscrúdú a dhéanamh ar fhiúntas nó ar éifeacht na bhfoirmeacha is na modhanna a oibrítear i ndánta ar leith’ (O’Brien 1968: vii). Is éard a chuireann O’Brien roimhe sa leabhar sin ‘tuairisc a thabhairt ar an saothrú atá déanta ar fhilíocht na Gaeilge agus [...] léiriú a dhéanamh ar na dánta atá go maith mar fhilíocht’ (ibid.: vii). Teastaíonn ón té a thiúrfas an cuspóir úd slán, dar le Seán Ó Tuama san alt léirmheasa aige ar shaothar úd O’Brien, ‘Leabhar Conspóideach’ (1969), go mbeadh braistint na

199


filíochta ‘ginte go beo neamhearráideach ann féin’ (1969: 136). Tugann an Tuamach le fios go mbaineann contúirt le róphribhléidiú an téacs. Is é sin go bhféadfadh criticeoir dul ‘níos sia amú [...] ná cách eile’ (ibid.: 136) mura mbeadh máistreacht aige ó nádúr ar bhaill íogaire na hoibre. Má ghlactar leis go bhfuil brí stóinsithe aonghuthach ag an téacs, ní mór don léitheoir umhlú roimhe agus gan aon chumhacht a ghlacadh chuige féin. Níos faide anonn sa bhfichiú haois, d’aithle ardréim na Nua-Chritice, baineadh casadh eile as údarás an téacs. Is faoi anáil fhoirmiúlaithe na Rúise a rinneadh amhlaidh. Grúpaí a raibh teangeolaithe, lucht stair litríochta agus lucht léirmheastóireachta ina measc a bhí i lucht an fhoirmiúlachais – Ciorcal Mhoscó agus Cumann Phetrograd le haghaidh Staidéar a Dhéanamh ar Theanga na Filíochta (Opojaz) (cf. Riggs 1987: 25) – agus thugadar iarracht ar eolaíocht litríochta

a

bhunú.

Is

é

sin

dianchóras

léirmheastóireachta a dhíreodh ar an téacs liteartha

200


féin agus ar an úsáid a bhaintear as cúrsaí teanga laistigh de (ibid.: 25). Cuireann Roman Jakobson in iúl i ndíolaim de mhóraistí foirmiúlacha de chuid na tréimhse staire 1914-1930, Théorie de la Littérature (1965), gur chuir lucht an Fhoirmiúlachais comaoin mhór ar an dream a thosaigh ag gabháil d’anailís struchtúrach na litríochta sa bhFrainc le tamall sular foilsíodh an díolaim úd (ibid.: 25). Tá curtha síos ag an scoláire Peter Barry ar bhunéirim an bhrainse sin eolais: ‘its [an struchtúrachas] essence is the belief that things cannot be understood in isolation – they have to be seen in the context of the larger structures they are part of’ (Barry 2002: 39). Seal gearr de bhlianta roimh áiteamh úd Jakobson, foilsíodh leabhar cáiliúil Northrop Frye, Anatomy of Criticism (1957), ina maíonn seisean gur ‘autonomous verbal structure’ atá sa litríocht, fearann ‘[which] contains life and reality in a system of verbal relationships’ (Frye 1957: 122). Feictear do Terry Eagleton go bhfuil cosúlachtaí suntasacha idir éirim an leabhair sin agus an éirim an struchtúrachais. ‘Like Frye,’ a

201


deir Eagleton, ‘it [an struchtúrachas] tends to reduce individual phenomena to mere instances of laws’ (1983: 82). Ba é cuid léargas Ferdinand de Saussure ar an teangeolaíocht, a foilsíodh sa leabhar iomráiteach Cours de Linguistique Générale (1916), ba bhun leis an struchtúrachas liteartha: Literary structuralism flourished [...] as an attempt to apply to literature the methods and insights of the founder of modern structural linguistics,

Ferdinand

de

Saussure.

[...]

Saussure viewed language as a system of signs, which was to be studied ‘synchronically’ – that is to say, studied as a complete system at a given

point

in

time

rather

than

‘diachronically’, in its historical development. Each sign was to be seen as being made up of a ‘signifier’ (a sound-image, or its graphic equivalent), and a ‘signified’ (the concept or meaning). Each sign in the system has meaning o only by virtue of its difference from the others (Eagelton 1983: 84).

202


Murab

ionann

agus

mianach

struchtúrach

chomharbaí na Nua-Chrtice is machnamh iarstruchtúrach, gona chur amach seisean ar cheist na teanga – is é sin go mbíonn brí na teanga ‘scattered or dispersed [... ] never fully present in any one sign alone’ (Eagleton 1983: 111) – a dhlíonn do léitheoirí bríonna iomadúla, nach cirte aon cheann díobh thar a chéile, a spíonadh as saothair litríochta. 3. Teacht chun cinn cheist an léitheora Tá an éiginnteacht a bhaineann le brí na teanga cíortha go mion ag Roland Barthes san alt ‘La mort de l’auteur’ (1968) agus tá treisithe leis an léamh sin ar ilfhiús bhrí na teanga ag Michel Foucault san alt ‘What is an author?’ (1969). ‘It is language which speaks, not the author,’ a chreideann Barthes (1968: 168); ‘linguistically, the author is never more than the instance writing’ (ibid.: 169). Nuair a ghlactar le barúil úd Barthes feictear don chriticeoir gur snátha teanga atá sa saothar litríochta ar faoi féin a bhíonn

