Nua Aois 2010-2012

Page 1


Eagarfhocail A chairde, Mar eagarthóir na hirise seo ba mhaith liom fáilte mhór a chur romhaibh Nua-Aois 2011-2012 a léamh. Ba faoi choimirce an MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge a cuireadh an t-eagrán seo den iris le chéile. Rinne mé staidéir ar an modúl ‘Ceird na Scríbhneoireachta’ mar chuid den MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge 2011-2012. Chuir scríbhneoirí Gaeilge mór le rá ceardlanna ar fáil don rang gach seachtain. Labhair siad linn faoi shaothair chruthaitheacha a scríobh agus thug siad moltaí dúinn maidir lenár gcuid oibre féin. Modúl fíorshuimiúil a bhí ann agus ag deireadh na bliana bhí bailiúchán iontach de shaothair chruthaitheacha ar fáil. Is as an modúl sin go príomha a tháinig an t-eagrán seo de Nua-Aois chugainn. Rinneadh an cinneadh go ndíreodh Nua-Aois 2010-2012 ar shaothar cruthaitheach den chuid is mó, cé go bhfuil aistí acadúla agus ailt tuairimíochta iontacha le feiceáil inti chomh maith. Tá saothar le feiceáil anseo ó mhic léinn iarchéime agus fochéime a rinne staidéar ar an nGaeilge, chomh maith le saothar Gaeilge ó mhic léinn eile ar fud na hollscoile. Feicfear gur tháinig scríbhneoirí éagsúla ó na coláistí dlí, leighis, innealtóireachta agus síceolaíochta i gCOBÁC, rud a thaispeánann go bhfuil an Ghaeilge beo ar fud na hollscoile. Bhí cabhair agus cúnamh den chéad scoth ar fáil dom agus mé i mbun na hirise seo a chur in eagar. I dtús báire, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Bord na Gaeilge COBÁC, agus le Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta COBÁC. Chabhraigh siad go mór leis an iris a chur le chéile, agus murach a gcuid tacaíochta, ní bheadh an iris seo i gcló faoi láthair. Táim an-bhuíoch den Ollamh Liam Mac Mathúna, Ceann na Scoile, agus de Chaitríona Ní Chleirchín, co-ordaitheoir an mhodúil ‘Ceird na Scríbhneoireachta’. Chuidigh an bheirt acu go mór liom agus stiúir siad mé sa treo ceart agus mé ag tosú ról an eagarthóra Nua-Aois. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le coiste Nua-Aois 2010-2012, ach go háirithe na léitheoirí profaí; Cormac Breathnach, Oisín Mac Cinnéide agus Ciarán Ó Braonáin, a d’fheidhmigh mar Oifigeach Caidrimh Phoiblí freisin. Is Cathaoirleach Choiste Nua-Aois í Aoife Uí Fhaoláin, a bhí mar cheann de na heagarthóirí Nua-Aois 2007-2009 agus a d’fheidhmigh mar eagarthóir comhairleach den eagrán seo. Thug sí an-tacaíocht dom agus bhí sí ar fáil i gcónaí le comhairle agus moltaí a thabhairt dom. Thar aon ní eile, gabhaimse buíochas le scríbhneoirí an eagráin seo de Nua-Aois. Tá siad le moladh go mór as ucht ardcaighdeán na Gaeilge agus na scríbhneoireachta araon atá le feiceáil ina gcuid saothair. Tá súil agam go mbainfidh gach duine agaibh taitneamh as an saothar seo a léamh. Is mise le meas, Emma Ní Nualláin 3


Clár na hIrise Gearrscéalta Tuiscint - Saffron Rosenstock . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Trí Ní a Tharla go Deireanach - Eoghan Ó Murchadha . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Ní mar a Shíltear… - Cathal Mac Dhaibhéid . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . An Plean ab Fhearr - Cormac Breathnach . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . An t-Oileán - Lisa Nic an Bhreithimh . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .

6 10 13 15 16

Aistí Acadúla ‘An Dírbheathaisnéis sa Ghaeilge’ - Ciarán Ó Braonáin . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . ‘Spléachadh ar an bhFóram Litríochta in Comhar’ - Gearóid Mac Suibhne . . . . . . . . . . . . ‘Macallaí an Traidisiúin ar Dhán Comhaimseartha’ - Shane Ó Ruairc . . . . . . . . . . . . . . . . ‘Íomhá na Féiniúlachta Éireannaí mar a léirítear í i Mise Éire’ - Claudia Sabato . . . . . . . .

17 22 31 35

Dánta Sráid Fhearchair - Dáire Ó Braonáin . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Col Ceathrar Óg Álainn - Lisa Nic an Bhreithimh . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Uaigneas na Farraige - Seamas Ó Meachair . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Cothú - Aoife Uí Fhaoláin . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Dúlra - Oisín Mac Cinnéide . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . An Deirfiúr is Óige - Emma Ní Nualláin . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .

42 43 44 45 46 47

Ailt Tuairimíochta ‘Géarchéim Féiniúlachta na Mná Nua-Aimseartha’ - Méabh Ní Choileán . . . . . . . . . . . . . ‘Bréagchúirt Uí Dhálaigh 2011’ - Anna Ní Uiginn . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . ‘Léirmheas ar Duilleoga Draíochta’ - Sláine Ní Chathalláin . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . ‘Pearsantachtaí’ - Eoin Ó Cróinín . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .

48 50 52 55

Gearrscéalta II Sneachta Dearg - Séamas Ó Meachair . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . An tSeanbhean - Ross Ó Briain . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Mascara - Méabh Ní Thuathaláin . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . Réaltaí Áille Lasracha - Lisa Nic an Bhreithimh . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .

58 61 66 72

Nótaí Beathaisnéise

5


Tuiscint le Saffron Rosenstock ‘Bhuel, beidh scéal aige dá chairde, ar a laghad,’ a cheap an Sáirsint Joe Ó Broin agus é ag fanacht sa charr ar a phrintíseach nua. ‘Pé rud atá i ndán don leaidín seo inniu, nach fearr dó é sin ná a bheith istigh ansin sáite sa pháipéarachas,’ a dúirt sé leis féin. ‘Is dócha go bhfuil sé ag caitheamh amach istigh ansin.’ Bhíodar i ndiaidh an pictiúr den chorpán a fheiceáil ar maidin agus thuig Joe go raibh, agus go mbeadh, eachtraí an lae inniu deacair ar an stócach nua seo. Thaitin an leaid óg go mór leis an sean-Gharda agus thaitin ón tús. Thuig sé laistigh de chúpla soicind cén sórt ab ea Tomás; soineanta ach cróga ag an am céanna, agus a chroí san áit cheart. Bhí an sórt sin feicthe ag an sean-Gharda go minic cheana; má bhí bua ar leith ag an Sáirsint Joe ba é an bua sin ná gur thuig sé conas daoine a léamh. Bhí Joe bródúil as an mbua sin aige agus ba chuma leis go mbeadh na leaideanna sa bheár ag magadh faoi, de bharr go luafadh sé chomh minic sin é. Tá Joe Ó Broin in ann daoine a léamh! Is dócha gurb é sin an chúis ba mhó go ndearnadar sáirsint díom i mbliana, a déarfadh sé go rialta. Scaoil an sean-Gharda bíp nó gur rith an Garda óg amach as an stáisiún agus léim isteach sa charr. Ar aghaidh leo ansin suas an cnoc i dtreo an tí mhóir. Bhí fios a slí ag an mbeirt óir bhí cáil chomh mór ar theach an bhaincéara anois is a bhí ar an mbaincéir féin. Sna seachtainí imithe thart, b’annamh nach bhfeicfí duine nó beirt de na paparazzi taobh amuigh de na geataí leictreacha sin. Bhí saol an bhaincéara loite ó bhris an scéal faoin gceangal idir a bhanc san agus an cúlú eacnamaíochta ina rabhamar go léir sáite. ‘Is iomaí namhaid a bhí ag an bhfear bocht ag an deireadh,’ arsa Tomás, an ciúnas á bhriseadh aige. Lig an sean-Gharda osna ard a luaithe is a bhí na focail sin ráite ag Tomás. ‘Bhí mé ag fanacht go dtosófá ar an sórt sin cainte,’ ar seisean leis. ‘Is dócha go gcreideann tú gur dúnmharaíodh é? Hath? CSI Deilginise atá uait, nach ea? OK mar sin, a bhuachaill. Cé a rinne é? An Taoiseach ab ea? Bhí ceannfháth aige, nach raibh? Nó b’fhéidir gur ordaigh Angela Merkel don Uachtarán é a mharú? Nach iad na Gearmánaigh atá ag díol as ár gcuid fadhbanna airgeadais agus atá ar buile lenár gcuid baincéirí ? Hath?! Níl cúis ar bith nach gceapfadh muid gur chuir sé lámh ina bhás féin, agus cén fáth nach gcuirfeadh? Nach bastard ceart a bhí ann i ndeireadh na dála? B’fhéidir gur thuig sé féin ar deireadh go mbeadh gach éinne níos fearr as…’ Dhearg Tomás le náire agus bhreathnaigh amach an fhuinneog cúpla soicind nó gur tháinig na focail chuí chuige. ‘Tá duine marbh,’ ar seisean os íseal, ‘agus tá bean óg fágtha ina baintreach; mar sin, in ainneoin rud ar bith a rinne sé ina shaol, is tragóid atá tite amach inniu agus ní dóigh liom gur cúis mhagaidh í a bhás, cuma pé cúis a bhí leis nó pé slí ar tharla sé.’ Gháir Joe os ard mar fhreagra ar racht an fhir óg. ‘Éist liomsa anois,’ ar sé. ‘Níl tusa sa phost seo ach le leathshoicind ach táimse tar éis daichead bliain a chaitheamh i mo Gharda. Tá gach aon rud feicthe agamsa faoin am seo agus is treise an dúchas sin ná oiliúint ar bith. Tá an deis 6


agatsa anois foghlaim uaimse. Tapaigh an deis sin, agus mura bhfoghlaimeoidh tú rud ar bith eile uaim tá súil agam go dtuigfidh tú an méid seo: ná ceistigh mé, a bhuachaill! Bí ag éisteacht is ag foghlaim agus réiteoimid go breá lena chéile.’ Thiomáin siad ar aghaidh gan gíocs astu go dtí gur shroich siad barr an chnoic agus an teach mór os a gcomhair. Bhí bean an tí ag an doras ag fanacht orthu. Ba thruamhéalach an radharc í i ndáiríre. Bean óg dhathúil mar í, fágtha anois mar bhaintreach. Bheadh sí uaigneach sa teach sin ina haonar, b’in an rud is mó a rith leis an sean-Gharda fúithi; go raibh an cailín seo os a gcomhair leochaileach agus uaigneach. Bhí sé le feiceáil sna súile aici. Bhí súile áille na mná óige ag stánadh isteach i súile an tsean-Gharda. Níor bhreathnaigh sí i dtreo an leaid óig in aon chor ná eisean ina treo-san. Mhothaigh Joe ciontach faoi bheith chomh crosta leis an nGarda óg anois nuair a thug sé faoi deara nár fhéad Tomás fiú breathnú ar an mbean seo, gur choimeád sé a shúile ar an talamh. Ba léir go raibh péire an-ghoilliúnach aige anseo agus go mba cheart dó a bheith níos tuisceanaí i leith an aosa óig. Shiúil an triúr isteach trí halla galánta chomh fada leis an gcistin, agus gach aon ní á thabhairt faoi deara ag an seanleaid, é ag déanamh iontais den troscán daor agus den bhailiúchán ealaíne a bhí crochta ar na ballaí. An bailiúchán céanna a luadh sna páipéir seachtain ó shin. Sea, díreach seachtain amháin sular chuir an baincéir lámh ina bhás féin, bhí iriseoirí na tíre ag cuardach scéalta faoi. Ba shiombail é an boc marbh seo den tsaint agus bhí sé áisiúil an ceap milleáin a chur air faoin staid ina rabhamar. Thug Joe faoi deara nach raibh Tomás ag breathnú thart timpeall air ach gur choimeád sé na súile ar an ruga Peirseach faoina chosa. ‘Díreach mar a cheap mé,’ arsa Joe leis féin, ‘beidh orm ceannaireacht a léiriú anseo agus tábhacht féinmhuinín an Gharda a mhíniú dó am éigin eile.’ Thairg an bhaintreach tae don bheirt agus shuíodar chun boird nuair a tháinig an cailín aimsire leis an tráidire. ‘An í sin an cailín a tháinig air?’ a d’fhiafraigh Joe den bhaintreach de chogar. ‘Is í, tháinig sí air san fholcadh.’ Ní den chéad uair a cheap Joe go mbeadh na cásanna seo i bhfad ní ba néata dá mba rud é go nglacfadh na híobartaigh drugaí leis an jab a dhéanamh. Cén fáth nach smaoiníonn siad ar an té a thiocfadh orthu? ‘Leictreamharú san fholcadh,’ ar sé leis féin agus chroith sé a cheann; ‘nach déistineach!’ ‘Suigh anseo,’ ar sé leis an gcailín aimsire, ‘agus inis dúinn go díreach cad a chonaic tú ar maidin.’ Mhínigh sí do na Gardaí go raibh sí ag folúsghlanadh sa phríomhsheomra leapa nuair a thug sí faoi deara go raibh cábla sínidh ag dul isteach sa phríomhsheomra folctha. D’oscail sí doras an tseomra agus chonaic sí láithreach cad a tharla. Ba léir di ar an bpointe go raibh sé marbh agus gur féinmharú a bhí i gceist mar go bhfaca sí an triomadóir gruaige san uisce chomh maith. Rith sí as an seomra agus síos an staighre le glaoch ar na Gardaí ón gcistin. Dúirt sí

7


nach raibh sé de mhisneach aici glaoch ar bhean an tí a bhí amuigh ag siopadóireacht ó thús na maidine. Bhreathnaigh an bhaintreach óg ar an gcailín aimsire go cineálta le léiriú gur thuig sí an eagla a bhí uirthi. ‘Bean chineálta a bhí inti gan dabht’, arsa Joe leis féin, ‘séimh agus tuisceanach!’ Bheir bean an tí greim ar lámh an chailín. Bhí na deora le feiceáil sa dá phéire súl agus ní fhéadfadh an sean-Gharda gan a bheith corraithe. ‘Right,’ ar sé leo. ‘Is léir go bhfuil seo deacair oraibh agus níor mhaith linn bhur gcuid ama a chur amú. Tá sochraid le heagrú agaibh agus beidh cuairteoirí chugaibh inniu gan dabht. Ba mhaith liom féin agus le mo chomhghleacaí Tomás anseo comhbhrón a dhéanamh leatsa, a bhean uasal, agus a rá libh go bhfuilimid ar fáil más féidir linn aon chabhair a thabhairt daoibh ag an am deacair seo.’ Leis sin sheas an bheirt Gharda le himeacht. Bhraith Joe mórtasach go bhfaca an leaid óg an tslí ar dhéileáil sé leis na mná. Ní bheadh an carasma sin ag Tomás go deo. Ní rud é sin is féidir a fhoghlaim agus ba chinnte nach raibh sé ag an leaid óg ón nádúr. Ar shiúl amach i dtreo an dorais arís dóibh, chonaic Joe tríd an scáthán gur chaoch Tomás súil leis an mbaintreach óg. ‘Ó, in ainm Dé,’ a cheap sé, ‘tá an-chuid le foghlaim ag an stócach seo.’ Thuig sé, áfach, go raibh Tomás ró-neirbhíseach chun é féin a iompar ar an mbealach cuí agus shocraigh sé gan a rá leis go fóill go raibh caochadh súile iomlán mí-oiriúnach sa chás seo. Sea, ní fhéadfadh éinne a shéanadh go raibh tuiscint ag an sean-Gharda ar dhaoine. Thuig sé go mbeadh Tomás ina Gharda maith lá éigin, mar go raibh croí mór maith aige, cibé faoi mhéid na mbotún a dhéanfadh sé ag an tús. Thuig sé nach bhfaca an baincéir aon bhealach eile chun réiteach lena chruachás agus nach raibh fágtha mar rogha aige ach an bás agus thuig sé chomh maith go raibh an baincéir ag smaoineamh ar a bhean óg nuair a chinn sé lámh a chur ina bhás féin. Tá na fiacha anois marbh leis. Beag an faoiseamh don bhean óg é sin, ar ndóigh, ach cá bhfios? B’fhéidir go gcasfadh sí ar fhear eile, fear óg ar comhaois léi b’fhéidir. Is cinnte nach mbeadh deacracht aici agus í chomh dathúil sin. Bheartaigh Joe críoch a chur leis an bpáipéarachas a bhain leis an gcás seo amárach agus ansin dul le haghaidh pionta le Tomás. Thaitneodh sé leis an leaid óg a bheith ina chuideachta ar bhonn sóisialta mar sin. Thiomáineadar ar ais go stáisiún na nGardaí agus sular éalaigh Tomás ón gcarr dúirt Joe leis go rachaidís amach le chéile an lá dár gcionn. Bhí Tomás cúthaileach agus stadach ina fhreagra, díreach mar a shamhlaigh Joe go mbeadh. Ní raibh sé de mhuinín aige méid a bhuíochais a léiriú dá mháistir, is dócha. ‘Sea, rachaimid le haghaidh cúpla pionta le chéile, mar sin, amárach ar a sé. Ar aghaidh leat anois agus bíodh do bhriseadh lóin agat,’ ar sé mar fhocal scoir agus é ag siúl isteach sa stáisiún. Shiúil Tomás leis suas príomhbhóthar Dheilginise agus isteach i gcarrchlós an tséipéil. Nuair a bhí sé cinnte nach raibh éinne thart thóg sé amach an fón agus ghlaoigh ar a chailín. ‘Ní féidir liom casadh leat oíche amárach. Táim ag dul chun pionta a ól leis an amadán sin.’ 8


‘Há há, bain taitneamh as,’ a d’fhreagair an bhaintreach óg de gháire. ‘Ná bí buartha, a stór! Is gá dúinn a bheith foighneach. Tá an baol ann go bhfeicfeadh daoine tú agus go mbeidís ag caint.’ ‘Ní fhaca éinne mé dom’ ligean féin isteach i do theachsa ar maidin, an bhfaca? Ní fhaca éinne mé ag fanacht sa chistin go dtí gur chuala mé an t-uisce ag rith. Creideann gach duine gur chuir sé lámh ina bhás féin. Tá finnéithe agatsa a deir go raibh tú sa chathair. Táimid slán, geallaim duit go bhfuil.’ ‘Bhuel feicfimid a chéile nuair atá an tsochraid thart. Súil agam go mbeidh craic agat leis an Sáirsint!’ ‘Á, beidh craic agam ar mo bhealach féin. Ceapann sé gur amadán soineanta mé agus déanfaidh mé cinnte de nach n-athraíonn sé a aigne. Níl sé deacair an dallamullóg a chur ar an sórt sin. Tá a aigne déanta suas aige fúmsa agus ní maith le fear mar é a aigne a athrú – glac uaimse é. Tuigimse daoine,’ arsa Tomás. B’fhíor dó. Thuig.

9


Trí Ní a Tharla go Deireanach le hEoghan Ó Murchadha Trí ní a tharla go deireanach i saol na Siúrach Regina a chuir trína chéile ar fad í. An chéad rud a bhí ann ná gur leag is gur mharaigh sí cat ina Nissan Micra beag gorm-éadrom. An rud eile, bhain sé le húll, agus bhuel, an tríú rud, le bheith cruinn ceart níl sé tarlaithe go fóill beag pé ar bith, ach tarlóidh. Is leor sin fúthu sin anois. Chonaic sí an cat riabhach i mburla ag rothlú leis beagán i gcúlscatháin an chairr. Bhí fuil ar a smuitín beag, fuil ag prislíneacht lena bhéilín ina mealla beaga ar an bhfionnadh bán ar a smigín. Ghearr sí fíor na croise uirthi féin nuair a d’fhill sí air, an carr go sceabhach aici ar an gcosán síos an bóthar, an doras ag crochadh ar oscailt is í a habláil a bealaigh ar ais chuige. Bhí saol an phiscín donn-is-bán imithe cheap sí, sea, bhí, na súile fuara folmha, cineál grainc ar a éadainín iarghleoite. Bhí sí ag dul le bualadh le hAlice, iníon le deirfiúr s’aici Sarah, in ionad súgartha cois na canálach a bhí lonnaithe ar imeall na príomhchathrach. Bhí sí ag teacht isteach ar Bhóthar Parnell nuair a bheartaigh sí dul isteach sa Centra ar an gcúinne. Ní hé go raibh ocras uirthi go baileach ach cheap sí go mb’fhéidir go gceannódh sí rud éigin deas dá neacht. Isteach léi trí na pasáistí biachlúdaithe, ní fheadar céard. Terry’s Chocolate Orange ar deireadh, bheadh sin deas, sea bheadh, is breá leis na cailíní seacláid. Bhí sí ag dul faoi dhéin an chuntair nuair a chonaic sí na húlla deasa glasa, iad réitithe ina bpirimid dheas shocair. D’aithin sí iad cé go raibh an siopa deartha le fonn chun seacláide nó criospaí a chur ar dhuine, toisc na mbarraí is na bprátaí plaisteachchlúdaithe bheith stoc charntha timpeall an chuntair ar bhealach na ndaoine amach. Ní smaoineodh sí ar úll de ghnáth, ní le fada anois ó bhí a cuid fiacla imithe, is fán fada ar an bPoliGrip úd, €10 ar bhosca beag de, nó ar phuint a bhí ann? Bhí sé chomh fada sin ó shin anois. Puint a bhí ann cheap sí, agus chomh fada siar sin ó rinne sí iarracht rud éigin chomh crua le húll a ithe . Ach d’aithin sí iad agus bhí sí chun ceann a ithe, is chun an phirimid a pholladh. Siod thall í is baineann sí úll an bhairr, úll i mbarr an ghéagáin. Bhí sí ag dúil go mbeadh níos mó de neart sna fiacla nua seo pé scéal. Ceannaíonn sí é, ag mothú cineál dána san am céanna, seans nach mbeidh sí in ann é a ithe fiú. Amach léi, feiceann amach roimpi is caochann na súile, tá sé an-gheal amuigh. Baineann sí a húll as a mála agus í ag siúl cois na canálach is tosaíonn ar é a ithe. Tá sé crua ach ní chomh crua is a shamhlaigh sí. Tá blas deas milis uaidh, rud beag searbh in áiteanna, Granny Smith. Ní fheadar conas mar a bheadh sin, bheith mar Ghranny. Úóggh. Caitheann sí a bhfuil ina béal amach. Tá croí an úill lofa. Tá sé dubh is donn istigh. Ar 75 cent, úll lofa. Tiontaíonn seo a bolg. Tá boladh bréan uaidh is blas uafásach ina béal is fiú nuair a chaitheann sí amach é le seile ní imíonn an fonn múisce uirthi. Tá an lá millte 10


uirthi ar fáth éigin. Caitheann sí seile i ndiaidh seile as a béal amach ach ní féidir léi an blas a ruaigeadh. Siúlann sí an chuid eile den bhealach síos feadh na canálach chuig an ionad súgartha go maolchluasach. Bhuail an t-úll bob uirthi dá hainneoin, fiú nuair a bhí sí mionnaithe ar é a ithe bhí cor éigin le teacht sa scéal le cur as di. Ar fáth aisteach éigin chuir seo as go mór di, is lean sé ag cur as di nuair a bhuail sí le Sarah is nuair a rinne sí iarracht an bosca ciúbach seacláide a thabhairt d’Alice chosc Sarah í. ‘Ní bheadh sí sláintiúil, nílimid ag iarraidh diaibéiteas a thabhairt di!’ Is cé gur thuig sí seo is gur ghéill sí do Sarah, bhraith sí cineál náirithe aige sin, ar nós go raibh Sarah ag rá gur dhrochdhuine a bhí inti. Ní raibh uaithi ach ruidín deas a fháil di. Chuir seo as di arís agus mhéadaigh ar an gcur as a chúisigh an t-úll, úll olc an chroí lofa, lofa go croí ann. Is cuma chomh blasta ceart cruinn air is é lofa go croí mar a bhí. Shuigh sí ar an mbinse agus d’éist le scéalta Sarah, mar a bhí ag éirí leis na gasúir, an t-ardú céime a bhí faighte ag a fear Paul agus nuacht ó ghaolta eile leo. Rith iníon Sarah léi ag dreapadh go hamscaí ar bharraí na moncaithe mar a bheadh moncaí ann, is gach ré seal do ligfeadh sí liú ar a máthair. ‘Féach a mhamaí, féach, nach bhfuil seo iontach, nach bhfuil? Féach a mhaim, féach!’ Is d’fhéachfadh Sarah i gcónaí, is déarfadh, ‘Sin iontach a Alice, nach tú atá breá láidir, nach tú atá aclaí, beidh ort sin a thaispeáint do Dhaidí agus do Dhiarmaid.’ Lean an fhearg, nó an … n’fheadar, an cur as, mothúchán aisteach seo a spreag an t-úll, focail mhaslacha iníon a deirféar agus spraoi an pháistín fhinn, í ar a bealach abhaile. Mar a bheadh arrachtach ina diaidh, ag dul i bhfolach taobh thiar de chrainnte, is ag dul ó chrann go crann, a leanúint mar scáil bróin nó gruamacht nó dúlagar nó rud éigin. Chas sí siar le radharc a fháil air ach chuaigh di é a aimsiú, cé gur thuig sí nach raibh aon rud ann. Tar éis roinnt laethanta bhí an mothúchán aisteach seo ag cur as di fós, rud nár mhothaigh sí le blianta fada fada roimhe sin, ón uair gur tharla an scannal úd, an uair nuair ba dhóbair go gcuirfí ó na siúracha í. Ach bhí chuile shórt athraithe ó shin, gach aon rud beo, bhí sin déanta, dúnta, críochnaithe anois is ní raibh aon mhaith smaoineamh air. Obair an diabhail a bhí ar bun an uair sin. Níor cheap sí go meallfaí chomh héasca í ach ar deireadh bhí Dia maith di is chuir sé ar bhóthar a leasa í. Chuimhnigh sí ar a soineantacht an tráth úd, agus chuimhnigh sí arís nach raibh mórán athraithe. Bhí sin fós léi, soineantacht agus éiginnteacht. Paidir mhaith, ní hea, seisiún paidreacha a bhainfeadh seo, impeód ar Dhia seo a bhaint, dúirt sí. Díomá tar éis cúpla lá eile den bhuairt éirí ina ualach mór dóláis aici. Ó go bhfuil mé pósta le hÍosa tiocfaidh sé orm in am an ghátair. Is chrom sí leis an bpaidrín. Tháinig roinnt sóláis di tar éis sin is lean sí uirthi den ghnáthshaol, imeacht síos ó Shiúracha na Trócaire chun Aifrinn in Eaglais Phóil, cabhrú le tigh na mbocht ar Shráid na gCapall, bualadh isteach ar an gcomhphobal Simon ar Sráid Sheáin Mhic Dhiarmada is thug paidir anseo is ansiúd. Guí san eaglais, is guí ag siúl chuig Lidl agus Tesco. Lidl mar a bhfaigheadh sí na fataí, agus glasraí agus bunábhar, suas go Tesco nuair a theastaigh rud éigin níos deise uaithi, nó nuair a bhíodh cuairteoir éigin aici. 11


