SAMPLE - Vital Leaving Cert Guide - Irish Paper 1 (Higher Level)

Page 1

Gaeilge: Páipéar 1

Máire Ní Cheallaigh

SAMPLE
SAMPLE

Vital Leaving Cert Guidebook

Gaeilge: Páipéar 1

Máire Ní Cheallaigh

RÉAMHRÁ:

Cuireann an aiste eagla ar a lán daltaí ach le roinnt ullmhúcháin níl gá le heagla. Sa leabhar seo táimid ag iarraidh a léiriú do dhaltaí go bhfuil ar a gcumas aiste bhreá a scríobh sa scrúdú. Tá aistí samplacha ar na hábhair choitianta ar fad anseo maraon leis an bhfoclóir is tábhachtaí agus nodanna chun cabhrú le gach dalta tabhairt faoin aiste go muiníneach. Ní gá do dhaltaí bheith in ann scríobh ar gach ábhar. Níl orthu ach aiste amháin a scríobh.

I Roinn a Dó tá focail don Chluastuiscint. Ní gá na focail seo a fhoghlaim ach bí cinnte iad a aithint. Le cleachtadh rachaidh tú i dtaithí ar na nathanna agus na focail dó. Cleachtadh a dhéanann máistreacht sa chás seo.

Dear students

In this book we are aiming to show you that the essays are not to be feared. With a clear strategy and relevant vocabulary you will be able to tackle the essay in the Leaving Certificate. Some essay titles can be intimidating but remember candidates have only to write one essay. It doesn’t matter if you can’t answer the rest of them. In this book we cover the main topics with sample essays and relevant vocabulary along with hints on how to tackle the essay in the examination hall. Remember you only have to do one essay so don’t mind if you can’t tackle some titles. You don’t have to learn every topic. Study the past papers to help guide you.

Part 2 contains words that you will need for the Aural. You don’t have to learn them. Just recognise them. The Aural needs practice. It really is a case of practice makes perfect. The vocabulary here should help you.

Bíodh misneach agaibh agus go n-éirí go geal libh.

ISBN: 978 1 897922 31 6

Copyright 2024

1
SAMPLE
2 CUID A hAON: NA hAISTÍ Teidil na n-aistí 3 Ag tabhairt faoin aiste 3 Istigh sa scrúdú 4 Fadhbanna sóisialta: Tithíocht 5 An córas sláinte 8 Coiriúlacht 11 Alcól agus drugaí 14 Rudaí dearfacha faoin tír seo 16 Aistí óna páipéir ar na hábhair seo 17 An teicneolaíocht: Na meáin shóisialta 18 An teicneolaíocht sa saol inniu 21 Aistí óna páipéir ar na hábhair seo 22 An timpeallacht in Éirinn 23 Athrú aeráide 27 Aistí óna páipeir ar an ábhar seo 29 Fadhbanna domhanda: Foréigean 30 Athrú aeráide – tá an aiste sin leis an timpeallacht Ciníochas 33 Aistí ar na hábhair seo óna paipéir. 36 An córas oideachais 37 Aistí ar an ábhar seo óna páipéir 40 Ceist na Gaeilge 41 Aistí ar an ábhar seo óna páipéir 44 Saol an duine óig inniu: Aiste agus píosa cainte 45 Aistí ar an ábhar seo óna páipéir 48 Ról na mban sa saol inniu – Díospóireacht 51 An spórt inniu 54 Nathanna dona haistí 56 Tús agus críoch na díospóireachta agus na díospóireachta 57 CUID A DÓ: AN CHLUASTUISCINT Ní gá na focail seo a fhoghlaim. Ní gá ach iad a aithint Logainmneacha Gaeltachta 58 Ag cur isteach ar phost 60 Eagraíochtaí Gaeilge agus cultúir 60 Saghasanna bád 61 Saghasanna post 61 Gaelscolaíocht 62 Cúrsaí i gcoláiste 62 Focail a bhaineann leis an teicneolaíocht 62 Focail a bhaineann leis an turasóireacht 63 Bailiú airgid 63 Focail éagsúla 63 SAMPLE

TEIDIL NA N-AISTÍ:

Léigh teidil na n-aistí go cúramach

Ní gá na focail seo a fhoghlaim ach bí cinnte iad a thuiscint. Is den tabhacht é cloí le hábhar na haiste. You don’t need to learn these words but you must recognise them. You must adhere to the essay title to get full marks.