203


sé iad a cheangal mar fhíochan brí. Ní thágann an túdar, ná údarás aonghuthach de chuid an téacs féin, roimhe san obair. Tá sé cruthaithe d’aon turas ag Séamas Mac Annaidh, mar shampla, san úrscéal Rubble na Mickies (1990), nach bhfuil a leithéid ann agus údar ilfheasach uilechumhachtach agus cúpla leathanach an duine scríofa ag roinnt cairde leis sa leabhar sin (cf. Mac Craith 1987: 51). Chomh maith leis sin soiléiríonn Nic Eoin (1998) nach mbíodh suntas ag gabháil d’údair a shaothraigh éigse na Gaeilge aimsir na scol: ‘ar éigean a chonaic litríocht na Gaeilge (nó, ba chirte a rá, scríbhneoireacht na Gaeilge) breith an údair, mar indibhid scartha dealaithe, don gcéad uair’ a scríobhann sí (1998: 42), agus míníonn céard is cionsiocair leis sin: [Is é] an ghrúpáil orgánach is fearr is féidir a dhéanamh ar na téacsaí ná an ghrúpáil de réir na ndaoine ar ceapadh dóibh iad, praicseas atá ar bun sa duanaire (dánta do Bhuitléaraigh, d’Uí Bhroinn, do mhuintir Mhéig Shamhradháin

204


agus araile), nó de réir genre nó téama (dánta cráifeacha, dánta ar an nádúr, tráchtaisí graiméir nó dinnsheachais, agus araile) (ibid.: 42).

Ní cás ach cuimhneamh ar ráiteas Barthes ‘a text’s unity lies not in its origin but in its destination’ (1968: 171) go dtuigfear gur beag is miste mura gcuirtear tuairisc údair, nó údar, isteach go cruinn. Is táirge de chuid an léitheora saothar litríochta mar ionad brí. Ceistíonn Foucault comhdhéanamh ionad dá shórt: It has been understood that the task of criticism is not to reestablish the ties between an author and his work or to reconstitute an author’s thought a and experience through his works [...] Yet, what of a context that questions the concept of a work? What, in short, is the strange unit designated by the term, work? What is necessary to its composition, if a work is not something written by a person called an ‘author’? (1969: 140).

205


Is é barúil Foucault gur gá díriú ar an gceist úd d’fhonn teacht ar ‘the subject’s points of insertion, modes of functioning, and system of dependencies’ (ibid.: 118). Faoi mar a shoiléiríonn Cheryl Walker san alt ‘Feminist Literary Criticism and the Author’ (1990): ‘This will lead to a new set of questions, questions that involve, as we might expect in Foucault, politics and power relations’ (1990: 568). An criticeoir a d’fhéachfadh leis na ceisteanna a dhúisíonn Foucault a fhreagairt, más ea, níor mhór dó dul i ngleic le dinimic na cumhachta polaitiúla. Is é toradh na hoibre seo ag Barthes agus Foucualt gur tioscnaíodh réimeas an léitheora sa gcritic liteartha agus gur tugadh bheith istigh do chúraimí polaitiúla in obair an chriticeora. Iarracht ar chóras cinnte léirmhínithe a bhualadh anuas ar réimeas úd an léitheora is ea an teoiric maidir le freagairt an léitheora. Míníonn Patricia Harkin go n-aithnítear de réir na teoirice seo ‘[that] constructed

meanings

206

are

disparate

and


contextualized’ (2005: 412). Is follas go bhfuil bunshraith intleachtúil an iar-struchtúrachais faoin tuiscint áirithe sin. Níl aon téagar polaitiúl sa teoiric seo, áfach. An tuiscint atá taobh thiar di, tá sí sainmhínithe ag Wolfgang Iser san alt ‘The Reading Process: A Phenomenological Approach’ (1972): Whatever we have read sinks into our memory and is foreshortened. It may later be evoked again and set against a different background with the result that the reader is enabled to develop hitherto unforeseeable connections [...] These connections are the product of the reader’s mind working on the raw material of the text, though they are not the text itself – for this consists just of sentences, statements, information, etc. (1972: 183).

Gheofaí a áiteamh go dtugann an méid thuas teist i dtosaíocht an léitheora ar an údar sa gcritic liteartha. Bíodh sin mar atá, níl de thathag criticiúil ann thar aisfhreagra pearsanta aonair. Mar atá áitithe go glé ag

207


Eagleton, bíonn fórsaí sóisialta sa gcompal aon uair a ngabhtar i ngleic le ceist na teanga. Toisc nach cás leis an teoiric maidir le freagairt an léitheora na fórsaí sóisialta atá sníofa tríd an teanga, teipeann glan uirthi freastal ar éirim na critice, mar a shainmhíníonn Paul Bové:

‘Critical

intelligence

involves

a

demystification of intellectuals’ sense of their own independence, a consistent

genealogical

self-

criticism, and research into specific discourses and institutions as part of the struggle against oppressive power’ (1992). Go dtuigfear mar a thángthas ar bhealach sásúil chun an fhreastail sin, agus mar sin cumhacht an léitheora as a hiomláine, ní foláir an tsíocanailís a scrúdú. 4. An Chritic Shíocanailíseach Is éard atá sa tsíocanailís staidéar faoi leith ar intinn an duine mar aon leis an teiripe a ghabhann leis faoi mar a chleacht Sigmund Freud i Vín na hOstaire í i ndeireadh an naoú haois déag (cf. Mac Cóil 1998:

208


94). Ba é barúil Freud go mbíonn brú faoi chois á dhéanamh ar chodanna áirithe d’intinn an duine ar neamhchead don duine fein: I nóchaidí an naoú haois déag tháinig sé [Freud] ar an tuairim go raibh cuimhní ag othair leis a bhain leis an am nuair a bhí siad ina bpáistí óga agus go raibh na cuimhní sin brúite faoi chois. Ní hé go raibh na cuimhní dearmadta, ach bhí siad brúite siar isteach sa chuid sin den intinn ar thug Freud an ‘neamh-chomhfhios’ air. Tá an coincheap de ‘bhrú faoi chois’ lárnach i gcóras na síocanailíse, mar atá téis an neamhchomhfheasa. Ní hann don tsíocanailís gan iad (ibid.: 94).