Thaitin cuairteoirí go mór léi. Anois ach go háirithe ó go raibh sé ag druidim leis an ngeimhreadh. Thagadh deirfiúracha agus deartháireacha chuici minic go leor, cuid acu anmhinic, an dream a bhí tar éis cur fúthu i mBaile Átha Cliath, agus an dream eile a bhí scaipthe ar fud na cruinne- beirt i Meiriceá, Paddy i Sasana, is gan ach deoraí amháin fágtha leis an teach is an fheirm siar in Uíbh Fhailí, Oscar. Ní thagadh Oscar go Baile Átha Cliath rómhinic. Na daoine eile, agus iad ag cur fúthu in Uíbh Fhailí, thaitníodh lá mór na siopadóireachta i mBaile Átha Cliath leo, an chathair mhór, ollmhór dóibh, lán le bréagáin is seacláidí , Cheeky Charlies agus Baby Rose Prams. Fiú siar sna laethanta sin ní thaitníodh sin rómhór le hOscar, b’fhearr leis bheith amuigh ag bleán, ag féachaint i ndiaidh na gcaorach, nó a bheith ag deisiú claí, aisteach do stócach óg mar é, ach níor athraigh sé riamh. É tar éis fás ina fhear mór groí. Níor phós sé riamh agus bhí mullach an tsléibhe sroiste aige is é ag tosú ag dul síos na sleasa eile tapa go maith. Feirmeoir críochnaithe Chluain na nGamhan ab ea é nár thaithigh cathracha is nár thaitin cathracha leis. Cluain na nGamhan, mar ar rugadh Eibhlín Ní Ghrógáin sna tríochaidí, An tSiúr Regina ar na saolta seo. Ní raibh Oscar feicthe ag Eibhlín le fada anois, ó 1994 nó 1995. Nuair a bhuaigh siad an chraobh? Tá bus ann i gcónaí is carr breá aige ach ní fheadar a tharla nár chas siad ar a chéile ó shin. Bhí sé féin róghafa le cúrsaí na feirme, feirm fhairsing faoina chúram aige agus bhí an chabhair a d’fhaighfeadh sé ó bhuachaill de chuid na gcomharsan ag teastáil níos minice is níos minice uaidh anois é ó gur thosaigh sé ag aireachtáil rud beag sean, ó gur bualadh ag na daitheacha é. Bhí sí ag tiomáint isteach sa chathair ó na Siúracha ar a seacht oíche Shathairn le bualadh leis. Café beag ar Shráid Uí Chonaill luaite aici leis ach í déanach anois. A hintinn ina cíor thuathal ainneoin cuairteoir a bheith aici. Rinne sí dearmad gur seacht a bhí ráite aici leis ar an bhfón. Ach tiocfaidh mé chugam féin deir sí, tiocfaidh, ná dtiocfaidh? Braitheann sí uaigneach, den chéad uair le fada an lá. Mhothaigh sí buartha cheana ach mothúchán nua di an t-uaigneas, aisteach, uaigneach, aonarach. Ach déarfaidh sí paidir is beidh sí ceart, déarfaidh sí, is beidh gach rud ceart. Tá Dia maith. Ár n-athair atá ar neamh, sábháil muid… ach is eagal léi nach gcloisfear a guí. Bean seasta ag na soilse, iad glas. Sheas amach. Is sa nóiméidín sin, an bhean os a comhair, stadann an carr agus gach aon rud agus féachann Eibhlín isteach sa bhean, feiceann buairt inti, pian, ach gan rian ar bith den eagla, scáthán uirthi féin. Ní raibh an Micra mór go leor le hí a mharú shamhlófá, ná Eibhlín ag dul tapa go leor ach oiread, ach cá bhfios. D’fhág corp na mná an gluaisteáinín ag creath. Crann beag cumhra glas, paidrín is crois bheag timpeall ar bhun an chúlscátháin ag luascadh ó thaobh go taobh mar a bheidís ag bualadh buillí deireanacha an tsaoil. 12


Ní mar a Shíltear… le Cathal Mac Dhaibhéid Maidin fhionnuar, mí Feabhra. Leathbheo, shuigh mé ag bord na cistine le babhla Bran Flakes. D’alp mé spúnóg calóg ar mhuin spúnóige go dtí go raibh siad ar fad ite, agus shlog mé siar cibé bainne siúcrúil a bhí fágtha – bheadh mo mháthair náirithe le mo dhrochbhéasa. Bhí tinneas cinn do mo chrá ó dhúisigh mé, strus déarfainn. D’aimsigh mé cúpla táibléad CoCodamol ar chúl an phriosa agus isteach i ngloine uisce leo. Ar nós dalta scoile i rang ceimice, scrúdaigh mé an t-imoibriú a bhí ag titim amach os mo chomhair - na táibléid ag fizzeáil go foréigneach ar dtús, ach ansin ag tuaslagadh go lách ar deireadh. Chaith mé an leacht modartha siar. Faoiseamh. Chuir mé an citeal ar siúl. Agus cupán caife á ullmhú agam, d’amharc mé taobh amuigh. Chonaic mé spideog ocrach uaigneach ag lorg bricfeasta sa chúlghairdín. Ruaigeadh go tobann í nuair a thuirling slua snag breac callánach chun talaimh in aice léi. Mhothaigh mé go raibh an féar á ghlasú arís le teacht an Earraigh. Bhí foghlamtha agam cheana narb é seo an taobh ceart de Bhéal Feirste le dath glais a chaitheamh. Bhí cosáin fudfad na háite péinteáilte - dearg, bán is gorm, dathanna na hImpireachta. Ar bheanna na dtithe bhí múrmhaisithe bagracha aontachtacha agus graifití gránna na ndílseoirí. Cúpla svaistice anseo is ansiúd chomh maith. Bheartaigh an gníomhaire eastáit gan é sin a lua liom, áfach. Spreag boladh bríomhar an chaife mé agus bhog mé ón gcistin go dtí an seomra suí gan suíochán. Cé go raibh mé ag cur fúm sa teach ar feadh seachtaine, ní raibh deis agam an áit a réitiú mar is ceart go fóill. Bheadh orm troscán úr a cheannach. ‘Inniu,’ a dúirt mé liom féin, ‘b’fhéidir.’ Théigh an caife mé. Pléisiúr neamhbhuan. Agus bolgam caife leathbhealach thíos mo scornach, chuala mé torann millteanach sa teach – thuas staighre, a shíl mé - agus macallaí coiscéimeanna taobh amuigh. Baineadh geit uafásach asam. Ba bheag nár tachtadh mé ag an chaife. Sceimhlithe, ní raibh de chumas agam bogadh, braonacha caife anois ag sileadh ó mo smig. Nuair a tháinig mé chugam féin arís, bhí de mhisneach agam aghaidh a thabhairt ar an staighre. Go faiteach, dhreap mé na céimeanna cúnga. Agus mé in airde, mhothaigh mé séid ghaoithe ag teacht ón seomra leaba, agus chuala mé dallóga Veinéiseacha na fuinneoige ag rince. Sheas mé ag an doras – sceoin-sioctha. Isteach go faiteach sa seomra liom. Bhí poll eangach mantach i lár phána na fuinneoige. Chlúdaigh smidiríní lonracha an t–urlár. Ina measc, leathbhríce rua. Phioc mé suas go cúramach é. Ceangailte go garbh leis an bhríce bhí píosa páipéir. I bpeannaireacht pháistiúil, scríobh lámh an fógra fainice: 13


‘FOREIGNORS OUT’ I gcás mar seo, níorbh fhiú scairt a chur ar na péas, b’shin taithí mo chomhthírigh. Ar ais liom thíos staighre, mo ríomhaire glúine mar chompánach. D’athlíon mé mo chupán le caife friseáilte. D’oscail mé mo chuntas ríomhphoist. Ocht dteachtaireacht nua, ó chlann is ó chairde i gcéin, an chuid is mó acu ag guí athbhliana shona orm – Bliain an Tíogair – nó ag iarraidh fáil amach caidé mar a bhí rudaí i mo thír uchtaithe. Deora i mo shúile agus fearg i mo chroí, d’fhreagair mé na ríomhphoist ar fad. ‘Cúrsaí go breá abhus – cuireadh fearadh na fáilte romham.’ B’fhearr dom bréag a insint ná an fhírinne a scaoileadh. Bheadh sé níos éasca ar mo mháthair. Deisíodh an fhuinneog an lá arna mhárach. Ní raibh deifir ar bith ar na hoibrithe cainteacha caidéiseacha. Bhí cupán caife acu ar fad, agus fágadh gan bhrioscaí mé. I dtrátha a sé a chloig, d’fhág siad slán agam. Jab maith déanta, in ainneoin na cainte ar fad. Rug mé ar mo chuid eochracha – am dom an bhialann a oscailt. Ar mo shlí chuig an doras, chuala mé torann tobann eile, fuaim phléascach an iarraidh seo, agus las splanc thintrí an seomra suí. Biogóidí Bhéal Feirste ar an ionsaí arís? ‘Cad a dhéanfaidh mé?’ a d’fhiafraigh mé díom féin. Bhí eagla m’anamsa orm. ‘Caidé a bhí acu inniu? Buamaí peitril? Gunnaí?’ Tost torrach agus ansin réabadh an ciúnas sealadach. -BÚMPléascán eile. Bhí mé ag bárcadh allais faoin am seo. In am an ghátair, mo chroí i mo ghob agam, chonaic mé gur fhág duine de na hoibrithe bosca uirlisí ina dhiaidh ag bun na staighre – armlann! D’oscail an doras agus rith amach go fíochmhar, réidh chun an fód a sheasamh - casúr i lámh amháin, scriúire sa lámh eile. Ach ní na biogóidí a bhí romham, ach mo chomharsana nua, iad i mbun círéibe ceoil agus ag damhsa leo. Lig mé do na hairm titim ó ghreim láidir mo lámh. Caithfidh gur chuala siad faoi eachtraí an lae inné! Bhí bratacha agus meirgí acu ar fad, gach duine acu. ‘Fáilte’ arsa duine nó beirt, croitheadh láimhe ó dhaoine eile. Sa ghairdín béal dorais, bhí beirt fhear ag obair go dian ar thaispeántas tinte ealaíne. ‘Athbhliain faoi mhaise duit, Xiang’, a d’fhógair an slua le chéile, agus phléasc roicéad ildaite eile go réaltógach i nduibheagán na hoíche.

14


An Plean ab Fhearr le Cormac Breathnach Dhún Pádraic an doras go trom taobh thiar dó, ‘is rith sé go dtí an carr. Bhí deora ina shúile. Níor theastaigh uaidh go bhfeicfeadh Niamh iad. Bhí sí tar éis deireadh a chur lena gcaidreamh. Deireadh! Tar éis trí bliana go leith a chaitheamh lena chéile, b’shin é, deireadh leis. Nuair a fuair Pádraic an glaoch ar maidin bhí ‘fhios aige go raibh rud éigin amú léi. Níor chuir sí glaoch air riamh agus é ag obair. Gheall sí leis ar an nguthán go raibh gach rud ina cheart, ach an bhféadfadh sé bualadh isteach tar éis na hoibre. Cheap Pádraic go mb’fhéidir go mbeadh sí ag iompar. Cé go raibh sé óg, gan ach scór bliana ‘is trí bainte amach aige, tháinig gliondar croí air leis an smaoineamh. Theastaigh uaidh a shaol a chaitheamh leis an spéirbhean álainn seo. Tháinig an nuacht seo go hiomlán aniar aduaidh air mar sin. Deireadh! ‘An bhitseach,’ ar sé leis féin agus é ag casadh na heochrach sa charr, ‘beidh aiféala uirthi.’ Bhí Niamh in ann na méaróga beaga a chloisteáil ag eitilt ó rothaí an chairr nuair a thiomáin Pádraic amach go fíochmhar. Bhí sí féin ag caoineadh leis. Bhrúigh Pádraic ar an luasaire go brúidiúil, bhí blas searbh ina bhéal. Chnead an Golf faoin mbrú, ‘is líon an t-inneall mór díosail an oíche le deatach dubh. Choinnigh Pádraic air ag tiomáint go fánach fíochmhar ar na cúlbhóithre. Oíche dhorcha gheimhridh a bhí ann, agus bhí ceo ag titim. Bhí sé contúirteach bheith ag tiomáint chomh gasta seo ar oíche chomh fuar ach ba chuma le Pádraic. Shleamhnaigh an carr de bheagán agus é ag dul thar chasadh. Léim croí Phádraic ach cheartaigh sé an carr agus luasghéaraigh sé arís. Baineadh geit as, ach ar bhealach éigin thaitin sin leis. Ar aghaidh leis tríd an oíche agus an carr ag sleamhnú anseo is ansiúd. Ba ró-dhéanach a chonaic sé an leoraí. Chualathas scréach na gcoscán sa chéad bhaile eile, agus d’ardaigh a raibh de phréacháin sna crainn chun spéire le torann na hollphléisce. Thuirling an Golf go drogallach isteach faoin leoraí. Scriosadh é. Bhí Niamh sa bhaile ag gol ar a leaba. Chaith sí an tástáil toirchis isteach sa bhosca bruscair. Thit sé isteach taobh le trí cinn eile. Bhí an comhartha ‘+’ le sonrú go soiléir air. Ní fhéadfadh sí a rá leis. Níor theastaigh páiste uaidh. Bhí sé ró-óg. Bhí siad beirt ró-óg. B’fhearr deireadh a chur leis an gcaidreamh agus teitheadh thar lear, go Sasana nó go hAlbain, agus Pádraic a shábháil ón gcruatan sin. Sea, b’shin é an plean ab fhearr.

15


An tOileán le Lisa Nic an Bhreithimh Bhí sé ag snámh tríd an uisce fuar dorcha leis an oíche agus bhí an ghealach ag sileadh solais ar bharr an uisce agus ar a chraiceann. Bhí a chraiceann cosúil le dath na réaltaí sa spéir, uisce thuas thar a cheann. Tháinig sé aníos le smeach ollmhór d’aer úr na hoíche. Bhí sé chomh ciúin céanna faoin uisce agus a bhí anseo, i lár na farraige móire, istoíche. Ní raibh le cloisteáil ach torainn chiúine na bhfeithidí a bhí ag léim ar bharr an uisce. Ní raibh sé i bhfad ón oileán anois, bhí an boladh de ina shrón, an blas de ar a bheola. Tharraing sé anáil ollmhór isteach sna scamhóga aige agus thíos leis faoin uisce arís. Bheadh sé ann go luath.

16


An Dírbheathaisnéis sa Ghaeilge: Saothar Samplach le Ciarán Ó Braonáin Is í aidhm na haiste seo ábhar dírbheathaisnéise sa Ghaeilge a phlé i gcomhthéacs shaothar ceannródaíoch Bhriain Uí Nualláin, An Béal Bocht. Pléifear an chúis a spreag an Nuallánach an tseoid seo d'aoir a scríobh agus déanfar mionscrúdú ar an teicníocht, ar an scil, agus ar an gcleasaíocht atá fite fuaite ar leathanaigh an leabhair. Ina theannta sin, déanfar iarracht brí na bhfocal, a bhíonn faoi cheilt ag brat an ghrinn go minic, a thabhairt chun solais. Ar an gcéad dul síos, agus muid ag iarraidh tuiscint cheart a fháil ar an tábhacht a bhain le dírbheathaisnéis aorach, ní mór dúinn comhthéacs litríocht Ghaeilge na linne a scagadh. Foilsíodh An Béal Bocht sa bhliain 1941 mar fhreagra ar dhrochstaid litríocht na Gaeilge sa tréimhse sin. Is féidir fréamh na faidhbe a aimsiú i ngluaiseacht an náisiúnachais chultúrtha agus i mbunú Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1893. Bhí sé mar aidhm ag an gConradh féiniúlacht Ghaelach na tíre a chothú agus a leathnú. I dtóraíocht na sprice seo, ghlac an Conradh le hathbheochan litríocht na Gaeilge mar chomh-chuspóir.1 Bunaíodh a comhlacht foilsitheoireachta an Chonartha sa bhliain 1908 agus cuireadh comórtais scríbhneoireachta ar bun. Bhí an Conradh dírithe ar chúrsaí teanga agus cultúrtha agus níorbh í forbairt na nualitríochta cruthaithí an chloch ba mhó ar a bpaidrín acu ar chor ar bith.2 B'ar mhaithe le foinsí foghlama teanga a sholáthar agus íomhá den 'Ghael idéalach' a chur chun cinn a chuaigh an Conradh i mbun na foilsitheoireachta de réir dealraimh.3 Le bunú an Ghúim i 1926 agus an Chumainn le Béaloideas Éireann i 1927, lean an rialtas ar aghaidh le hobair an Chonartha. Chloígh an Stát le príomhluachanna agus príomhaidhmeanna ghluaiseacht an náisiúnachais chultúrtha: díghalldú na tíre trí úsáid na teanga agus spéis sa traidisiún dúchais a neartú.4 Mar a bhí déanta ag muintir an Chonartha roimhe sin, rinne foilsitheoirí an rialtais idéalú ar phobal na Gaeltachta. Leis an dianchinsireacht agus cur chun cinn an rómánsachais, d’éirigh go maith le sruth de litríocht fhrithintleachtúil a cruthaíodh agus dá thoradh seo, bhí gluaiseacht na Gaeilge go mór ina 'namhaid don litríocht chruthaitheach.'5 Lean maorlathaithe an Stáit lena dtreoracha féin go docht daingean agus ní raibh siad sásta riamh glacadh le saothar trialach nó nua-smaointeach. Ba é an cineál leabhair ba mhó a d'fhoilsigh an Gúm ná an leabhar béaloidis, an leabhar scoile, agus an leabhar dírbheathaisnéise Gaeltachta.

1

Nic Eoin, M. 1982. An Litríocht Réigiúnach. Baile Átha Cliath: 15 Nic Eoin, An Litríocht Réigiúnach: 22 3 Ó hAilín, T. 1969. 'Irish Revival Movements,' in Ó Cuív, B. (eag.), A View of the Irish Language. Baile Átha Cliath: 98; Nic Eoin, An Litríocht Réigiúnach: 15 4 Ó hAilín, 'Irish Revival Movements': 99 5 Nic Eoin, An Litríocht Réigiúnach: 21 2

17


Sa bhliain 1929, foilsíodh leabhar dírbheathaisnéise cáiliúil Thomáis Uí Chriomhthain, An tOileánach. Ansin, tar éis dó moltaí as cuimse a fháil ó lucht an léirmheasa, lean na sluaite údar sampla an Chriomthanaigh, rud a d'fhág na seilfeanna dubh leis an gcineál seo saothair.6 An áit ba mhó a raibh ceangal aici leis an saghas scríbhneoireachta seo ná Gaeltacht Chorca Dhuibhne i gContae Chiarraí. B'as an gceantar iargúlta, tuaithe seo a tháinig leithéidí Pheig Sayers, Mhuiris Uí Shúilleabháin, agus, ar ndóigh, Thomáis Uí Chriomhthain féin. D'éirigh leis na leabhair dhírbheathaisnéise seo gach a raibh ón rialtas agus ón dream Athbheochana a sholáthar: caint na ndaoine, saol na tuaithe, agus an traidisiún dúchasach Gaelach. Ach, cé go raibh siad an-éifeachtach mar chuntais shóisialta ar ghrúpa den tsochaí a bhí ag dul in éag, ní raibh mórán eile iontu, ar an iomlán, a thuillfeadh lipéad na 'litríochta' dóibh. D'ainneoin seo 'these autobiographies ... received astounding critical approbation, especially in Gaelic journals' agus dá thoradh sin, go dtí deireadh an chéid seo caite, bhí 'too many Gaelic authors who [think] that the only equipment necessary for creating literature is pen, ink, paper, and a strong grasp of grammar.'7 Bhain Brian Ó Nualláin úsáid as meán na dírbheathaisnéise le scigaithris a dhéanamh ar gach uile thréith de litríocht na Gaeilge, mar aon le gluaiseacht na Gaeilge féin, toisc é a bheith ar cheann de na gnéithe ba lárnaí den litríocht sin. Thar aon leabhar eile, ba é An tOileánach bunchloch a shaothair aoraigh toisc gurbh é an sampla ab fhearr den seánra é. Ní ag léiriú dímheasa ar éacht oibre an Chriomthanaigh a bhí sé áfach, ach a mhalairt ar fad, mar a mhaígh an Nuallánach féin: 'I had scarcely put down [An tOileánach] until I was engaged on a companion volume of parody and jeer. There, if you like, is the test of great writing - that one considerable work should provoke another...'8 Tá rian An tOileánach le brath i mbeagnach gach uile chaibidil de chuid An Béal Bocht. Tá sé le brath i struchtúr an scéil, sna mór-imeachtaí a thiteann amach, i bhfriotal na gcarachtar, i suíomh na n-eachtraí agus, fiú amháin, i bhfotheideal an leabhair: An Milleánach.9 An méid sin ráite, ní ar aon leabhar áirithe amháin a bhí Ó Nualláin ag déanamh aithrise agus ionsaithe. Ní dhearna sé ach leas a bhaint as creatlach An tOileánach le cruth a chur ar a chuid fiántais aoraigh. Ar cheann de na saothair cháiliúla eile a bhfuil ceap magaidh déanta díobh in An Béal Bocht, tá úrscéal Shéamais Uí Ghrianna, Caisleáin Óir. In eachtra amháin i leabhar Uí Ghrianna feictear gasúr Gaeltachta ag ceistiú a fhéinionannais agus máistir scoile ag tabhairt leagain Bhéarla dá ainm air. Agus an buachaill óg go mór, mór trína chéile, deir sé 'shíl mé nach James Gallagher a bhí orm ach Séimí Phádraig Duibh.'10 Déantar scáthántacht ar an eachtra seo in An Béal Bocht nuair a fhreastlaíonn 'údar' an leabhair, Bónapárt Ó Cúnasa, ar scoil don 6

Farnon, J. 1997. 'Motifs of Gaelic Lore and Literature in An Béal Bocht,' in Clune, A. and Hurson, T. (eds.), 1997. Conjuring Complexities: essays on Flann O'Brien, Belfast: 90 7 Farnon, 'Motifs of Gaelic Lore and Literature in An Béal Bocht': 90; F O'R, 'Myles takes off his coat,' The Irish Times, 13/12/1941: 5 8 Myles na Gopaleen, 'Bookworming,' The Irish Times, 09/12/1965: 12 9 Is í Gaeltacht fhicseanúil 'Chorca Dorcha' príomhshuíomh an scéil i leabhar Uí Nualláin. Scigaithris ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, ceantar dúchais Thomáis Uí Chriomhthain, is ea í seo. 10 Ó Grianna, S. 1976. Caisleáin Óir, Ó Dónaill. N. (eag.), Baile Átha Cliath: 26

18


chéad lá riamh. An lá sin, thug an máistir an t-ainm 'Jams O'Donnell' ar chuile ghasúr Gaeltachta sa rang aige, agus é á léasadh le maide gan trócaire!11 Má fhágtar greann an phíosa ar leataobh, is féidir ciall dhomhain a bhaint as an eachtra áiféiseach seo. Is léir go raibh Ó Nualláin ag déanamh tagartha don íomhá bhuanchruthach a bhí á cruthú ag 'litríocht' na Gaeilge i dtaobh mhuintir na Gaeltachta, leis an ainm agus an taithí saoil ceannann céanna á mbronnadh ag an múinteoir ar gach uile pháiste Gaeltachta. Feictear Ó Nualláin ag magadh faoin íomhá bhuanchruthach seo go rímhinic ina leabhar. Léirítear dúinn arís is arís eile go bhfuil muintir na Gaeltachta uilig ina gcónaí, 'más inchreidte na leabhair,' 'i dtigh aolbhán in ascaill an ghleanna.'12 Tá an teaghlach céanna le fáil i ngach teach fiú, rud a fheictear agus Bónapárt ag tabhairt cuairte ar Rosa Thír Chonaill. Agus don léitheoir ciniciúil nach bhfuil lán-mhuiníneach as cur síos an údair, tá an méid seo maíte aige: 'Ní fios cad chuige, ach sin mar bhí. An té a shíleann nach bhfuil an fhírinne á rá agam, léadh sé na dea-leabhair.'13 I measc na ngnéithe buanchruthacha eile a bhfuil aithris déanta orthu sa leabhar, feictear béilí prátaí lá in aghaidh lae; drochaimsir gan stad, gan staonadh; agus bochtanas uafásach/iontach Gaelach. Baineann Ó Nualláin an-sult go deo as téama faoi leith sna leabhair dhírbheathaisnéise. Is é sin, suíomh agus tábhacht na n-ainmhithe i saol na ndaoine. Baintear ráitis as An tOileánach agus cuirtear áibhéil agus magadh leo ionas go bhfuil ceo ar an teorainn idir daoine agus ainmhithe. Mar shampla, i leabhar Uí Chriomhthain insítear dúinn go mbíodh na muca ina gcodladh faoi leapacha na ndaoine ach in An Béal Bocht déantar an leaba féin a roinnt idir duine agus ainmhí! I gcaibidil a dó de An Béal Bocht agus an t-údar ag déanamh cur síos ar bhall den teaghlach, ní go deireadh an tsleachta ar fad a insítear dúinn nach duine daonna atá ann ar chor ar bith ach muc: 'Ball den líon tí againn ba chiontach leis an mbréantas seo. Ambrós a ainm. Bhí cion mór ag an Seanduine air. Mac le Sorcha Ambrós. Bhí Sorcha ina cráin mhuice againn...'14 Éiríonn leis an údar cúis gháire a dhéanamh den idéalú a dhéantaí ar an saol 'fíor-Ghaelach' leis an tseift aorach seo, mar is doiligh difríocht a fheiceáil idir saol na nGael agus saol na nainmhithe. An sampla is áibhéilí den chleasaíocht seo ná scéal Shitric Uí Shánasa. Dar le Gaeilgeoirí uaisle Bhaile Átha Cliath, de thoradh 'a bhochtanais Ghaelaigh' agus a shaoil bhacaigh, ba é Sitric an duine ba Ghaelaí sa tír.15 Ach in ainneoin mheas na nGaeilgeoirí, shíl Sitric féin gurbh fhearr caighdeán maireachtála na n-ainmhithe agus chinn sé ar a shaol a chaitheamh mar rón in áit Gaeil! Tá neart samplaí eile ar fáil san úrscéal den diabhlaíocht seo ach is leis an teachtaireacht chéanna a bhaineann siad go léir: níor chóir saol crua, seanchaite a chur chun cinn mar shaol idéalach. Ba shaol deacair, míthrócaireach, mídhaonna scaití, é saol na nGaeltachtaí iargúlta sa chéad leath den fhichiú haois. Níor chosúil leis n neamh ar 11

Myles na gCopaleen. 1986. An Béal Bocht. Baile Átha Cliath: 26 Myles na gCopaleen, An Béal Bocht: 14 13 Myles na gCopaleen, An Béal Bocht: 56. Is iad 'na dea-leabhair' na leabhair a bhí á bhfoilsiú ag leithéidí an Ghúim agus ghluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne ag an am. 14 Myles na gCopaleen, An Béal Bocht: 18 15 Myles na gCopaleen, An Béal Bocht: 77 12

19


domhan a léiríodh i roinnt scríbhneoireachta rómánsúla a bhí saol na Gaeltachta i ndáiríre, rud a léirítear go beacht dúinn in abairt amháin, arsa Bónapárt leis an Seanduine: 'An bhfuilir cinnte ... gur daoine na Gaeil?'16 Ó thaobh fhiúntas na litríochta de, ba í caint na ndaoine bun agus barr an scéil dar le lucht na hAthbheochana. Chuir an Gúm an-bhéim ar fad air seo agus, go minic, ní raibh ort 'ach 'caint na ndaoine' a bhreacadh síos ar pháipéar agus bhí litríocht agat.'17 Níl amhras ar bith ach gur chuir sé seo an Nuallánach ar mire agus ó thús deireadh a leabhair déantar ceap magaidh d'fhriotal 'dúchasach' na ndaoine. Baintear mí-úsáid as aidiachtaí ('Is í an fhírinne atá luaite ... agus tá an fhírinne sin fíor'; 'Gaeil Ghaelacha de shliocht Ghaelach'; 'tá mo bhuíochas buíoch díot' srl.), agus caitear go litriúil le meafair (féach Bónapárt ag insint dúinn faoi bheith ina 'thachrán ag imeacht faoin ngríosaigh') ach thar aon mhodh eile, is trí athrá a dhéanamh ar mhana an Chriomhthanaigh a dhéantar an obair seo.18 Uair nó dhó in An tOileánach úsáidtear an frása 'Ní bheidh ár leithéidí arís ann' le béim a leagan ar a raibh ag tarlú do shaol na noileánach, ach tá an frása céanna le feiceáil uair nó dhó i ngach uile chaibidil, nach mór, de leabhar an Nuallánaigh!19 Trí úsáid an athrá, baintear ó chumhacht na teachtaireachta mar a léiríodh í i leabhar Uí Chriomhthain. Toisc an mó ní a luaitear 'nach mbeidh a leithéid arís ann', déantar údar gáire den idéalú a bhí á dhéanamh ar gach gné den saol Gaelach agus den tuairim nach raibh de dhíth ach carn focal agus nathanna dúchasacha le litríocht a chumadh. Leabhar fíor-thábhachtach is ea An Béal Bocht mar ba é an mórshaothar ba thúisce agus ab fhearr a rinne ionsaí ar 'the sterility of Gaelic literature and ... the image of the idyllic, pastoral, contented Gael which the Literary Revival had cultivated.'20 Ba bheag duine a tháinig slán as an ionsaí sin, le cainteoirí dúchais agus Gaeilgeoirí na príomhchathrach araon ag fulaingt. Ní hamháin gur éirigh le Brian Ó Nualláin staicín áiféise a dhéanamh de lucht Athbheochan na Gaeilge ar fad, ach d'éirigh leis é seo a dhéanamh trí na teicnící ba lárnaí ina gcuid saothar, na luachanna ba dhiaga, agus na leabhair ba thábhachtaí a chasadh bun os cionn agus droim ar ais. Ba dhuine de na haorthóirí agus scríbhneoirí Éireannacha ba chumasaí dá raibh ann riamh é an Nuallánach agus is beag seans, ar an drochuair, go mbeidh a leithéidse arís ann.