Focail choitianta

Buntáiste/buntáistí = advantage/advantages

Míbhuntáiste/míbhuntáistí = disadvantage/disadvantages

An tairbhe = the benefit

An taitneamh = the pleasure

A bhfuil i ndán do = what is in store for

Ag dul in olcas = getting worse

Ag dul i bhfeabhas = getting better

An tionchar = the impact

Téann sé i bhfeidhm ar = it has an impact on

Taithí = experience

Sochaí = society

Geilleagar = economy

Nós = habit/custom

Tá borradh faoi = it is thriving

An tábhacht a bhaineann le = the importance attached to Duine/daoine = a person/people

An t-athrú = the change

Meas ar/ómós = respect for

Is mó = greater Comparáid atá anseo/this is a comparison – bí cúramach

Is fearr = better. Arís comparáid atá anseo.

AG TABHAIRT FAOIN AISTE:

Ag cleachtadh I rith na bliana

Na céimeanna éagsúla

1. An bhfuil eolas agus tuairimí agat ar an ábhar?

2. An bhfuil an foclóir cuí agat? Mura bhfuil foghlaim é.

3. Déan plean na haiste. Ná scriobh gan do phlean.

4. Scríobh an aiste.

5. Téigh siar ar an aiste. Bí cinnte go bhfuil gach briathar san aimsir cheart.

6. Nuair a bhíonn an aiste ceartaithe téigh siar ar na botúin. Déan iarracht fáil réidh le dhá cheann.

3
SAMPLE

Ná déan iarracht fáil réidh le gach botún in aon bhabhta amháin. Tá sé sin dodhéanta agus cuirfidh sé lagmhisneach ort má dhéanann tú sin. Cuir béim ar leith ar na briathra.

Tá gá le foighne.

You won’t eliminate all your mistakes in one go. Try to eliminate two mistakes after each essay. You need patience to achieve accuracy. Remember to concentrate particularly on your verbs.

Má’s féidir leat bain úsáid as an Modh Coinníollach, an Briathar Saor agus aidiachtaí chun do chumas sa Ghaeilge a léiriú. Tá na briathra agus na réamhfhocail an-tábhachtach agus déanann tú cleachtadh orthu sna Sraitheanna Pictiúr. Ná déan dearmad orthu san aiste.

ISTIGH SA SCRÚDÚ:

Ná déan dearmad go bhfuil a lán ama agat chun an aiste a scríobh. Ná bíodh anbhá ort. Feicfidh tú go bhfuil sé sin fíor nuair a dhéanfaidh tú an Triailscrúdú.

You have plenty of time for the aiste. You will learn that when you do the Mock Examination. Don’t panic.

Nuair a osclóidh tú an páipéar ar dtús seans nach n-aithneoidh tú teideal ar bith. Tá sé sin ceart go leor. Tóg neomat chun socrú síos. Níl an scrúdaitheoir ag iarraidh páipéar a chur ar fáil nach bhfuil daltaí in ann tabhairt faoi ach teastaíon uaidh tú a chur ag smaoineamh. Tá na hábhair choitianta ar an bpáipéar ach iad a lorg.

When you read the titles for the first time you might not recognise them immediately as the wording might not be what you were expecting. Take a minute to gather yourself. All will be well. Téigh trina teidil go léir go mall agus cuir tic le haon teideal go mb’fhéidir go smaoineofá ar tabhairt faoi.

Ansin breac síos na príomhphointí atá agat ar na hábhair sin. Nuair atá siad breactha síos agat roghnaigh an aiste a dhéanfaidh tú. Anois déan an plean. Tá tuairim is 40 neomat agat chun an plean a dhéanamh. Anois beidh a fhios agat cad a scríobhfaidh tú. Beidh tú in ann díriú anois ar conas a scríobhfaidh tú í.

When you have chosen your essay title do your plan you have 40 minutes or so to plan. You now know what you’re going to write and you can concentrate on how you will write it. This will improve your accuracy.

Scríobh tuairim is trí leathanach. Ná scríobh níos mó ná trí leathanach go leith mar beidh níos mó botún agat agus ní bheidh pointí ábhartha agat.

Three to three and a half pages are ideal. Don’t write too much as you will make more mistakes and go off point.