Rianann Freud na cuimhní coscracha seo siar go dtí fás an linbh. Is ionann an fás sin, dar leis, agus eagrú ar mhiangais an duine i leaba a chéile. Próiseas corraitheach atá anseo a chuireann comhdhéanamh na suibiachta soir siar dá buíochas:

209


What we can imagine in the early years of the child’s life, then, is not a unified subject confronting and desiring a stable object, but a complex shifting field of force in which the subject (the child itself) is caught up and dispersed (Eagleton 1983: 133).

Creidtear de réir na síocanailíse gurb é coimpléasc Éadapas thar aon rud eile a chloíonn teacht aniar na suibiachta (cf. ibid.: 133). Tá curtha síos go beacht ag Mac Cóil ar a bhfuil i gceist leis sin: Go bunúsach is éard a chuir coimpléasc Éadapas i gcás gur theastaigh ón mbuachaill óg luí lena mháthair, gurb in é an rud ba dhual dó, ach go raibh sé curtha as a áit ag an athair. D’fhág seo in éad lena athair é agus in iomaíocht leis. B’fhacthas dó go raibh an t-athair ag iarraidh é a choilleadh. Mar chuid den fhorbairt, mar sin, toisc an suíomh ina bhfuil sé agus é faoi bhagairt an choillte, brúnn an buachaill óg an mhian siar s sa neamh-chomhfhios, déanann ionannú leis an

210


athair agus ar an gcaoi sin, fásann sé suas, agus, ar ball, tosóidh sé ag lorg mná dó féin (1998: 95).

Chonacthas do Mháirtín Ó Cadhain sa mbliain 1969 gur ‘mainneachtan ama agus easpa fiosracht intleachtúil ar lucht scríofa na Gaeilge nach léir Freud in áit ar bith inti’ (1969: 31) agus gur ábhar iontais ‘go bhféadfaí é a sheachaint’ (ibid.: 31). Dá mb’fhíor don Chadhnach gurbh é ‘an rud is tábhachtaí anois sa litríocht ar fad, an intinn a léiriú’ (ibid.30), mar sin féin, níor lúide iarrachtaí tosaigh na critice an éagmais úd. Ba é intinn an údair féin a bhíothas a thaibhléiriú, a deir Mac Cóil: ‘Dhírigh na chéad iarrachtaí critice, i dtús ré na síocanailíse – iarrachtaí Freud ina measc – ar phearsantacht an údair a shoiléiriú trína shaothar’ (1998: 97). Iarracht den tsórt seo, dar le Mac Cóil, is ea an bhreith a thugann Ruth Dudley Edwards ar ghné de phearsantacht Phádraig Mhic Phiarais i bhfianaise scríbhinní cruthaitheacha dá chuid (1977: 127). Is é sin go ‘léiríonn an chaoi a bpléann an t-údar le gasúir

211


óga

ina

chuid

scéalta

mianta

folaithe

homaighnéasacha’ (1998: 97). Cuireann Mac Cóil chun suntais gur tuathalach an obair atá anseo a fhéachann ‘leis an bhearna dhosháraithe idir an túdar (a shaol, a mheon, a phearsantacht, a intinn) agus an saothar a thagann óna pheann a léim’ (ibid.: 98). Theastódh

go

ndéanfaí

athbhreithniú

ar

an

tsíocanailís dá dtarlódh é a theacht bonn ar aon le teilgean na critice as múnla an iar-struchtúrachais. Tá an beart sin déanta ag Jacques Lacan. Dar leis an intleachtóir seo gurb ionann an leanbh a dhul ag iomrascáil le forbairt a chuid miangas agus é a bheith ‘plunged into post-structuralist anxiety’ (Eagleton 1983: 164) mar gurb é leathcheann struchtúr na teanga (mar a thuigtear sin do lucht an iarstruchtúrachais) struchtúr an neamhchomhfheasa. Foilsíodh na tuairimí seo sa leabhar Écrits sa mbliain 1966. Míníonn Peter Barry go mb’fhacthas do Lacan ‘since the unconscious is linguistic, and language is

212


a system already complete and in existence before we enter into it, then it follows that the notion of a unique, separate self is deconstructed’ (Barry 2002: 113). Chuir an tuiscint úd comaoin mhór ar chriticeoirí liteartha a tháinig sna sála ar Lacan. Ba léir nár deoranta le téacsanna liteartha daoirse an té atá i mbraighdeanas toisc gur fearann cumaisc, idir eatarthu atá in ionad na suibiachta. 5. An Chritic Fheimineach Iarracht atá sa gcritic fheimineach trí chéile, dar le Elaine Showalter (1979), ar ‘reconstruct[ing] the social, political, and cultural experience of women’ (1979: 25). Chuige seo, baintear éadáil as an tsíocanailís. San aiste ‘Visual Pleasure and Narrative Cinema’ (1975) scrúdaíonn Laura Mulvey an tionchar atá ag ‘socially established interpretations of sexual difference’ (1975: 14) ar an scannánaíocht, mar aon leis an gcaoi a scaiptear na tuiscintí céanna ar lucht a féachana. Cuirtear an tsíocanailís in ócáid