16

Myles na gCopaleen, An Béal Bocht: 90 Myles na gCopaleen, An Béal Bocht: 36 18 Myles na gCopaleen, An Béal Bocht: 79; 47; 93; 13. 19 Farnon, 'Motifs of Gaelic Lore and Literature in An Béal Bocht': 91 20 Farnon, 'Motifs of Gaelic Lore and Literature in An Béal Bocht': 89 17

20


LEABHARLIOSTA Farnon, Jane. 1997. 'Motifs of Gaelic Lore and Literature in An Béal Bocht ' in Clune, A. and Hurson, T. (eds.), 1997. Conjuring Complexities: essays on Flann O'Brien, Belfast. pp. 89-109. Myles na gCopaleen. 1986. An Béal Bocht. Baile Átha Cliath. (An Chéad Eagrán: 1941)

Nic Eoin, Máirín. 1982. An Litríocht Réigiúnach. Baile Átha Cliath. Ó Criomhthain, Tomás. 2002. An tOileánach, in eagar ag Seán Ó Coileáin. Baile Átha Cliath. (An Chéad Eagrán: 1929) Ó Grianna, Séamus. 1976. Caisleáin Óir, in eagar ag Niall Ó Dónaill. Baile Átha Cliath. (An Chéad Eagrán: 1924) Ó hAilín, Tomás. 1969. 'Irish Revival Movements.' in Ó Cuív, Brian (ed.) A View of the Irish Language, Baile Átha Cliath. pp. 91-100.

NUACHTÁIN Myles na Gopaleen. 'Bookworming.' The Irish Times, 09/12/1965: 12

O'R, F. 'Myles takes off his coat.' The Irish Times, 13/12/1941: 5

21


Spléachadh ar an bhfóram litríochta in Comhar le Gearóid Mac Suibhne Is ag ceiliúradh Comhar mar iris liteartha a bheimid san alt seo. Chuige sin, tabharfar spléachadh ar an bhfóram litríochta a cuireadh ar fáil do scríbhneoirí Gaeilge san iris seo ó 1942 ar aghaidh. Is minic a rangaítear an litríocht mar scríbhneoireacht phróis nó filíocht ach thaispeáin Comhar le seachtó bliain anuas go raibh níos mó i gceist leis an litríocht ná na réimsí sin amháin. Ríofar rogha de na léirmheasanna, na litreacha, na dialanna agus na léachtaí a foilsíodh in Comhar thar na blianta. Díreofar ar thriúr scríbhneoirí ar leith, Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin agus Nuala Ní Dhomhnaill, chun an fóram litríochta seo a scagadh. An Cadhnach in Comhar Ba é an modh cruthaitheach an fhoirm ba rathúla a chleacht Máirtín Ó Cadhain. Foilsíodh a ghearrscéalta Ciumhais an Chriathraigh (1950), Gaineamh Teálta (1952), Gorta (1967) agus Fuíoll (1967) in Comhar, gan ach roinnt samplaí aithnidiúla a lua. Tugann na gearrscéalta seo tuiscint den scoth dúinn ar bhuanna scríbhneoireachta Mháirtín Uí Chadhain. Ceann de na buanna móra scríbhneoireachta a bhí aige, dar ndóigh, ná go raibh an tsamhlaíocht ar fheabhas aige agus is cinnte go léirítear samhlaíocht fhairsing an Chadhnaigh ó thús deireadh na scéalta thuas. Tá níos mó foilsithe ag an gCadhnach in Comhar ná saothar cruthaitheach amháin, áfach. Foilsíodh Conradh na Gaeilge agus an Litríocht de chuid Uí Chadhain i mí Eanáir agus mí Feabhra na bliana 1973.1 Ba léacht í seo a thug Máirtín Ó Cadhain ar Radio Éireann agus tugann sé tuiscint den scoth dúinn ar ghluaiseacht na Gaeilge ón dara leath den 19ú céad ar aghaidh. Díríonn an óráid seo ar thionchar an Chonartha ar chaomhnú na Gaeilge, ach go háirithe: ‘Measaim dá mbeadh gan an Conradh ná stát dúchais a bheith ariamh ann nach lú an méid Gaeilge sinseartha a bheadh fanta beo fós, ná atá.’2 Tugann an foilseachán seo eolas luachmhar dúinn ar phearsantacht an Ghaillmhigh seo agus d’fhéadfaí an rud céanna a rá i leith ‘Cé an t-údar go ndéanfaí an Ghaeltacht a éigniú isteach i mbailte?’, saothar eile de chuid Uí Chadhain.3 Scríobhadh é seo mar fhreagra ar alt a foilsíodh in Comhar agus tá an Cadhnach fíordhian ar údar an ailt sin, Peadar Ó Ceallaigh. Ba mhaith leis an gCeallach cathair Ghaeltachta a dhéanamh de chathair na Gaillimhe ach diúltaíonn Ó Cadhain do thuairimí agus d’fhigiúirí an Cheallaigh. Bhí an scríbhneoireacht chruthaitheach ar a thoil ag Máirtín Ó Cadhain. Is léir, áfach, nárbh í sin an t-aon saghas scríbhneoireachta a chleacht sé in Comhar. D’úsáid sé an iris go rialta lena chuid tuairimí pearsanta a chur chun cinn, mar is léir ón dá shampla thuas. Ina theannta 1 2 3

‘Conradh na Gaeilge agus an Litríocht’ (Cuid a haon), Comhar, Eanáir 1973 ‘Conradh na Gaeilge agus an Litríocht’ (Cuid a dó), Comhar, Feabhra 1973: 12 ‘Cé an t-údar go ndéanfaí an Ghaeltacht a éigniú isteach i mbailte?’, Comhar, Feabhra 1955

22


sin, rinneadh an-chuid léirmheasanna in Comhar ar shaothar an Chadhnaigh agus caithfear súil ar dhá cheann acu siúd anois. Léirmheas den scoth is ea ‘Agóid Dheireanach Mháirtín Ó Cadhain’ le Breandán Ó Doibhlin.4 Déanann Breandán iniúchadh ar an gcúigiú cnuasach gearrscéalta de chuid Uí Chadhain, An tSraith dhá Tógáil. Is í tuairim Uí Dhoibhlin i leith an chnuasaigh seo ná go bhféadfaí ‘a rá go ginearálta gur lú a úsáidtear ann an gáire raibiléiseach agus an greann gáirsiúil’ sa chnuasach seo i gcomparáid leis an gceathrú cnuasach de chuid Uí Chadhain, An tSraith ar Lár.5 Is cosúil chomh maith nach bhfuil an t-atmaisféar céanna le sonrú sna scéalta uilig ach, ina dhiaidh sin is uile, is follas go molann Breandán Ó Doibhlin an saothar is déanaí de chuid an Chadhnaigh: ‘Níl aon dabht ná gur saothar ealaíne an leabhar deireanach seo de chuid Mháirtín Ó Cadhain.’6 Sna tríochaidí déanacha, gabhadh Máirtín Ó Cadhain de thoradh a chuid ballraíochta san IRA agus cuireadh i ngéibheann é idir na blianta 1939-44. Thosaigh sé ag scríobh litreacha chuig an iriseoir Tomás Bairéad le linn dó bheith ann. Foilsíodh na litreacha sin sa leabhar As an nGéibhinn - Litreacha chuig Tomás Bairéad. Rinne Tomás de Bhaldraithe léirmheas anspéisiúil ar an leabhar sin in Comhar in alt dar teideal ‘Litreacha Géibheannaigh’.7 Ní dhearna Ó Cadhain nó Bairéad mórán plé ar an IRA sa chomhfhreagras seo, dar le de Bhaldraithe. Ní ag argóint ar chúrsaí polaitíochta a bhí siad ina bharúil féin: ‘Ba iad an Ghaeilge féin, an litríocht agus lucht a dtaithithe san am an tsnaidhm charadais a bhí eatarthu, agus sin iad na hábhair is coitianta sna litreacha.’8 Léiríonn de Bhaldraithe go cruinn ceart na nithe luachmhara atá le sonrú sna litreacha seo i dtaobh charachtar an Chadhnaigh. Nocht Máirtín Ó Cadhain a chuid tuairimí i leith na múinteoireachta, na gearrscéalaíochta agus na nuafhilíochta sna litreacha seo. Maíonn de Bhaldraithe, áfach, nár mhór an meas a léirigh an Cadhnach ar Myles na gCopaleen sa chomhfhreagras seo le Bairéad. 9 Tugann léirmheas de Bhaldraithe léargas iontach do lucht léitheoireachta Comhar ar phearsantacht an Chadhnaigh mar a léiríodh í sna litreacha ón ngéibheann. An Ríordánach in Comhar Is in Comhar i mí an Mhárta 1944 is túisce a foilsíodh filíocht an Ríordánaigh, de réir mar is féidir a dhéanamh amach. Ó shin i leith, cuireadh níos mó ná dhá scór dán ó pheann Uí Ríordáin i gcló san iris thar na blianta.10 Foilsíodh An Dall san Studio agus Cnoc Melleirí sna daichidí, Saoirse agus Daoirse sna caogaidí agus Oíche Ghealaí agus Tionlacan na nóinseach sna seascaidí, gan ach roinnt samplaí a lua. Is follas gur úsáid an Ríordánach iris 4

‘Agóid Dheireanach Mháirtín Ó Cadhain’, Comhar, Feabhra 1971 ‘Agóid Dheireanach Mháirtín Ó Cadhain’, Comhar, Feabhra 1971: 12 6 ‘Agóid Dheireanach Mháirtín Ó Cadhain’, Comhar, Feabhra 1971: 14 7 ‘Litreacha Géibheannaigh’, Comhar, Feabhra 1974: 22 8 ‘Litreacha Géibheannaigh’, Comhar, Feabhra 1974: 22 9 Admhaíonn de Bhaldraithe, áfach, gur tháinig malairt tuairime ar Mháirtín Ó Cadhain i leith Myles na gCopaleen níos deireanaí ina shaol. 10 ‘Filíocht Sheáin Uí Ríordáin i gComhar’, Comhar, Deireadh Fómhair 2007 5

23


Comhar go rialta agus go rathúil chun a chuid filíochta a chur os comhair an phobail, rud a léiríonn tábhacht an fhóraim litríochta a cuireadh ar fáil san iris. Foilsíodh eagrán speisialta de Comhar in ómós do Sheán Ó Ríordáin i 1977, bliain a bháis, agus tugann an t-eagrán ómóis seo léargas sármhaith dúinn ar a shaol agus a shaothar araon. Is léir ón eagrán ómóis gurbh iontach an meas a bhí ag scríbhneoirí na linne ar litríocht an Chorcaígh seo. Mar eagrán ómóis, níl a shárú ann is dócha. Nuair a dhéantar trácht ar an Ríordánach, cuimhníonn cách ar an bhfilíocht a shaothraigh sé ach foilsíodh litríocht eile de chuid Sheáin Uí Ríordáin san iris Comhar chomh maith. Choinnigh an Ríordánach dialann go rialta ó 1940 ar aghaidh agus d’fhoilsigh Comhar leathanach dialainne san eagrán ómóis i 1977 a thugann tuiscint den scoth dúinn ar aimsir an chogaidh ó pheirspictíocht an Ríordánaigh. Foilsíodh Sleachta Fáin as Dialann den chéad uair i 1967 agus is fiú sracfhéachaint a thabhairt air anseo.11 Léiríonn an tríú sliocht tuairimí Uí Ríordáin i leith shaothar Joyce: ‘Ní minic a chítear an nádúr daonna ráite chomh hiomlán agus atá ag Joyce, ná fuascailte chomh hiomlán de bharr a bheith ráite.’12 Pléann an Ríordánach aigne an duine óig i sliocht a hocht. Áitíonn sé gur minic nach mothaíonn an duine óg compordach leis féin nó i gcomhluadar agus is léir gur shíl an Ríordánach go raibh tuiscint thar cuimse aige féin ar aigne an duine óig. Léiríonn Sleachta Fáin as Dialann gnéithe áirithe de charachtar an Ríordánaigh dúinn agus is luachmhar an fhoinse litríochta í mar sin. Taitníonn conspóid bheag le beagnach gach iris agus is ar an gcúis sin a chaithfimid súil ar ‘Comhfhreagras agus Conspóid’.13 Chuir léirmheas a rinne Thersites san Irish Times ar Eireaball Spideoige i mí Eanáir na bliana 1953 isteach go mór ar an Ríordánach 14: ‘It must be extraordinarily difficult to write poetry in a language that is not native to one (in fact, I suppose that it has never been done)’, an tuairim a nocht sé agus bhí an Ríordánach clipthe aige seo.15 Cuireadh tús le sraith litreacha idir Seán Ó Ríordáin agus Séan Ó hÉigeartaigh, foilsitheoir a shaothair, agus foilsíodh litreacha an Ríordánaigh in Comhar faoin teideal ‘Comhfhreagras agus Conspóid’ i 1987. Bhí Seán Ó Ríordáin macánta ó thús deireadh na litreacha seo: ‘Ní mór dom a admháil gur ghaibh sé tríom mar tá eagla an domhain orm go bhfuil cuid mhór den fhírínne’ á insint ag Thersites agus admhaíonn sé fosta nach í an Ghaeilge a theanga dhúchais.16 Is cosúil, áfach, nár bhraith ‘an Ghaeilge mí-oiriúnach ná mínádúrtha’ dó agus é i mbun pinn.17 Soláthraíonn na litreacha seo léargas suntasach dúinn ar charachtar an Ríordánaigh agus déanann siad scáthántacht ar a chuid tuairimí pearsanta i leith na teanga.

11 12 13 14 15 16 17

‘Sleachta Fáin as Dialann’, Comhar, Bealtaine 1967/1982. (Foilsíodh é seo faoi dhó.) ‘Sleachta Fáin as Dialann’, Comhar, Bealtaine 1967: 12. ‘Comhfhreagras agus Conspóid’, Comhar, Feabhra 1987: 31 Seo an t-ainm a d’úsáid an t-iriseoir Thomas Woods agus é i mbun a cheirde. ‘Comhfhreagras agus Conspóid’, Comhar, Feabhra 1987: 31 ‘Comhfhreagras agus Conspóid’, Comhar, Feabhra 1987: 31 ‘Comhfhreagras agus Conspóid’, Comhar, Feabhra 1987: 33

24


Foilsíodh léirmheasanna ar shaothar Uí Ríordáin go rialta ar leathanaigh Comhar. Cuireadh an t-alt ‘Seán Ó Ríordáin, an Fear agus an File’ le Máirtín Ó Direáin i gcló i ndiaidh bhás an Ríordánaigh.18 Is ríléir ón alt seo go raibh meas mór ag Ó Direáin ar an Ríordánach: ‘Rinne sé saothar a thabhóidh cliú dó féin agus don teanga an fhaid a mhairfidh siolla di á léamh, á labhairt nó á scríobh.’19 Tugann Ó Direáin tuiscint dúinn i leith charachtar an Ríordánaigh chomh maith. Is cosúil go raibh faitíos ar Ó Ríordáin nuair a labhair sé leis an Direánach don chéad uair, rud nár thuig an Direánach ar chor ar bith. Déanann sé cur síos ar an scéalaíocht a chleacht siad: ‘B’aoibhinn leis a bheith ag éisteacht le scéalta, tarlóga agus eachtraí ach titimeacha breá cainte a bheith san inseacht.’20 Mar fhocal scoir aige, labhraíonn sé díreach leis an Ríordánach féin: ‘Aireoimid uainn thú lá is faide anonn.’21 Thug Seán Ó Tuama léargas iontach dúinn ar shaothar Uí Ríordáin in alt eile, ‘Filíocht Sheáin Uí Ríordáin’, a cuireadh i gcló in Comhar i mí na Bealtaine 1977.22 Áitíonn Seán Ó Tuama gur aimsigh Ó Ríordáin aigne na tíre seo ina chuid filíochta: ‘Trí scrúdú a dhéanamh ar a choinsias féin, scrúdaigh sé aigne mhuintir na hÉireann, chomh maith’.23 Leanann sé leis agus maíonn sé go bhfuil dhá shaghas filíochta scríofa ag an Ríordánach filíocht ina léirítear mothúcháin faoi leith agus filíocht ina ndéantar iarracht an cineál mothúcháin sin a phlé go hintleachtúil. Measann Ó Tuama, i dtreo dheireadh an léirmheasa seo, nach bhfuil tréithe na filíochta nua-aimseartha ag filíocht Uí Ríordáin ar chor ar bith ach a mhalairt: ‘Is í an teanga Ghaeilge thraidisiúnta is mó ar fad atá le fáil ina chuid dánta’.24 Ní Dhomhnaill in Comhar Tá cáil mhór bainte amach ag Nuala Ní Dhomhnaill mar fhile agus is bean í a bhfuil meas den scoth uirthi ar fud na cruinne ar fheabhas a cuid filíochta. Ní raibh sí ach go hard sna déaga nuair a thosaigh Comhar ag foilsiú saothar dá cuid. Foilsíodh an dán Muirmhachnamh san iris i 1969 agus léiríonn an dán seo go raibh stíl faoi leith aici ón tús. ‘An rud a chloiseann an chluas cuireann sé buairt ar an gcroí’ a nochtann sí ag tús an dáin seo aici.25 Is léir go bhfuil stíl inaitheanta ag Ní Dhomhnaill. Dearbhaíonn Siobhán Ní Fhoghlú go bhfuil ‘pobal léitheoirí filíochta anois ann a d’aithneodh dán de chuid Nuala Ní Dhomhnaill gan stró’.26 Cuid de na dánta eile ó pheann Ní Dhomhnaill a cuireadh i gcló in Comhar ná Míorúilt na Beatha (1970), Oícheanta (1978), Caoineadh mná na Cathrach (1978) agus An Poll sa Staighre (1984).

18 19 20 21 22 23 24 25 26

‘Seán Ó Ríordáin, an Fear agus an File’, Comhar, Bealtaine 1977: 5 ‘Seán Ó Ríordáin, an Fear agus an File’, Comhar, Bealtaine 1977: 5 ‘Seán Ó Ríordáin, an Fear agus an File’, Comhar, Bealtaine 1977: 6 ‘Seán Ó Ríordáin, an Fear agus an File’, Comhar, Bealtaine 1977: 6 ‘Filíocht Sheáin Uí Ríordáin’, Comhar, Bealtaine 1977 ‘Filíocht Sheáin Uí Ríordáin’, Comhar, Bealtaine 1977: 31 ‘Filíocht Sheáin Uí Ríordáin’, Comhar, Bealtaine 1977: 32 ‘Muirmhachnamh’, Comhar, Meán Fómhair 1969: 17 ‘Feis’, Comhar, Meán Fómhair 1991: 36

25


Ó thaobh na scríbhneoireachta de, tá níos mó foilsithe ag Nuala Ní Dhomhnaill in Comhar ná an fhilíocht amháin. Is léirmheas é ‘Ar an Ardán’ (1986) ar dhá dhráma de chuid Meredith Monk a chonaic Ní Dhomhnaill i Nua-Eabhrac. Bhí Monk ar an stáitse léi féin sa chéad leath den chéad dráma Acts from Under and Above agus bhraith Nuala Ní Dhomhnaill ‘nach lú liomsa an bás féin ná seó aonair’.27 Is léir nach ndeachaigh an chéad chuid den dráma i gcion chomh mór sin uirthi ach shíl sí gur tháinig feabhas iontach ar an dráma sa dara leath agus thaitin sé go mór léi ar an iomlán: ‘Chríochnaigh an dráma ach is fada go dtí gur mhaolaigh ar an draíocht.’28 De réir a barúlasa, ní raibh draíocht ar bith ag baint leis an dara dráma de chuid Meredith Monk, Turtle Dreams, a chonaic sí an lá dár gcionn. Ní choinníonn Ní Dhomhnaill rud ar bith siar sa léirmheas seo agus tá sí fíormhacánta ón tús. Ciontaíonn sí i leith an dráma seo: ‘Bhí stailc i gcapall na samhlaíochta agus dhiúltaigh sé don léim’.29 Bíonn stíl fhileata Ní Dhomhnaill le sonrú sna léirmheasanna fosta. Foilsíodh léirmheas eile de chuid Ní Dhomhnaill ar Caoineadh Airt Uí Laoghaire i mí Eanáir na bliana 1986.30 Admhaíonn Ní Dhomhnaill gurb í an alltacht an mothúchán is mó a thagann uirthi i bhfianaise an dáin seo ag Eibhlín Dhubh agus déanann sí iniúchadh ar chúiseanna na halltachta sin. Luann sí ‘an chorráiste soaitheanta a ghabhann leis... agus a bhanúla is atá sé’.31 Is léirmheas moltach é seo gan amhras: ‘Píosa filíochta is ea Caoineadh Airt Uí Laoghaire atá chomh doimhin is chomh híogair is fós chomh simplí sin go mbíonn tú faoi dhraíocht aige.’32 Is féidir a mhaíomh go bhfuil caighdeán scríbhneoireachta na léirmheasanna seo ar an leibhéal céanna leis an scríbhneoireacht chruthaitheach a thagann ó pheann Ní Dhomhnaill. Idir Feabhra agus Aibreán na bliana 2004, d’fhoilsigh Comhar óráid a thug Ní Dhomhnaill mar Léacht Uí Chadhain faoin teideal ‘Neacha neamhbheo agus nithe nach bhfuil ann’.33 Sa tsraith seo, tugann Ní Dhomhnaill léargas dúinn ar bhéaloideas na tíre seo, agus ar bhéaloideas Chorca Dhuibhne ach go háirithe, rud a léiríonn réimse spéise eile dá cuid. Rinneadh léirmheasanna in Comhar ar shaothar Ní Dhomhnaill minic go leor agus breathnóimid ar phéire acu anois. Foilsíodh léirmheas Thomáis Uí Fhloinn ar An Dealg Droighin, an chéad chnuasach de chuid Ní Dhomhnaill, i mí na Samhna 1981. Is léirmheas simplí sothuigthe é seo ag Ó Floinn agus dearbhaíonn sé ag an tús gurb iad ‘na téamaí is láidre i saothar an fhile seo ná go mbraitheann sí an dúchas agus an dúiche ónar gineadh is ar síolraíodh í ina théad cheangail idir í agus a ndeachaigh roimpi’.34 Luann Ó Floinn codarsnacht ghairid idir saothar Nuala Ní Dhomhnaill agus saothar Mháire Mhac an tSaoi ag tús an léirmheasa seo, rud atá spéisiúil ann féin. Déanann sé comparáid fhairsing níos déanaí sa léirmheas céanna áfach, idir saothar Ní Dhomhnaill agus saothar Sappho, ‘an banfhile 27 28 29 30 31 32 33 34

‘Ar an Ardán’, Comhar , Meán Fómhair 1986 ‘Ar an Ardán’, Comhar , Meán Fómhair 1986: 27 ‘Ar an Ardán’, Comhar , Meán Fómhair 1986: 28 ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’, Comhar, Eanáir 1986 ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’, Comhar, Eanáir 1986: 24 ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’, Comhar, Eanáir 1986: 25 ‘Neacha neamhbheo agus nithe nach bhfuil ann’, Comhar, Feabhra-Aibreán 2004 ‘Sappho a thuirling ag geataí na Glóire’, Comhar, Samhain 1981: 27