Nuair a bheidh tú críochnaithe léigh an aiste ar fad arís. Tabhair aird ar leith ar na briathra.

Ná fág an halla go dtí go bhfuil an t-am istigh!

4
SAMPLE

Foghlaim na focail seo a bhaineann le fadhb na tithíochta

Easpa = lack of

Ganntanas = shortage/lack of

Tithíocht = housing

Teach = house; tithe = houses

Eagraíochtaí = organisations

Ró-dhaor – too expensive

Rátaí úis – interest rates

Morgáiste = mortgage

Inacmhainne = affordable

Brú/brúnna = hostel/hostels

Póirsí = porches

Cairtchlár = cardboard

Daonra = population

Fadhb dhoréitithe = insoluble problem

Réiteach ar = solution to

Furasta = easy

Daoine gan dídean = homeless people

Cíos = rent

Iomarcach = excessive

A shárú = to overcome

Plean na hAiste:

Alt 1: An tús:

Alt 2: Cúis na faidhbe

Alt 3: Daoine sna fichidí agus na triochaidí ar ais sa bhaile

Alt 4: Daoine ag lorg tithe inacmhainne

Alt 5: Daoine gan dídean

Alt 6: Réiteach?

TOPAIC 1. FADHB NA TITHÍOCHTA.
5 SAMPLE

Aiste:

Fadhb na tithíochta – fadhb nach furasta a réiteach (Bí cúramach leis an eireaball ar theideal na haiste)

Níl lá dá dtéann thart nach léitear alt nó nach gcloistear scéal brónach eile faoin tionchar atá ag fadhb na tithíochta ar mhuintir na hÉireann sa lá atá inniu ann. Léiríonn gach suirbhé gurb í seo an fhadhb is mó atá ag dó na geirbe ag formhór an phobail mar go bhfuil sí ag cur isteach ar chlanna ar fud na tíre. Ní bhaineann si le haicme shóisialta amháin nó le ceantar amháin sa tír. Is fadhb í atá forleathan ar fud na tíre go hiomlán agus goilleann sí go mór ar an bpobal ar fad.

Ach, ní mór a admháil gur fadhb chasta í mar go bhfuil cúiseanna iomadúla léi. Tá fás mór ar dhaonra na tíre le deich mbliana anuas. I láthair na huaire tá beagán os cionn cúig mhilliún duine ina gcónaí sa Stát seo agus sin an méid is mó ón mbliain 1851. Tharla an fás seo ón mbliain 2013 ar aghaidh agus níl ag éirí linn tithíocht a chur ar fáil don daonra seo mar go bhfuil ganntanas mór oibrithe I dtionscal na tógála. Níl ar ár gcumas an fhadhb seo a réiteach go tapaidh.

San am a chuaigh thart bhíodh daoine sna fichidí déanacha agus sna tríochaidí ag súil le teach a cheannach má bhí post cuíosach maith acu. Ach, tá na laethanta sin imithe anois. Tá go leor daoine go bhfuil ardchaighdeán oideachais agus post maith acu ar ais sa bhaile ina gcónaí lena dtuismitheoirí. B’fhéidir go bhfuil siad compordach ach níl saol neamhspleách acu. Níl siad sásta lena saol ach ní mó ná sásta atá a dtuismitheoirí ach oiread. Teastaíonn ón dá dhream saoirse a bheith acu chun a saol a chaitheamh ar a rogha bealach ach tá an tsaoirse seo dofhála mar go bhfuil na daoine óga seo fós i seomra a n-óige.

Is léir go bhfuil an t-uafás daoine sa tír seo i láthair na huaire ag obair inár siopaí agus inár mbialanna ar íosphá. Gan iad ní bheadh saol compordach ag éinne againn ach níl saol compordach acu. Caitheann na hoibrithe seo formhór a bpá ar a gcíos agus toisc go bhfuil ganntanas mór tithe agus árasán le tógáil ar cíos ó cheann ceann na tíre tá an cíos ag ardú gan stad, gan staonadh. Tá tiarnaí talún ag tréigean an mhargaidh mar dar leo tá na srianta orthu iomarcach. Mar thoradh air sin tá an ró-phlódú forleathan agus níl dóthain tithe inacmhainne sa tír. Tá géarghá le feachtas mór chun níos mó dena tithe seo a chur ar fáil ach tá na hoibrithe chun tabhairt faoin obair sin tearc. Ní haon ionadh é go bhfuil na daoine atá ina gcónaí faoina dálaí uafásacha seo míshásta lena saol agus le polaiteoirí na tíre.