213


don togra seo mar ‘political weapon’ (ibid.: 14). Toisc go bhfoilsíonn an tsíocanailís téarmaí ceannais na bhfear, b’fhéidir daoirse na mban a cheansú beagán éigin ach feidhmiúlacht na síocanailíse a thabhairt i ngrinneas. Feictear do Mulvey go bhfuil fearann na teanga ina leaba dhearg ag an bpatrarchas. Is mar seo a chuireann sí cuspóirí a cuid oibre i dtuiscint: Woman then stands in patriarchal culture as the signifier for the male other, bound by a symbolic order in which man can live out his fantasies and obsessions through linguistic command by imposing them on the silent image of woman still tied to her place of bearer, not maker, of meaning. There is an obvious interest in this analysis for feminists, a beauty in its exact rendering of

the

frustration

experienced

under

the

phallocentric order. It gets us nearer to the root of our oppression, it brings us closer an articulation

214


of

the

problem,

it

faces

us

with

the

ultimate challenge: how to fight the unconscious structured

like

a

language

(formed

critically at the moment of arrival of language) while still caught within the language of patriarchy? There is no way in which we can produce an alternative out of the blue, but we can begin to make a break

by

examining

patriarchy with the tools it provides, of which psychoanalysis is not the only but an important one (1975: 15).

Is ar lócas céanna cheannas na bhfear atá tarraingt Mháire Ní Annrachain san alt ‘Dearbhú Beatha: Alt Léirmheasa ar Shaothar Thriúr Banfhilí’ (1984). Ní ‘páirc aoibhnis’ atá sa nGaeilge dar léi ach ‘gort sách seasc le glanadh ar nós gach teanga eile’ (1984: 55). Chuige sin, ní foláir imreas a thógáil in aghaidh an phatrarchais. Tá dhá úirlis comhraic in arm aigne na critice feiminí. I dtéarmaí Showalter is iad sin ‘the feminist critique’ agus ‘gynocritics’ (1979: 26). Cúitíonn an léirmheastóireacht fhemineach (‘the

215


feminist critique’ atá i gceist agam) ‘stereotypes of women in literature, the omissions of and misconceptions about women in criticism, and the fissures in male-constructed literary history’ (ibid.: 27). Is chun na hoibre sin atá Ní Annracháin sa léacht ‘Banfhilí Nua-Aimsire’ (1982) agus criticeoirí na Gaeilge á ngríosú aici le canóin na Gaeilge a cheistiú ar mhaithe le fuascailt na mban: An amhlaidh nár mhian leis na mná, nó nár ceadaíodh

dóibh

dul

i

mbun

an

sórt

cumadóireachta a nglactaí leis mar ard-litríocht de réir caighdeán an ghrúpa cheannais, agus ina dhiaidh sin, an bhfuil traidisiún eile litríochta, murar liteartha féin, a bhfuil cáilíochtaí agus slatanna tomhais dá chuid fein aige ar ar fhágadar a rian go soiléir? (1982: 145)

Tá freagra caithréimeach ar cheist Ní Annracháin le fáil in obair Angela Bourke, mar shampla, ar thraidisiún na caointeoireachta, rud a ‘oibríonn dar léi mar dhioscúrsa a thug deis do mhná labhairt 216


amach i slí nár ceadaíodh in aon áit eile’ (Nic Dhiarmada 1998.: 157). Mar sin, níltear teanntaithe ag an ‘saoldearcadh bunaithe ar phríomhacht ba bhfear’ (ibid.: 170) ba dhual do na filí gairmiúla. Baineann an acmhainn éalaithe seo le gaois an iarstruchtúrachais – tá ceist an údair ar lár agus sáraítear tuilleamaí an duine le réamhbheartú na brí. Dá thairbe sin, is féidir athbhreithniú torthúil a dhéanamh ar chanónacha liteartha. Teitheadh as gaistí an phatrachais ar leibhéal na teanga féin atá sa gynocritique. Cuirtear é seo i gcás nuair a bhíonn banscríbhneoirí ag iarraidh teacht lastuas de na fórsaí sóisialta atá inchollaithe sa teanga féin agus iad i mbun cumadóireachta. Tá tionchar thuairim Lacan gur taobh istigh de chóras na teanga a fheidhmíonn an neamhchomhfhios le sonrú go lom láidir ar an smaointeoireacht seo, ní nach ionadh ón uair go mbaineann sí go dlúth le traidisiún intleachtúil na Fraince (cf. ibid.: 159). Agus stair na mban i gcanóin na Gaeilge á cur trí chéile ag Ní

217


Annracháin (1984), aithníonn sí go bhféadfadh claochlú a theacht ar fhilíocht na Gaeilge. Más baolach gur ‘cultúr ollphatrarcach é [saol na Gaeilge] nach bhféadfaí síol shaoirse na mban a shamhlú le hinstitiúid ar bith dá cuid, an teanga san áireamh’ (1984: 55), dá mbuailfí malairt crutha ar an teanga, b’fhéidir an síol céanna a chur agus filíocht a cheapadh ‘de réir mhúnlaí na samhlaíochta baininne agus í faoi gheit ag spioradáltacht an fheimineachais’ (ibid.: 56). Scríobhann Showalter ‘gynocritics begins at the point when we free ourselves from the linear absolutes of male literary history, stop trying to fit women between the lines of the male tradition, and focus instead on the newly visible world of female culture’ (1979: 30). I gcás la gynocritique is é an íocshláinte ag íobartaigh an phatrarchais nóisean an téacs baineann – écriture féiminine i dtéarmaí Hélène Cixous, nó la parler femme i bhfriotal Luce Irigaray (cf. Ní Fhrighil 2008: 57). A deir Cixous féin ‘women must write through their bodies, they must invent the impregnable language that will wreck partitions,