26


clúiteach Gréagach a mhair sa séú céad roimh Chríost in Oileán Lesbos sa Mhuir Aegéach’. 35 Rinne Siobhán Ní Fhoghlú léirmheas ar an tríú cnuasach de chuid Ní Dhomhnaill, Feis, a eisíodh i 1991, agus foilsíodh an léirmheas in Comhar i dtreo dheireadh na bliana céanna. Is léirmheas údarásach é seo ag Ní Fhoghlú agus is léir go bhfuil tuiscint dhomhain ag an léirmheastóir seo ar an bhfilíocht mar sheánra. Is samplaí maithe iad an dá léirmheas seo ar an mbealach is fearr chun an chodarsnacht, an chomparáid agus an moladh a chur chun cinn in aon léirmheas amháin. ‘Do na Fíréin’ Ní fhéadfaí breathnú ar stair litríochta iris Comhar gan trácht ar an alt cáilúil ‘Do na Fíréin’ le Mairtín Ó Cadhain.36 Bhí Breandán Ó hEithir ina eagarthóir ar Comhar ag tús na seascaidí ‘go dtí gurbh éigean dó éirí as an obair pháirtaimseartha sin tar éis dó ‘Do na Fíréin’ a fhoilsiú in uimhir Mhárta 1962 gan lánchead an choiste eagarthóireachta’. 37 Alt conspóideach is ea ‘Do na Fíréin’ ina ndéanann an Cadhnach ionsaí ar gach ní a chuireann as dó. Sula dtosaíonn sé ar an ionsaí, áfach, admhaíonn sé go bhfuil ómós aige do dhuine ar bith a rinne nó atá ag déanamh rud ar bith ar son theanga dhúchais na tíre. Pléann sé cúrsaí teanga agus cúrsaí múinteoireachta san alt: ‘Tá a lán múinteoirí - múinteoirí óga freisin fós féin bunmhúinteoirí, meánmhúinteoirí, ceardmhúinteoirí agus eile nár cheart a bheith ag múna Gaeilge.’38 Pléann sé cúrsaí polaitíochta agus pearsana móra na Gaeilge fosta. Is i dtreo dheireadh an ailt a luann sé cainteoirí dúchais na Gaeilge agus an Ghaeltacht: ‘Ní shílim go gcreideann cuid de lucht na cúise gur féidir leis an nGaeltacht bású.’39 N’fheadar ar foilsíodh alt chomh géar sin in Comhar ó shin i leith agus tá sé suntasach go ndearna lucht stiúrtha Comhar gach iarracht alt seo an Chadhnaigh a shéanadh i ndiaidh don Eithireach é a chur i gcló. An Chritic in Comhar Is cuid ollmhór de stair na hirise Comhar í an léirmheastóireacht chriticiúil agus bíonn ról ar leith aici san iris i gcónaí. Níl amhras ar bith ach go bhfuil stíl chritice den chéad scoth aimsithe ag Gearóid Denvir, Alan Titley agus Máire Ní Annracháin, gan ach cúpla léirmheastóir a lua. Is léirmheas den scoth é ‘Nótaí ón Imeall’ le Gearóid Denvir ar an saothar A.D. 2016 le Pádraig Standún.40 Déanann Denvir iniúchadh ar phríomhcharachtar an scéil ó thús deireadh an léirmheasa seo: ‘Fear ar an imeall ó nádúr a bhí ann nár aimsigh riamh suaimhneas an bheith istigh ná an caidreamh bisiúil sin leis an dara duine a thabharfaidh isteach ón imeall é.’41 Luann sé lochtanna an leabhair agus lochtanna scríbhneoireacht an Standúnaigh fosta agus áitíonn sé gur minic a theipeann ar Standún fuil agus feoil dhaonna a 35

‘Sappho a thuirling ag geataí na Glóire’, Comhar, Samhain 1981: 28 ‘Do na Fíréin’, Comhar, Márta 1962 37 www.ainm.ie, aimsithe ar 03/01/12 38 ‘Do na Fíréin’, Comhar, Márta 1962: 14 39 ‘Do na Fíréin’, Comhar, Márta 1962: 25 40 ‘Nótaí ón Imeall’, Comhar, Meitheamh 1989 41 ‘Nótaí ón Imeall’, Comhar, Meitheamh 1989: 37. 36

27


chur ar a chuid carachtar. Ní bhíonn drogall ar bith ar an léirmheastóir maith a chuid tuairimí pearsanta i dtaobh an tsaothair a nochtadh. Tá Denvir i ndiaidh cuid mhaith dá shaol acadúil a chaitheamh i mbun staidéir ar shaothar an Chadhnaigh agus foilsíodh léirmheas de chuid Mháire Ní Annracháin ar Cadhan Aonair; Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain le Gearóid Denvir i dtreo dheireadh na n-ochtóidí.42 Nochtann Denvir tuairimí faoi leith sa leabhar seo agus níl eagla ar bith ar Ní Annracháin a admháil nach n-aontaíonn sí leo ar fad. Dearbhaíonn Ní Annracháin, ag deireadh an léirmheasa seo aici, gur thaitin ‘Gaeilge chraicneach cheolmhar’ Denvir go mór léi.43 Is sraithléirmheastóir é Alan Titley a bhfuil cuid mhór léirmheasanna foilsithe aige in iris Comhar thar na blianta. Tá stíl éagsúil aige féin ach is stíl tharraingteach í gan dabht. Is baill den lucht acadúil iad Denvir, Ní Annracháin agus Titley, a bhfuil an léirmheastóireacht ar a gcumas acu. Neartaíonn a gcuid léirmheasanna, agus na céadta eile ó léirmheastóirí éagsúla, gur chuir an iris Comhar ardán tábhachtach ar fáil don litríocht agus don chritic araon le seachtó bliain anuas. Nóta Scoir Tá roinnt foilseachán spéisiúil in Comhar ar fiú súil a chaitheamh orthu. Chuaigh Anton Mac Cába ar lorg na dtíogar i 1998 le ‘Tíogair Ocracha Shantacha’ agus thug sé tuiscint dúinn ar thíogair na Cóiré Theas, Shingeapór, na Malaeisia, na bhFilipíneach agus Hong Cong.44 Rinne sé comparáid fhairsing idir fás gheilleagar na dtíortha thuas agus fás gheilleagar na hÉireann. Is dócha nár shamhlaigh Anton Mac Cába i 1998 go mbeadh ar an IMF dul i mbannaí orainne de thoradh ár dtíogair féin. Cur síos suntasach eile a sheasann amach ná ceann a rinne Mícheál D. Ó hUiginn i lár na bliana 2007: ‘Is é a mheall mé féin chun na polaitíochta ón tús ná gur chreideas go láidir i sochaí chóir a thugann meas agus ómós do chuile shaoránach.’45 Nach suimiúil an ráiteas é sin agus é tofa mar Uachtarán na hÉireann anois? Thug Ruairí Ó hEithir léargas iontach dúinn ar Ruanda sa cholún ‘Agashingura Cumu’ a foilsíodh go minic in Comhar le blianta beaga anuas. Is múinteoir é Ruairí Ó hEithir a chaith seal ina chónaí i Ruanda agus é ag obair ar chúrsaí oideachais ann. Tá glúnta nua filí ag teacht ar an bhfód le blianta beaga anuas agus tá filíocht leithéidí Aifric Mhic Aodha, Chaitríona Ní Chléirchín, Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Simon Uí Fhaoláin á bhfoilsiú faoi láthair taobh le taobh le saothar ó údair aitheanta an fhichiú haois. Is de thoradh easpa spáis go bhfuil orainn pearsana móra eile na Gaeilge, daoine cosúil le Liam Ó Muirthile, Máire Mhac an tSaoi, Gabriel Rosenstock, Máirtín Ó Direáin, Breandán Ó Buachalla agus eile, a fhágáil go dtí lá éigin eile.

42 43 44 45

‘Cadhan Aonair; Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain’, Comhar, Feabhra 1988 ‘Cadhan Aonair; Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain’, Comhar, Feabhra 1988: 30 ‘Tíogair Ocracha Shantacha’, Comhar, Deireadh Fómhair 1998 ‘Michael D. Higgins’, Comhar, Meitheamh 2007

28


Tá Comhar ar an bhfód anois le seachtó bliain anuas agus is ábhar mór ceiliúrtha é seo don iris agus do lucht a stiúrtha gan aon amhras. Tá Comhar athraithe le himeacht ama cinnte ach is dócha nach n-athróidh aidhm na hirise go deo. Is iris liteartha í a bhfuil sé mar aidhm aici ábhar léitheoireachta a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí na cruinne. D’éirigh le Comhar é seo a dhéanamh ón gcéad eagrán i leith agus is geal í an todhchaí don iris liteartha seo. Mothaím anois ar nós Mháirtín Uí Chadhain i ndiaidh dó ‘Do Na Fíréin’ a scríobh: ‘tá mo chosa nite, mo leac lite agus tá sé in am agam a dhul a cholla’.46 Oíche mhaith a chairde.

LEABHARLIOSTA De Bhaldraithe, T. 1974. 'Litreacha Géibheannaigh', Comhar, Feabhra 1974. Denvir, G. 1989. 'Nótaí ón Imeall', Comhar, Meitheamh 1989. Higgins, Michael D. 2007. 'Micheal D Higgins, Lucht Oibre, Gaillimh Thiar' , Comhar, Meitheamh 2007. Mac Cába, A. 1988. 'Tíogair Ocracha Shantacha', Comhar, Deireadh Fómhair 1988. Ní Annracháin, M. 1988. 'Cadhan Aonair: Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain le Gearóid Denvir', Comhar, Feabhra 1988. Ní Dhomhnaill, N. 1969. 'Muirmhachnamh', Comhar, Meán Fómhair 1967. - 1986. 'Caoineadh Airt Uí Laoghaire', Comhar, Eanáir 1986. - 1986. 'Ar an Ardan', Comhar, Meán Fómhair 1986. - 1991. 'Feis', Comhar, Meán Fómhair 1991. - 2004. 'Neacha neamhbheo agus nithe nach bhfuil ann', Comhar, Feabhra-Aibreán 2004. Ní Fhoghlú, S. 1991. 'Feis', Comhar, Meán Fómhair 1991. Ó Cadhain, M. 1955. 'Cé an t-údar go ndéanfaí an Ghaeltacht a éigniú isteach i mbailte?', Comhar, Feabhra 1955.

-

1962. 'Do na Fíréin', Comhar, Márta 1962. 1973. 'Conradh na Gaeilge agus an Litríocht', Comhar Eanair/Feabhra 1973.

Ó Direáin, M. 1977. 'Seán Ó Ríordáin, an Fear agus an File', Comhar, Bealtaine 1977. Ó Doibhlin, B. 1971. 'Agóid Dheireanach Mháirtín Ó Cadhain', Comhar, Feabhra 1971. 46

‘Do na Fíréin’, Comhar, Márta 1962: 26

29


Ó Floinn, T. 2004. 'Sappho a thuirling ag geataí na Glóire', Comhar, Samhain 2004. Ó Ríordán, S. 1967. 'Sleachta Fáin as Dialann', Comhar, Bealtaine 1967. - 1987. 'Comhfhreagras agus Conspóid', Comhar, Feabhra 1987. Ó Tuama, S. 1977. 'Filíocht Sheáin Uí Ríordáin', Comhar, Bealtaine 1977. Stokes, P agus Ní Shé, F. (2007) 'Filíocht Sheáin Uí Ríordáin i gComhar', Comhar, Deireadh Fómhair 2007. www.ainm.ie, (Aimsithe 03/01/12)

30


Macallaí an Traidisiúin ar Dhán Comhaimseartha le Shane Ó Ruairc (Bhí an aiste seo mar chuid de chnuasach aistí acadúla, scríofa ag Shane Ó Ruairc, a bhuaigh Bonn ‘Uan Uladh’ i 2010)

Tá macallaí an traidisiúin le rianú go láidir i gceann de mhórdhánta Sheáin Uí Ríordáin, Adhlacadh Mo Mháthar, dán a scríobhadh in ómós dá mháthair. Ba é cúram Uí Ríordáin i leith na filíochta, dar le Frank O’Brien, ná, 'labhairt faoi mhothúcháin agus faoi choinsias an duine aonair', agus is cinnte go bhfuil éirithe leis an Ríordánach amhlaidh a dhéanamh i gcaitheamh an dáin seo.1 I dteannta na dtréithe áirithe sin, tá éirithe leis an Ríordánach macallaí láidre de chuid na ndánta traidisiúnta a shníomh isteach sa dán Adhlacadh Mo Mháthar, go comhfhiosach i dtuairim an scríbhneora seo, ach cuireann sé a mhúnla féin orthu. I measc na macallaí seo, áirítear téamaí éagsúla an laochais, an nádúir, an tsaoil eile, agus an ghrá. Ar an mbonn sin, déanfar mionchíoradh ar na téamaí éagsúla seo ina gceann agus ina gceann agus luafar na háiteanna ina mbíonn téamaí Adhlacadh Mo Mháthar comhthreomhar le téamaí na ndánta traidisiúnta. I ndeireadh báire, cuirfear conclúid faoi bhráid an léitheora, conclúid a dhéanfaidh achoimre ghearr ar a bhfuil scríofa go nuige sin san aiste agus a chuirfidh críoch chuimsitheach leis an bpáipéar. I dtús báire, tugaimis aghaidh ar théama an laochais, mórthéama na ndánta traidisiúnta. Pléann an Ríordánach an laochas go mion in Adhlacadh Mo Mháthar ach casann sé an nóisean den laochas bun os cionn ábhairín. Ní hí an tseantuiscint ar laochas an ní a chuirtear os ár gcomhair. Murab ionann agus na dánta traidisiúnta, áit a mbíodh fir cuid mhaith den am, a gcumas seilge agus troda agus a gcuid fearúlachta á moladh i measc nithe eile, is bean agus gnáthchúraimí na máthar maithe ach go háirithe atá ina n-ábhair mholta ag an bhfile sa dán seo: 'Do chuimhníos ar an láimh a dhein an scríbhinn… Lámh a thál riamh cneastacht seana-Bhíobla, Lámh a bhí mar bhalsam is tú tinn';

'Gile bainne ag sreangtheitheadh as na cíochaibh'; 'Cuimhne na mná a d’iompair mé trí ráithe ina broinn.'2

1 2

O’Brien, F. 1968. Filíocht Ghaeilge na linne seo: staidéar criticiúil. Baile Átha Cliath: 301 Ó Ríordáin, S. 1952. Eireaball Spideoige. Baile Átha Cliath: 56

31


Molann Ó Ríordáin cneastacht, féile grástúlacht, 'máithriúlacht, neamhurchóid, agus beannaitheacht', a mháthar agus samhlaíonn sé laochas thar na bearta a bheith bainteach leis na tréithe thuasluaite.3 Tréith lárnach eile de chuid na ndánta traidisiúnta a dtagraíonn an Ríordánach di agus a bhfuil baint aici leis an laochas is ea an dúlra. Shamhlaítí go mbíodh an laoch agus an dúlra, agus an aimsir mar chuid de sin, i dtiúin lena chéile, agus gur fhrithchaitheamh den laoch an dúlra. Chuige sin, is é an léiriú a thugann Ó Ríordáin dúinn ar an tréith áirithe seo ná an chaoi a bhfreagraíonn an dúlra do bhás a mháthar. Tá an reilig breac le sneachta lá a hadhlactha, íomhá láidir de chomhbhrón an nádúir leis an bhfile: Den úllghort deineadh reilig bhán cois abhann, Is i lár na balbh-bháine i mo thimpeall, Do liúigh os ard sa tsneachta an dúpholl.4 Tá an dúlra faoi bhrón dála an Ríordánaigh. Tá an fhianaise seo ag teacht leis an méid atá nochtaithe ag an Ollamh Máire Ní Annracháin i dtaobh théama na talún, arbh í cuid den dúlra í, i dtéarmaí traidisiúnta, go raibh sí, 'ina fásach má bhí locht ar an gceannaire cóir nó má bhásaigh sé'.5 Cúisíonn bás mháthair an fhile fásach seo an gheimhridh, an tráth sin bliana a mbíonn ganntanas fáis agus beochta ann, de réir an Ríordánaigh. Ag cloí ar feadh scathaimh leis an téama seo den nádúr agus den laoch a bheith ag réiteach lena chéile, baineann an file úsáid as sampla éifeachtach na spideoige, éan beannaithe de réir an bhéaloidis, chun gean agus cion an nádúir ar a mháthair laochta a chur ina luí orainn: Nuair a d'eitil tríd an gciúnas bán go míonla Spideog a bhí gan mhearbhall gan scáth:

Agus d'fhan os cionn na huaighe fé mar go mb'eol di Go raibh an toisc a thug í ceilte ar chách Ach an té a bhí ag feitheamh ins an gcomhrainn, Is do rinneas éad fén gcaidreamh neamhghnách.6 Is léiriú ríchumhachtach í seo ar an ngaol traidisiúnta a bhíodh idir an laoch agus an nádúr, seantuiscint a mbaineann Ó Ríordáin úsáid aisti ach ar a gcuireann sé a chruth nua-aoiseach féin.

3

Ó Tuama, S. 1975. Seán Ó Ríordáin: Saothar an fhile. Baile Átha Cliath: 10 Ó Ríordáin, Eireaball Spideoige: 56 5 Ní Annracháin, M. 2001. 'Seanphoirt, Gléas Úr: Athnuachan an Traidisiúin Liteartha sa Ghaeilge san Fhichiú hAois', in Ó hUiginn, R. (eag.), 2001. Léachtaí Cholm Cille XXXI. Maigh Nuad: 2 6 Ó Ríordáin, Eireaball Spideoige: 57 4

32


Ceangal mór eile a d’féadfaí a nascadh idir Adhlacadh Mo Mháthar agus na dánta traidisiúnta is ea téama an tsaoil eile nó an bháis. Thagraítí go rialta don saol eile sna haislingí, Uirchill an Chreagáin le hArt Mac Cumhaidh, mar shampla, (dán a cumadh san ochtú haois déag), agus sna dánta grá ar aon. Is amhlaidh atá i mórshaothar an Ríordánaigh. Cuirtear tagairtí don saol eile os ár gcomhair agus is faoi anáil na Críostaíochta a thagraítear dó, creideamh a mbíodh deacrachtaí ag an Ríordánach dul i ngleic leis. Baineann an file úsáid as focail Chríostúla chun an saol eile a chur faoinár mbráid. Cruthaíonn focail cosúil le 'reilig', 'comhrainn', 'abhlainn', 'altóir', 'Bíobla', 'céad chomaoin', agus 'uaigh' íomhánna éagsúla a nasctar an Chríostaíocht go smior leo.7 In ainneoin ainchreideamh Sheáin Uí Ríordáin féin, ní bhíonn aon drogall air siombailí agus foclóir na Críostaíochta a úsáid d'fhonn bás a mháthar a nascadh leis an saol eile. Arís eile, is in eiseamláir seo an bháis agus an tsaoil eile a fheiceann muid macalla an traidisiúin ar shaothar filíochta nua-aimseartha. Macalla traidisiúnta eile a bhfuil a rian le sonrú i saothar Uí Ríordáin is ea gné dhifriúil den saol eile. Dearbhaíonn an tOllamh Máire Ní Annracháin gur 'minic an saol eile ina mheafar don intinn shuaite: an galar dubhach, an mheabhair chaillte, an chiall mhearaithe' go traidisiúnta.8 Níl mórán amhrais faoi ach go bhfuil an ghné áirithe sin den traidisiún le rianú in Adhlacadh Mo Mháthar. Ón méid eolais atá againn i leith shaol Uí Ríordáin, is eol dúinn go mbíodh sé faoi scamaill mhóra dhorcha an dubhachais agus an bathos go tráthrialta i gcaitheamh a shaoil agus go mbíodh tionchar ag an ngalar dubhach sin ar a chuid filíochta, ar ndóigh.9 Is cosúil, ag am chumtha an dáin, go raibh an galar dubhach i mbarr a réime in intinn Sheáin Uí Ríordáin. Tá comharthaí an ghalair dhubhaigh le feiscint i gcodanna éagsúla den dán. Taispeántar an ghné sin i línta dá leithéid seo: Pian bhinibeach ag dealgadh mo chléibhse, Do bhrúigh amach gach focal díobh a dheoir féin agus i ndeireadh an dáin: ‘Ba mhaith liom triall go deireadh lae go brónach’, gur chúisigh bás a mháthar babhta dubhachais ann.10 Sa chás seo cé nach meafar den intinn shuaite nó den ghalar dubhach an saol eile go baileach ach cúis níos litriúla ar theacht an ghalair dhubhaigh, is léir mar sin féin go bhfréamhaíonn cuid mhaith de thuairimí an fhile i dtaobh an tsaoil eile ón tseantuiscint thraidisiúnta a bhíodh ann ar an mbás, ar an saol eile agus ar neamh. Macalla eile de na dánta traidisiúnta a bhfuil a rian le sonrú in Adhlacadh Mo Mháthar is ea an grá. Grá máithriúil atá i gceist anseo seachas grá a bhfuil bonn collaíochta ag gabháil leis, mar a bhíodh den chuid is mó sna dánta grá: 'Lámh a thál riamh cneastacht seana-Bhíobla'.11 7

Ó Ríordáin, Eireaball Spideoige: 56-59 Ní Annracháin, 'Seanphoirt, Gléas Úr': 8 9 Ó Tuama, S. 1985. Repossesions: Selected Essays on the Irish Literary Heritage. Corcaigh: 13 10 Ó Ríordáin, Eireaball Spideoige: 59 11 Ó Ríordáin, Eireaball Spideoige: 59 8

33


Tá grá soineanta á léiriú ag an bhfile dá mháthair, grá atá saor ar fad ón gcollaíocht agus ó áilleacht chorpartha na mná. D'fhéadfaí a rá gur grá domhain é seo a théann i bhfad níos sia ná gnáthghaol a bhíonn idir mac agus máthair. Grá gan smál, gan teorainn is ea é. Mar fhocal scoir, dán thar a bheith nua-aoiseach agus suntasach is ea Adhlacadh Mo Mháthar. Go deimhin, dearbhaíonn Seán Ó Tuama gur chruthaigh an dán seo 'frisson' nua i bhfilíocht na Gaeilge.12 In ainneoin a úire agus a nua-aimsearthachta áfach, tugtar macallaí láidre an traidisiúin faoi deara ar an saothar seo. Ní leasc leis an Ríordánach an laochas, an dúlra, agus an grá a phlé, téamaí a bhfuil tábhacht idir shean agus nua bainteach leo. Sa tslí sin, is é Adhlacadh Mo Mháthar is fearr agus is cuimsithí a léiríonn dúinn an tionchar a bhíonn, ar uairibh, ag an traidisiúnachas ar an bhfilíocht chomhaimseartha.

LEABHARLIOSTA

Ní Annracháin, Máire. 2001. 'Seanphoirt, Gléas Úr: Athnuachan an Traidisiúin Liteartha sa Ghaeilge san Fhichiú hAois' in Ó hUiginn, Ruairí. 2001. Léachtaí Cholm Cille XXXI. Maigh Nuad, lgh. 110-127. O'Brien, Frank. 1968. Filíocht Ghaeilge na Linne Seo: staidéar criticiúil. Baile Átha Cliath. Ó Ríordáin, Seán. 1952. Eireaball Spideoige. Baile Átha Cliath. Ó Tuama, Seán. 1995. Repossesions: Selected Essays on the Irish Literary Heritage. Corcaigh. - 1975. Seán Ó Ríordáin: Saothar an fhile. Baile Átha Cliath.