Má’s crua an saol atá ag na daoine atá ag maireachtáil leis an ró-phlódú seo tá grúpa eile atá i bhfad níos measa as. Sin iad na daoine gan dídean. Tá breis agus deich míle duine acu ann. Tá formhór na ndaoine seo ina gcónaí in óstáin agus ní déarfadh éinne gurb áit oiriúnach é seomra in óstán do pháiste ar bith chun obair bhaile a dhéanamh nó chun caitheamh aimsire a bheith aige. Ach, ar a laghad, bíonn na hóstáin te agus compordach. Ní hamhlaidh dona daoine atá ina gcónaí sna brúnna éagsúla. Is minic a bhíonn fadhbanna iontu-san le halcól, drugaí agus foréigean. Ag bun an dréimire sa tsochaí, áfach, tá na créatúir ainnise atá ag maireachtáil faoi chairtchláir I bpóirsí na siopaí sna cathracha móra sa tír. Ní léir do phobal na tíre gur féidir le héinne an drochbhail atá ar na daoine seo a leigheas.

Aontaíonn cách go bhfuil fírinne sa seanfhocal ‘níl aon tinteán mar do thinteán fein’ ach do go leor daoine sa tír seo ní bheidh a dtinteán féin acu go deo. ‘Sé mian na bpolaiteoirí an fhadhb chasta, dhúshlánach seo a leigheas ach toisc go bhfuil a lán cúiseanna leis an bhfadhb níl ar a gcumas í a shárú. Tá ag teip ar a lán tíortha eile an cheist seo a réiteach agus ní haon eisceacht í an tír seo, faraor. Is cinnte gur fadhb í nach furasta a réiteach.

Remember that the housing problem isn’t just about the homeless. You have young people in their childhood bedrooms, people in low paid jobs living in overcrowded conditions and paying very high rents as well as the over 10,000 homeless living in hotels, hostels or on the street. Don’t limit your essay.

6
SAMPLE

Athraigh na habairtí seo go Béarla.

1. ‘Sí fadhb na tithíochta an fhadhb is práinní atá le sárú ag an tír seo.

2. Tá trua agam dona daoine atá ina gcónaí in óstáin.

3. Níl aon réiteach ar an bhfadhb ach níos mó tithe a thógáil.

4. Níl go leor tithe inacmhainne againn in Éirinn.

5. Bíonn roinnt daoine gan dídean ina gcónaí ar na sraideanna.

6. Tá daonra na tíre ag fás go tapaidh le cúpla bliain anuas.

7. Tá ganntanas oibrithe ann chun níos mó tithe a thógáil.

8. Tá fadhb againn leis an ró-phlódú.

9. Tá sé náireach go bhfuil an oiread sin páistí gan dídean.

10. Íocann a lán daoine cíos an-ard ar thithe agus ar árasáin.

7 SAMPLE

Máire Ní Cheallaigh is an Irish teacher who has spent years teaching the language. She taught in a school in the northside of Dublin first and then she moved to the Institute of Education in the city centre. She has a particular interest in debates and she spent more than 20 years preparing students to take part in Gael Linn debates.

As well as that she used to take Leaving Certificate students to the Gaeltacht in Ráth Chairn every year practising for the oral examination. Outside of the classroom she has a particular interest in Gaelic games and she organised Camogie in school and really enjoyed that.

“In this book we are aiming to show you that the essays are not to be feared. With a clear strategy and relevant vocabulary, you will be able to tackle the essay in the Leaving Certificate. Some essay titles can be intimidating but remember candidates have only to write one essay. It doesn’t matter if you can’t answer the rest of them.

In this book we cover the main topics with sample essays and relevant vocabulary along with hints on how to tackle the essay in the examination hall. Remember you only have to do one essay so don’t mind if you can’t tackle some titles. You don’t have to learn every topic.

Part 2 contains words that you will need for the Aural. You don’t have to learn them. Just recognise them. The Aural needs practice. It really is a case of practice makes perfect. The vocabulary here should help you.”

RefertothereverseofthispagefortheIrishtranslation.

mcandrewbooks.com

Cover Design: LUCKY TEN

SAMPLE
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.