218


classes, and rhetorics, regulations and codes…’ (1981: 256). Tagann an cuspóir sin beo le cúram an chriticeora mar a luann Edward Said san alt ‘The World, the Text, and the Critic’ (1983), .i. ‘articulating those voices dominated, displaced, or silenced by the textuality of texts’ (1983: 53). Go deimhin

féin,

is

mar

a

chéile

aidhm

na

léirmheastóireachta feiminí agus la gynocrituque – fuascailt shamhlaíoch na mban de dheargainneoin an phatrarchais. 6. An Chritic Iarchoilíneach Fearacht criticeoirí feimineacha, aithníonn lucht an iarchoilíneachais ‘...[that] essentialism has given way to [...] the indeterminate and fragmented – in short, the decentred subject’ (San Juan Jr. 1998: 71). Míníonn Seamus Deane ‘postcolonialism requires a theory of power that abandons “them” and “us” as its governing terms’ (2007: 199). Sampla gléineach de seo is ea gur cur i gcéill atá sa mbriseadh dédhualach

219


a shamhlaítear idir an domhan thoir agus an domhan thiar mar gheall ar ‘Europe-Atlantic power over the Orient’ (Said 1978: 90). Dar le Colin Graham go dtugann an leabhar Orientalism (1978) le Edward Said éachtaint ghlé ar ‘liminal spaces of colonial discourse [...] [where] the ultimate opposition of coloniser and colonised breaks down through irony, imitation and subversion’ (Graham 1994: 32). Bítear a admháil gur dlúthchuid de shaol na hÉireann éagmais siúráile cultúrtha den tsórt sin. ‘The only fixed Irish identity and the only useful Irish tradition is the Irish tradition of not having a fixed identity’ a deir Fintan O’Toole (1998: xv), nó fós i bhfriotal Louis de Paor ‘is cultúr briste é cultúr na hÉireann le cúpla céad bliain ar a laghad, is ní féidir a chur i gcéill go bhfuil a leithéid de rud agus féiniúlacht aontaithe leanúnach ar fáil dúinn i nGaeilge ná i mBéarla’ (2012: 20). Is amhlaidh go mbaineann cros-síolrú cultúrtha le haontíos na Gaeilge agus an Bhéarla, agus má táthar chun leas na critice iarchoilíní a dhéanamh maidir le nualitríocht na Gaeilge ní foláir

220


gaol an dá theanga a chur san áireamh. Soiléiríonn an scoláire Filipíneach E. San Juan Jr. céard is cúram láir don chritic iarchoilíneach: ‘Hybridity’ is a term that one can choose or reject. But the central issue is: what is the actual alignment of power relations and political forces in which we find ourselves imbricated? (ibid.: 70)

In aiste ag Alan Titley faoi ghaol achrannach an dá theanga i bhfilíocht Sheáin Uí Ríordáin, ‘An Teanga Eile Leath-Leis’ (2008), ceistítear i dtaobh an Bhéarla ‘an féidir aon leas a bhaint aisti, nó a bhfuil i ndán go múchfaidh sí sinn go héag?’ (2008: 64). Is minic an fhiosracht chéanna ag dó na geirbe ag criticeoirí comhaimseartha na Gaeilge. Tá breith mheáite tugtha ar an gceist seo ag Caoimhín Mac Giolla Léith (1989): Unresolved, and perhaps unresolvable, problems of identity and continuity are the shared

221


inheritance of all contemporary Irish writers, whether they choose to write in English or in Irish [...] Instead of refusing to acknowledge the

existence

of

comparable

tensions

in

contemporary literature in Irish, it is time critics of this corpus recognized the enabling and creative power of such tensions (1989: 54).

Is feasach muid gur minic pobal na Gaeilge á chur i láthair i nualitríocht na teanga mar lócas crossíolraithe agus hibrideachta. Is é éifeacht na línte ‘Tá muid leath-réamhstairiúil/ agus leath-postmodern intertextúil’ sa dán ‘Trasnú’ (2000) le Cathal Ó Searcaigh, cuir i gcás, go léirítear go bhfuiltear idir dá cheann na meá ó thaobh cultúir agus teanga agus gur as an spás tairseachúil sin a eascraíonn an gníomh cruthaitheach. Cuirtear é seo in iúl go glinn snoite ar leibhéal na teanga. Is léir ar an staid entredeux seo gur fíor dá ndeir Homi Bhaba faoi rómhóradh na hoidhreachta cultúrtha: Terms

of

cultural

222

engagement,

whether


antagonistic

or

affiliative,

are

produced

performatively. The representation of difference must not be hastily read as a reflection of pregiven ethnic or cultural traits set in the fixed tablet of tradition (1994: 2).

Soláthraíonn an chritic iarchoilíneach trealamh léirmheastóireachta atá rífheiliúnach chun teannais dhinimiciúla na Gaeilge agus an Bhéarla a thaibhléiriú. ‘Má tá ní ar bith le foghlaim ag critic na Gaeilge ón tionscnamh critice iarchoilíní tá iolracht agus oscailteacht na critice sin maidir le hiarmhairtí an chumaisc agus an chros-síolraithe ag leibhéal na teanga féin,’ a deir Máirín Nic Eoin (2005: 48). Dar léi go bhfuil fórsaí múnlaithe teanga ‘inchollaithe i gcorp an tsaothair féin’ (ibid.: 49) agus gur mithid luí isteach ar an gcaoi ‘a bhfuil comhthéacs mionlaithe na teanga inscríofa go minic i ngach uile ghné den téacsúlacht’ (ibid.: 48). Tá anseo mar a bheadh comhlíonadh ar dhualgas an chriticeora mar a luann Said,