12

Ó Tuama, Repossesions: 13

34


Íomhá na féiniúlachta Éireannaí mar a léirítear í i Mise Éire le Claudia Sabato (Bhí an aiste seo mar chuid de chnuasach aistí acadúla, scríofa ag Claudia Sabato, a bhuaigh Bonn ‘Uan Uladh’ i 2011) ‘Documentaries fulfil a social and political purpose, and often play a role in the political process as information, promotion or propaganda’.1 San aiste seo, pléifear íomhá na féiniúlachta mar a léirítear í sa scannán actuel, Mise Éire, ag díriú ar chúlra, ábhar, íomhánna, agus ar theicnící fuaime. Ríomhann an scannán faisnéise seo turas na tíre ó chúng na daoirse, faoi smacht Shasana, go dtí buaic chaithréimeach na saoirse polaitiúla i 1918 tar éis Éirí Amach na Cásca 1916. Níl aon amahras ach gur céiliúradh é Mise Éire ar fhéiniúlacht agus ar neamhspleáchas na tíre seo. Feidhmíonn Mise Éire chun an íomhá náisiúnaíoch sin a léiriú agus a athdhaingniú ag leibhéal sóisialta agus polaitiúil trí éacht na tíre seo, is é sin, saoirse pholaitiúil a bhaint amach ó dhaorsmacht Shasana, a cheiliúradh. Maidir le ról an scannáin fhaisnéise, tagraíonn O’Brien thuas do thuairim Nichols i leith chumhacht mhúnlaitheach an scannáin dhoiciméadaigh: ‘A documentary provides an articulation, on some level, of the approach to truth and fact at the time of its making.’2 Is éard atá sa scannán seo más ea, ná dearcadh ar ‘fhírinne’ agus ‘réaltacht’ na féiniúlachta Éireannaí, mar ba léir do lucht a stiúrtha í ag am a chumtha i 1959: ‘The raw footage had been shaped into its ‘rightful pattern’ and found perfect expression in the romantic nationalism of the period.’3 Sa chomhthéacs seo, is ríspéisiúil an tagairt don scannán i gclár Fhéile na Scannánaíochta i gCorcaigh i 1959, áit ar seoladh é don chéad uair. Maítear sa chlár gurb í gaisce Mise Éire ná go gcinntíonn agus go leathnaíonn an ‘visual record’ seo stair scríofa na tíre ‘in a way that is unique’. 4 Tá sé tráthúil freisin gur seoladh Mise Éire i 1959 nuair a bhí Éamon De Valera, duine de ghlúin 1916, éirithe as a chúram mar Thaoiseach. Ag leibhéal polaitiúil agus sóisialta, d’fheidhmigh an scannán chun compord agus cinnteacht an leanúnachais staire agus meoin a thabhairt do mhuintir na hÉireann, tráth a raibh Seán Lemass tofa mar cheannaire nua ar an tír lena chuid polasaithe nua eacnamaíochta. Cé gur i gcomhthéacs rathúlacht na scannán mór de chuid Hollywood atá Ó Marcaigh ag tagairt, is léir gur úsáideach a bhfuil le rá aige futhú i gcomhthéacs Mise Éire freisin: ‘Imoibriú atá i gceist idir an scannán, na bolscairí, an pobal mór agus fiú an tráth den bhliain.’5 I gcás Mise Éire, bhí gné shuntasach eile le cur san áireamh. Ba í Gael Linn, eagraíocht Ghaeilge a ghlac mar chúram úsáid na Gaeilge a chur chun cinn trí mheán na meán cumarsáide, a rinne urraíocht ar an scannán seo agus ar an scannán leantach Saoirse 1

O’Brien, H. 2004. The Real Ireland. The Evolution of Ireland in documentary film. Manchester: 103 O’Brien, The Real Ireland: 103 3 O’Brien, The Real Ireland: 118 4 O’Brien, The Real Ireland: 106 5 Ó Marcaigh, Fiachra. 1981: ‘Scannáin’, Comhar, Samhain 1981, Baile Átha Cliath: 16 2

35


(1961). Tháinig coinníoll daingean leis an airgead, is é sin, nach mbeadh fotheidil i mBéarla ceadaithe. Pléann Martin McLoone coinníoll seo na Gaeilge i dtéarmaí ‘cultural imperialism’ agus cé go raibh an scannán rathúil, áitíonn sé gur chuir éiginnteacht na Gaeilge ann srian láidir ar a rathúlacht i Sasana agus i Meiriceá.6 Maidir le cúlra Mise Éire, bhí Gael Linn gafa le scannánaíocht cheana féin ó thosaigh Colm Ó Laoghaire ag eisiú sraith doiciméad, trí nóiméad ar fhad, faoin teideal Amharc Éireann i 1956. Ba ar son chúis na teanga, dár ndóigh, a rinneadh na scannáin seo chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar mhodh nádúrtha cumarsáide. D’éirigh go seoigh leo, go háirithe nuair a d’úsáid Rank Film Distributors iad mar mhíreanna breise dá chuid nuachtscannán féin sna pictiúrlanna ag an am. Ach is féidir a mhaíomh gur cuireadh tús leis an scannán faisnéise stairiúil i 1959 nuair a eisíodh Mise Éire faoi stiúir Sheoirse Mhic Ghiolla Mháire (George Morrison). Ríomhann an scannán seo éabhlóid an stáit nua-aimseartha trí thréimhse Éirí Amach 1916 anuas go dtí 1918, nuair a d’éirigh le páirtí Sinn Féin ‘saoirse’ pholaitiúil a bhaint amach trí 73 as 105 suíochána bhuachan san olltoghchán. Is léir freisin nár ‘fhás aon oíche’ an cur chuige ná úsáid na bhfoinsí seo ag Morrison, agus an scannán seo á chur le chéile aige. Mar a léirítear sa tiomsú ag tús an scannáin féin, bhain sé feidhm as nuachtáin, sleachta as doiciméid oifigiúla, nuachtscannáin agus rogha Tomás P. Neill de ghrianghraif chartlainne ón tréimhse 1896-1918. Bhí sinsear idirnáisiúnta ag Mise Éire, mar a léirigh O’Brien, sa scannán faisnéise Rúiseach, Fall of the Romanov Dynasty a eisíodh i 1927 faoi stiúir Esfir Shub.7 Céiliúradh ar thitim an tSáir agus ar éabhlóid an tsóisialachais a bhí sa scannán seo. Ba é an scannán Ceanadach, City of Gold, a léiríodh ag Féile Scannánaíochta Chorcaí i 1957, an dara eiseamláir a tháinig roimh Mise Éire.8 Bhí an dara scannán seo bunaithe ar ghrianghraif de mhianadóirí óir i gCeanada. Tá an scannán Éireannach faoi chomaoin aige seo dá theicnicí ‘aththógálacha’ nó ‘reconstructive techniques’: ‘It [City of Gold] was considered the pioneer in this form of historical reconstruction.’9 Tagraíonn Colm Ó Laoghaire do stíl doiciméadeach na scannán in Éirinn i 1957, agus dearbhaíonn sé go bhfuil siad i bhfad níos giorra don stíl Eorpach seachas don stíl Shasanach, sa mhéid is go n-oibríonn siad ag leibhéal mothaíoch, seachas ag leibhéal an réasúin. Sa chomhthéacs seo, luann sé úsáid coinbhinsiúin reacaireachta, dramatúla mar theicníc. Sa scannán Mise Éire, baintear feidhm shár-éifeachtach as reacaireacht chorraitheach Phádraig Uí Raghallaigh agus Liam Bhudhlaeir faoi seach, ó script Sheáin Mhic Réamoinn, mar áis chun an pobal a chorrú go mothaíoch. Tugtar tráchtaireacht bheo bheathach, fhileata, liteartha, ar a bhfuil ar an scáileán romhainn, agus níl dabht ar bith cá luíonn a claonadh. Taobh le híomhá de Dhealbh na Cirte i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, mar shampla, deir sé faoi dhó go bhfuil ‘a cúl le pobal na hÉireann agus a haghaidh le fear ionaid an rí’. 10 Ag 6

McLoone, Martin. 2000. Irish Film. The Emergence of a Contemporary Cinema. London: 16 O’Brien, The Real Ireland: 107 8 O’Brien, The Real Ireland: 108 9 O’Brien, The Real Ireland: 109 10 Ráiteas ón scannán Mise Éire. Ba é Lord Aberdeen fear ionaid an rí ag an am. 7

36


sochraid Uí Dhonabháin Rossa, labhraíonn an reacaire go corraitheach fileata ag rá: ‘Caointear an laoch mar is cuí ... an gaiscíoch...’11 Is íomhánna liteartha iad seo atá inchurtha i meon an phobail le línte ón dán caointe Mo Ghille Mear ag tagairt do thnúthán na nÉireannach i gcabhair na Stíobhartach san ochtú haois déag. Féach cé chomh fileata, Bíobalta fiú, is atá an íomhá seo a leanas: ‘Ba é Ó Donabhán a dhein an síolchur agus is iad a bhainfeadh an fómhar.’ Nuair a ghabhtar ceannairí Éirí Amach na Cásca 1916, feictear ollscrios na cathrach ar an scáileán. Tá ceol brónach, léanmhar le cloisteáil agus arís, tráchtaireacht mhothaíoch Mhic Réamoinn: ‘suaithe meoin agus céasadh anama.’ Leanann athrá sár-éifeachtach an méid seo, nuair a thagair sé do thriail cuairte na bpríosúnach: ‘Cinniúint na dTaoiseach á shocrú. Cad ‘tá i ndán dóibh? Cad ‘tá i ndán dóibh?’ Baintear feidhm fhíorchumasach, fhíorchliste freisin as an amhrán polaitiúil Óró, ‘Sé do Bheatha ‘Bhaile sa scannán nuair a scaoiltear an Chuntaois Markievicz saor ón bpríosún. Ar fhilleadh abhaile di, bhí ‘na mílte is na mílte ag fearadh fáilte roimpí’. Cantar chomh maith ‘Tá Gráinne Mhaoil ag teacht thar sáile’ a chuirfidh ‘ruaig ar Ghallaibh’. Nuair a thógann De Valera, Ó Griofa, agus an Pluincéideach an bua leo i dtoghcháin i gCo. an Chláir i 1917, feictear fileatacht na tráchtaireachta arís: ‘Tá crann na saoirse ag bláthú arís agus a fhréamhacha go domhain sa talamh.’12 I gcomhthéacs an ábhair féin, tá an scannán roinnte ina thrí chuid: ‘Múscailt’- cúlra an Éirí Amach; ‘Éirí Amach’- an tÉirí Amach féin; agus ‘Fáinne an Lae’ (Breacadh an Lae), a chlúdaíonn an tréimhse idir 1916 agus an toghchán ginearálta i 1918. Tosaíonn an scannán le samplaí de mhian an phobail ‘a stair a léiriú, rian a láimhe a fhágáil ina dhiaidh’ agus taispeántar rian láimhe sa chloch agus ansin dearadh ó thréimhse ‘La Tene’ sa phluais. Deir an tráchtaire go raibh ‘iarracht ar an eachtra stairiúil a léiriú mar a tharla sé’. Taispeántar pictiúir de thaoiseach úr á choisriceadh agus níos moille, d’Ionsaí Chaisleán Inis Ceathlainne agus de Chath na Bóinne. Léirítear uafás an phobail ag dícheannú Roibeáird Emmett. Tagraítear ansin don athrú mór a tháinig ar ‘stair na bpictiúirí agus ar phictiúirí na staire’ leis an ngléas nua-thagtha ar an bhfód: an ceamara. Tugtar grianghraif ansin de chathair Chorcaigh i 1845, ‘an chéad ghrianghraf Éireannach’ a fuair siad in iarsmalann Kodak i Sasana.13 Is fíor-shuntasach an nasc a tharraingítear le luath-fhoinsí staire na sochaí sa sciurd tapadh stairiúil seo, amhail is go ndeimhnítear gur iarracht a linne é an scannán seo, Mise Éire, ar chuntas staire níos cruinne a chur os comhair an phobail le gléasanna a linne. Dar ndóigh, is spéisiúil freisin rogha na n-imeachtaí staire a chuirtear os ár gcomhair san ‘atógáil’ stairiúil seo: Cogadh na Talún, agus sceimhle na n-íobartach Éireannach roimh na fórsaí Gallda; Éirí Amach na mBórach san Afraic Theas; agus forlámhas na nGall thall. Is soiléir cá luíonn bá an tráchtaire: ‘Ruathar caithréimeach fórsaí Shasana i bhfearann, de cheart na mBórach.’14 Tá teachtaireacht pholaitiúil cheiliúrach an scannáin Mise Éire le sonrú go soiléir anseo. Seo poblacht óg eile ar imeall na hImpireachta a d’éirigh amach i gcoinne na 11

Mise Éire Mise Éire 13 Mise Éire 14 Mise Éire 12

37


nGall. Níor éirigh leo, agus mar sin, nach mór an gaisce dúinne an tsaoirse pholaitiúil a d’éirigh linne a bhaint amach anseo in Éirinn! Tagraítear go minic freisin do Mhaud Gonne mar ‘spéirbhean’ agus Inghinidhe na hÉireann á spreagadh aici. Ríomhtar stair an chéid nua; an Athbheochan liteartha; réabhlóid na n-oibrithe ar shráideanna Bhaile Átha Cliath; bunú Arm Cathartha na hÉireann agus Óglaigh na hÉireann i 1913; agus lasta luachmhar na ngunnaí ó Hamburg. Pléitear ansin na socruithe um Fhéin Rialú atá curtha ar athló ó thuaidh agus ó dheas. Tar éis feachtais earcaíochta Airm Shasana don Chéad Chogadh Domhanda, cloistear amhrán an tsaighdiúra, It’s a Long Way to Tipperary, le tionlacan ceoil agus feictear nuachtscannán de na saighdiúir sna trinsí. Anseo in Éirinn, bhí na hÓglaigh ag traenáil. Is díol spéise an léiriú ar mhaithe agus ar mhóruaisle na cathrach, atá gléasta go galánta ag siúl na cathrach maidin Luan Cásca, iad aineolach ar Éirí Amach na nÓglach, a thit amach tríocha nóiméad níos déanaí ag Ard-Oifig an Phoist. Díríonn an ceamara ansin ar Fhorógra na Poblachta agus a shínitheoirí, an fhad is atá ceol láidir, caithréimeach á sheinm le ciombail. Taispeántar foirgnimh na cathrach atá scriosta. Sílim go bhfuil feidhm sár-éifeachtach na scannánaíochta le feiceáil sa chros-ghearradh ó ghrianghraif na gceannairí daortha chun báis, go ceamara, agus as sin go ceannlínte nuachtáin: ‘Rebel Leaders Shot’. Tugtar radharc taobh amuigh den phríosún agus an ceamara dírithe ar na barraí iarrainn ar na fuinneoga. Ansin, tá gearr-amharc ar dhoras liath na cille agus ar pholl na heochrach i gCarcair Chill Mhaighneann. Tá cros-ghearradh le feiceáil ansin, ó radharc Ard-Oifig an Phoist go grianghraif gach ceannaire faoi seach agus fuaim urchair á scaoileadh ag an lucht lámhaigh. Dár ndóigh, tá ceol Uí Riada le cloisteáil, le fuaim na ndrumaí míleata ag méadú ar uafás na hócáide. Maidir leis na híomhánna sa scannán, tá dhá mhórghrúpa ann: cinn a bhaineann leis an tírdhreach agus an fharraige ach go háirithe, agus íomhánna agus siombailí polaitiúla. Roimh an scannán féin, tá radharc álainn de na haillte arda agus na tonnta thíos fúthu. Seasann íomhá an chósta agus na farraige anseo do neamhspleáchas na tíre mar oileán mara. Osclaíonn an scannán féin le híomhá pholaitiúil na saoirse – Brat na hÉireann agus Irish Republic scríofa i gceannlitreacha air. Úsáidtear íomhá de Bhrat na hÉireann ag foluain arís ag deireadh an scannáin nuair a bhuann Sinn Féin an t-olltoghchán i 1918: ‘Ba dhearbhú dúshlánach é ar cheart na bhfear a fuair bás i 1916.’15 Feictear íomhá pholaitiúil eile ag tús an chéid mhír den scannán, ‘Múscailt’. Is íomhá den chláirseach Éireannach í, siombail náisiúnta na tíre seo, agus coróin, a sheasann do chumhacht na Breataine, os a cionn. Is cosúil gurbh ó bharr gheata Chaisleán Bhaile Átha Cliath iad seo. Ansin díreach, gearrtar go híomhá álainn de rian na gcos ar an ngaineamh agus an taoide ag teacht isteach dá ghlanadh. Dár ndóigh, tá léamh láidir siombalach anseo ar rian chumhacht na Breataine sa tír seo á chealú trí shaoirse pholaitiúil a bhaint amach, mar a dhearbhaíonn O’Brien.16 Is íomhánna tábhachtacha eile ag leibhéal siombalach iad láithreacha an Éirí Amach, agus claochlú siombalach tagtha orthu ó shiombalacha Gallda go hionaid thírghráthacha: Ard15 16

Gael Linn. 2006. Leabhrán ar an scannán Mise Éire. Baile Átha Cliath: 7 O’Brien, The Real Ireland: 110

38


Oifig an Phoist, na Ceithre Chúirt agus Muilinn Uí Bheoláin. Dár ndóigh, tá na híomhánna seo torrach le siombalachas náisiúnaíoch anois do lucht a bhfeicthe. Mar a áitíonn O’Brien: ‘the Irish State had now apparently unproblematically appropriated these places as icons of its own ascendance.’17 Baintear feidhm shár-chumasach as Dealbh na Cirte i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus as Colún Nelson ar Shráid Uí Chonaill, tar éis bhriseadh na nÓglach chun cumhacht láidir Shasana a léiriú. Tá an tráchtaireacht pholaitiúil ag an bpointe seo corraitheach: ‘Nach uaigneach (an chathair) seilbhithe ag namhaid agus a chlann ar díbirt [na hÓglaigh curtha go campaí géibhinn i Sasana] ... Tá na créachta le leigheas, créachta fear agus créachta cathrach.’18Ó thaobh éide de, sheas éide mhíleata Shasanach do chumhacht na Breataine anseo. Ach is rí-spéisiúil go raibh Óglaigh na hÉireann faoi éide nuair a bhí siad ar gharda ag sochraid Thomáis Áis i 1917, agus go raibh a chorp féin in éide Airm na bhFíniní agus é á thórramh i Halla na Cathrach. Seasamh comhfhiosach, polaitiúil i gcoinne Shasana a bhí i gceist anseo, gan amhras. Ag tús an dara mír den scannán a bhaineann leis an Éirí Amach féin, tá seat teann d’aghaidh laoich (ó dhealbh Chú Chulainn, b’fhéidir), ag fógairt ábhar na coda sin de Mise Éire. B’ionann grianghraif de cheannairí an Éirí Amach a thaispeáint ar an scáileán agus adhradh mairtíreach an Éirí Amach a mhúscailt leis an idé-eolaíocht náisiúnaíoch a bhí fós coitianta i 1959. Tagraíonn McLoone don ghné seo nuair a mhaíonn sé: ‘The films are of their time, in terms of their fairly uncritical nationalist sentiment.’19 Ag deireadh an scannáin, feictear an taoide rabharta, agus tonnta arda ag briseadh go glórach i gcoinne na trá, léiriú glé go bhfuil fuinneamh agus meanma ag an tír athuair, tar éis bhua caithréimeach Shinn Féin san olltoghchán. Tagraíonn McLoone do thábhacht an tírdhreacha anseo freisin: Landscape is loaded with political and ideological significance in Ireland ... landscape is the chosen environment for nationalist Ireland’s own self-image, the residue of all that is perceived as pure and essential in Irish identity.20 Sa chomhthéacs seo, tarraingíonn sé ár suntas freisin ar ‘easpa na cathrach’ mar íomhá, i bhfábhar na suíomhanna tuatha sa chultúr náisiúnaíoch (taobh amuigh d’úsáid na cathrach mar láthair don Éirí Amach). Ag díriú ar na teicnící fuaime ansin, tagrófar anseo d’úsáid an dá reacaire, d’fhuaimeanna na nuachtscannán atá úsáidte ag Morrison, agus thar aon ní eile, do scór ceoil iontach Uí Riada. Mar a pléadh níos túisce, tá ról tábhachtach ag guth an reacaire sa scannán seo. Thairis sin, tá fuaimeanna réadúla pháirc an chatha agus mháirseáil na saighdiúirí i gcás Chogadh na mBórach agus an Chéad Chogadh Domhanda le cloisteáil ó na nuachtscannáin. I leith Chogadh na mBórach, cuirtear in iúl sa leabhrán a d’eisigh Gael Linn leis an scannán i 2006 gur nuachtscannán é atá mar ‘chéad shampla den scannán agus é ina fhoinse staire.’ 21 Le linn an Éirí Amach, cloistear fuaimeanna na troda, na ngunnaí, na bpléascthaí, agus orduithe na saighdiúirí. Spéisiúil go maith, is ó Fhórsaí na Breataine na nuachtscannáin seo, agus ó chorrphíosa a glacadh faoi cheilt toisc go raibh cosc ar na hÉireannaigh an tÉirí Amach a 17

O’Brien, The Real Ireland: 110 Mise Éire 19 McLoone, Irish Film: 17 20 McLoone, Irish Film: 18 21 Gael Linn, Leabhrán ar Mise Éire: 3 18

39


thaifeadadh. Ag 11.25 r.n., tríocha cúig nóiméad roimh ardú Bhratach na dTrí Dhath ar ArdOifig an Phoist mar chomhartha ar an Éirí Amach ag meán lae Luan Cásca a tógadh an nuachtscannán de phobal galánta ag siúl phríomhshráid na cathrach, le fuaim an tram sa chúlra, gan choinne ar bith acu lena raibh ar tí tarlú.22 Tar éis an scriosta, nuair a thosaigh lucht na cathrach ag atógáil a saoil agus a ngnó, cloistear canúint Bhaile Átha Cliath ag rá ‘Bye bye luv’, fuaim chlog na heaglaise, agus glór na ndíoltóirí nuachtán. Arís is arís eile, sna nuachtscannáin faoi fhilleadh na bpríosúnach náisiúnach agus le linn na bhfeachtas toghchánaíochta, cloistear gártha na sluaite. Pléadh cheana tábhacht an bhailéid, ‘Óró, ‘Sé do Bheatha ‘Bhaile, agus amhrán an tsaighdiúra, It’s a Long Way to Tipperary ag pointí áirithe sa scannán. Ach thar aon ní eile, is é scór ceoil Sheáin Uí Riada, le ceolfhoireann 51 phíosa, an teicníc is cumasaí sa scannán seo: ‘Seán Ó Riada’s score is again decisive in the film’s emotional effect.’23 Osclaíonn an scannán le ceol téamach Mise Éire leis na coirn agus ceol an veidhlín (nó an dordveidhlín) sa chúlra. Tar éis na gcreidiúintí, tagann na trumpaí, cnaguirlisí, an chruit, agus fliúiteanna isteach, agus buailtear na ciombail. Cloistear rith na dtéada ar an gcruit ansin chun aithris a dhéanamh ar fhuaim na dtonnta. Sroicheann an ceol buaicphointe nuair a léirítear ar an scáileán go bhfuil scannán á lódáil sa chartlann. Tá ceol na bhfliúiteanna le cloisteáil mar chúlra. Ansin, nuair a thosaíonn an reacaire, tá fuaim na bhfaoileán agus na dtonnta le cloisteáil. Ag tionlacan íomhá na gcos, tagann na cláirnéidí isteach le móitíf cheoil sceirdiúil á leanúint le bogadh na teanga ar na fliúiteanna, agus ansin na trumpaí, an xileafón, agus an dordveidhlín. Tá na coirn, scol trumpaí, agus na drumaí mar thionlacan do Chath na Bóinne atá á léiriú ar an scáileán. Baintear úsáid as rolla na ndrumaí agus ceol díshondach chun cumha na nGael cloíte a chur in iúl. Cloistear ina dhiaidh sin ceol meánaoiseach Gallda, ag sonrú go raibh an lámh in uachtar ag fórsaí na Breataine. Is ceol meánaoiseach an válsa a chloistear ar an orgán, a léiríonn cumhacht agus saol na Sasanach i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Leagtar béim éifeachtach ar an difríocht idir an dá chultúr, Gaelach agus Gallda, tríd an gceol. Tá ceol na néan suntasach ar dhá ócáid sa scannán: nuair a leagtar an teach i gCogadh na Talún agus arís nuair a thaispeántar grianghraif de cheannairí an Éirí Amach ar an scáileán. Ag pointí tábhachtacha i rith an Éirí Amach, cloistear an ceol téamach arís. Mar shampla, nuair a thagraítear do bhunadh Conradh na Gaeilge, agus arís nuair a phléitear an Piarsach agus Scoil Éanna. Nuair a luaitear Arm Cathartha na hÉireann, tá ceol na ndrumaí agus ceol máirseála le cloisteáil agus iad á dtraenáil. Le linn thraenáil na nÓglach, cloistear ceol le móitíf thraidisiúnta ar an veidhlín. Ag an Éirí Amach, tá rolla na ndrumaí agus ceol traidisiúnta le cloisteáil arís ar na píopaí uilleann. Buailtear na ciombail cúig huaire as a chéile agus ardaítear an ceol chuig buaicphointe le rolla na ndrumaí arís ag an bhForógra. Corraíonn an ceol caointe léanmhar, mothaíoch an croí agus an t-anam agus é ag tionlacan léiriú na cathrach scriosta, agus arís ag sochraid Thomáis 22 23

Gael Linn, Leabhrán ar Mise Éire: 5 O’Brien, The Real Ireland: 115

40


Áis. Cloistear an veidhlín, an xileafón, an timpani, na fliúiteanna, agus an cheolfhoireann uile anseo. Is rí-éifeachtach ceol na dtrumpaí, na gcorn, agus na dtimpani, agus ina dhiaidh sin an veidhlín, an gang, agus rolla míleatach na ndrumaí nuair a chuirtear ceannairí an Éirí Amach chun báis. Nuair a fógraítear go bhfuil deireadh leis an gCéad Chogadh Domhanda, cloistear scaoileadh na canóna, agus ansin, ag tionlacan fógairt na síochána, tá rith suas-síos ar théada na cruite ag ceiliúradh na hócáide. Ag clabhsúr an scannáin, ag ceiliúradh bua Shinn Féin san olltoghchán i 1918, cloistear fuaim láidir na gciombal ag bualadh agus feictear tonnta an rabharta taoide ag briseadh ar an trá: ‘Ba rabharta mór earraigh é i saol an náisiúin.’24 Ríomhtar gné láidir d’fhéiniúlacht neamhspleách phobal na hÉireann sa scannán seo. Ó thaobh scór ceoil de, tá gaisce iontach déanta ag Seán Ó Riada lena mheascán sainiúil de cheol traidisiúnta agus ceol clasaiceach, agus aitheantas cuí náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach aige dá réir. Scór é a thagann go foirfe leis na himeachtaí ar an scáileán agus leis an reacaireacht in aon aonad domhan-chorraitheach amháin. Cuireann an ceol go mór le híomhá na féiniúlachta Éireannaí atá á léiriú ar an scáileán, íomhá de thír atá neamhspleách ag gach uile leibhéal i 1959: fisiciúil, cultúrtha, agus polaitiúil. Náisiún é a cheiliúrann an neamhspleáchas sin sa scannán faisnéise Mise Éire.

LEABHARLIOSTA Gael Linn. 2006. Leabhrán agus scannán Mise Éire. Baile Átha Cliath. McLoone, Martin. 2000. Irish Film. The Emergence of a Contemporary Cinema. London. O’Brien, Harvey. 2004. The Real Ireland. The Evolution of Ireland in documentary film. Manchester. Ó Marcaigh, Fiachra. 1981. ‘Scannáin’, Comhar, Samhain 1981. Baile Átha Cliath.

24

Gael Linn, Leabhrán ar Mise Éire: 7

41


Sráid Fhearchair le Dáire Ó Braonáin

Daoine óga ag damhsa ‘s ag spraoi, Is cuma sa tsioc leo faoin gcoláiste agus obair. Bíonn bearta ar fáil ar Jagers, diurnáin, agus piontaí Ag tuisliú agus ag titim abhaile, Sceallóga gairleoige, cáise is curaí, Luíonn siad ar rian an Luas Caitheann siad anuas thar sean ráillí Spraoi agus craic ar Shráid Fhearchair Béiceann siad na hamhráin ar a mbealaí, Bíonn tacsaithe agus gardaí gnóthach Ach is fada an lá, tiocfaidh an tráthnóna, agus oíche aerach ‘s maidin bhrónach.


Col Ceathrar Óg Álainn - Do Dharragh le Lisa Nic An Bhreithimh Dath dubh ar do chuid gruaige, Mar a bhíodh ar do mháthair, Sular éirigh sí liath, Leis na blianta, leis an mbás, leis an gcailliúint. Níl tú mar dhuine- tá tú róbhánAch tá ar shlite eile, Duine faoi chodladh suan nach ndúiseoidh arís riamh. Ag a trí a chlog ar maidin, tá do cheol fós inár gcluasa, Do ghiotáir nach seinnfear choíche arís. Ach buailfidh tú le do laoch anois, is beidh ceol ann arís. Tá deora san aer anois, mar a bheadh drúcht ann, Caoineadh i scornacha na ndaoine agus ina súile, le blas na péine. Cá bhfuil cothrom na féinne? Cad is brí leis fiú, Agus tú scaoilte uainn, a bhuachaill beo? Cónra sa seomra suí, Áit ar thug siad ón ospidéal thú faoi chlúdach blaincéid níos lú ná scór bliain ó shin, is do shúile beaga ag oscailt don domhan úr nua. Cén fáth ar tógadh thú chomh tapa sin? Ní raibh tú ach tar éis teacht. Rinne tú do dhóthain i rith do sheala anseo le tallann is anam, ach bhí tuilleadh tuillte agat. Cé nach bhfuil mórán díobh fágtha anseo anois, Guím ort Gach sonas is suaimhneas mar atá tú, anois. 43


Uaigneas na Farraige le Séamas Ó Meachair

Gaoth thairiseach ag séideadh ar an mbád go hInis Bó Finne sagart ag dul amach lá na féile a Bhíobla ina láimhín is buidéal fíona ina phóca.

Cráite ag an uaigneas ach is glas iad na cnoic i bhfad uaidh nuair a thagann na dathanna i ndiaidh na fearthainne, báisteach na maidine dearúdta is deilf ag léimt sna dtonnta.

(Grianghraf a thógas den sagart paróiste ar an mbád fartha ón gCloigeann go hInis Bó Finne ag deireadh mhí Mheán Fómhair.)

44


Cothú le hAoife Uí Fhaoláin Luím siar le mo shúile dúnta agus airím do bhrollach taobh thiar de mo dhroim, do lámha timpeall orm. Tá muid ar nós Ádhaimh agus Éabha, mar lánúin óg go docht le chéile, ach amháin do chluasáin ón iPod, ach amháin do gheansaí Adidas, ach amháin go bhfuil muid ar eitleán ar thóir na gréine geimhridh. Osclaím mo shúile le hosna bog pléisiúrtha. D’fhéadfadh muid fanacht sa mbaile. Is tusa an ghrian a ghealann mo chroí cé go mbímse ag athrú mar na séasúir.

45


Dúlra le hOisín Mac Cinnéide

Nach n-ionann faitíos fir ‘s fathach fiaclach, ollphéist déistineach múnlaithe ag cré

Nach n-oireann gairdín gioblach do phocán gabhair, agus duilleoga órga do chrainn

I measc bachlóga ‘s fáinleoga a mhairim go síoraí i bhfáinne fí na bhfeithidí

46


An Deirfiúr is Óige le hEmma Ní Nualláin

‘Cé hé Holy God?’ arsa sise, a gruaig órga ag mealladh mo phóg ‘is í ag léim ar an trampailín. Preabann sí chugam ‘is luíonn sí in aice liom, a ceann taobh le mo cheann, a cosa taobh le mo leis. Tosaíonn sí ag pleidhcíocht le m’aghaidh, a gáire an fhuaim is ceolmhaire ar chuala mé riamh. Caitheann sí a súile fiosracha i dtreo na spéire Eitlíonn cúpla lacha tharainn ‘Cén fáth nach féidir linn eitilt cosúil leo?’ a deir sí. Éiríonn sí brónach faoi. ‘Cén fáth nár thug Holy God sciatháin dúinn? Ní bheadh orainn carranna a úsáid ansin!’ Suas léi arís is tógann sí mo lámh. Leanann sí ar aghaidh ag labhairt faoi éin, cúpla ainmhí ‘is an scannán Bambi ‘is mé ag smaoineamh faoi na sciatháin atá agam, ‘is an tslí ina mbíonn mo chroí ag eitilt gach aon nóiméad a chaithimse ina cuideachta dhraíochtúil.

47


Géarchéim Féiniúlachta na Mná Nua-Aimseartha le Méabh Ní Choileáin

Cé gur mná iad féin is mó atá bainteach leis, spreagann an earnáil irisleabhair baineannach féinscrios seachas féinmheas i measc mhná an lae inniu. Dá gcreidfeá cló glórach, neoin an tseastáin irisleabhair, bheadh an tuairim ann gur daoine leochaileacha, nimhneacha, ocracha agus go hiomlán spleách ar fhir iad mná an tsaoil. Bheadh glacadh ginearálta ann go bhfuil siad i gcónaí ar tí cliseadh néarógach, mothúchánach nó pósta agus i gcónaí ag troid i gcoinne an scála. Cheapfá go mbeadh siopadóireacht, cúlchaint, aistí bia agus conas fir a shásamh ar na clocha is mó ar a bpaidrín. Ar ndóigh, ní léiríonn na hirisleabhair seo ach an cineál saoil atá ag méid áirithe ban, ach fós féin, tarraingíonn na híomhánna a chruthaíonn siad náire faoi leith ar an ngnáthbhean chomh maith. Cé gur ar mhaithe ban a fhoilsítear na hirisleabhair seo, déanann siad ceap magaidh díobh níos mó ná rud ar bith eile. Ardaíonn leithéidí Grazia agus Cosmopolitan an cheist faoi íomhá na mban sa lá atá ann inniu. Le breis is tríocha bliain anuas, tá gluaiseacht na mban tar éis athruithe ollmhóra a bhaint amach maidir le ról na mban ach cé go bhfuil claochlú tagtha ar an stádas atá acu sa tsochaí, ní rud é seo atá sofheicthe ar leathanaigh snasta na n-irisleabhar seo. Agus ailt curtha os ár gcomhair maidir le conas fir a mhealladh nó an cúpla punt stalcach sin a chailliúint faoi dheireadh, an bhfuil an baol ann go bhfuil talamh slán á dhéanamh de na hiarrachtaí ar fad atá déanta ag glúin eile de mhná ar mhaithe le mná an lae inniu? Cén fáth go bhfuil foilsitheoirí na n-irisleabhar seo ag díriú isteach ar rudaí diúltacha faoi mhná agus á léiriú mar íospairtí agus sclábhaithe d’fhir, seachas eiseamláirí neamhspleácha agus tréitheacha? Maidir le gluaiseacht na mban in Éirinn, bunaíodh Comhairle Náisiúnta na mBan i 1973, gníomhaireacht neamhspleách a thugann tacaíocht d’eagraíochtaí agus imeachtaí bunaithe ar son ban, agus cuireadh an Coimisiún Stádas Mná ar bun i 1972- eagraíocht a rinne iarracht an pholaitíocht a chur chun cinn i measc ban. Bá í an sprioc a bhí ag an dá eagraíocht seo ná comhionannas a bhaint amach agus féin fhorbairt a spreagadh i measc ban. Theastaigh uathu a léiriú do mhná nach raibh siad teoranta don teaghlach amháin, faoi mar a léirigh cúrsaí go dtí sin. I measc na n-éachtaí ba mhó a baineadh amach, bhí an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta sa bhliain 1977; tús le saoire mháithreachais sa bhliain 1981; agus ar ndóigh, toghadh leanúnach Uachtarán baineann, ag tosú le Máire Mhic Róibín sa bhliain 1990 agus Máire Mhic Giolla Íosa sa bhliain 1997. Agus eacnamaíocht na hÉireann ag déanamh dul chun cinn ollmhór, bhí i bhfad níos mó ban amuigh ag obair agus i mbun staidéir tríú leibhéal ná mar a bhí riamh. Chomh maith leis seo, 48


agus ról na hEaglaise Caitlicí á scrúdú ag an tsochaí, bhí athruithe ag teacht ar bhrí an téarma ‘leas an phobail’ i leith ban. Go dtí seo, bhí an tuiscint ann go bhfanfadh mná sa teach, ag tabhairt aire do na páistí a fhad is a bhí a bhfir chéile amuigh ag obair. B’shin an ról a bhí acu agus an méid a chuireadar leis an tsochaí ach de réir a chéile, d’éirigh le mná an stádas íochtaránach seo a shárú. Mar thoradh ar ghluaiseacht na mban, dul chun cinn an cultúr saolta agus an fhorbairt eacnamaíochta, tá féidearthachtaí ann do mhná anois nach raibh ann riamh roimhe seo, rud atá le feiceáil i dtíortha eile de chuid an Domhain Thiar, ní hamháin in Éirinn. Mar sin, cé go bhfuil sé cruthaithe ag mná arís agus arís eile go bhfuil siad ar chomhleibhéal le fir ó thaobh cumais agus intleachta de, cén fáth nach léirítear an méid seo sna meáin, ach go háirithe sna hirisleabhair bhaineannacha? Toisc gur mná iad féin is mó atá bainteach le foilsitheoireacht irisleabhar baineannach, ba chóir go ndéanfaidís iarracht níos fearr dea-eiseamláirí baineannacha a thaispeáint, seachas leanúint leis na samplaí scriosta cráite atá ann faoi láthair. Tá tarraingt na n-irisleabhar sofheicthe; tá siad éadrom agus is slí éalú sealadach iad ó ghnéithe níos-dáiríre den saol, ach tá cumhacht acu freisin ar shaol na mban. Más rud é go bhfuil mná na glúine seo ag iarraidh go mbeadh meas orthu agus ar an ról atá acu sa tsochaí, ní mór dóibh an méid sin a chruthú ina measc féin ar dtús.

49


Bréagchúirt Uí Dhálaigh 2011 le hAnna Ní Uiginn Tá Bréagchúirt Uí Dhálaigh ar an bhfód le ceithre bliana déag anois. Is comórtas é seo a eagraíonn Gael Linn do mhic léinn tríú leibhéal atá ag déanamh staidéir ar an dlí (Óstaí an Rí agus An Cumann Dlí san áireamh). Achomharc in aghaidh bhreith cúirte a bhíonn i gceist agus bíonn sonraí an cháis ar fáil roimhré. Bíonn ar na foirne an dá thaobh den chás a ullmhú agus sna réamh-bhabhtaí déanann siad an dá thaobh a argóint ós comhair abhcóidí agus aturnaetha. Téann dhá fhoireann ar aghaidh go dtí craobh an chomórtais sa Chúirt Uachtarach. Chuir mé féin agus mo chomh-abhcóide Barra Ó Leidhin isteach ar an gcomórtas seo sa bhliain 2009 ach faraor géar, níor éirigh linn dul ró-fhada. Shocraíomar go dtiocfadh muid ar ais chun an comórtas seo a bhuachaint nuair a bheadh an bhliain Erasmus críochnaithe againn agus sin go díreach an rud a rinne muid. Bhí cás na bliana 2011 bunaithe ar chearta bunreachtúla thuismitheoirí reiligiúin a bpáistí féin a chinneadh. Mhaígh na tuismitheoirí sa chás áirithe seo nach raibh na socruithe a bhí curtha i bhfeidhm ag an mbunscoil áitiúil sásúil agus go raibh cearta bunreachtúla na clainne á gceilt dá bharr. Is abhar é seo atá thar a bheith tráthúil i láthair na huaire mar gheall ar an bhFóram um Phátrúnacht agus Iolrachas, atá tar éis tuairisc a thabhairt don Aire Oideachais, Ruairí Quinn, ar na bealaí is fearr le héagsúlacht a chur ar fáil i mbainistíocht na scoileanna sa tír. Bhí sé thar a bheith suimiúil, is muid ag dul i mbun ullmhúcháin ar an gcás seo, an dá dhearcadh éagsúil a fheiceáil. Ar thaobh na dtuismitheoirí, a bhí mar aindiachaithe diongbháilte, is léir nach bhfuil an stát in ann freastal ar riachtanais reiligiúnacha chuile pháiste. Níl dóthain scoileanna ilchreidmheacha ann sa tír agus caithfear malairt socruithe a chur i bhfeidhm dóibh siúd nach bhfuil sé de rogha acu ach freastal ar bhunscoil le héiteas reiligiúnach faoi leith. Ar thaobh na scoile, bhí sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir dualgaisí na scoile agus dualgaisí an stáit. Chun malairt socruithe a chur i bhfeidhm bheadh gá le breis airgid, rud a bhraitheann ar mhaoiniú. Mar is eol dúinn go léir, tá an dualgas ar an stat maoiniú a chur ar fáil; dá bhrí sin, ní fiú cás a thógáil in éadain na scoile. An cnámh spairne ba mhó a bhain leis an gcás áirithe seo ná raon cearta bunreachtúla na clainne oideachas agus reiligiúin a bpáistí féin a chinneadh; an gciallaíonn sé seo gur gá iad a dhíonadh go hiomlán ó thionchar reiligiúnach? Ghlacamar taobh an fhreagróra (Scoil Mhuire) sa chraobh ag maíomh go bhfuil sé do-dhéanta páiste a dhíonadh go hiomlán ó thionchar reiligiúnach i scoil Chaitliceach. Tá reiligiún ceangailte le chuile ghné den teagasc ón mbéim a leagtar ar shacraimint an Chomaoinigh go múineadh na Gaeilge (‘Dia dhuit’). Tá sé do-dhéanta iad a scagadh agus reiligiún a choimeád go leath uair a chloig in aghaidh an lae. Ar an ábhar sin, d’aighnigh muid nach féidir páiste a dhíonadh go hiomlán ó thionchar reiligiúnach ach gur gá chomh fada is gur féidir, malairt socruithe a chur i bhfeidhm don pháiste. 50


D’éirigh linn an lámh in uachtar a fháil ar Óstaí an Rí sa chraobh. An tOnórach Abbott agus an tOnórach Laffoy a bhí mar mholtóirí. Taithí den scoth a bhí ann agus muid ag labhairt ós a gcomhair in ainneoin go raibh sé ábhairín scanrúil chomh maith. Mholfainn d’aon mhac léinn dlí le Gaeilge cur isteach ar an gcomórtas seo. Is fíor annamh a fhaigheann tú an deis an Ghaeilge a úsáid agus tú ag déanamh staidéar ar an dlí. Níl mórán aturnaetha nó abhcóidí ann a bhfuil sé ar a gcumas cás a argóint nó a phlé as Gaeilge ach le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach anois, beidh gá le níos mó forbartha sa réimse seo gan dabht. Mionlach atá i gceist le pobal na Gaeilge, agus dá bhrí sin, tá sé tábhachtach aithne a chur ar a chéile. Déanann an comórtas seo úsáid na Gaeilge i saol an dlíodóra a cheiliúradh. Níor léirigh éinne níos mó díograise sa chleachtadh áirithe seo ná iar-Uachtarán na hÉireann, iar PhríomhBhreitheamh agus iar reachtaire de chuid an Chumainn Ghaelaigh CÓBÁC, Cearbhall Ó Dálaigh. Tá mé féin agus Barra fíor-bhródúil comórtas a eagraíodh ina onóir a bhuachaint agus tá súil againn go leanfaidh lucht an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ag glacadh páirte sa chomórtas amach anseo.

51


Léirmheas ar Duilleoga Draíochta le Sláine Ní Chathalláin Tá 84 dán le fáil sa leabhar Duilleoga Draíochta, an chéad chnuasach filíochta atá againn ó pheann Mharia Ní Mhurchú, a foilsíodh i ndeireadh na bliana 2008. Is mór an méid é sin dá céad iarracht agus molaim é sin mar nach raibh taithí aici ar an bhfilíocht roimhe seo. Leabhar filíochta dátheangach atá ann cé go bhfuil formhór na ndánta i nGaolainn, le 29 dán Béarla ann. Caithfear creidiúint ar leith a thabhairt don Athair Pádraig Ó Fiannachta, a chabhraigh go mór léi slacht agus eagar a chuir ar a cuid filíochta. Cuireann a gcaidreamh san caidreamh Thomáis Uí Chriomhthain - an scríbhneoir cáiliúil ón mBlascaod Mór agus a chúntoir Brian Ó Ceallaigh i gcuimhne dom. Gan Ó Ceallaigh, is dócha ná beadh Ó Criomhthain imithe i mbun pinn agus ní bheadh foilseacháin mar Allagar na hInise agus An tOileánach againn. Chuir an tAthair Pádraig suim i scríbhneoireacht dhrámaí Mharia agus tar éis di freastal ar cheardlann filíochta de chuid Nuala Ní Dhomhnaill i 2005, thaispeáin sí an méid a scríobh sí don Athair Pádraig. Dán a bhí ann faoin ngalar dubhach, mar a thugann sí féin air, mar, is air sin ba mhó a bhí a heolas. Mhol an tAthair Pádraig é agus bheartaigh sí leanúint leis mar nach raibh an réimse seo scríbhneoireachta triailte aici cheana. Mar a rinne Tomás Ó Criomhthain, sheol Maria a cuid iarrachtaí ar dhánta a scríobh go dtí an tAthair Pádraig agus chabhraigh sé léi iad a fheabhsú agus a shaibhriú. Is mór an éacht a rinne siad beirt ar scáth a chéile. Dialann saoil faoi mhothúcháin phearsanta Mharia agus faoi eachtraí beaga, suimiúla a bhain di atá sa leabhar filíochta seo, agus cuma na dialainne air fiú. Cuireann sé seo leis an atmaisféar a chruthaíonn a cuid dánta dúinn agus sníonn sé isteach sinn ina domhan pearsanta féin. Ní gá ach féachaint ar theidil na ndánta le fáil amach go bhfuil éagsúlacht téamaí le fáil iontu. Tá téamaí spéisiula sa leabhar cosúil le téama an ghrá, téamaí faoi dhaoine a raibh tionchar acu ar shaol Mharia agus téama an chráifigh. Is é an téama is mó a sheasann amach áfach, ná téama an ghalair atá ar Mharia - an galar dubhach, agus na smaointe agus na mothúcháin a théann leis. Tá an t-ainm An Galar Dubhach ar cheann de na dánta is láidre atá ag Maria. Insíonn scéal an dáin seo dúinn go bhfuil an galar ‘cosúil leis an taoide ag teacht is ag imeacht’. Bíonn thuas-seal, thíos-seal ag an té atá ag fulaingt. Meafar an-láidir, an-chliste é an taoide, a cheapaim féin, a thugann le fios dúinn go dtagann sé agus go n-imíonn sé agus uaireanta nach mbíonn súil agat leis in aon chor. ‘Diaidh ar ndiaidh ardaíonn mo chroí’. Tagann ardú croí ar an bhfile go tobann i ndeireadh an dáin agus tar éis di ‘cic sa bholg a dh’fháil ó mháistir mífhoighneach’, sin é an galar, dar ndóigh, smaoiníonn sí anois chuici féin: ‘Lá deas bheith beo’.

52


Ní fios cathain a d’fhéadfadh an galar dubhach teacht ar éinne againn, ach d’fhéadfaí go bhféadfadh cailliúintí inár saol é a ghríosadh ionainn. Tá téamaí na ndaoine atá caillte aici, an creideamh atá aici agus téama an ghrá snoite le chéile go hiontach aici, mar go bhfuil siad ar fad bunaithe ar an bpríomhthéama – is é sin an galar dubhach. Nasctar le chéile iad ina cuid dánta agus tá sé deacair téama amháin a thabhairt do dhánta ar leith. Léiríonn na dánta Taibhse, Is ag Dia amháin atá a fhios, Haló agus An tSamhailt, gur chaill Maria duine tábhachtach ina saol, duine a raibh grá aici dó agus tá sí faoi bhrón anois gan é. Glaonn sí Paudie ar an duine atá caillte aici sa dán Taibhse, agus deir sí ‘tá gean agamsa ort fós’. Impíonn sí air, ‘A Phaudie, ná dein dearmad orm’. Is léir gur imigh an duine tábhachtach seo uaithi ‘ar nós gal gaoithe’, mar a deir sí sa dán Is ag Dia amháin atá a fhios. Níl ‘tasc ná tuairisc ort le blianta fada’ a deir sí sa dán céanna agus is léir go bhfuil sí trína chéile ag an neamhláithreacht seo. Deir sí gur ag Dia amháin atá a fhios cá bhfuil an té atá imithe uaithi. Cé go bhfuil an bhreoiteacht atá ar Mharia le feiceáil in a lán dá cuid dánta, tugann a cuid creidimh fuascailt éigin di ón bpian diamhair intinne a fhulaingíonn sí. Guíonn sí, sa dán An Spiorad Naomh, ag iarraidh ar Íosa í a shaoradh mar go bhfuil sí ag fáil bháis istigh inti féin. Sa dán An Ghealach Lán, is í an Mhaighdean Mhuire a thugann faoiseamh di ón ‘drill’ a bhraitheann sí istigh ina ceann. Tagraíonn sí don taoide arís anseo, an galar á bualadh, ach braitheann sí ‘clóca na Maighdine mórthimpeall’ uirthi agus buaileann sruth sástachta í. Is í an Mhaighdean Mhuire a thug sásamh di sa dán Féile na Lúnasa leis, agus éiríonn sí séimh ag smaoineamh ar an gcosaint phearsanta a thugann sí di. Tá an bás go láidir mar théama ag Maria agus ní haon iontas é sin agus an galar dubhach uirthi. Is cosaint é an bás di, is cosúil, mar nach mbeidh bráca ná pian ná imní ann. Teideal dáin atá aici fiú, ná, An Bás, agus Death sna dánta Béarla, cé nach mar a chéile iad in aon chor. Dán dearfach i leith an bháis é An Bás, áfach, a mhíníonn dúinn nach é an bás an deireadh a bheidh againn. Labhraíonn sí faoi bhás a máthar chríonna sa dán Bead go breá, bás a hathar críonna sa dán Cá bhfuil Íosa agus faoi bhás a hathar in Oíche Nollag na mBan. Léiríonn an dán Bead go Breá, an galar dubhach go fisiciúil, nuair a insítear dúinn faoi na rudaí a chuireann fearg ar Mharia agus í san ospidéal. ‘Cuireann an bhanaltra iachall orm na pills ghorma a ithe’. Tugann a máthair chríonna faoiseamh di, agus titeann a codladh uirthi in aice lena Nan, cé gur cailleadh í trí bliana ó shin.

Is iad na daoine atá ar Neamh, ní hamháin an Mhaighdean Mhuire agus Íosa, ach a hathair agus a máthair críonna atá caillte a thugann misneach agus cabhair di díriú ar na rudaí maithe ina saol, cosúil lena clann. Is í a deirfiúr a sheasann amach sa dán is fearr liomsa, An Nead. Tosaíonn an dán le ráiteas an-diúltach, áfach, ‘Dá gcaillfinn tusa chrochfainn mé féin’. Tugann sí eolas dúinn tríd an dán ar eachtraí beaga a tharla di féin agus dá deirfiúr nuair a bhíodar beag, agus léiríonn na heachtraí an grá a bhí acu dá chéile. Guíonn sí arís ar Dhia na 53


Glóire agus ar an Aingeal Coimhdeachta aire speisialta a thabhairt dá deirfiúr agus an nead atá déanta aici a chosaint. Críochnaíonn an dán le meafar den bheirt deirfiúr ag leathadh a gcuid sciatháin ‘don uair dheireanach’ sula gcaillfear iad agus tá sé seo nasctha go cliste le teideal an dáin. An rud is suntasaí faoi fhilíocht Mharia Ní Mhurchú ná go bhfuil nasc láidir cruthaithe aici idir an príomh-théama atá aici, an galar dubhach, agus na téamaí eile a fheicimid ina cuid dánta; an creideamh, agus an grá atá aici dá clann agus do na daoine atá in easnamh óna saol. Tugann an creideamh faoiseamh di ón ngalar, agus músclaíonn na daoine a chaill sí an ‘thíosseal-achas’ san a bhaineann leis an ngalar inti, a fhad is a shásaíonn a clann í agus bíonn sí ar thuas-seal an ghalair. Is maith liom an tslí ina bhfuil siad fite fuaite aici lena chéile agus molaim an snastacht seo a bhaineann leis na dánta mar tá gaol áirithe eatarthu, agus tá an leabhar seo ar nós scéil fhada leanúnaigh trí shaol Mharia Ní Mhurchú.

54


Pearsantachtaí le hEoin Ó Cróinín Táim i bPáras faoi láthair ar bhliain Erasmus. Fuair mé glaoch ó uncail liom le déanaí agus bhí comhrá againn faoi ghnéithe áirithe den eispéireas Erasmus. Sílim gur duine foighneach mé agus is dá bharr sin a fhreagraím an guthán nuair a chuireann m'uncail glaoch orm. Daoine eile i mo theaghlach, tá m'uncail tar éis a bhfoighne a bhriseadh agus ní fhreagraíonn siad a ngutháin a thuilleadh nuair a fheiceann siad uimhir m'uncail ar an scáileán. Is gá a thuiscint gur fear ceanndána é m'uncail nach mbíonn leisce air a chuid tuairimí a nochtadh. Deir se féin gur duine dioplómaitiúil mé atá sásta éisteacht leis an dá thaobh den scéal sula dtugaim breithiúnas agus is é an tréith sin a chuidíonn liom réiteach le m'uncail. Tá an claonadh ag m’uncail béicíl ar an nguthán agus ós rud é go bhfuil canúint láidir Chorcaigh aige is deacair dom é a thuiscint uaireanta. Ach ní deacair a ghuth a aithint- tá guth ar leith aige. B’fhéidir nach furasta an tasc é a chuid focal a thuiscint, ach d’aithneoinn a ghuth ón gcéad fhocal, nó fiú ón gcéad fhuaim. Mar is gnáth agus muid ag labhairt lena chéile, cuireann sé ceist orm i dtosach an bhfuilim fós ‘ag treabhadh an phinn’ nó i bhfocail eile, ‘ag fáil oideachais’. Is é seo i gcónaí an chloch is mó ar a phaidrín aige agus é ag labhairt liom. Deir sé gur fearr go mór an ‘peann a threabhadh’ ar feadh ceithre bliana ar an ollscoil in áit ‘an gort a threabhadh’ ar feadh an tsaoil ar fad. Is é atá i gceist aige gur fearr go mór a bheith i mbun na leabhar ná a bheith amuigh ag sclábhaíocht i bpost saothrach, faoi mar atá déanta aige féin ó bhí sé ina dhéagóir. Agus tapaíonn sé an deis an méid seo a rá liom ar an nguthán, cé go gcaithfidh go bhfuil an scéal seo cloiste agam uaidh na céadta uair cheana. I ndiaidh dó é sin a rá, deir mé leis go bhfuil an ceart aige, go bhfuilim buíoch as an deis agus go ndéanfainn mo dhícheall ar an ollscoil. Ansin tosaíonn sé ag labhairt faoin gcaoi nach raibh an deis aige oideachas ceart a fháil agus go bhfuilim ar dhuine den chéad ghlúin sa teaghlach le deis an oideachais a fháil. Arís, deirim go bhfuil an ceart aige. Iarraim orm féin cén fáth a bhfuil sé ag glaoch orm leis an méid seo a rá liom arís nó is costasach an rud é glaoch a chur ó Éirinn ar fhón soghluaiste Francach. Ach ar ámharaí an tsaoil, éiríonn sé as an gcaint faoi thábhacht an oideachais agus fhulaingt an té a bhfuil easpa oideachais air. ‘Agus an bhfuil tú ag aclú do choirp ansin i bPáras? Rud iontach tábhachtach is ea an aclaíocht’, a deir sé. Rinne mé reathaíocht ar feadh tréimhse, a deirim, ach ghortaigh mé mo ghlúin ó bheith ag rith ar an gcoincréit agus gan phéire maith bróga reatha chuige. ‘Bhuel, déan cinnte go ndéanann tú suaitheadh éigin coirp ansin. Tá na leabhair tábhachtach ach feictear domsa nach bhfuil cruth ar bith ar mhórán de choirp lucht ollscoile. Ní fheiceann siad sa chorp ach rud éigin a iompraíonn an inchinn dóibh. Tá mo dhroim millte agamsa ón obair chrua láimhe agus gan na matáin a bheith forbartha agam sa tslí cheart. Ach ar a laghad 55


tá cruth éigin agam ar mo chorp ó bheith ag obair go dian lasmuigh. Tá an dainséar ann duitse faillí iomlán a dhéanamh i do chorp agus meath coirp a chúisiú.’ ‘Sílim go bhfuil an ceart agat ó thaobh na lúthaíochta de’, a deirim. Airím uaim an iomáint i bPáras, agus cé gur bhain me sásamh éigin as an reathaíocht, ní hé Páras an áit is fearr chuici mar gheall ar an easpa spáis ar na cosáin agus róphlódú na bpáirceanna poiblí. Airím uaim an spás atá i mBaile Átha Cliath, rud nach raibh mé buíoch as sular tháinig mé go Páras. Tá áthas orm go bhfuil Baile Átha Cliath chomh neamhfhorbartha sin: níl árasáin ardéirí agus foirgnimh ar mhullach a chéile ar fud na cathrach faoi mar atá i bPáras. Agus an spás! Nuair a d’fhill mé ar Éirinn cúpla seachtain ó shin ar feadh cúpla lá, bhí ionadh orm an méid spáis a bhí ann!’ Athraíonn sé ábhar an chomhrá ansin agus sílim gurb é an t-ábhar deireanach seo an phríomh-chúis gur chuir sé glaoch orm. ‘Chuala mé go bhfuil tú mór le cailín Rúiseach faoi láthair’, a deir sé. Deirim leis nach bhfuil an scéal go hiomlán cruinn aige: is cailín Iodálach í atá ag déanamh staidéir ar an Rúisis. Ach is cuma le m’uncail faoi mhionsonraí suaracha mar seo, agus tagann sé chuig croí an scéil ansin: ‘An bhfuil tú cinnte go bhfuil sibh oiriúnach dá chéile?’ a deir sé. ‘Nílimse féin ró-chinnte faoi, ón méid atá cloiste agam fúithi ó do dheartháir.’ ‘Agus is cosúil go raibh tú ag éisteacht go géar le mo dheartháir nuair a dúirt sé gur Iodálach a bhí inti ag déanamh staidéir ar an Rúisis’, a deirim liom féin. ‘Is uimhir a trí í siúd agus is uimhir a naoi tú féin, ní dóigh liom go réiteodh beirt leis an dá uimhir seo go maith lena chéile’, arsa m’uncail. ‘Céard sa diabhal a bhfuil sé ag labhairt faoi anois?’, a fhiafraím díom féin. Ach ansin cuimhním ar an rud sin a mbíonn sé de shíor ag bodhrú mo theaghlaigh faoi: ‘Naoighreim na Pearsantachta’ atá air, is dóigh liom. Is cineál teoirice é ina ndéantar cur síos ar ‘an naoi gcineál pearsantachta’ atá ann agus an gaol atá acu lena chéile. D’fhreastail m’uncail ar chúrsa faoin teoiric seo inar múineadh dó cén chaoi le pearsantachtaí daoine a thomhas agus a mheas. Deir sé liom go bhfuil sé de nós aige anois na huaireanta a chaitheamh ina shuí i bpáirceanna poiblí, ag breathnú ar dhaoine ag dul thar bráid agus ag déanamh machnaimh ar na pearsantachtaí éagsúla atá acu. Sílim gur aisteach an gnás é sin agus go bhféadfadh sé amhras a tharraingt air féin dá bharr, ach ní deirim é sin leis mar is cosúil go mbaineann sé an-phléisiúr as an ngnás seo. I ndiaidh dó a rá liom nach bhfuil an cailín ceart aimsithe agam, caithfidh mé freagra a thabhairt. Deirim leis ar an gcéad dul síos nach féidir leis breithiúnas ceart a thabhairt ar phearsantacht dhuine nár bhuail sé leis agus nach bhfuil ach tuairisc amhrasach mo dhearthár aige lena mheas. Ar an dara dul síos, nílim chun scaradh le mo chailín toisc go ndeir teoiric thar a bheith amhrasach nach n-oirimid dá chéile. 56