‘articulating

those

223

voices

dominated,


displaced, or silenced by the textuality of texts’ (1983: 53). Éilíonn Nic Eoin go gceapfar ‘modhanna critice a mhionscrúdóidh an gaol idir gné na polaitíochta agus gné na haeistéitice d’úsáid liteartha na teanga’ (ibid: 322). Breacann amach roinnt pointí eolais ionas gur ‘fusa déileáil le comharthaí an chumaisc agus an chros-síolraithe sa chaint féin agus sa litríocht’ (ibid.: 322): a) gur i suíomh teagmhála teangacha atá litríocht na Gaeilge á saothrú le fada an lá agus gur i gcomhthéacsanna sóisialta ina bhfuil an dá theanga á n-úsáid agus á meascadh atá formhór de phobal na Gaeilge ag feidhmiú; b) gur teanga í an Ghaeilge chomhaimseartha a léiríonn go leor de chomharthaí sóirt teanga atá i mbaol an báis agus gur básaithe a bheadh sí cinnte murach tacaíocht leanúnach an stáit – dá easnamhaí í dar le go leor – ó na fichidí ar aghaidh;

224


c) gur láidre ná riamh stádas an Bhéarla mar theanga dhomhanda (ibid.: 322).

Murach an chritic iarchoilíneach, níor chríoch aithnid ag criticeoirí na Gaeilge fearann breac na hibrideachta arb é gort an bhaile é ag nualitríocht na Gaeilge cuid mhaith.

Táthar eolach dá réir ar

dhinimic na bhfórsaí sóisialta a bhíonn inchollaithe sa teanga sa litríocht chéanna. Is aicme imeallaithe – díláithrithe, go deimhin – is ábhar do shaothar seo Nic Eoin. D’fhonn freastal ar a leithéid d’aicme sa gcritic liteartha teastaíonn sainréimse eolais atá tugtha suas dá cás. Is féidir cosúlacht shuntasach a fheiceáil idir saothar seo Nic Eoin, mar shampla, agus a bhfuil léirithe san aiste seo i dtaobh na critice feiminí. Is é sin go dtuigtear gur gá tabhairt faoin gcritic, mar a shuaithníonn Robert Scholes, ‘from some viewpoint beyond the merely personal – and the merely literary’ (1985: 23). Is é an léitheoir a chuireann na dearcaidh seo ag obair ar an litríocht

225


agus a bhaineann meabhair aisti dá réir, gan ceist an údair a theacht in aon ghaobhar dó. 7. Ceangal agus Conclúid Agus an aiste seo á tabhairt i dtreo a conclúide ní miste cúrsa an phlé go nuige seo, agus raon intleachtúil an fichiú haois atáthar i ndiaidh a ghabháil dá bhíthin, a thabhairt chun cruinnis. Ceapadh stádas ultra vires do cheist an údair de réir na Nua-Chritice. Mar sin féin, ba shlán an tsamhail go bhfuil claí teorainn idir brí na litríochta agus freacnairc shaol iarbhír an duine go dtí gur fógraíodh bás an údair agus gur pléadh a impleachtaí sin. Is tuiscintí iar-struchtúracha ar cheist na teanga go speisialta ba thrúig bháis don údar agus is iad freisin a dhlíonn saoirse don léitheoir bríonna iomadúla a spíonadh as saothair litríochta. Tuigtear, thairis sin, gur gá cúram a dhéanamh d’fhórsaí sóisialta an tsaoil iarbhír sa gcritic liteartha mar go n-aithnítear gurb é an teanga a fhréamhaíonn an duine sa saol. Mar a deir

226


Eagleton ‘language is a field of social forces which shape us to our roots and it is an academicist delusion to see the literary work as an arena of infinite possibility which escapes it’ (1983: 87-88). Dá thoradh sin, bítear taobh le sainréimsí critice arb acmhainn dóibh ualach an daorsmachta a iompraítear sa litríocht a cheansú. Is é bunús na hacmhainne sin idirghabháil idir an litríocht agus an saol tadhaill. In abairt

thionscnaimh na haiste seo,

athfhriotal ar áiteamh

rinneadh

Elgin agus Goodman

‘understanding a work may be quite different from understanding what the author intended by it’ (1986: 567). I ndeireadh cúrsa dúinn, is léir céard is cúis leis sin. Is éard a dhéanann criticeoirí liteartha, i bhfriotal Edward Said, ‘embody in writing those processes and actual conditions in the present by means of which art and writing bear significance’ (1983: 53). Is é an léitheoir – gona thuiscint ar bheocheisteanna úd na freacnairce agus beag beann ar cheist an údair – crann taca na critice liteartha.

227


Foinsí Apfelbaum, B. (1984) ‘Sexual Reality and How We Dismiss It’, Annual meeting: American Association of the Advancement of Science, San Francisco State University,

November

1984.

Le

fáil

ag:

http://www.bapfelbaumphd.com/Sexual_Reality.ht ml [Ar an 4 Samhain 2014 a osclaíodh] Barounis, C. (2014) ‘Compulsory Sexuality and Asexual/

Crip

Resistance

in

John

Cameron

Mitchell’s Shortbus’. In: Ceranowski, K.J. & Milks, M. (eag.) Asexualities: Feminist and Queer Perspectives. London: Routledge. Barry, P. (1995) Beginning Theory: An Introduction to Literary and Cultural Theory. Manchester: Manchester University Press. Barthes, R. (1968) ‘The death of the author’. In: Leitch, V. et al. (eag.), The Norton Anthology of

228


Theory and Criticism, 2nd edition. New York, W.W. Norton & Co. Beardsley, M. C. & Wimsatt, W. K. (1946) ‘The Intentional Fallacy’. In: The Verbal Icon: Studies in the Meaning of Poetry. Lexington: University of Kentucky Press. Bhaba, H. (1994) The Location of Culture. New York: Routledge. Bogaert,

A.