Ach deir sé go gcaithfidh mé machnamh dian a dhéanamh ar an ngaol atá agam leis an gcailín seo, mar creideann sé go daingean i gcóras na pearsantachta. Deir sé go bhfuil a shaol athraithe chun feabhais ó d’fhoghlaim sé faoi mheasúnú na pearsantachta. Tá áthas orm go bhfuil a shaol athraithe chun feabhais, a deirim, ach ag an bpointe seo is amhail le soiscéalaí é atá ag impí orm iompú ar an gCríostaíocht, ach amháin gurb é ‘Naoighreim na Pearsantachta’ an reiligiún atá aige. Deirim leis go bhfuil sé in am dom mo pheann a threabhadh agus mo chorp a aclú agus crochaim an guthán.

57


Sneachta Dearg le Séamas Ó Meachair Maidin fhuar gheimhridh a bhí ann agus gaoth nimhneach ag séideadh tríd na gleannta caola doimhne. Scafaire láidir fir ina sheasamh leis féin lasmuigh den stáisiún traenach uaigneach, é chomh gafa gléasta lena chóta mór Iodálach agus a mhála cáipéisí go raibh an chuma air go raibh sé san áit mhícheart. Lig sé osna chléibh agus thosaigh sé ag siúl ó thuaidh i dtreo an tsráidbhaile. Idir ceo trom agus sneachta titime, ní raibh de raon radhairc aige ach cúpla slat den bhóthar géar sléibhe a bhí ag lúbadh siar is aniar roimhe. Ba ghnách le Christof glaonna gutháin a fháil chomh luath sin ar maidin, cuid de dhualgais a phoist a bhí ann ná bheith réidh le dul amach gan choinne i lár na hoíche. Ach an oíche úd ní raibh dreas codlata faighte aige. An tseachtain díreach roimh Nollaig a bhí ann. Ó scar sé ó Cäcilia agus a bheirt leanbh chuir suairceas na hAidbhinte isteach go mór air. Chaith sé an oíche ar fad ina luí ar neamhchodladh ag corraí sa leaba is a bheirt mhac ag spraoi faoi shoilse an chrainn Nollag lena ndaidí nua á samhlú aige; Cäcilia sa chistin is anlann mónóg á ullmhú ar an sorn aici. Chuireadar aithne ar a gcéile agus iad ag an Acadamh Póilíneachta i mBeirn. Bhí pian an ghrá aige ón gcéad lá. An bhean cheanndána sin lena haghaidh ghnaíúil agus a folt gruaige ag séideadh sa ghaoth. Bhí sé fós splanctha ina diaidh. Ba é an eorna nua a géaga a bheith ina thimpeall aríst. Bhí aithne mhaith aige ar cheantar Stäghüsli. Nach raibh an droch-chás sin acu roinnt blianta ó shin? Cailín bunscoile a chuaigh ar iarraidh le linn bainise. Aimsíodh a corp fuilsmeartha i sruthán coille seachtain níos deireanaí. Triopall edelweiss dúnta ina doirne óga aici. A gúna dúchorcra stróicthe ar na carraigeacha agus uisce an tsrutháin ag lapadaíl ar a colainn. An cailín blátha. Deacair a chreidiúint go bhféadfadh a leithéid tarlú faoi scáth na nAlp. Céard a bhí roimhe an uair seo? Ag gabháil an bhealaigh ar fad ón stáisiún traenach go dtí Stäghüsli, ní raibh mac an chadhain le feiscint; ach amháin minseach aonair ag streachailt go héadóchasach insan sneachta trom. Bhí sé ag plúchadh aríst; aer folláin na sléibhte théis é a chur i ndea-ghiúmar agus a bhuairt aigne dearúdta aige, ar feadh tamaillín ar aon nós. Bhíodh paisean anama ina phost aige tráth. Bhí an dúil sin caillte aige le fada an lá, ach ar shlí amháin b'fhoinse fhaoisimh a bhí ann dó, ábhar seachráin mar a déarfá. Sa deireadh nocht an sráidbhaile chuige: tithe scaipthe ar fud an ghleanna, puth dheataigh ag teacht ó shimléar anseo is ansiúd, spuaic eaglaise ag gobadh amach thar díonta leacán na

58


gráige agus gach aon ní clúdaithe le brat bán sneachta. Bhí cuma idileach ar an áit, cuma nach bhféadadh faic ná fríde titim amach ann. Bhí caifé beag bídeach in aice leis an séipéal. Chuaigh Christof isteach ann, é ag lorg dídine ón aimsir a bhí ag dul in olcas. Crann Nollag sa chúinne maisithe le soilse agus tinsil. ‘Grüezi wohl, croissant seacláide agus cupán caife gan bhainne le d'thoil’. Bhí mínearraí báicéirí carntha ar an gcuntar agus boladh de chaife úrdhéanta san aer. ‘Seo dhuit, a dhuine uasail’, arsa stumpa de bhean agus thug sí cupán salach dó. ‘Míle buíochas’. Ba chuma le Christof go raibh smál salachair ar an gcupán. Chuir sé a lámha ina thimpeall. Bhí faoiseamh ón bhfuacht le fáil uaidh agus b'shin an rud ba thábhachtaí dó. Bhí fear plobartha ina shuí sa chúinne agus gach aon ghal ar an bpíopa aige. ‘An tusa an bleachtaire ó Bheirn?’, a dúirt sé. Ní bheadh Christof riamh in ann blas canúna mhuintir na sléibhte a thuiscint. Bhí sé deacair go leor lucht na cathrach a thuiscint ach faoin tuath bhíodar beagnach dothuigthe. ‘Brón orm?’ ‘Tusa an bleachtaire?’ a scread an fear aríst, ag cur béime ar an bhfocal deireanach. ‘Is mise. Canathaobh?’ ‘Tógfaidh mise go dtí an tigh thú nuair a bheidh do chuid caife ólta agat.’ Nuair a shroicheadar imeall an tsráidbhaile agus an sneachta á séideadh cruinn díreach isteach san aghaidh orthu, shín an fear a mhéar i dtreo botháin Alpach a bhí suite go hard ar lomán creagach. ‘Sin é’ a dúirt sé sular chas sé ar ais ó dheas i dtreo Stäghüsli. Chuir Christof cló na hoibre air féin agus chnag sé ar an doras mór adhmaid. Agus d'fhan sé. Bhuail sé cnag air aríst, cnag níos láidre an uair seo. D'oscail seanbhean ramhar i bpráiscín tincéara an doras agus tháinig racht goil uirthi chomh luath is a chonaic sí an bleachtaire. ‘Tar isteach. Bhíomar ag feitheamh ort’ a dúirt sí agus í ag gol go faíoch. Bhí tocht ar Christof agus é ag dul thar tairseach an bhotháin. Ní raibh cliú dá laghad aige céard a bhí roimhe. Ní dúirt an tArdchonstábla ach gur bhris comhrac éigin amach. Tháinig an radharc aniar aduaidh air. I gcomparáid leis an árasán mór millteach a bhí aige ar bhruach locha sa phríomhchathair, bhí an saol suarach a bhí á chaitheamh ag an teaghlach bocht seo dochreidte. Bothán salach bréan a bhí ann. Bhí rud amháin cinnte áfach. Ní bheadh suairceas na hAidbhinte ag cur isteach ar mhuintir an tí seo. 59


Ní raibh ach seomra amháin sa tigh agus b'fhurasta go leor an lochán fola sa chúinne a aithint. Ach cá háit a raibh foinse na fola sin? Bhí fámaire fir ina shuí ar stól crúite cois tine agus alpchorn ina lámha aige, cuma na fola ar an gcorn. Ba léir go raibh an fear dallta ar meisce. ‘Mo leithscéal’, a dúirt an tseanbhean a bhí fós ag caoineadh uisce a cinn. ‘Tá sé báite san ólachán. Mar a bhí a athair roimhe.’ Chomh maith leis an bhfear, bhí bean óg ina seasamh i ndorchadas sa chúinne. Is ar éigean a thug Christof faoi deara í. Bhí bunóc ina baclainn aici, garsún dhá bhliain d'aois nó mar sin, ar chomhaois le Moritz – dara mac Christof. Chomh maith leis sin bhí gearrchaile óg ina suí ar an urlár cré, bábóg cheirteacha gan súile ina binn aici, greim daingean aici uirthi. Bhí aithne shúile ag Christof ar an máthair. Nach mbíodh sí ina cailín aimsire i dtigh mór in aice le cathair na Ginéive? Ní fhaca sé leis na cianta í agus bhí an aois tite go mór uirthi. ‘Tar liom, a dhuine uasail’, arsa an tseanbhean, ‘caithim rud éigin a thaispeáint dhuit’. ‘Ní de thógáil na háite seo thú’, a dúirt sí freisin. ‘Is Beirneach mé. Oibrím leis an Aonad Mórchoireanna don Rialtas Cónaidhme’. ‘Tuigim’, arsa sise. D'aithin sé an t-amhras ina glór. Is iomaí duine faoin tuath a bheadh amhrasach ar strainséir ón gcathair le mála cáipéisí ina lámha agus cóta mór Iodálach á chaitheamh aige. Chuadar amach an doras taoibh, doras a bhí ceilte ag an ndorchadas. Spotaí dearga le feiscint ar an sneachta glan, bán. Agus ansin timpeall an chúinne chonaic sé crann darach amháin. Ní raibh an crann seo maisithe le soilse sí nó le tinsil. Ní bronntanais Nollag a bhí ag bun an chrainn. Ba léanmhar an t-amharc é. Colainn fir óig, a ghnúis sa sneachta. ‘Mo mhac’, a scread an bhean agus í croíbhriste. Shiúil Christof go mall i dtreo an choirp. Ní raibh cosúlacht ar bith go raibh an anáil ann. Chuir sé a lámh air agus chas sé timpeall é. Ní raibh Christof núíosach ag an obair seo agus bhí roinnt rudaí uafásacha feicthe aige, ach dá bhfeicfeá staid a chliabhraigh. Scórtha créachtaí fuilteacha ar a cholainn. B'amhlaidh gur sádh é roinnt mhaith uaireanta. A chuid gruaige greamaithe lena aghaidh ghlanbhearrtha le fuil thíortha. An alpchorn a dhein an gníomh?

60


An tSeanbhean le Ross Ó Briain ‘B’fhéidir gur cailleadh an tseanchailleach sin faoi dheireadh!’ a dúirt duine de na fir a bhí ina shuí ag clár an óil. Bhí sé ag slogadh na bpiontaí siar ina bhéal agus ag bleaisteáil tobac sa teachín ósta beag, a bhí suite ar oileán iargúlta éigin i bhfad amach ó chósta iarthar na hÉireann. ‘Ní dóigh liom é, a mhac,’ a d’fhreagair fear an tí. ‘Déarfainn nach bhfaighimid réidh lena leithéidse chomh héasca sin!’ Leis sin phléasc an triúr fear a bhí sa teachín ósta amach ag gáire. Rud deas a bhí ann an ruaille buaille a chloisteáil ag teacht ón tábhairne i ndiaidh gach ar tharla ar an oileán le blianta beaga anuas - na hiascairí ón mbaile beag a bádh sa mhuir mhíthrócaireach; Bean Uí Chinsealaigh a d’imigh as amharc an tráthnóna cinniúnach sin nuair a d’fhág sí a teach chun uisce a fháil ón tobar - gan tásc ná tuairisc uirthi ó shin; dúchan na bprátaí nuair a bhainfí ón talamh mallaithe iad bliain i ndiaidh bliana. ‘Sure nár chónaigh sise sa teachín lofa céanna sin ina bhfuil sí fós nuair a bhí mo mhamó agus mo dhaideo ag siúl amach lena chéile ón gcéad lá riamh agus iad ina ndéagóirí? Bhí sí ina seanbhean sna laethanta sin fiú!’ arsa fear an tí. ‘Agus chomh cantalach céanna is atá sí inniu. Ní bhfaighidh an bhitseach sin bás riamh! Tá cith ar an áit seo mar gheall uirthise. Mallacht Dé uirthi!’ Ach arbh í an tseanbhean ghealtach, choimeádach seo ba chúis leis an mírath ar fad a bhí tar éis titim amach ar an oileán le blianta anuas? Í ina suí ina bothán bréan le hais na tine ina cathaoir luascáin, a héadan dubh le smúit, ag cumadh na bpiseog a chuirfeadh sí i bhfeidhm ar mhuintir an oileáin? B’fhéidir gurbh í... B’fhéidir gurbh ise a mheall na hiascairí isteach san fharraige fhiáin an oíche úd nuair a bádh iad, ag ligean uirthi go raibh sí i gcruachás í féin san uisce, ag streachailt in aghaidh na dtonnta ollmhóra, splanc na tintrí ag lasadh a héadain chríonna anois is arís go dtí gur léim gach uile iascaire isteach san uisce chun cuidiú léi, agus ionadh orthu le fáil amach nach raibh aon duine eile san uisce ar chor ar bith seachas iad féin, gan trácht ar sheanbhean i gcruachás? Chuaigh siad faoin uisce sá tóir uirthi duine ar dhuine, arís is arís eile, go dtí gur thuig gach aon cheann acu gur chleas gránna intinne a bhí ann, agus go raibh siad i mbéal an bháis. Rois an toirneach arís agus rinne an fharraige iad a shlogadh in aon tonn ollmhór amháin. An lá dar gcionn, bhí a mbád iascaigh fholamh le feiceáil ar an gcladach, radharc a sceimhligh muintir an oileáin go domhain. Ghlac idir óg agus aosta páirt sa searmanas cuimhneacháin a rinneadh i séipéil an pharóiste inár guíodh ar son anamacha na n-iascairí a cailleadh... ach ní raibh an tseanbhean lofa le feiceáil i measc na gcaointeoirí. B’fhéidir gurbh ise a tharraing Bean Uí Chinsealaigh isteach sa seantobar nuair a bhí uirthi a corplach a shíneadh isteach ann toisc gur bhris téad na síothla a bhí in úsáid aici chun an t61


uisce a iompar ó thóin an tobair? Baineadh geit aisti nuair a bhris an téad tarraingthe. Bhí sé in úsáid sa tobar sin ó laethanta a hóige agus roimhe sin, mheas sí, agus bhí cuma slán, láidir air fós. Níor chuala sí plabadh na síothla san uisce ag bun an tobair, áfach, agus shíl sí go mb’fhéidir go mbeadh sé greamaithe den chaonach ar na ballaí. Chuaigh sí sa seans agus shín sí a lámh isteach ar dtús. Bhí timpeall an tobair fliuch báite agus lán de chaonach, ach níor mhothaigh sí an tsíothal ann. Thóg sí a lámh amach arís, í clúdaithe i gcaonach dubh salach anois, agus nigh sí ar a gúna í. Rith sé léi filleadh ar a teach le cúnamh a iarraidh óna fear céile ach chinn sí go ndéanfadh sí iarracht amháin eile an tsíothal a tharraingt amach sula gcuirfeadh sí isteach ar a leannán – bheadh seisean traochta tar éis dó a bheith ag obair don lá ar fad ag baint móna ar an bportach roimh theacht an fhómhair. Shín sí a cloigeann isteach ar dtús an uair seo, le go bhféadfadh sí a lámh a shearradh níos doimhne fós sa tobar. Bhí sé chomh dorcha sin lena cloigeann istigh ann nach raibh sí in ann rud ar bith a fheiceáil a thuilleadh. Líon boladh bréin a polláirí, ach lean sí uirthi lena tasc. Shín sí a lámh thar a cloigeann ag iarraidh an tsíothal a aimsiú – chuimil sí na ballaí fliucha lena méara agus go tobann, mhothaigh sí rud éigin as bealach. Ní buicéad a bhí ann, áfach, ach rud éigin bog. Rud éigin beo. Lámh duine a bhí ann! Lig sí sciúng scéine aisti, agus lena croí ina béal rinne sí chuile iarracht í féin a tharraingt amach ón tobar ach rómhall a bhí sí. Gan choinne, rug an lámh ársa, fhoréigneach greim ar chuisle Bhean Uí Chinsealaigh, greim marfach a bhí ann, agus anuas léi chuig tóin an tobair. Ní fhacthas riamh arís í. Ghlac na hoileánaigh go léir páirt sa chuardach a rinneadh chun Bean Uí Chinsealaigh a aimsiú, seachas an tseanbhean shuarach, mhistéireach ar ndóigh, ach cuardach gan tairbhe a bhí ann. Agus an cuardach ar bun do Bhean Uí Chinsealaigh, bhíodh fiach dubh le feiceáil ina shuí ar bharr an tobair agus é ag grágaíl de ló ‘is d’oíche. Bhí a chuid grágaíola céanna le cloisteáil lá amháin agus cúpla gasúr ag imirt iománaíochta sa ghort in aice an phortaigh ar an taobh eile den oileán ón mbaile, as radharc a gcuid tuismitheoirí. Sárchluiche a bhí ar siúl go dtí gur buaileadh an sliotar isteach sa phortach. Shochraigh an dream óg go rachadh an ciontóir amach ar an bportach chun an sliotar a fháil ar ais dóibh, agus ghlac an buachaill óg le cinneadh an ghrúpa agus lena dhualgas go cróga, cé go raibh faitíos air go bhfaigheadh a thuismitheoirí amach faoin eachtra – ní raibh cead ag duine ar bith dul ar an bportach seachas na fir oibre. Céim ar chéim a chuaigh sé agus é ar a bhealach isteach chuig lár an phortaigh, áit ar shíl sé go mbeadh an sliotar ar fáil. Ag éirí neirbhíseach a bhí sé nuair a thosaigh an talamh fliuch ag bá faoina chosa, agus bhí grágaíl an fhiach dhuibh ag cur isteach go mór air anois. Bhí na gasúir eile ag breathnú amach ar a gcara ó thaobh an phortaigh. Ba bheag nach raibh a gcara as radharc nuair a thosaigh sé ag screadach. ‘In ainm Dé, tá duine éigin ag bá sa phortach!’ a chuala siad.

62


‘Seanbhean atá ann – seanbhean! Faigh cúnamh, le bhur dtoil, a luaithe agus is féidir libh. Tá cuma an bháis uirthi cheana féin!’ Rith na gasúir eile ar nós na gaoithe ar ais chuig an mbaile beag. Bhuail siad le meisceoir an bhaile ar a mbealach ach theip air an scéal a thuiscint. ‘An tseanbhean a deir sibh?’ a d’fhiafraigh sé orthu. ‘Ná bacaigí fúithise. Tá sé thar am go mbáfaí an bhitseach sin!’ Faoi dheireadh bhain siad an baile amach agus mhínigh siad an scéal dá dtuismitheoirí. ‘Ar an bportach a bhí sibh? A leibidí! Nach bhfuil sé ráite againn arís is arís eile gan bhur gcluichí a imirt ansin?’ ‘Seanbhean? Sa phortach? Le Jimín? Go bhfóire Dia orainn!’ Chuir na daoine fásta fios ar gharda an oileáin agus ar shagart an phobail agus ar ais leo ar fad chuig an bportach arís. Ní raibh Jimín beag ná an tseanbhean le feiceáil in áit ar bith, áfach. Rinne na fir an portach a chuardach agus a athchuardach ach níor aimsíodh rud ar bith. Cheistigh an garda na gasúir eile faoin méid a tharla níos luaithe sa lá cúpla uair, agus luadh ‘an tseanbhean’ arís is arís eile. ‘Cheap mise go raibh sise marbh le fada an lá,’ a dúirt duine den lucht féachana. ‘Más í an tseanbhean chéanna atá i gceist.’ ‘Ní hea, ní hea ar chor ar bith,’ a d’fhreagair duine dá comharsana. ‘Sure nach mbíonn deatach le feiceáil ag tonnadh óna simléar scataí.’ Faoin am seo bhí tuismitheoirí Jimín ag éirí an-chantalach ar fad. Bhí an cinneadh déanta acu; bhí siad ag iarraidh theach na seanmhná a chuardach, le nó gan chead ón ngarda. ‘Ní féidir linn dul isteach ina teach gan cúis ar bith,’ a dúirt sé. ‘Le bhur dtoil – bíodh ciall agaibh! Tá ‘fhios ag madraí an bhaile go bhfuil gráin aici orainn uilig, ach ní shin le rá go bhfuil sí tar éis dochar a dhéanamh do Jimín beag. Agus ní mó ná sásta a bheidh sí má chuireann sibhse isteach uirthi ar an gcaoi seo!’ Bhí go leor cloiste ag tuismitheoirí Jimín áfach, agus faraor, níor thug siad suntas ar bith do rabhadh an gharda. Ar aghaidh leo chuig teach na seanmhná, leath an oileáin ina gcuideachta ag tabhairt tacaíochta dóibh agus ag roinnt scéalta faoin tseanchailleach, sceitimíní orthu go mbeadh deis acu í a fheiceáil i ndiaidh na mblianta fada ar fad. ‘Meas sibh céard a itheann sí mura bhfágann sí an bothán sin a bhfuil sí ina cónaí ann?’ ‘Gasúir, déarfainn!’ ‘Cén aois anois í an dóigh libh?’ ‘Ag Dia amháin atá a fhios!’ 63


‘Céard a tharla lena fear céile ar aon nós?’ ‘Níor phós sí riamh, a phleidhce! Bhí sí geallta le fear phost na n-oileán fadó ach bhí caidreamh collaí aige le bean shaibhir ar an mórthír. Bhí a fhios ag madraí an bhaile faoi, seachas an tseanchailleach í féin, an créatúr. Ní bhfuair sí amach faoin bhfeall go dtí lá a bpósta nuair a fágadh ar an altóir í. Bhí a fear tar éis í féin agus an t-oileán álainn, suaimhneach seo a thréigean dá bhean eile. Deirtear go bhfuair an bheirt acu bás go gairid i ndiaidh sin… timpiste éigin a bhí ann. Ar aon nós, níor mhaith an tseanbhean muintir an bhaile riamh i ndiaidh dóibh rún lofa a fhir a choinneáil uaithi. Ón lá sin ar aghaidh d’fhan sí ina teach ar an taobh seo den oileán agus ní fhacthas mórán di ó shin.’ Faoi dheireadh, bhain siad teachín na seanmhná amach. Bhí an oíche tagtha faoin am seo agus ní raibh mórán soilse ar an taobh seo den oileán, ach bhí na hoileánaigh in ann pluimín deataigh a dhéanamh amach ag teacht ó shimléar an tseantáin. Bhí an tseanbhean sa bhaile, ar aon chuma. Ní raibh rud ar bith le feiceáil thart timpeall an tí seachas cúpla sceach agus duilleoga marbha ón gcrann darach marbh i gcoirnéal an ghairdín. Bhí cuma mharbh air ar aon nós. Bhí rud éigin draíochtach agus bagrach faoin teach ag an am céanna. Rinne tuismitheoirí Jimín a mbealach chuig doras adhmad an tí agus chnag siad air, na hoileánaigh eile ag stánadh orthu siar píosa. D’fhan siad socair ar feadh nóiméad nó dhó go dtí gur chnag athair Jimín arís, láidreacht ina chnag an babhta seo, chomh láidir sin gur oscail an doras os a gcomhair. Bhí sé chomh dorcha sin laistigh nárbh fhéidir leo rud ar bith a dhéanamh amach ann. ‘Jimín,’ a dúirt a mháthair, éiginnteacht á léiriú ina guth mín. ‘Jimín, a stór, an bhfuil tú ann?’ Ansin, gan choinne, d’eitil fiach dubh lofa amach as poll an dorchadais, ag bualadh mháthair Jimín san aghaidh lena sciathán agus an gníomh á dhéanamh aige. Baineadh geit aisti agus thit sí ar an talamh. ‘Sin é,’ a scread athair Jimín. ‘Tá mise ag dul isteach ann chun aghaidh a thabhairt ar an tseanchailleach seo.’ Isteach leis trí pholl dorcha an dorais, sagart an pharóiste á leanúint. Sa halla a bhí an bheirt acu ar dtús. Ní raibh siad in ann mórán a fheiceáil, ach nuair a chuaigh a súile in oiriúint don dorchadas thug siad faoi deara go raibh doras eile ag titim dá insí ag deireadh na slí. Agus iad ag siúl chuige, thosaigh rud éigin ag cnagarnach faoina gcosa. Píosaí scátháin bhriste a bhí ann. Bhí an chuma ar an scéal go raibh an drochshúil orthu anois. Isteach tríd an doras briste leo agus sa chistin a bhí siad. Bhí torann aisteach ag teacht ón taobh eile den seomra agus boladh bréan istigh ann. Cistin bhrocach, shalach a bhí inti.

64


‘In ainm Dé. Cén chaoi a bhféadfadh duine ar bith maireachtáil mar seo? Bothán salach bréan atá ann!’ Chonaic athair Jimín foinse an torainn aistigh – ó phota ar chócaire éigin i gcúinne an tseomra a bhí sé ag teacht. Bhí rud éigin ar fiuchadh go fíochmhar ann. Shiúil sé chuige agus bhain sé an clibín de. Chuir an méid a bhí le feiceáil istigh ann fonn múisce air gur lig sé an clibín uaidh agus thit sé ar urlár brocach na cistine go gáifeach. Prátaí dubha lofa a bhí istigh ann, iad ar tí pléascadh le teocht an uisce. Ansin, chuala siad sian chráite i seomra eile sa teach – seomra na tine, b’fhéidir? ‘A Jimín!’ a bhéic athair an ghasúir go himníoch. Bhí an seomra eile ónar tháinig an sian ghoilliúnach ag cúl na cistine, ach an mbeadh Jimín óg laistigh ann? Agus an mbeadh an tseanbhean in éineacht leis? Bhí rud éigin faoin doras ag cur isteach ar an sagart. ‘Féach air, a chara,’ a dúirt sé. Bhreathnaigh athair Jimín ar an doras. Baineadh uafás as nuair a thuig sé cad é a bhí cearr leis. Bhí cros chéasta crochta air, ach bun os cionn a bhí sí. Bhreathnaigh an bheirt acu ar a chéile. ‘Istigh i dteach an Diabhail ‘tá muid,’ a dúirt an sagart, rian an scanraidh le feiceáil go soiléir ar a aghaidh. ‘Istigh ann atá sí - an chailleach lofa sin le mo mhacsa. Chuirfinn geall air,’ ar athair Jimín, agus isteach leis i seomra na croise céasta bun os cionn, sagart an pharóiste ag urnaí ar a shon. Sa seomra sin a bhí sí cinnte, corp Jimín bhig bhoicht gan anam fágtha ann ar an urlár in aice léi, tine chnámh fhiánta sa tinteán ag lasadh na gcorp eile sa seomra anois is arís - na hiascairí mírathúla a raibh craiceann cosúil le feamainn na farraige orthu anois; Bean Uí Chinsealaigh bhocht ag crochadh ó théad shíothal an tobair ón tsíleáil, gach cnámh ina muineál i smidiríní faoi seo ina measc, agus an tseanbhean lofa ag breathnú idir an dá shúil ar athair Jimín, í ag gáire de shíor gan fiacail amháin ina béal dubh, ag bogadach isteach ‘is amach ar a seanchathaoir luascáin go fiabhrasach.

65


Mascára le Méabh Ní Thuathaláin Chuaigh Róise fhad leis na litreacha a bhí fágtha ina luí sa phóirse. Ina measc, bhí clúdach litreach a raibh scríbhneoireacht chúramach ealaíonta air agus cárta galánta lámhdhéanta ar an taobh istigh. ‘Cuireann Liam agus Éilis fáilte chroíúil roimh Phádraig agus Róise a bheith i láthair ag a gceiliúradh bainise’ Thit domhan Róise go tóin poill. Bhí faitíos uirthi láithreach go bhfuair a hathair cuireadh s’aigesean an mhaidin chéanna. Mura mbeadh sé aige anois bheadh sé aige an lá arna mhárach go cinnte. Ní raibh seans ar bith nach bhfaigheadh sé ceann. Ba gheall le tromluí di é. Isteach sa charr le Róise i dtreoir na hAnagaire chuig teach a hathar. Maidin ghaofar, dhoineanta a bhí inti agus bhí an fhearthainn ag clagarnach in éadán fhuinneoga an chairr. Bhuail na braonta báistí le talamh agus chothaigh siad cruthanna féileacáin. Cha raibh an fharraige le feiceáil ar chor ar bith nó bhí balla scamaill á clúdú. Thiomáin Róise fhad le bóthairín an tí. Ghlan an chuid ba fhíochmhaire den aimsir ar an Anagaire agus bhí an ghrian ag briseadh amach a bheagán trí na scamaill. Stad sí an carr agus amach léi fhad leis an bhocsa poist. Leag sí a lámh air. Teach éin a bhíodh ann tráth ach rinne Róise agus a hathair é a dheisiú agus é a phéinteáil glas nuair a bhí sí ina cailín óg. Chuir siad barr deas úr adhmaid air ionas go mbeadh sé furasta ag fear an phoist na litreacha a chur isteach ann. Baineadh dó thar na blianta leis an drochaimsir agus ní raibh fágtha anois ach iarsmaí den phéint ghlas. Chuimhnigh sí ar an lá a thaispeáin a hathair di an bealach is fearr le tiúlíne díreach a bhaint den scuab péinteála. Bhí lámha láidre leathair aige a chlúdaigh lámh s’aici ina hiomláine. Bhain sí na litreacha amach as an teach éin agus ina measc bhí clúdach litreach a raibh scríbhneoireacht chúramach ealaíonta air. Ligeadh osna mhór aisti. Thóg sí na litreacha léi agus shiúil sí an cúpla bomaite suas chuig an doras taoibh. Le cnag beag ar an doras, shiúil sí isteach. ‘Róise, a thaisce, nach deas tú a fheiceáil.’ ‘Cad é mar atá, a dhaid?’ ‘Tá go maith agus níl go holc. Bhí mé thíos i dteach Ruairí ar feadh na maidine ag gealladh na mballaí. Tá sé ar nós lá geimhridh amuigh ansin. Bí i do shuí anseo ‘s déan do ghoradh ag an tine.’ Leag sí na litreacha ar an bhord agus bhain sí a cóta agus a buataisí di. Suite sa phóirse beag bhí buataisí móra a raibh salachar ón phortach orthu agus sála arda gleoite taobh leo. Bhí

66


cuma aiféiseach ar an radharc sin. Meascán den fhireann agus den ghalántacht. Chuaigh sí isteach agus shuí sí ar an suíochán cois tine. ‘Is fada ónár tháinig tú ar cuairt, Róise’. ‘Á, bhí sé i gceist agam ach tá’s agat féin.’ Chuir sé a lámh isteach sa bhuicéad le tuilleadh móna a chur ar an tine. Rinne na lasracha ón tine loinnir ar ionga dhearga s’aige. ‘Tá is dóigh’. Lig sé osna trom uaidh. ‘Cad é mar atá cúrsaí thall ar an Bhun Bheag? Cad é mar atá an teach úr?’ ‘Tá sé go maith. Tá muid ann le sé mhí anois agus tá ag éirí go maith linn. Fuair Pádraig coileán beag dom ar na mallaibh. Bran an t-ainm atá air. Madadh beag bríomhar atá ann. Tá sé thar a bheith cairdiúil.’ ‘An-dheas ar fad! Á, Bran agus Spot, bhí dúil mhór agat sna scéalta sin.’ Bhí Róise ag stánadh ar na lasracha a bhí ag damhsa sa tine. ‘Tugann Pádraig aire mhaith duit. Tá mé ag súil le casadh leis am éigin.’ Bhí buillí rithime lámh an chloigín le cloisteáil sa chistin. Char fhreagair Róise é. D’amharc sí timpeall na cistine. Bhí sí díreach mar a bhí ariamh. Suite ar leac na fuinneoige bhí na bocsaí Monopoly agus Risk agus seanchártaí imeartha. Ba mhinic a chaith siad an lá ar fad ag suí cois tine ag imirt cluichí éagsúla le chéile. Bhíodh aird a hathar iomlán dírithe orthu agus bhí a fhios acu nach mbeadh aon rud ag teacht salach ar a gcuid ama le chéile. Bhí saol a mhádaigh bháin acu le fírinne. Bhíodh comórtas iontach ann idir an ceathrar acu, cé go raibh rialacha áirithe fá choinne Róise mar bhí sí chomh hóg sin. Thaitin an t-am sin leo ar fad. ‘Cad é mar atá Cormac agus Seán?’ ar seisean. ‘Tá ag éirí go maith leo. Tá Cormac i ndiaidh post úr a fháil le comhlacht ríomhaireachta agus tá Seán ag gigeáil leis. Is maith leo Londain, tá cuid mhór ag dul ar aghaidh ann. Is gar go mbeidh mé ag dul anonn chucu ar chuairt. Tá an eitilt curtha in áirithe agam cheana féin!’ ‘Fíor-mhaith. Tá mé sásta sin a chloisteáil.’ Bhí briseadh sa chaint. Rinne Róise iarracht comhrá a threoireadh ar bhealach éagsúil ach níor éirígh léi. ‘Scríobh mé litir chuig an bheirt acu beagnach dhá mhí ó shin ach ní bhfuair mé scéal ar bith ar ais uathu’ ar seisean de ghlór plúchta. 67


‘Tá siad gnóthach, tá a fhios agat féin.’ Rinne sé an scairf ildaite a bhí ceangailte ar bharr a chloigeann a dhéanamh ní ba theannta ionas go gcoinneodh sé a ghruaig chatach dhubh siar óna aghaidh. ‘Seans go bhfeicfidh mé an triúr agaibh thar thréimse na Nollag. Thiocfadh linn an Monopoly a tharraingt amach, cosúil leis na seanlaethanta. Abair tusa le Cormac agus Seán. Cad é do bharúil, Róise?’ Mhothaigh sí ciontach. Ciontach mar go raibh a fhios aici nach dtarlódh sé. ‘S’ea, a dhaid, bheadh sé deas.’ ‘Cad é faoi do mháthair? Cad é mar atá ag éirí léi?’ ‘Tá go maith léi, d’éirí leo an morgáiste a fháil ar an teach úr faoi dheireadh thiar.’ ‘Is maith sin a chloisteáil.’ Sheas sé go tobann agus bhuail sé an dá lámh ar a dhá ghlúin. ‘Tá a fhios agam, beidh tae againn. Tchím gur bhailigh tú an post ar do bhealach isteach. Maith a ghirsigh!’ Líon sé an citeal le huisce. ‘Drochsheans go bhfuil a dhath ar bith suimiúil ann seachas billí?’ Bhog sé fhad leis na litreacha agus phioc sé an cárta beag lámhdhéanta amach as. ‘Tá a fhios agam cad é atá ann. Fuair mé amhlaidh sa phost ar maidin.’ arsa Róise. Rinne sé an clúdach a oscailt lena ionga fhada. ‘Á, cuireadh chun na bainise ar ndóigh! Nach deas an scéal é go bhfuil Éilis agus Liam ag pósadh. Ceiliúradh den scoth a bheas ann. Bhí Éilis ag inse dom go raibh costas mór i gceist leis. Is cosúil go mbeidh scaifte mór ann!’ Bheadh na sluaite ann. B’in an rud ba mheasa faoi. I gceann coicíse bheadh achan rud ar eolas ag muintir an Bhun Bhig. ‘A leithéid de bhean, caithfidh mé a rá,’ ar seisean, ‘tagann sí chugam tráthnóna Dé Máirt ar a bealach go Dún Fhionnchaidh agus bíonn tae agus comhrá againn. Bíonn craic iontach againn le chéile. Bean iontach thuisceanach atá inti agus tugann sí tacaíocht dom, tá a fhios agat.’ 68


Seo é an chaint a bhíodh Róise breá cleachtaithe leis. Is cosúil nach raibh aon smaoineamh aige uirthi. Tuiscint agus tacaíocht, focail a bhí go mór in easnamh ina chleachtais féin. B’íorónta é fiú a bheith ag trácht ar a leithéid. ‘Tá mé ag dul amach fá choinne toite.’ arsa Róise go borb. ‘Ach Róise, tá sé thar am anois go gcaithfeá an drochnós sin san aer.’ Chuir Róise a bróga uirthi agus d’imigh amach i dtreo an phríomh-dhorais. Stad sí ar a bealach. D’amharc sí ar an phictiúr a bhí crochta in airde ar an bhalla. Pictiúr ollmhór a bhí ann a phéinteáil sé dó féin timpeall seacht mbliana ó shin. D’fhan sé in airde i Halla Phobail an Angaire i dtaispeántas ealaíne ar feadh míosa agus Róise díreach tosaithe sa chéad bhliain ar an mheánscoil. Pictiúr mór dó féin i sciorta. Bhí smideadh ar a aghaidh agus bhí cruth baineann ar a chorp. Thug sé a náire féin an t-am sin agus rinne sé í féin agus an chlann ar fad a náiriú chomh maith. Lean an náire í i gcúlchaint mhuintir an Angaire ar feadh na mblianta scoile. Eisean ba chúis leis. Eisean a bhí ciontach as rudaí a mhilleadh. Eisean nár mhínigh a dhath ar bith dóibh. Duine ceanndána a bhí ann, dar léi, duine leithleasach a bhí ann a rinne ar mhaithe leis féin beag beann ar na daoine timpeall air. Gar i ndiaidh an taispeántais bhog ise, Cormac, Seán agus a máthair amach as an teach. Chaith sí an toit ar foscadh, ar chúl tamhan an chrainn darach. Bhí smaointe agus comhráití ag luascadh timpeall ina hintinn. Bhí sé ar tí achan rud a mhilleadh uirthi arís. Dhúisigh an fhearg inti. Chaith sí an toit ar talamh agus rinne sí é á mhúchú lena bunchois. Shiúil sí isteach sa chistin agus bhí sé cromtha síos in aice leis an tine. ‘Bhí orm móin a thógáil isteach ón teacháin. Tráthnóna fliuch gaofar atá ann!’ Ar a chosa, bhí buataisí móra le salachar orthu. Bhí sciorta corca línéadaigh á chaitheamh aige. Bhí t-léine theannta dhubh air a rinne aird a tharraigt ar imlínte a mhatán. Bhí na lámha láidre leathair céanna aige ach anois bhí ingne daite dearga aige agus iad clúdaithe le salachar móna. Nuair a sheas sé, bhris píosa dá chuid gruaige amach as an scairf agus luígh sé ar a ghualainn. Bhí achan rud ar mhuin mhairc a chéile, contrártha agus measctha, salachar agus galántacht, fireann agus baineann ag aon am amháin. ‘A dhaid, cad é atá tú ag caitheamh ag an bhainis’ Lean sé ag piocadh píosaí beaga móna amach as an bhuicéad agus rinne sé iad a leagadh go cúramach ar an tine. Thiontaigh sé i dtreo Róise. 69


‘Seo mé… mar a tchíonn tú anois mé, a thaisce. Seo mar a bheas mé.’ ‘Ar son Dé. Tá tú chomh santach sin. Tá mé i ndiaidh saol a chothú dom féin thall ar an Bhun Bheag agus tá tú chun achan rud a mhilleadh orm. Smaoinigh ormsa, smaoinigh ar dhuine éigin seachas ort féin ar feadh bomaite amháin. Lá Éilise atá ann. Beidh an chaint ar fad fútsa.’ Mhothaigh Róise a croí ag bualadh ar luas aisteach. Bhí lámh an chloigín le cloisteáil go soiléir sa chistin sa tost. Níor chreid Róise go raibh gnéithe baineann ar bith aige. Cá raibh an tuiscint, an cineáltas, an mhánlacht? Cá raibh na tréithe cosanta máithriúla? Dá mbeadh bean ann, bheadh na tréithe sin ann ach char mhothaigh Róise go raibh. Nuair a d’amharc sí air chonaic sí fear caillte. Fear nach raibh fearúil. Athair nach raibh mar athair a thuilleadh. ‘Rinne mé iarracht, a Róise, cad é a bhí ionam a smachtú. Bhí sé ionam fad mo shaolsa. An cur i gcéill ar fad. An crá. Sibhse a bhí mar chrann taca domsa. Sibhse a choinnigh ar an saol seo mé. Ní raibh seo uaim, a chroí. An dóigh leat go raibh? Tchím daoine ag stánadh orm agus cloisim an chaint fúm. Tá eagla ar dhaoine romham, cosúil go bhfuil galar orm. Is freak ceart mé.’ Sheas sé agus de chéim staidéartha, shiúil sé fhad le Róise. ‘Ní bheidh mé riamh ar mo shuaimhneas sa domhan seo. Tá mé i ngéibheann mo chorpsa ‘s mo mhianta féin. Mise atá thíos leis, a chroí.’ ‘Tusa agus muidne, a dhaid’ arsa Róise go múisiamach, ‘beidh tú ann mar sin i gculaith mhná?’ ‘Róise, abair liom muna bhfuil tú ag iarraidh orm dul agus ní bheidh mé i láthair.’ Bhí Róise ar mire le fearg. Chroith sí a cloigeann agus d’imigh sí amach an doras. Sular fhág sí scread sé amach. ‘Níl le déanamh agat ach a rá liom agus ní rachaidh mé i bhfoisceacht . . .’ *** Mhothaigh Róise tinn, í buailte le faitíos agus imní. Bhí an chóisir bhainise faoi lán seoil agus daoine bailithe i labaí an óstáin ag fanacht ar theacht Éilise agus Liam. D’aimsigh Róise tearmann i leithreas na mban. Sheas sí os comhair an scátháin. Thóg sí a mála smididh amach agus rinne sí an méid a raibh ann a leagadh ar an bhord in aice leis an doirteal. Chuir sí púdar bándearg ar an scuab agus rinne sí é a chuimilt ar a haghaidh. Tháinig beirt bhan isteach sa leithreas agus iad i mbun comhrá. Chuaigh siad isteach i gcubhachaillí éagsúla ach lean an chaint eatarthu. 70


‘Tá na bróga nua seo do mo mharú cheana féin! Beidh siad bainte díom roimh dheireadh an dhinnéir, fan go bhfeicfidh tú’ arsa bean amháin. Phioc Róise scuab beag suas agus rinne sí braon uisce ón sconna a mheascadh isteach sa phota beag dubh. Lean sí imlíne a súile leis an scuab. ‘Tá na stilettos seo i bhfad róbheag orm fosta! Seans nach mairfidh mé uair eile iontu!’ arsa an bhean eile agus í ag gáire. ‘An bhfaca tú an tranny sin?’ ‘Chonaic! Bean ghránna atá inti.’ Phléasc an bheirt acu amach ag gáire. Lean Róise ag cur smididh uirthi. Céim ar chéim mar ba nós léi, rud a chur ar a suaimhneas í. Thaitin an próiseas léi. Phioc sí an balsam béil dhearg amach agus chuaigh sí thar a béal i gciorcal iomlán. ‘Caithfidh mé a admháil go bhfuil stíl iontach aige mar sin féin’ arsa an chéad bhean. ‘Tá, tá an gúna galánta, bhí mé ag amharc ar an ghúna céanna, samhlaigh an bheirt againn sa chulaith chéanna.’ Lean an gáire. Chuir Róise mascára uirthi go cúramach ag cinntiú gur chaor sí achan fabhra leis an scuaibín. D’aithin sí súile a hathar ina súile féin. Smaoinigh sí air ag déanamh amhlaidh, ag caoradh fabhraí s’aigesean leis an mascára. Mhothaigh sí nasc aisteach leis. ‘Cé leis ar tháinig sé nó bhfuil sé ina aonar?’ ‘Ó, níl a fhios agam ach an bhfaca tú Mícheál s’agamsa, thug sé an striapach sin leis. Is diabhal ceart é. Níl náire ar bith air.’ ‘Ná tabhair aon aird air.’ Chuir Róise an smideadh ar ais sa mhála beag. D’fhág sí an leithreas agus shiúil sí anonn i dtreo an bheáir. Bhí a hathair ina shuí leis féin sa chúinne, cuma uaigneach, sceonmhar ar a aghaidh mhaisiúil. Go tobann, d’iompaigh Róise ón bheár agus ó na súile go léir a bhí sáite inti agus rinne a bealach trasna an tseomra. Shuígh sí síos taobh leis sa chúinne. 71


Réaltaí Áille Lasracha le Lisa Nic An Bhreithimh

Ba ansin a chonacadar a chéile. Faoi réaltaí áille na hoíche. Ar nós nár ceadaíodh dóibh breathnú ar a chéile roimhe sin. Ar feadh i bhfad ní fhéadfadh siad focail a chur leis an tslí inar mhothaigh siad faoina chéile, le conas ar mhian leo a gcuid lámh a chur le chéile, a mbeola a chur lena chéile i bpóg. Ach faoi dheireadh bhí glórtha acu chuile ní a rá. Shiúil sí chuige agus chuir sé a lámh mór ar bhándeirge a leicinn. Lig sí dá haghaidh dul i luí ina lámh agus phóg sí a mhéara. Tharraing sé a colainn níos giorra dó agus gan anáil a tharraingt, tháinig a mbeola le chéile. Bhí sé ar nós nach raibh aon am ann, agus iad i bhfarraige na póige. Agus bhí glioscarnach geal daite na farraige thar timpeall orthu. Réaltaí móra lasracha ag titim ó na spéartha ar a gcraiceann, dá shoilsiú. Scar a gcuid beola óna chéile ansin. ‘Táim i ngrá leat’, ar seisean, ‘Agus mise leatsa’, ar sise. Agus sin mar a bhíodar sásta, ar bís, faoi bhrón, i gcruachás, feargach, eaglach, tríd an saol ‘s na deora, ag maireachtáil le chéile, agus happy ever after…

72


Nótaí Beathaisnéise Breathnach, Cormac (Contae Ceatharlach) Rinne Cormac staidéar ar an Síceolaíocht ó 2009-2012. Ba scoláire é ar Scéim Chónaithe Bhord na Gaeilge sa tréimhse sin. Tá MA Scríobh agus Cumarsáid ar siúl aige i mbliana. Mac Cinnéide, Oisín (Baile Átha Cliath) Is iarscoláire Choláiste Eoin é Oisín. Bhain sé céim amach san Innealtóireacht Shibhialta i 2012. Tá MA san Innealtóireacht Timpeallachta agus Shibhialta ar siúl aige faoi láthair. Mac Dhaibhéid, Cathal (Contae an Dúin) Tá Cathal sa cheathrú bhliain ag déanamh staidéir ar an Leigheas. Is ceann de na heagarthóirí é ar an iris Cogar. Mac Suibhne, Gearóid (Baile Átha Cliath) Is múinteoir bunscoile é Gearóid agus tá sé i mbun an MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge i mbliana. Ní Chathalláin, Sláine (Contae Chiarraí) Bhain Sláine MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge amach i 2011. Tá sí ag obair le TG4 faoi láthair. Ní Choileáin, Méabh (Baile Átha Cliath) Rinne Méabh staidéar ar an nGaeilge agus ar an Drámaíocht ó 2008-2011. Tá sí ag obair leis an iris COMHAR faoi láthair. Ní Nualláin, Emma (Cill Chainnigh) Rinne Emma MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge i 2011-2012. Tá sí ag tabhairt faoin múinteoireacht mheánscoile anois. Ní Thuathaláin, Méabh (Béal Feirste) Ba mhac léinn an MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge í Méabh ó 2011-2012. Is iriseoir í leis an nuachtán Gaelscéal anois. Ní Uigínn, Anna (Baile Átha Cliath) Is iarscoláire Choláiste Íosagáin í Anna. Bhuaigh sí féin agus a comhghleacaithe comórtas Bhréagchúirt Uí Dhálaigh in Óstaí an Rí i 2011.Bhain sí céim amach sa Dlí i 2012. Nic an Bhreithimh, Lisa (Baile Átha Cliath) Rinne Lisa MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge i 2010-2011. Tá sí ar scoláireacht Fulbright i mbliana agus í ag múineadh Gaeilge i Meiriceá.

73


Ó Braonáin, Ciarán (Baile Átha Cliath) Ba mhac léinn MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge é Ciarán i 2010-2011. Tá sé ag teagasc i gCOBÁC faoi láthair. Ó Braonáin, Dáire (Baile Átha Cliath) Ba mhac léinn MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge é Dáire i 2011-2012. Tá MA i Stair na Meáin á dhéanamh aige faoi láthair. Ó Briain, Ross (Baile Átha Cliath) Bhain Ross MA amach i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge i 2011. Rinne sé dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil in Óstaí an Rí i mbliana. Ó Cróinín, Eoin (Baile Átha Cliath) Tá Eoin ag déanamh staidéir ar an nGaeilge. Bhí sé ar Erasmus sa Fhrainc nuair a scríobh sé an t-alt seo. Tá sé sa bhliain dheireanach den bhunchéim anois. Ó Meachair, Séamas (Tiobraid Árainn) Ba mhac léinn MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge é Séamas i 2011-2012. Bronnadh scoláireacht Fulbright air chun Gaeilge a mhúineadh i Meiriceá i mbliana. Ó Murchadha, Eoghan (Baile Átha Cliath) Tá Eoghan sa bhliain dheireanach de chéim sa Leigheas. Is duine de na heagarthóirí é ar an iris Cogar. Ó Ruairc, Shane (Baile Átha Cliath) Rinne Shane staidéar ar an nGaeilge ó 2007-2010 agus bhuaigh sé an Bonn ‘Uan Uladh’ i 2010 leis an saothar seo. Tá sé ag múineadh Gaeilge i gCeanada faoi láthair. Rosenstock, Saffron (Baile Átha Cliath) Rinne Saffron MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge i 2011-2012. Oibríonn sí le Comhar na Múinteoirí Gaeilge. Sabato, Claudia (Baile Átha Cliath) Rinne Claudia staidéar ar an nGaeilge mar chuid den chéim BA agus bhuaigh sí an Bonn ‘Uan Uladh’ i 2011 leis an aiste seo. Is múinteoir bunscoile í anois. Uí Fhaoláin, Aoife (Contae Loch Garman) Is mac léinn dochtúireachta agus léachtóir páirtaimseartha í Aoife i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta. Ba í duine de na heagarthóirí ar Nua-Aois 2007-2009.

74



Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.