(2006)

‘Toward

a

Conceptual

Understanding of Asexuality’, Review of General Psychology, 10 (3), pp. 241-250. Bové, P. (1992) In the Wake of Theory. Connecticut: Wesleyan University Press. Carson, L. (2010) Call Mother a Lonely Field. Hag’s Head Press. Ní luaitear áit foilsithe.

229


Chu, E. (2014) ‘Racial Identity Politics: Asexuality and Contemporary Articulations of Identity’. In: Ceranowski, K.J. & Milks, M. (eag.) Asexualities: Feminist

and

Queer

Perspectives.

London:

Routledge. Cixous, H. (1981) ‘The Laugh of the Medusa’. In: de Courtivron, I. & Marks, E. (eag.), New French Feminisms: An Anthology. New York: Schocken Books. Connolly, S. (1991) ‘Family, Love and Marriage: Some Evidence from the Early Eighteenth Century’. In: MacCurtain, M. & O’Dowd, M. (eag.) Women in Early Modern Ireland. Edinburgh: Edinburgh University Press. Cronin, A. (1989) No Laughing Matter: The Life and Times of Flann O’Brien. London: Grafton Books.

230


Davitt, M. (1981) Gleann ar Ghleann. Baile Átha Cliath: Sáirséal Ó Marcaigh. ——(1983) Bligeard Sráide. Baile Átha Cliath: Coiscéim. Deane, S. (2007) ‘Edward Said (1935-2003): A Late Style of Humanism’. In: Deane. S. & Mac Suibhne, B. (eag.) Field Day Review 1. Baile Átha Cliath: Field Day. de Brún, F. (2002) Seosamh Mac Grianna: An Mhéin Rúin. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar. de Paor, L. (2012) ‘“Is saibhre frithchultúr na díreach cultúr”: Seán Ó Ríordáin agus cros-shíolrú an chultúir in Éirinn’. In: Mac Amhlaigh, L. & Mac Giolla Léith, C. (eag.) Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

231


Eagleton,

T.

(1983)

Literary

Theory:

An

Introduction. Oxford: Blackwell. Eliot, T. S. (1932) ‘Tradition and the Individual Talent’. In: T.S. Eliot Selected Essays 1917-1932. London: Faber & Faber. Elgin, C. & Goodman, N. (1986) ‘Interpreation and Identity: Can the Work Survive the World?’, Critical Enquiry 12, pp. 567-74. Flore, J. (2014) ‘Mismeasures of Asexual Desires’. In: Ceranowski, K.J. & Milks, M. (eag.) Asexualities: Feminist

and

Queer

Perspectives.

London:

Routledge. Foucault, M. (1969) ‘What is an author?’ In: Leitch, V. et al. (eag.), The Norton Anthology of Theory and Criticism, 2nd edition. New York, W.W. Norton & Co.

232


Frye, N. (1957) Anatomy of Criticism. New York: Cornell University Press. Graham, C. (1994) ‘“Liminal Spaces”: Post-Colonial Theories and Irish Culture’, The Irish Review 16, pp. 19-43. Grossman, A. (2014) ‘“Why Didn’t You Tell Me That I Love You?”: Asexuality, Polymorphous Perversity, and the Liberation of the Cinematic Clown’. In: Ceranowski, K.J. & Milks, M. (eag.) Asexualities: Feminist and Queer Perspectives. London: Routledge. Hanson, E. (2014) ‘Toward an Asexual Narrative Structure’. In: Ceranowski, K.J. & Milks, M. (eag.) Asexualities: Feminist and Queer Perspectives. London: Routledge. Harker, J. (1988) ‘Literary Communication: The

233


Author, the Reader, the Text’, Journal of Aesthetic Education, 22 (2), pp. 5-14. Iser,

W.

(1972)

‘The

Reading

Process:

A

Phenomenological Approach’, New Literary History, 3 (2), pp. 279-299. Jagose, A. (2012) Orgasmology. Durham, North Carolina: Duke University Press. Kiberd, D. (2000) Irish Classics. London: Granta. Kipnis, L. (2000) ‘Adultery’. In: Berlant, L. (eag.) Intimacy. Chicago: The University of Chicago Press. Mac Cóil, L. (1998) ‘An Chritic Shíocanailíseach’. In: Ní Annracháin, M. & Nic Dhiarama, B. (eag.) Téacs agus Comhthéacs: Gnéithe de Chritic na Gaeilge. Corcaigh: Cló Ollscoile Chorcaí.

234


Mac Congáil, N. (1983) Scríbhneoirí Thír Chonaill. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. Mac Craith, M. (1987) ‘“Ag Cur Rudaí as a Riocht ar Mhaithe le hÉifeacht”: Saothar Sheámais Mhic Annaidh’, Comhar, Nollaig, pp. 44-51. Mac Giolla Léith, C. (1986) ‘Contemporary Poetry in Irish: Divided Loyalties and the Chimera of Continuity’, The Irish Review 6, pp. 46-54. Mhac an tSaoi, M. (1955) ‘Scríbhneoireacht sa Ghaeilge Inniu’, Studies 44, pp. 86-91. Mulvey, L. (1975) ‘Visual Pleasure and Narrative Cinema’, Screen, 16 (3), pp. 6-18. Ní Annracháin, M. (1982) ‘Banfhilí Nua-Aimsire.’ In: Ó Fiannachta, P. (eag.) Léachtaí Cholm Cille XII. Maigh Nuad: An Sagart.

235


——(1984) ‘Dearbhú Beatha: Alt Léirmheasa ar Shaothar Thriúr Banfhilí’, Comhar, Lúnasa, pp. 5558. ——(2009) ‘Cúirt an mheán oíche: saoirse agus fíorthacht’, Eighteenth-Century Ireland/ Iris an dá chultúr 24, pp. 100-114. Nic Dhiarmada, B. (1998) ‘An Chritic Fheimineach’. In: Ní Annracháin, M. & Nic Dhiarama, B. (eag.) Téacs agus Comhthéacs: Gnéithe de Chritic na Gaeilge. Corcaigh: Cló Ollscoile Chorcaí. Nic Eoin, M. (1988) Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar. ——(2005) Trén bhFearann Breac: An Díláthriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life.

236


——(1998) ‘An tÚdar, an Téacs agus an Criticeoir’. In: Ní Annracháin, M. & Nic Dhiarama, B. (eag.) Téacs agus Comhthéacs: Gnéithe de Chritic na Gaeilge. Corcaigh: Cló Ollscoile Chorcaí. ——(2003) ‘The Native Gaze: Literary Perceptions of Tourists in the West Kerry Gaeltacht’. In: Cronin, M. & O’Connor, B. (eag.) Irish Tourism: Image, Culture and Identity. Clevedon: Channel View Publications. ——(2014) ‘Fireann agus Oileánach: Féiníomhá an Ealaíontóra i Scríbhinní Dírbheathaisnéiseacha Mháirtín Uí Dhireáin’. In: Mac Giolla Leith, C. & Ní Úrdail, M. (eag.) Mo Ghnósa Leas an Dáin: Aistí in Ómós do Mháirtín Ó Direáin. An Daingean: An Sagart. Ní Úrdail, M. (2008) ‘Brian Merriman: Guth Aonair?’, Éigse 36, pp. 169-194.

237


O’Brien, F. (1968) Filíocht Ghaeilge na Linne Seo: Staidéar

Criticiúil.

Baile

Átha

Cliath:

An

Clóchomhar. Ó Cadhain, M. (1969) Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar. O’Connor, F. (1945) The Midnight Court. London: Maurice Fridberg. Ó Direáin, M. (1961) Feamainn Bhealtaine. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta. ——(1961) ‘An Nuafhilíocht’, Comhar, Feabhra, pp. 20-26. Ó Muirthile, L. (1990) ‘1968’, Innti 13, pp. 61-67. ——(2013) An Fuíoll Fea – Rogha Dánta. Wood Cuttings – New and Selected Poems. Baile Átha Cliath: Cois Life.

238


Ó Murchú, L.P. (1982) Cúirt an Mheon-Oíche le Brian Merríman. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta. Ó Nualláin, C. (1973) Óige an Dearthár .i. Myles na gCopaleen.

Baile

Átha

Cliath:

Foilseacháin

Náisiúnta Teoranta. Ó Searcaigh, C. (2000) An Tnúth leis an tSolas. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. O’Toole, F. (1998) The Life of the Land: Irish Identities. Dublin: New Island Books. Ó Tuairisc, E. (1974) ‘Mo Chéad Chuairt Ar An Ghaeltacht’, Inniu, 25 Samhain 1974. —— ‘My First Visit to the Gaeltacht’. Aistrithe ag Seán Mac Aindréasa. Irish Pages: A Journal of

239


Contemporary Writing/ Duillí Éireann, Autumn/ Winter 2002/2003, pp. 195-97. Ó Tuama, S. (1969) ‘Leabhar Conspóideach’, Comhar, Bealtaine, pp. 19-24. Owen, I. (2014) ‘On the Racialization of Asexuality’. In: Ceranowski, K.J. & Milks, M. (eag.) Asexualities: Feminist

and

Queer

Perspectives.

London:

Routledge. Riggs, P. (1984) ‘Ón bhFoirmiúlachas go dtí an Struchtúrachas’. In Comhar, Nollaig, pp. 25-27. Said, E. (1978) Orientalism. New York: Pantheon Books. ——(1983) The World, The Text, and The Critic. Cambridge

MA.:

Harvard

240

University

Press.


San Juan Jr., E. (1998) Beyond Postcolonial Theory. London: Macmillan. Scholes, R. (1985) Textual Power: Literary Theory and the Teaching of English. Yale: Yale University Press. Showalter, E. (1979) ‘Towards a Feminist Poetics’. In Jacobus, M. (eag.) Women Writing and Writing about Women. London : Croom Helm. Sinwell, S. (2014) ‘Aliens and Asexuality: Media Representation, Queerness, and Asexual Visibility’. In: Ceranowski, K.J. & Milks, M. (eag.) Asexualities: Feminist

and

Queer

Perspectives.

London:

Routledge. Titley, A. (2008) ‘An Teanga Eile Leath-Leis’ In: Ní Loinsigh, M. (eag.) Tar Éis a Bháis: Aistí ar Sheán Ó Ríordáin. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

241


Walker, C. (1990) ‘Feminist Literary Criticism and the Author’, Critical Inquiry, 16 (3), pp. 551-571.

242


243


Iris scríbhneoireacht chomhaimseartha Ghaeilge is ea nua-aois. Is é an príomhchuspóir atá ag an iris an chuid is fearr den saothar cruthaitheach agus criticiúil atá á sholáthar ag mic léinn an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a chur i láthair an phobail. Cuirtear saothar taighde le baill d'fhoireann teagaisc na Nua-Ghaeilge i gcló freisin ar nua-aois ar mhaithe le hardchaighdeán acadúil a shroicheadh. Iarrtar ar scoláirí reatha, iar-scoláirí agus baill foirne de chuid an Choláiste Ollscoile ar mhaith leo ábhar a fhoilsiú san iris dul dteagmháil leis na heagarthóirí: nuaaois@gmail.com

nua-aois 2014-2015

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.